Dé hAoine, Eanáir 07, 2011

M2011.01.03

Nuair a chuala mé moltaí Pháirtí an Lucht Oibre inné faoi na hathruithe a dhéanaidís sa Dáil, mar dhea, nuair atá siad i gcumhacht le Fine Gael sa chéad rialtas eile, chuir mé fáilte rompu.
Srian ar bhrústocaireacht na mboc móra a cheannaíonn rialtais, agus srian áirithe ar an méid airgid a chaitear le linn olltoghcháin etc etc. Is é, a cheap mé, tagaim leis sin is dóigh...

Ar ndóigh ní dhéanfadh athleasaithe suaracha mar seo, nó an Seanad á chur ar ceal fiú, nó méadú ar laethanta a shuíonn lucht na Dála mórán difríochta do staid eacnamaíochta na tíre agus a heasnamh daonlathais.
Leanfaidh an chéad rialtas eile ar aghaidh mar is gnáth le polasaithe nua-liobrálacha laistigh den chóras caiptileach.
Ba amaideach le ceapadh go dtiocfadh aon athrú fiúntach as an olltoghcháin le teacht nó as moltaí Pháirtí an Lucht Oibre nó Fhine Gael. Sa chaoi chéanna go raibh sé soineanta do phobal SAM siar i 2008 a bheith ag ceapadh go ndéanfadh sé difríocht ar bith athrú uachtaráin laistigh de dhaonlathas buirgéiseach .i. ag malartú polaiteoir caipitleach amháin le ceann eile!

Ach más fáilte a chur mé roimh mholtaí LO inné rith crith suas mo dhroim nuair a chuala mé Brendan Howlin ag moladh bunreacht úr-nua don Phoblacht.
Cén fáth bunreacht nua? Mura bhfuil sé i gceist acu airteagail 47,48 agus 50 as bunreacht an tSaorstáit a chur ar ais arís ina dtugann sé gnéithe áirithe de shóisialachas i bhfeidhm!
Ach is beag an baol faoi sin...is fada an lá ó thréig Páirtí an Lucht Oibre an sóisialachas radacach, agus beidh iall gearr ag Fine Gael orthu.

Mar sin níor thuig mé go dtí cúpla nóiméad ó shin cén fáth mo bhuairt.
Seo an fear a bhí mar Aire Comhshaol agus Tráchta i 1996 nuair a chuir siad an focain lámhleabhar sin "Traffic Signs Manual" le chéile. Agus anois tá fonn athruithe ar Howlin arís!
Idir Howlin (le cabhair ó státseirbhísí neamh-tofa freisin) agus Atkins International agus le comhairle ón NRA .i. an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, An County and City Engineers Association agus Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, tháinig siad suas leis an seoid sin gur chóir go mbeadh na logainmneacha Gaeilge a bheith scríofa i gcló abairte ar claonadh 15 céim agus go gcaithfidh na cinn Béarla a bheith scríofa i gceannlitreacha móra.
Published with Blogger-droid v1.6.5

5 comments:

aonghus said...

Shíl mé féin go raibh an smaoineamh do Comhdháil bunreachtúil spéisiúil.

Bhí Eamonn Gilmore ar Adhmhaidin art maidin ag trácht ar trí roinn a bheith ina leithéid; Trian de baill Dála, Trian ón "Sochaí Sibhialta" (ceardchumainn, IBEC, 7rl) agus an trian is spéisiúla: an pobal, roghnaithe de réir an chórais a roghnaítear baill giúiré.

B'fhearr liomsa gan bacadh leis an chéad dhá trian; nó b'fhéidir cead cainte a thabhairt dóibh, ach an dréachtú a bheith faoin bpobal.

Dubhaltach said...

Ar thug sé leid faoi cad ba mhaith leis a fheiceáil ag teacht as an athrú bunreachta?
Cén fáth athrú bunreachta?

An ea go gceapann sé gurb é atá ag teastáil?
"An phoblacht nua" mar a mholann buirgéisigh an IT etc....

Dubhaltach said...

Is maith liom an smaoineamh, ach táim in amhras fós mar a déarfá féin.

aonghus said...

Bhuel, shamhlóinn go dtosaíonn na deacrachtaí a fheiceann sé siúd sa bhunreacht san céad abairt:

In Ainm na Tríonóide Ró-Naofa is tobar don uile údarás agus gur chuici, ós í is críoch dheireanach dúinn, is dírithe ní amháin gníomhartha daoine ach gníomhartha Stát
....

Dubhaltach said...

Ach níl aon ghá an bunreacht a athrú chun gnéithe mar sin a bhaint as. Sin an fáth a bhfuil reifrinn againn.