Dé hAoine, Eanáir 07, 2011

M2011.01.04

Ar dhúirt duine éigin gaimbíneachas VHI agus neamhionannas sa chóras sláinte?

Bhail, seo freagra a d'umhlaigh mé níos luaithe:

M2010.05.16
Beidh rialtas Fianna Fáil/na nGlasach ag príobháidiú VHI an bhliain seo chugainn.
I ndiaidh dúinn, sin pobal na tíre, carn mór airgid a chaitheamh isteach ann ionas go mbeadh sé sócmhainneach.
Ní raibh an comhlacht árachais seo poiblí ach in ainm ar an chéad dul síos, ní feidhmíonn sé amhail comhlacht atá faoi smacht na ndaoine. Feidhmíonn sé amhail aon chomhlacht príobháideach eile .i. má tá cosaint sláinte ag teastáil uait caithfidh tú íoc go han-daor as. An bhfuil aon ní ar domhan níos masmasaí ná brabúsaíocht ar thinneas agus bhuairt dhaoine eile?

Cur amú ama ar fad is ea aon chur is cúiteamh faoi chomhlachtaí árachais agus déanann sé neamhaird den fhíric gurb iad an fhadhb iad.
Tá na comhlachtaí árachais seo cosúil le súmairí a mhaireann ar eagla dhaoine nach mbeidh an cúram ceart ar fáil dóibh má éiríonn siad tinn. Monuar, tá an ceart go mbeadh an eagla seo ar dhaoine, is é sin le rá tá cúis mhaith taobh thiar den eagla seo.
Tá an bhuairt seo ann mar gheall ar pholasaithe an rialtais a chinntíonn córas dá sraith .i. d'fhéadfadh othar tinn gan árachas príobháideach a bheith ag fanacht na mblianta do leigheas tábhachtach nuair a fhaigheann duine le hárachas príobháideach an leigheas céanna i gceann seachtaine.
An neamhionannas seo ag tarlú in ospidéil a fhaigheann a maoiniú go poiblí! Ón. Phobal.
Tá a dhóthain maoiniú ón státchiste á fháil ag na hospidéil chéanna ach níl an t-airgead sin go léir ag dul i dtreo seirbhísí, tá cuid mhaith de á chur amú ar mhaorlathas an HSE.

Beidh cur is cúiteamh gan mhaith faoin cheist seo VHI sna laethanta atá romhainn, ach sílim go bhfuil sé spéisiúil nach raibh aon phlé faoin staidéar a chuir an Adelaide Hospital Society agus Coláiste na Tríonóide amach mí ó shin. Staidéar atá ann a mholann athrú radacach sa chóras sláinte a chinnteodh deireadh leis an gcóras dá sraith mhíchothrom inár n-ospidéal. Tá leagan PDF de ar fáil anseo.

Faoina moltaí measann AHS agus CnaT go bhféadfadh córas sláinte den chéad scoth do chách a chinntiú in Éirinn le hardú de 3% i gcáin ar theacht isteach dóibh siúd atá in acmhainn íoc as.
Molann an tuarascáil freisin gur chóir go dtiocfadh an t-ardú cánach seo i bhfeidhm le feabhsúcháin mhóra sa dhúphoill airgeadais atá i maorlathas an HSE.

Ní nach ionadh rinne an PD deireanach Mary Harney beag is fiú de, agus ní raibh mórán plé ina leith sna meáin. Téann sé in aghaidh na hidé-eolaíochta reatha an dtuigeann tú.

Chiallódh aon ardú cánach féaráilte go mbeadh lucht gaimbín ag íoc a riar cothrom dá saibhreas don státchiste, rud nár mhaith leis an rialtas seo a fheiceáil.
(Amharc ar M2010.05.03 do thuarascáil TASC i leith buntáistí cánacha is eile atá ar fáil do lucht gaimbín in Éirinn chun a riar cothrom de cháin a sheachaint)

Ar ndóigh arís agus arís eile maíonn lucht gaimbín nach bhfuil aon airgead ann a ligfeadh dóibh cáin a ardú do lucht an tsaibhris. Dar leo caithfear ciorruithe a chur ar sheirbhísí dos na daoine is leochailí i sochaí agus gan cur isteach ar an ghaimbíneachas!
Nach bhfuil sé greannmhar mar sin go bhfuil méadú de 41% i líon na gcarranna nua á ndíol i mbliana -le linn na géarchéime is measa a d'fhulaing an tír riamh- agus go raibh amhantraithe réadmhaoine in ann €400,000 a íoc as gach árasán i mbloc árasáin i mBaile Átha Cliath le déanaí. Ach maíonn an rialtas nach bhféadfadh cáin bhreise a chur ar an saibhreas atá amuigh ansin chun cothromaíocht a chinntiú!

---------------

Cad é an freagra a thug urlabhraí sláinte den chéad rialtas eile den tráchtearrú sláinte seo de phobal na hÉireann?
"Tá níos mó iomaíochta sa mhargadh de dhíth orainn" James Reilly, urlabhraí sláinte Fhine Gael, 06/01/2011

5 comments:

aonghus said...

Dá mbeadh "Tá níos mó ná iomaíocht sa mhargadh de dhíth orainn" ráite aige, bheadh ciall leis.

Cheap mé go raibh sé i gceist acu siúd córas uilíoch árachas sláinte a chuir ar bun? Múnlaithe ar an Ísiltír?

Dubhaltach said...

Cén fáth go gceapann tú go bhfuil ciall leis?
Níl daoine ag ceannach earraí amhail toaster nó cuisneoir

Dubhaltach said...

"de dhíth" ceart agat, réitithe anois.

Mise Áine said...

Ná labhair liom ar chomhlachtaí móra, a Dhubhaltaigh! Tá Mise Áine faoi ghlas, nó faoi mhíchumas ag Google, agus bhí orm blag nua a chruthú, ar fhaitíos nach bhfaighinn an seancheann ar ais.

Bheinn buíoch díot ach an seoladh nua, http://ramhaille.blogspot.com, a chur isteach san áit ina bhfuil mo bhlag ar do liosta, mura miste leat. GRMA, a chara.

Dubhaltach said...

Réitithe anois a Áine!