Dé Céadaoin, Márta 31, 2010

M2010.03.29

Is deacair focail a chur ar an suaitheadh agus uafás a bhraitear faoi NAMA agus an méid airgid le cur amú ag sábháil na mbanc marbh!

Sílim go bhfuil sé ráite sách maith ag an dá pháirtí shóisialacha sa Dáil.
Óráid Joan Bruton le feiceáil anseo, óráid Arthur Morgan anseo

Nach bhfuil sé tráthúil go bhfuil an tréas seo ag tarlú cúpla lá roimh chomóradh ar éirí amach na cásca 1916!
An mbeidh sé de dhánacht ag an Taoiseach, agus an t-uachtarán (sínigh sí an reachtaíocht gan cheist), seasamh os comhair Ard Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus "a dtírghrá" a thaispeáint?!

M2010.03.28


Níl neart agam air...níl neart agam air!

Ag brú níos faide ar aghaidh... go n-éirí leis.

Dé Máirt, Márta 30, 2010

M2010.03.27

Anois go raibh turgnamh rathúil ag "The Large Hadron Collider" chun dhá léas prótón a bhuaileadh faoina chéile beidh muid ag cloisteáil a lán cainte faoi "dhamhna dorcha" agus "fuinneamh dorcha" sna míonna atá romhainn, le cúnamh Dé.
Táthar ag súil go gcaithfeadh an turgnamh inniu níos mó solais ar an fhadhb seo.
Mura bhfuil a fhios agat cad atá i gceist agam le "fadhb" i leith damhna dorcha is éard atá i gceist agam - tá foinse diamhair éigin ag tuairim is 85% d'imtharraingt sa chruinne nach bhfuil tuairim dá laghad againn cad é.

Tá go leor tuairimíochta agus teoiricí ann faoi cad atá taobh thiar den imtharraingt bhreise seo.
Creideann roinnt fisiceoirí nach bhfuil tuiscint cheart againn ar imtharraingt féin. Is é sin le rá nach raibh Einstein ceart faoi imtharraingt ar scála réaltraí is na cruinne.
Ní fhéadfá a mhaíomh go bhfuil mórán i gcomhaontú leis an tuairim sin ar chor ar bith!

Tá teoiric ann gurb é atá san imtharraingt bhreise seo ná dúphoill bheaga (féach anseo le haghaidh leagan PDF de pháipéar ar an ábhar; "Black Holes Constitute All Dark Matter").
Ach arís níl aon chomhaontú ann. Ní féidir go mbeadh comhaontú ann mar níl aon eolaíocht ina leith a d'fhéadfadh tuairim a thógáil air.

Tá tuairimíocht eile ann áfach, atá i bhfad Éireann níos spéisiúla ná na cinn luaite thuas faoi cad is imtharraingt dorcha ann.
Is é sin an il-chruinne.

Sa teoiric seo creidtear nach bhfuil inár gcruinne féin ach cruinne amháin i measc na mílte cruinne, nó na billiúin cruinne etc.
Ní féidir linn na cruinní eile a fheiceáil toisc go bhfuilid i ndiminsin níos airde ná ár ndiminsean féin.
Dar leis an teoiric seo is éard atá sa imtharraingt bhreise dorcha nach dtuigeann muid ná imtharraingt na gcruinní eile seo.
Imtharraingt a thrasnaíonn idir chruinní, idir diminsin, ina bhféadfaí a dtionchar a mhothú idir na cruinní .i. 85% den imtharraingt atá inár gcruinne nach bhfuil ann de bharr na réaltaí, réaltraí agus dúphoill go léir a fheiceann muid.

Mar sin is éard atá i damhna dorcha (imtharraingt dhorcha), go teoiriciúil, ná imtharraingt damhna mar a thuigeann muid é, ach, ó chruinní eile ar dhiminsin níos airde.

Táim ag súil go mór le cibé sonraí a thiocfaidh as an turgnamh a tharla inniu.

M2010.03.26

Cad is ealaín ann?
Agus más ealaín atá ann an ceart cosc a chur uirthi mura dtagann sí faoi "rialacha an phobail" faoi cad is inghlactha i sochaí?
Má tá coirp mhná nocht san ealaín atá i gceist an bhfuil sé ceart na híomhánna siúd a roinnt leis an domhan ar shuíomhanna idirlín?
Nach bhfuil éinne ag smaoineamh faoi na páistí!

Níl an ealaín seo pornagrafach in aon chor, sílim!. Tá siad aisteach, agus bhí sé greannmhar domsa ó am go ham, b'fhéidir de bharr anabaíocht éigin atá ormsa, nó b'fhéidir nach dtuigim meon an ealaíontóra fiú.

Is éard atá i gceist agam ná gearrscannáin ón ealaíontóir Amy Greenfield ó Bhostún, ealaíontóir a bhfuil clú agus cáil uirthi i measc lucht na n-ealaíon timpeall an domhain.
"Fís-damhsa" agus "fís-fhilíocht" a thugtar ar chuid mhaith dá saothar.

Luaim an t-ealaíontóir seo agus a saothair toisc gur chreid You Tube nach bhfuil an ealaín seo oiriúnach dá shuíomh agus nach dtagann sé faoina rialacha féin i leith cad is ceart agus cóir le cur suas ar an idirlíon.
Mar sin baineadh na físeáin as an suíomh sa mhí seo caite. Cuireadh cinsireacht i bhfeidhm chun muid a shábháil ó na híomhánna ealaíonta de mhná nocht!

Anois deirtear go bhfuilid ar ais arís mar gheall ar aighneas in aghaidh an chinnidh sin, ach nílid feicthe agamsa fós.
Faoi láthair táid ar fáil ar Vimeo más mian leat do bharúil féin a dhéanamh. An raibh an ceart ag You Tube nó nach raibh?

B'fhéidir gur físeáin do dhaoine fásta atá ann i ndáiríre! Agus ná bí ag breathnú ar na cinn seo má tá seans ann go bhfeicfeadh ceannasaí nó comhghleacaithe iad, ar eagla nach dtuigfidís gur ealaín atá ann agus ní pornagrafaíocht!!

TIDES HD le Amy Greenfield ar Vimeo.

M2010.03.25

30ú de mhí Mhárta,Lá 'le NAMA, bliain na ngaimbíní 2010.
Scamallach, gaoth fhuar aduaidh, tá sé ag cur sneachta agus flichshneachta i mBaile Átha Cliath ar maidin!
Táthar ag tuar go mbeidh sé amhlaidh go ceann cúpla lá eile...
Aon teas a bhí sa talamh go dtí seo beidh sé imithe arís i ndiaidh na seachtaine seo, agus táthar ag rá go raibh fás an fhéir beagnach mí déanach cheana fhéin!

An dtiocfaidh an samhradh? An bhfásfaidh an féar?

Tuairisc cuimsitheach eile ó Greenpeace ar maidin faoin chomhlacht Koch Industries agus an chaoi a bhfuil an comhlacht sin ag tabhairt tacaíocht airgeadais do dhreamanna a shéanann an eolaíocht maidir le hathrú aeráide de.
Mar gheall ar an méid airgid á chaitheamh ag Kock Industries chun amhras a chaitheamh ar eolaíocht a bhaineann le téamh domhanda, creidtear, go bhfuil tionchar níos láidre aige ar dhearcadh na séantóirí (agus daoine i gcoitinne) ná Shell agus BP curtha le chéile!

Sílim féin gur fiú an tuairisc seo agus an ceann roimhe a léamh, táid scríofa i dteanga soléite agus táid lán eolais. Eolas nach gcloisfear ó na meáin in Éirinn. (Feictear domsa nach dtugann na meáin mórán airde ar aon dhream nach bhfuil ceangal polaitiúil acu.)

Dé Luain, Márta 29, 2010

M2010.03.24

de omnibus dubitandum

If I were a betting man, I’d say one of the big banks will be fully nationalised early next year. This would mean that, rather than the guarantee – which, on its own, was intended to be used to deal with the creditors in an orderly fashion and sell one of the big banks for a song to an international bank – we will get the triple lock. The triple lock is the guarantee, Nama and nationalisation. This is probably the worse combination of all.
Tá ciall ag an fhear a dúirt é an bhliain seo caite. In ainneoin cacamas an rialtais (NAMA agus an ráthaíocht) beidh bainc, nó roinnt acu, á náisiúnú, agus beidh an trí rud againn .i. an glas triarach mar a mhíníonn Mac Uilliam é.
Agus ní náisiúnú maith mar ba mhaith le sóisialaí é, ní bheidh an pobal á stiúradh ar son leas an phobail! Fanfaidh cumhacht an chomhlachta i lámha príobháideacha fós, ach an comhlacht beo ar airgead an phobail .i. caipitleachas stáit.

Tá an rialtas seo ag aistriú airgead an phobail (airgead ar iasacht a bheas orainn a íoc ar ais) ón stát go dtí na comhlachtaí príobháideacha dócmhainneacha .i. go dtí cairde Fhianna Fáil.

Thug, nó tabharfaimid ba chóir a rá, pobal na hÉireann, tuairim is €27 Billiún do na bainc marbh in Éirinn go dtí seo. Sin €27,000,000,000 dár gcuid airgid do bhainc gan mhaith. Ardóidh an figiúr seo níos airde feasta chomh maith.

Alt thar a bheith iontach eile ón fhear thuasluaite, 2+2=5, ón SBP inné.
"Nama first and now the recapitalisations are both moving taxpayer resources to the banks, where it will be destroyed. The €4 billlion gone into Anglo last year is gone. In fact, keeping with the Nineteen Eighty Four analogy, Anglo is the room 101 of taxpayer funds"
Anois, beidh na bainc i seilbh iomlán an stáit ach ní bheidh cumhacht againn i leith a stiúradh (D'ardaigh AIB a ráta morgáiste ar maidin)!
Seo an cás is measa de chaipitleachas stáit gur féidir liom smaoineamh faoi...
Seo an cás is measa d'amaideacht agus phraiseach ar scála náisiúnta gur féidir liom smaoineamh faoi...
"both Bank of Ireland and Allied Irish Banks are fundamentally sound and solvent institutions. The Government wishes to ensure that both Bank of Ireland and Allied Irish Banks remain as independent banks. The Government re-affirms that it is proceeding with the planned recapitalisation of Bank of Ireland and Allied Irish Banks on this basis and its firm intention is that both banks remain in private ownership."
Níl ciall nó tuiscint dá laghad ag an amadán a mhaígh an méid sin thuas an bhliain seo caite.

Amárach cloisfidh muid uaibh go bhfuil sé á n-athchaipitliú .i. á náisiúnú!
Rud a bheadh déanta cheana má bhí an chiall aige le bliain go leith anuas éisteacht le daoine lasmuigh de na leasanna dílsithe ina pháirtí féin agus sna bainc.

Ó agus rud amháin eile, ná déan dearmad, ní raibh rogha eile acu, agus tá 2 móide 2 cothrom le 5

Dé Sathairn, Márta 27, 2010

M2010.03.23

Cúpla smaoineamh tapaidh:

Cén fáth nár dúirt éinne go raibh Panu ag labhairt, fós?

---------------------------

D'fhás mé suas ag éisteacht leis an mbanna ceoil Deftones ó na Stáit Aontaithe, agus tá albam nua eisithe acu. Níl a fhios agam an bhfuil spéis ar bith agam ann a thuilleadh.

Ach nuair a bhíos níos óige (16) agus lán fuinnimh bhíos i mbanna ceoil, leis! Ní rabhamar ró-dhona ach an oiread....
Agus rinne muid clúdach d'amhrán de chuid na Deftones le mise mar amhránaí! An ceann seo thíos:



Maith dom a léitheoirí! Mar a dúirt mé, bhíomar lán fuinnimh! A dhóthain fuinnimh chun leictreachas a sholáthair don tír ar feadh bliana dá bhféadfaí leas a bhaint asainn ar bhealach éigin.
Bhuamar comórtas mór (cath na mbannaí) "ag casadh" an amhráin sin thuas uair amháin.
Baineann sé gáire mór asam agus mo chairde i gcónaí ag smaoineamh siar ar an saol sin!

------------------------------

D'eisigh Greenpeace tuairisc inniu (Dealing in Doubt)
Míníonn an tuarascáil seo conas atá an tionscadal ola agus guail ag baint úsáide as cur cúige an tionscadail tobac chun bréagaisnéis a chruthú i measc pobail an domhain le 20 bliain anuas i leith athrú aeráide. Is fiú go mór é a léamh.
Luann an tuarascáil na hainmneacha de na sceiptigh mhóra atá ag obair do na comhlachtaí móra ola is guail, agus déantar iniúchadh ar chaidreamh díreach idir na meithle smaointe ("think tanks") a oibríonn chun bréag a dhéanamh d'athrú aeráide ar son na gcomhlachtaí céanna.

Suíomh eile Greenpeace anseo faoi Exxon Mobile agus bréagaisnéis i leith athrú aeráide.

-----------------------------

Seo agallamh an-spéisiúil -agus athscríbhinn- ag Meiriceánach Cindy Sheehan le Hugo Chavez.
Is fiú go mór éisteach leis go léir, nó léamh, fiú is go bhfuil sé dírithe ar shaol sna Stáit.

Chavez ag labhairt; "political power, the capacity to make decisions, the community councils, communes, the people’s power, the popular assemblies.
And then there is the economic power. Transferring economic power to the people, the wealth of the people distributed throughout the nation.
Referendums, popular consultations, elections for governors, mayors"
Sin an cineál athchóiriú polaitíochta atá de dhíth in Éirinn, sa "Phoblacht Nua" a chloiseann muid chomh mór cainte faoi na laethanta seo. Seo an cineál athchóiriú polaitíochta nach léifear ar leathanaigh an Irish Times faoi "athnuachan na Poblachta".
Seo an cineál athchóiriú polaitíochta nach gcloisfear ó Fhine Fáil nó Fhianna Gael.

Ní bheadh NAMA, Shell ag fáil cearta go léir ar an ngás s'againne, nó Anglo Irish etc ag tarlú mar atá siad dá mbeadh a leithéid de dhaonlathas i bhfeidhm.

Dé hAoine, Márta 26, 2010

M2010.03.22

Tús maith leath na hoibre, agus gan amhras ar bith tá tús maith ag an nuachtán nua Gaelscéal. (leagan ar líne)
32 leathanach lán ábhar spéisiúla. Ní raibh mé in ann é a leagan síos, leathanach i ndiaidh leathanaigh bhí alt nó dhó ar chuir mé spéis ann. Agus is fada an lá ó léigh mé nuachtán ar bith, ina iomláine, ó thús go deireadh.

Bhí tréimhse fhada ag an fhoireann an t-eagrán seo a ullmhú, agus an cuma sin air, tá súil agam go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh ag soláthar nuachtáin den chaighdeán céanna chuile sheachtain.
Más féidir leo é sin a dhéanamh beidh an nuachtán seo i bhfad Éireann níos fearr ná buaicphointí sean-Fhoinse agus Lá Nua araon.

Ar leathanach 14 tá píosa beag faoi Ghradam Blaganna na hÉireann 2010, ansin tá an t-aon bhotún a thug mise faoi deara .i. "Nótaí ón Imill" ;)
Déarfainn go maithfidh Dennis lucht Gaelscéal!

Bhí fadhb agamsa freisin eagrán a aimsiú i mBaile Átha Cliath, ní raibh sé ar fáil in Easons ar sráid Uí Chonaill, ach, buíochas le Dia, tháinig mé air sa nuachtánaí sin ag barr sráid Grafton.

Anois idir Gaelscéal, Foinse Nua agus Nuacht24 níl aon easpa ábhar léitheoireachta againn in aon chor.

Déardaoin, Márta 25, 2010

M2010.03.21


Cúis díomá domsa go bhfuil muid ag plé na ceiste seo fós.
Is cúis díoma domsa go bhfuil gá fuinneamh a chaitheamh ag iarraidh bréaga a bhréagnú, agus aineolas a cheartú, go domhanda!
Ba chóir dúinn a bheith ag díriú ar réitigh na faidhbe faoin am seo, ba chóir dúinn go léir a bheith buartha nach bhfuil muid ag plé réiteach, seachas ag argóint faoin eolaíocht a thaispeánann an fhírinne.

Seo cainéal nua idirlín a bheas ag craoladh beo, agus a thosóidh anocht, i gceann 4 uaire nó mar sin ó scríobh mé an píosa seo.

Is maith ann é, ach nach uafásach an rud é go bhfuil gá leis ag an bpointe seo!

M2010.03.20


Dar leis an Titleach ar maidin "Tá an chuma air go bhfuil [..] Marx ar scraith an ghlogair ach cos aige ar an mbruach" agus "Is beag duine a mhaíonn go hoscailte gur Marxach é"

Sílim gur deacair "Marxach" a chur ort féin, mar lipéad, óir is éard atá i saothair Mharx, ar an mhórchóir ná anailís ar chóras an chaipitil.
Bhí Marx ag súil go bhfeidhmeodh an anailís sin mar uirlis intleachtúil, nó bealach, don lucht oibre a staid i sochaí a thuiscint, agus as an tuiscint sin an córas sin a threascairt. Ní féidir troid in aghaidh namhaid mura dtuigtear cad é, nó cé hé, do namhaid.

Chreid Marx go láidir i sóisialachas ar ndóigh, agus saoirse an lucht oibre ó chuing na haicme ceannais. Ach ní a smaoineamh bunaidh féin a bhí ann, fiú is gur chuir sé go mór mór leis.
Mar sin tá seans go bhfuil fáth ann nach gcuireann daoine Marxach orthu féin a thuilleadh, fáth atá lasmuigh de náire a d'fhág greasáil leanúnach Thatcher agus mo dhuine Reagan (.i. an t-aisteoir Meiriceánach sin a bhí i bpócaí na gcomhlachtaí airgeadais móra agus a bhain an uachtaránacht amach ar a son) ar a ainm.

Agus má tá saothar Mharx ar scraith ghlugair is aisteach liom cén fáth gur bhain sé an t-aitheantas seo amach díreach roimh 2000, agus é chun tosaigh ar an sóisialaí cliste eile, Albert Einstein.
"b’ionadh leat nach dtiocfadh leagan éigin den Mharxachas ar ais agus a bhfuil de scrios déanta ag an gcaipitleachas ar an domhan. Thuar Marx é féin an méid sin in Das Kapital, ach is fánach an duine a shroich chomh fada leis an leathanach sin ceal speile agus corráin agus cabhair drugaí."
Cinnte is deacair an leabhar An Caipiteal a léamh óir tá sé scríofa i dteanga eolaíochta, nó eacnamaíochta ba chóir a rá - seans go raibh Marx ag iarraidh na cinsirí a sheachaint, mar bhí sé sa leabhar dubh s'acusan de bharr a ghníomhaíochtaí sóisialacha san Fhrainc agus sa Ghearmáin. Cuireadh cosc ar shaothair sóisialacha dá chuid go mion minic roimhe sin.

Thuar sé go deimhin go raibh géarchéimeanna dosheachanta sa chóras caipitlíoch, go dtiteann sé as a chéile go rialta, agus go mbeadh gach géarchéim níos doimhne ná an ceann roimhe!

Más mian le duine Marxachas a thuiscint .i. caipitleachas, sílim féin go luíonn an tuiscint sin le breisluach", "carnadh caipitil", an "cúltaca tionsclaíoch" .i. na daoine dífhostaithe, agus an "claonadh ag an ráta brabaigh ísliú".



Ní féidir liomsa míniú simplí níos fearr a thabhairt ná mar a thug mo dhuine thuas.

Ag cur leis an méid sa bhfíseán sin thuas, agus i bhfocail Mharx, ó An Caipiteal:
"..caithfidh staid an oibrí, pé ar bith cén íocaíocht a fhaigheann sé, ard nó íseal, dul in olcas de réir mar a charntar caipiteal.
Ar deireadh comhtháthaíonn an dlí a choinníonn an cúltaca tionsclaíoch i gcothromaíocht le raon agus fuinneamh an charntha i gcónaí, comhtháthaíonn sé an t-oibrí leis an gcaipiteal níos doichte ná mar a rinne dingeacha Heiféisteas Proiméitéas a chomhtháthú leis na carraigeacha. Cuireann sé mar choinníoll leis an gcarnadh caipitil a chóimhéid de charnadh ainnise.
Is ionann saibhreas a charnadh ag ceann amháin agus, san am céanna, ainnise, crá oibre, sclábhaíocht, aineolas, brúidiú agus táire mhorálta a charnadh ag an gceann eile, .i. ar thaobh na haicme a tháirgeann a táirge féin mar chaipiteal" *
Chun brabús a chinntiú caithfidh an caipitlí an lucht oibre a dhúshaothrú .i. caithfidh an lucht oibre a mbreisluach a mhéadú ionas go bhféadfadh an caipitlí brabús a chinntiú agus leanúint leis an gcarnadh caipitil.
Is iad pá agus uaireanta oibre na baic is mó in aghaidh an bhrabúis seo.

Is cuma cad a bhaineann an lucht oibre amach le linn na laethanta maithe (le linn fás eacnamaíochta) óir nuair a thagann an ghéarchéim is dual don chóras caipitlíoch beidh siad thíos arís le ciorruithe pá nó caillteanais post.
Feidhmeoidh an cúltaca tionsclaíoch de dhaoine dífhostaithe mar mheáchan in aghaidh pá agus coinníollacha na n-oibrithe atá i bhfostaíocht, á dtarraingt síos.

Bheadh an fhadhb luaite thuas sa bhfíseán sin sáraithe murach pá na n-oibrithe, nó dá mbeadh níos mó uair sa lá déanta acu.

Mar sin is é an t-oibrí a oibríonn saor in aisce an t-oibrí is luachmhaire.

Tá sé seo le feiceáil i gcásanna mar seo ó FÁS!!!!:


Cliceáil chun iad a mhéadú, tá sé dochreidte agus níl ann ach cúpla sampla!!!!


Is maith liom an ceann sin. D'fhéadfá duine díreach as coláiste taithí oibre a fháil mar "Washroon Technician".i. a bheith ag glanadh leithreas, gan pá ar ndóigh!

Dúshaothrú chun brabús a chinntiú.
Sclábhaíocht gan náire, sclábhaíocht gan pá.
Caipitleachas 101 mar a déarfaí.
Tá níos mó ráite ar Bhoards.ie, anseo, ina leith.

Ní féidir liom níos mó a rá ar an ábhar óir caithfidh mé méadú a dhéanamh ar an mbreisluach.


* aistriúchán le Aindrias Ó Cathasaigh, le fáil ina aiste "Marx agus roinnt an bhodaigh" sa leabhar "Faoin Bhratach Dhearg - aistí sóisialacha"

Dé Céadaoin, Márta 24, 2010

M2010.03.19


Ní cleas é go ndéantar trí huaire é.
Chuir blagmhír Dennis é seo i gcuimhne dom.

Seo an Charraig Scoilte sa Chillín Dubh gar d'Iascaigh i dTír Fhiachrach.

Chaith Fionn mac Cumhaill ó Shliabh Gamh é -atá timpeall 17km díreach ar siúl ón áit (maith thú a Fhinn!)- mar thaispeántas a nirt.
Ach bhí Fionn ag iarraidh é a chaitheamh san fharraige, faraor dó bhí sé tuirseach i ndiaidh na seilge ar an lá sin an dtuigeann tú.
Níos déanaí sa lá agus na Fianna ar ais i dTír Fhiachrach ag breathnú ar fad an chaithimh, tháinig racht feirge ar Fhionn nár bhain sé an fharraige amach, agus scoilt sé an charraig lena chlaíomh ag maíomh go raibh mallacht uirthi.

Bheannaigh Pádraig an charraig nuair a tháinig sé chugainn lena nósanna nua.

Is féidir siúl tríd inniu, bíodh is go bhfuil sé teann.
Deirtear gur chóir do dhuine siúl tríd trí huaire le haghaidh áidh, ach fainic don té nach bhfuil saol iomlán macánta caite aige!
Óir mura bhfuil, ar an tríú huair ag siúl tríd dúnfaidh an charraig air.
Níor ruaig Fionn nó Pádraig an chumhacht ón charraig an dtuigeann tú.

Deirtear dúinn nach gcreideann na hÉireannaigh i bpiseoga a thuilleadh ach fós ní fhaca mé duine (aosta) ar bith ag siúl tríd trí huaire.

M2010.03.18

Bhagair Nestlé cás dlí in aghaidh You Tube murar tharraing siad an físeán seo síos óna suíomh. Mar sin tá seans maith ann nach mbeidh sé le feiceáil ar You Tube roimh i bhfad.

Tá an comhlacht Nestlé ag baint úsáide as ola phailme ó chomhlachtaí atá ag déanamh scrios iomlán d'fhoraoisí báistí san Indinéisis, ag cur ainmhithe na bhforaoisí i mbaol (órang-útain mar shampla). Ag scrios slite beatha na ndaoine, leis.



Is fiú smaoineamh faoi na rudaí seo mar thomhaltóirí.

Dé Máirt, Márta 23, 2010

M2010.03.17

Cheap mé, i ndáiríre, go raibh magadh i gceist ar bhlag Áine faoin chlár do Phearsana Móra na hÉireann riamh.
"Riamh" atá i gceist acu ná déan dearmad, agus tá Charles Haughey, Garret Fitzgearld, Roy Keane etc. ann, i measc daoine eile atá níos measa!!!
Caithfidh gur magadh de shórt éigin atá ann i ndáiríre, bhíos ag ceapadh go mbeadh Jedward ar an liosta ar feadh nóiméad.. ..óir nach bhfuil Louis Walsh ann!

Ar ndóigh d'fhéadfá a bheith ag súil lena leithéid ó RTÉ an Bhéarla.
Ní raibh Éireannach ar bith ar fiú labhairt fúthu sa tír seo roimh an 19ú haois dar leosan.
Éire Ghaelach na Gaeilge, tá an tÉireannach chomh dall don domhan agus chultúr sin, agus na pearsana móra atá ann, is atá sé do mheon duine de na hiarrthóirí ar an liosta thuas.
Is é sin Séamus Ó Conghaile.
Sóisialaí, Marxach go smior.

Is beag duine sa tír a bhfuil tuiscint acu faoin fhear féin seachas gur goineadh go dona é le linn éirí amach 1916 in Ard-Oifig an Phoist, gur ceanglaíodh de chathaoir é agus gur lámhachadh é. Rud a rinneadh mairtíreach de. Dheimhnigh a bhás freisin go mbeadh a ainm ionannaithe le náisiúnachas, agus a ainm á úsáid sna céadta bailéad uafásach atá pianmhar don chluas!

B'shin deireadh a tháinig ar a shaol ar ndóigh. Deireadh tobann i ndiaidh dó níos mó ná 20 bliain a chaitheamh ag saothrú chun oibrithe na tíre (pobal na tíre) a ghríosú chun saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin ní hamháin trí shaoirse polaitíochta ach trí chuing an chaipitleachais a thréigean.
Let us free Ireland!

The rackrenting landlord; is he not also an Irishman, and wherefore should we hate him? Nay, let us not speak harshly of our brother - yea, even when he raises our rent.

Let us free Ireland!

Whoop it up for liberty!

After Ireland is free, says the patriot who won't touch Socialism, we will protect all classes, and if you won't pay your rent you will be evicted same as now. But the evicting party, under command of the sheriff, will wear green uniforms and the Harp without the Crown, and the warrant turning you out on the roadside will be stamped with the arms of the Irish Republic.

Now, isn't that worth fighting for?
Ní fhoghlaimíonn an tÉireannach aon rud ar leith faoi shóisialachas Uí Chonghaile i scoil .i. Marxachas. Mar sin, ní aon iontas an t-aineolas faoin bhfear. Agus ba eisean -Ó Conghaile- ceann de na smaointeoirí sóisialacha is mó a shiúl ar chlár an domhain. Ba chóir dúinn a bheith bródúil as, agus tuiscint a bheith againn ar a shaothar agus cad a chreid sé.
Bheadh an teideal an tÉireannach is fearr ariamh tuillte go maith dó, i mo thuairim, mar is é cúis na ndaoine cúis Uí Chonghaile agus bhí sé lántoilteanach bás a fháil ar son na cúise sin.
Ba chóir go mbeadh tuiscint ag gach mac máthar in Éirinn faoi cad is sóisialachas Uí Chonghaile ann, sa chaoi chéanna a dhéantar iarracht tuiscint áirithe a thabhairt do pháistí na hÉireann faoi theanga dúchais a dtíre.
I bhfocail Shéamuis maidir le sóisialachas de:
Social Democracy (an t-ainm a bhí ar sóisialachas), as its name implies, is the application to industry, or to the Social life of the nation, of the fundamental principles of democracy. Such application will necessarily have to begin in the workshop, and proceed logically and consecutively upward through all the grades of industrial Organization until it reaches the culminating point of national executive power and direction. In other words Social Democracy must proceed from the bottom upward, whereas capitalist political society is organized from above downward......
t will be seen that this conception of Socialism destroys at one blow all the fears of a bureaucratic state, ruling and ordering the lives of every individual from above, and thus gives assurance that the social order of the future will be an extension of the freedom of the individual, and not a suppression of it.
Bheadh a leithéid de dhaonlathas iomlán ina bhagairt dóibh siúd atá i gcumhacht. Bheadh sé ina bhagairt don bhunaíocht eaglasta agus polaitíochta a riarann na scoileanna.

Aon iarracht sóisialachas Uí Chonghaile a mhúineadh sna scoileanna rithfeadh sé isteach in aghaidh na hargóinte bréagaí gur "Cumannachas" Sóivéadach nó "Cumannachas" Síneach atá i sóisialachas, agus gur theip ar an idé-eolaíocht (Chuir mé suas míniú ón sár-smaointeoir sóisialach ó na stáit faoi cad atá i gceist ansin cheana).
Ní sóisialachas in aon chor atá i gceist sna cásanna siúd dar leis an sóisialaí is mó a bhí ag na hÉireannaigh riamh ach an oiread:
Socialism properly implies above all things the co-operative control by the workers of the machinery of production; without this co-operative control the public ownership by the State is not Socialism – it is only State capitalism.
Socialism Made Easy le Séamus Ó Conghaile. Aiste is fiú a léamh.

Dé Luain, Márta 22, 2010

M2010.03.16

Cúpla rud:

Ní féidir a bheith ag brath ar réamhaisnéis na haimsire ó Met Éireann ar RTÉ.
Tugtar ginearálú ar an aimsir le linn an lae duit, agus i dtír le clíoma muirí ní luíonn sé sin le ciall ar bith. Mar shampla, thuar siad inné go mbeadh lá grianmhar againn ach le báisteach agus gaoth ard freisin. De ghnáth taispeántar an sórt aimsire seo ar an léarscáil aimsire le grian/scamall dorcha/báisteach.
Ar ndóigh ní thugtar an t-eolas duit cén uair sa lá a tharlóidh an bháisteach agus ardú gaoithe.
Agus inné bhí sé grianmhar, te, tirim le linn an lae go léir. Níor tháinig an bháisteach go dtí meán oíche.

Más mian leat pleananna a dhéanamh bunaithe ar an aimsir ba chóir úsáid a bhaint, i gcónaí, as réamhaisnéis na haimsire ó TG4.
Tá sé ar fheabhas.
Tuarann siad cén uair le linn an lae a thiocfaidh an drochaimsir.

--------------------------

Níl spéis ar bith ag Liam Mac Cóil i rugbaí, chonaic mé ón stól ard é, agus é os comhair séipéal na Rinne, le linn an chluiche ag an deireadh seachtaine.
Ar bhreathnú siar bhí an ceart aige gan spéis a chur ann.

-----------------------

Uabh, tá sé sin trom,” mar a déarfadh an sean-hipí.
Ní féidir liom ciall a dhéanamh den mhaíomh seo
A team of scientists has succeeded in putting an object large enough to be visible to the naked eye into a mixed quantum state of moving and not moving.
Dochreidte!

Turgnamh scoiltíní dúbailte (agus ceann eile) mar mhíniú ar phrionsabal an fhorshuímh

---------------------



Níos deacra a chreidiúint fós ná meicnic chandamach ar scála ollmhór is ea an fhíric go bhfuil na Stáit Aontaithe ag athrú, agus fíor-athrú dearfach atá i gceist.
"The right to adequate medical care and the opportunity to achieve and enjoy good health" Franklin D. Roosevelt i 1944
Fíoróidh Obama cuid thábhachtach d'fhís FDR faoi dheireadh thiar thall.

Dé hAoine, Márta 19, 2010

M2010.03.15

Alt anseo ón NYT inné faoi ghaimbíneachas lofa an rialtais seo againne. Mholfainn go mór é.

Is aisteach an rud é ach ciúnaíonn an t-aitheantas seo ó eachtrannach an cneá phianmhar NAMA agus polasaithe nua-liobrálacha eile Fhianna Fáil/na nGlasach.

Ireland had more prudent choices. It could have avoided taking on private bank debts by forcing the creditors of these banks to share the burden — and this is now what some sensible voices within the main opposition party have called for.

But a strong lobby of real-estate developers, the investors who bought the bank bonds, and politicians with links to the failed developments (and their bankers) have managed to ensure that taxpayers rather than creditors will pay. The government plan is — with good reason — highly unpopular, but the coalition of interests in its favor is strong enough to ensure that it will proceed
.

Á, amhail íocshláinte. Níl dlúthpháirtíocht (de shórt) le sárú.

Fós féin níl aon ní á dhéanamh ag muintir na tíre ina leith. Creideann daoine, fós, nach bhfuil rogha eile againn. Tá meon TINA i mbarr a réime i measc na nÉireannach...
Oibríonn bolscaireacht, oibríonn bréaga.

Dúirt Enda Kenny go mbeadh réabhlóid ar na sráideanna dá gcuirfeadh an rialtas níos mó airgid amú ar an mbanc marbh sin darbh ainm Anglo. Ach gan catalaíoch agus deireadh tobann le meon TINA ní shílim go bhfuil seans dá laghad a leithéid ag tarlú.
Is cuma cad a chreideann na hÉireannaigh fúthu féin, ní bhíonn misneach nó fonn ceannairce ach ar an mbeagán, mo léan.

Déardaoin, Márta 18, 2010

M2010.03.14


An féidir an taoide a chasadh in aghaidh athrú aeráide faoi chóras an tsaormhargaidh .i. faoi nua-liobrálachas .i. faoi chaipitleachas?

In dhá fhocal, ní féidir.

Ní féidir ar chor ar bith i ngeall ar nádúr an chórais féin.
Tá na fadhbanna timpeallachta is measa atá ar an domhan ansin de bharr an chórais eacnamaíoch atá i bhfeidhm faoi láthair. Tá scrios éiceolaíoch mar bhunchloch nó dúshraith don chóras sin.
Ní fíor-réiteach éiceolaíoch aon réiteach atá bunaithe faoi loighic an chórais sin, a mhalairt.

Córas eacnamaíoch atá go hiomlán dobhuanaithe is ea caipitleachas domhanda:

(1)Tá an córas sin ag iarraidh caipitil a charnadh i gcónaí, as sin ní foláir síor-tháirgeadh a dhéanamh chun brabús a chinntiú. Caithfidh an córas a bheith ag fás i gcónaí, mura bhfuil sé ag fás tá sé ag fáil bháis.
Aon chóras a gcaithfidh a bheith ag fás go deo rithfidh sé in aghaidh na faidhbe go bhfuil acmhainní an domhain finideach.
(2)Truaillíonn a chóras talmhaíochta an timpeallacht ach fós ní sholáthraíonn sé a dhóthain bia, nó caighdeán maith bia.
(3)A ollscrios timpeallachta leanúnach, arís tá an domhan finideach. Níl sa domhan ach uirlis chun brabús a shaothrú, breathnaítear ar gach dúil a bhfuil ann mar chaipiteal.
(4)Méadaíonn sé an neamhionannas saibhris laistigh de thíortha agus idir tíortha féin.
(5)A shíor-thóraíocht ar fhreagra draíochta chun a fhadhbanna sóisialta agus éiceolaíoch a réiteach ag teacht as a ghníomhartha féin.

Más mian linn athrú aeráide a stopadh, agus todhchaí an chine dhaonna (mar a thuigeann muid é) a chinntiú, níl aon rogha loighciúil eile againn ach córas an chaipitil a thréigean ar fad.
Luíonn tosaíochtaí an chórais seo do bhrabús agus brabús amháin.

Sin thuas m'achoimriú ar an alt seo sa Monthly Review. Alt fada a mholfainn.



Dé Máirt, Márta 16, 2010

M2010.03.13

Ceann de na rudaí is cumhachtaí faoi aon chultúr ar leith is ea a chumas amhránaíochta. Tá cúpla sampla iontach maith curtha suas ag Con ar a bhlagsa den chumas seo i measc na nGael.

Seo thíos an ceann is ansa liomsa. Is cuimhin liom go maith an lá a chuala mé don chéad uair é. Níl a shárú le fáil.

Tiocfaidh an Samhradh

M2010.03.12

"secular celebration of Ireland's culture" atá i Lá 'le Pádraig anois dar leo siúd ar wiki.
Bhíodh sé ina cheiliúradh crábhaidh tráth ar ndóigh, ach anois is "ceiliúradh cultúrtha" é, de réir dealraimh.
Más ionann cultúr agus drabhlás is cinnte gur ceiliúradh cultúrtha é!

Ach fós, go bunúsach, is éard atá ann ná comóradh ar an fhear a bhronn Críostaíocht orainn .i. Paidí mac Calprinn, agus an eaglais a bhunaigh sé in Éirinn. Tá an eaglais chéanna chomh marbh le hart i measc na ndaoine sa lá atá inniu ann, agus ní fheicim féin aon bhiseach ar an dearcadh sin i ndán di amach anseo.
Níl baint ar bith ag an eagras seo le saolta na gnáthdhaoine a thuilleadh. Buíochas dá ngníomhartha agus neamhghníomhartha lofa féin.

Mar sin níl bunús ar bith a thuilleadh le Lá 'le Pádraig seachas mar leithscéal a bheith ar meisce le linn an lae, i lár cibé baile gan dóchas ina gcónaítear ann. Agus mar leithscéal "Ireland Inc" na gciorruithe pá is coinníollacha a fhógairt i measc na nua-liobrálaithe thar lear.

-----------------------
Íomhá thuas de pharáid ar lá 'le Pádraig i 1905, ón suíomh iontach seo. "Evictions", "Irish Life" nó "Irish Studies" is ea na focail cuardaigh is fearr le haghaidh léargas ar saol na nGael ó 1860 ar aghaidh

Dé Luain, Márta 15, 2010

M2010.03.11



Ábhar machnaimh iontach ó Noam Chomsky thuas, ó agallamh i 2003, nach raibh feicthe agamsa go dtí seo. Is fiú go mór an fhírinne seo a chloisteáil. An fhírinne faoi cad is sóisialachas ann -mar a thuigeann sóisialaithe é- .i. comhionannas, an lucht oibre a bheith i seilbh iomlán ar na meáin táirgeachta, daonlathas tionsclaíoch iomlán chun leas na ndaoine a chruthaíonn an saibhreas, deireadh a chur le tíorántacht lucht gaimbín. Comharchumann oibrithe mar réiteach ar fhaillí an chaipitleachais.

Agus má níos ag teastáil uait.

M2010.03.10

An físeán ceoil is fearr ariamh? Déarfainn go bhfuil!

Dé hAoine, Márta 12, 2010

M2010.03.09



Aillte an Mhothair - 217 m
Sliabh Liag - 595 m
Cruachán - 668 m

Seo thuas íomhánna de Thóin Chruacháin ar Oileán Acla nach bhfeicfidh tú ar an idirlíon. (Ach táid le feiceáil ag tús seó Béar Grylls anseo ar You Tube)
Ní fheicfidh tú grianghraif de na haillte seo ar an idirlíon, ón radharc seo díobh, toisc nach féidir tiomáint chucu i gcarr cosúil le Sliabh Liag agus Aillte an Mhothair. (Is féidir tiomáint chun pointe ó dheas de na haillte go cinnte ach níl an radharc leath chomh maith). Caithfear siúl fada a dhéanamh chucu, agus is siúl an-dhúsalanach é. Caithfear cnocadóireacht chrua a dhéanamh thar chruachán í féin chun Rú na Córach a bhaint amach. Tír álainn i bhfolach atá ann. Le hiarrthóir don logainm is faide agus is amaidí i "mBéarla" na tíre seo .i. "Askelgubroenacaragh". Nó Ascaill Ghob Rú na Córach a bheith níos cruinne faoi.

Ar ndóigh ní thugann na grianghraif sin thuas, atá tógtha ó fhón póca, léargas maith ar a méid ar chor ar bith .i. i méid táid níos mó ná trí oiread Aillte an Mhothair! Caithfear a bheith ann le feiceáil cé chomh mórthaibhseach is atá siad.

Tá físeán agam díobh agus cuirfidh mé suas ar You Tube é, agus ar an mblag seo, nuair a fhaighim an seans.

Agus mar fhocal scóir, seo grianghraf d'fhulacht fia in aice le Loch Bhun na Fréimhe Thoir i dtír álainn Rú na Córach.
Nach bhfuil sé an-mhór ar fad? Níl mórán cur amach agamsa orthu, ach cheap mé go raibh na Fianna ag iarraidh béile mór a réiteach dóibh féin leis an gceann seo. D'fhéadfá cúpla fia a bhruith ann!

Focal scóir eile, tá an talamh chomh tirim sin go bhfuil na sléibhte seo réidh dul faoi thine!
Féach ar an gceann seo thíos. Tá dath cróin ar an bhféar, ó Chruachán go Sliabh Mór.

Dé Máirt, Márta 09, 2010

M2010.03.08

Chaith mé an-dua ag aistriú (roinnt de) Stair na Cruinne i dhá chéad focail, nó Níos Lú.
Ansin chonaic mé go raibh leagan Gaeilge de ar fáil cheana féin!
Is fiú seiceáil faoi dhó i gcónaí sula ndéantar aon ní, ceacht foghlamtha arís!

Ansin scrios mé an chiud de a d'aistrigh mé féin mar ní raibh gá leis i mo thuairim, ach, ansin.... chonic mé go raibh chuid mhaith de na focail a d'úsáid sé go hiomlán mícheart.
Is fiú seiceáil faoi dhó i gcónaí sula ndéantar aon ní, ceacht mallaithe foghlamtha arís!

Seans mar sin go bhfuil gá le huasghrádú ar roinnt de na téarmaí?
Ar amharc tapaidh dom feicim go n-úsáideann sé "Ísliú" nuair ba chóir "Spealadh" a úsáid.
Agus in áit "Bolgadh" mar shampla bheadh "Boilsciú" níos fearr..
"Ianú" a ba chóir a bheith ann in áit "Ianaíocht"
"Cáithnín" in áit "gráinnín" etc etc etc.

Chomh maith leis sin déarfainn gur féidir linn níos mó a chur le "stair na cruinne" inniu, is cinnte go mbeadh gá le "spealadh" eile!

Stair na Cruinne (ónár radharc de) i 200 focal nó níos lú:
Aistrithe ag Pat Murphy i 1997 rf
(rf = Roimh Focal.ie)

Uanaíocht chandaim. Bolgadh. Borradh. Imoibreacht eithneach tréan. Neamhniú gráinnín-frithghráinnín. Déanamh Deutériam agus héiliam. Corraí dlús. Ath-comhcheangail. Spré dubhchorp. Caolú áitiúil. Foirmiú braisle. Ath-ianaíocht? Grodbogadh. Virialiseacht. Déanamh Foireann leataobhach? Smidiríneacht callóideach. Crapadh. Ianaíocht. Comhfháscadh. Hidrigin teimhneach. Déanamh réalt tromábhail. Adhaint Deutériam. Comhleá hidrigin. Ídiú hidrigin. Crapadh ceartláir. Leathnú truaill. Comhleá héiliam. Comhleá carbóin, ocsaigin, agus sileacóin. Déanamh iarainn. Im-pléascadh. Pléascadh réalt for-nua. Instealladh miotail. Réalt-dhéanamh. Pléascadh réalta for-nua. Réalt-dhéanamh. Comhdhlúthú. Fortórmach pláinéidíní. Idirdhealú pláinéadach. Calcadh crústa. Díbirt gais soghailithe. Comhdhlúthú uisce. Díthiomsú uisce. Déanamh ózón. Sú thar-corcaghorm. Orgánaigh aoncheallaigh fótaisintéis. Ocsaídiú. Athrú. Rogha nádúrtha agus éabhlóid. Riosparáid. Idirdhealú ceallach. Atáirgeadh gnéasach. Iontaisíonnach. Taiscealadh talamh. Díobhadh díonosáir. Leathnú sineach. Oighirneach. Taispeánadh homo sapiens. Ceansú ainmhí. Déanamh iomarca bia. Sibhialtacht! Athrú-nua. Taiscealadh. Reiligiún. Náisiúnta ina chogadh. Cruthú agus millteanas Impireacht. Taiscealadh. Coilíniú. Cánach gan ionadaíocht. Réabhlóid. Bunreacht. Toghchán. Leathnú. Tionsclaíocht. Ceannairc. Gairm scoile fuaiscealt. Aireagán. Olltáirgeadh. Cathrú. Inimirce. Dóiteán domhnach. Conradh na Náisiún. Leathnú ceart vótála. Ísliú. Dóiteán domhnach. Pléascadh scoilteadh. Na Náisiúin Aontaithe. Taiscealadh spáis. Feallmharútha. Turas gealaí. Éirí as. Ríomhairigeacht. Cumann ceird domhnach. Sceimhlitheoireacht. Leathnú an Gréasán. Athcomhaontú. Leá. Cruthú líon domhnach. Comhshuíomh. Athidirrinneacht?

Dé Luain, Márta 08, 2010

M2010.03.07

Agallamh iontach (Cuid a 1 anseo agus a 2 anseo) le John Gibbons -iar-iriseoir leis an Irish Times- maidir le sceipteachas faoi athrú aeráide sna meáin in Éirinn. Buíochas leis an mblag iontach freisin MediaBite.org

Gibbons ar léirmheas san IT cúpla mí ó shin:
the worst experience I've had is that one day the same page that I was on had a book review right beside my article of a shabby book by a journalist called Christopher Booker, a hack for the Sunday Telegraph who is a climate change denier and the Irish Times in its wisdom decided to make that the book of the day and got Henry Kelly, an ex-Irish Times journalist from the 70's to review the book and how it "skillfully debunks the myths of global warming". That for me was a real low point....
The media in Ireland is infested with ten-a-penny climate sceptics...
Is fiú go mór an t-agallamh sin a léamh

Alt deireanach Gibbons san IT, anseo.

Blag Gibbons anseo.

M2010.03.06

Cúpla rud a rith liom le linn an deireadh seachtaine:


Ar dtús Albert Einstein agus an gá le sóisialachas, mar a mhínigh sé ina aiste "Cén Fáth Sóisialachas?" a foilsíodh san iris Monthly Review i mBealtaine 1949.
"The profit motive, in conjunction with competition among capitalists, is responsible for an instability in the accumulation and utilization of capital which leads to increasingly severe depressions.
Unlimited competition leads to a huge waste of labor, and to that crippling of the social consciousness of individuals ....
This crippling of individuals I consider the worst evil of capitalism. Our whole educational system suffers from this evil. An exaggerated competitive attitude is inculcated into the student, who is trained to worship acquisitive success as a preparation for his future career.
I am convinced there is only one way to eliminate these grave evils, namely through the establishment of a socialist economy... In such an economy, the means of production are owned by society itself and are utilized in a planned fashion."
Is fíor dó. Is annamh a bhí sé mícheart. Agus ní luíonn sé le ciall nó réasún ar bith nach n-aontódh muintir an domhain leis.

Faraor don lucht oibre, i ngeall ar mhíléamh, d'aon thuras, ar theagasc Mharx agus á ionannú le Boilséiveachas nó Cumannachas Sóivéadach tá daoine cúthaileach anailís intleachtúil de Mharxachas ar chaipitleachas a úsáid.
I bhfocail Thomáis Mhic Shíomóin san iris An Bhratach Dhearg i Samhain 2000 -maidir leis an ghéilleadh seo don fheachtas bolscaireachta agus leathfhírinní ar anailís Marx:
"b'ionann sin agus diúltú don arm is riachtanaí in armlann an lucht oibre le cur in aghaidh idé-eolaíocht úd na sainte atá mar urlár i dtólamh faoi chóras an bhrabaigh"
--------------------------------------------
Rith sé liom Dé Sathairn go bhfuil fadhbanna feirge agus fuatha ag an bhfear grinn David McSavage.
Bhí drochthaispeántas amach is amach aige san International. Fuair sé bás ar an ardán mar a deirtear sa ghnó áirithe sin.
Is fuath leis an bhfear seo Éireannaigh, is fuath leis an tír, is fuath leis an chaoi ar ólann muid an iomarca. Is fuath leis an eaglais. Is fuath leis easpa cumas machnaimh na nÉireannach. Is fuath leis beagnach gach rud, agus tá fearg air dá bharr.
Tagaim leis ar bhealach áirithe faoi roinnt rudaí, ach, caithfidh sé slí níos fearr a aimsiú chun a thuairimí faoi na rudaí seo a chur i láthair, go greannmhar! Seanmóireacht fheargach a thabharfainn ar a sheó, agus ní théann seanmóireacht leadránach síos go réidh le daoine i gclub grinn!

Ar an lámh eile sílim go bhfuil fuirseoir den chéad scoth ag obair in Éirinn faoi láthair, is é Astrálach, Damien Clark an fuirseoir sin. Bhíos sna trithí gáire leis an bhfear seo, ar fheabhas go deo. Mholfainn go mór ceann dá sheónna a fheiceáil sula dtéann sé abhaile. Mholfainn a sheó thar aon fhear nó bhean ghrinn eile atá ag dul thart faoi láthair.
Beidh sé le feiceáil anocht sa Woolshed baa (pub nach dtaitníonn liom) ar shráid Pharnell, mar fhear tí.
------------------------------------------

Éinne a bhfuil aithne acu ormsa déarfaidís leat go bhfuilim an-dheacair a shásaimh ó thaobh tithe tábhairne de. Is fearr liom "pubanna do na seandaoine" de réir dealraimh .i. pubanna le carachtair .i. pubanna ina bhféadfaí comhrá a dhéanamh.
Mar sin is fíorbheagán tithe tábhairne sa phríomhchathair a thaithíonn liom, fiú na cinn le "carachtair" mar dhea .i. The Stags Head!
Ceann atá ard ar mo liosta is ea Tigh Uí Riain i nDumhach Thrá.
Is breá liom pionta ann san iarnóin i ndiaidh siúlóid fhada timpeall shléibhte Chill Mhantáin.
Is féidir stobhach fíor-bhlasta a fháil do €5, agus pionta pórtair den chéad scoth do €3.45 i dtimpeallacht bhreá. Níl a shárú le fáil i mBaile Átha Cliath.

Dé hAoine, Márta 05, 2010

M2010.03.05

Seo scéal nach mbeidh teoiricithe comhcheilge ag tabhairt mórán airde air. Is scéal é freisin nár mhaith leis na comhlachtaí ola agus gáis tú a fheiceáil ach an oiread.

D'fhéadfaí frithbholscaireacht a thabhairt air, ach ní frithbholscaireacht atá ann.
Eolaíocht atá ann. Sin an méid. Taighde, tástálacha, léirmheasanna agus anailís foilsithe in irisleabhair eolaíochta. Ní ailt bunaithe ar thuairimí gan bhunús, mar a fheictear ar an idirlíon nó i nuachtáin Shasanacha maidir le hathrú aeráide de.

Tagann an eolaíocht seo ar sála na nuachta gur tháinig fianaise a tugadh d'fhiosrúchán parlaiminteach sa Bhreatain faoi na ríomhphoist sin , gur tháinig an fhianaise sin ó shainchomhairleoir a oibríonn le haghaidh Shell, British Gas, agus Petroleum Development Oman!

Agus maidir le Shell agus Ros Dumhach de bhí sé ana-spéisiúil nach raibh, agus nach mbíonn, fonn ar Shell plé a dhéanamh go hoscailte ar aon ghné den tionscadal neamh-tástáilte seo. Bhí an fhíric seo go han-soiléir arís aréir ar chlár TV3. Is fiú go mór breathnú ar ar chlár sa nasc sin. Mholfainn breathnú air le haghaidh na bhfíricí agus le haghaidh tuairim John Monaghan de Phobal Chill Chomáin ach go háirithe.
Ós rud é gurbh é seo an chéad seans a fuair sé ar teilifís tuairim an phobail féin maidir leis an tionscadal* a thabhairt ar chlár cúrsaí reatha in Éirinn.

Mar a mhaígh Seoirse Orwell; "In a time of universal deceit — telling the truth is a revolutionary act"

* Táid ar son an gháis ach in aghaidh an chaoi a bhfuil sé ag teacht i dtír in aice lena dtithe, faoi ardbhrú.

Déardaoin, Márta 04, 2010

M2010.03.04

Leagann Alan Titley a mhear ar ghné den Zeitgeist atá sa tír faoi láthair.
Cabaireacht na dtráchtairí. Nó i mo thuairim cabaireacht na dtráchtairí ón eite dheis nach bhfuil fonn orthu an fhadhb a aithint, sé sin le rá an fhadhb a bhaineann le caipitleachas nua-liobrálach.
Deirim "cabaireacht na dtráchtairí ón eite dheis" nó ba chóir a rá cuirim "tráchtairí ón eite dheis" orthu ní de bharr a n-idé-eolaíochta ach de bharr a ndrogaill an córas seo a cheistiú, agus a dtoilteanas glacadh leis (B'fhéidir mar gheall ar a n-oideachas, nó a dtuairim go bhfuilid i gcumann 5:35, nó go mbeidh siad ina mball de chumann 5:35 am éigin ina saol má chloíonn siad go daingean le rialacha an chórais)
Tugaim tráchtairí ón eite dheis orthu toisc nach gcloisfí, de ghnáth mar riail, tráchtairí ón eite chlé ar aon stáisiún teilifíse Éireannach. Nó ba chóir a rá, gan lipéad a chur ar éinne, ní chloisfí ceisteanna á gcur faoi chaipitleachas.

Bí ag caint faoi bhó beannaithe.

Ach arú aréir chuala mé tráchtaire ag cur ceiste faoin chóras mhíchothrom seo. Uinseann de Bhrún a bhí ann. Chuir sé ceist ar an bpainéil de thráchtairí a bhí ag líonadh mo chluasa lena gciúnas.
Chuir sé an cheist faoin chaoi a bhfuil an rialtas ag tabhairt na billiúin dár gcuid airgid do bhainc marbh ach ag an am céanna tá airgead ag teastáil timpeall na tíre agus neamhionannas agus dífhostaíocht ann etc etc, "nach dtaispeánann sé seo an fhadhb le caipitleachas" a mhaígh sé. Ceist shimplí a bhí ann, ceist a ba chóir do thráchtairí lán cabaireachta a fhreagairt.

Ach in áit cabaireachta agus an cineál ciúnas a thagann leis, fuair sé ciúnais iomlán seachas cúpla miongháire, bogadh míchompordach, iontas agus gáire amháin.

"Ná creidtear focal den chiúnas"

Agus ós rud é go bhfuilim ag caint faoi "zeitgeist" mar a deirtear, is fiú breathnú ar an scannán seo darbh ainm céanna. Mholfainn go mór mór é.

Dé Céadaoin, Márta 03, 2010

M2010.03.03

An beochlár oifigiúil ó 2006 go 2010 mar chéatadán ó 2006. Tá dífhostaíocht cosúil le víreas nó galar.


Méadaigh chun físeán níos mó a bhreathnú.

Leagan bunaidh le feiceáil anseo ón NIRSA

Dé Máirt, Márta 02, 2010

M2010.03.02

(Íomhá d'Indinéiseach i mbun círéibeacha inniu in aghaidh rún a rialtais caipitlíoch teacht i mbannaí ar na bainc, lena chuid airgid)

Sula bhfeicfear mionbhuiséad eile roimh an samhradh -ina mbeidh ardú cánach do chách agus ciorruithe pá do dhaoine eile (daoine ar an bpá is ísle de ghnáth, tá a fhios againn nach mian leis an Aire Airgeadais bheith ag cur as do státseirbhísigh shinsearacha nó na daoine is saibhre sa tír) agus ciorruithe ar leas sóisialach dóibh siúd a chaill a bpoist, nó ciorruithe sa bhreis ar chaiteachas páistí faoi mhíchumas nó ciorruithe ar leas sóisialach dóibh siúd atá dall nó faoi mhíchumas nó a thugann cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas srl, An dtuigeann tú, na targaidí éasca .i. na targaidí is fearr .i. na daoine nár thug airgead d'Fhianna Fáil roimh olltoghcháin .i. na daoine nár cheannaigh an príomhpháirtí i rialtas-

Mar sin sula bhfeicfear an mionbhuiséad eile seo chun maistrí na margaí a cheansú le híobairtí na ndaibhre le go bhféadfadh na saibhre airgead breise a fháil ó iasacht le caitheamh isteach sna bainc marbh ionas nach mbeadh sé ar shealbhóirí bannaí caillteanas a iompair etc etc etc.
Cá raibh mé? Ó, is é. Sula bhfeicfear é seo (roimh an samhradh) is fiú cúpla rud a lua, go luath, sula bhfeicfear é an dtuigeann tú;

Tá an tAire ag rá go mbeidh ciorruithe, go mbeidh cáin sa bhreis agus ar ndóigh go mbeidh níos mó dár gcuid airgid á chaitheamh isteach sna bainc. Níl aon ghá le spreagthaí eacnamaíochta chun poist a shábháil nó a chruthú dar leis. Ciorruithe le linn cúlú is ea an t-arm is fearr ina chiste cogaidh!
Ach thiocfainn leis an Aire maidir le cáin, bheadh gá cáin a ardú, nó ba chóir a rá tá gá cáin a ardú dóibh siúd atá ar an bpá is airde. Dóibh siúd a bhfuil sé d'acmhainn acu cáin bhreise a thógáil gan bheith ag cur isteach ar a n-ard-chaighdeán maireachtála. Ba chóir an cáin a íocann siad a ardú chun cothromaíocht a chinntiú.
Ní hea a deir an tAire, agus an rialtas, ní féidir cáin sa bhreis a chur ar na saibhre mar "d'fheidhmeodh sé amhail dídhreasú chun fiontair, oibre agus dul chun cinn eacnamaíochta". "Dhéanfadh sé faillí ar amhantraithe agus na daoine a chruthaíonn saibhreas" a deirtear linn.
Bhuel, ag déanamh neamhaird iomlán den bhfíric go raibh, go bhfuil agus go mbeidh gach fíor-shaibhreas ar domhan cruthaithe ag an lucht oibre ba chóir féachaint ar cé hiad na daoine is saibhre in Éirinn.
Na daoine "a thógann na rioscaí" agus "a chruthaíonn an saibhreas".

Tugtar, go scigiúil, "Cumann 5:40" agus "Cumann 1:35" orthu in Éirinn. Tugtar an leasainm seo orthu toisc go bhfuil seilbh ag 5% den daonra ar 40% den saibhreas sa tír, nó tá seilbh ag 1% den daonra ar 35% den saibhreas. Seo iad na glacadóirí rioscaí, na "cruthaitheoirí saibhreas". Glacadóirí rioscaí agus bristeoirí croíthe.
Cén gairm atá ag Déithe seo an gheilleagair?
Cé hiad na "cruthaitheoirí saibhreas"a fhaigheann moladh an rialtais?

Ag barr an liosta táthar siúd atá ag obair san earnáil mhíochaine!
Is é, na daoine a n-íocann muid a dtuarastail .i. Dochtúirí, comhairligh, feidhmeannaigh srl
Faoina bhun tá na forbróirí. Is é, na daoine a bhfuil muid ag teacht i mbannaí orthu le NAMA mar gheall ar a saint le linn ré an fhaoisimh chánach.
Faoina bhun sin tá lucht dlí .i. gnólachtaí móra dlí, abhcóidí sinsearacha, breithiúna etc
Is é, na daoine a bhfuil ag fáil fostaíocht i NAMA, agus na daoine a dhiúltaíonn glacadh le ciorruithe deonach ar a bpá ollmhór, pá a fhaigheann siad uainne.
Agus faoina bhun sin tá na baincéirí ar ndóigh, agus príomhoifigigh feidhmiúcháin .i. na cait ramhar. Is é....is é....níl aon ghá aon ní a rá fúthu siúd.

Mar gheall ar an méid faoisimh cánacha atá ar fáil dóibh (sé sin faoisimh cánacha nach bhfuil ar fáil mura bhfuil na milliúin agat) ní íocann Cumann 5:40 nó baill Chumainn 1:35 ach ráta cánach de 20% i gcoitinne, nó níos lú.

Ní fear foréigneach mé, ach chomh luath agus a chloisfidh mé go bhfuil círéibeacha ar shráid Chill Dara beidh mé ann ag caitheamh cloch in aice leis an chuid eile acu. (Más féidir leis an Éireannach a aigne a mhúscailt)

(Seo alt spéisiúil faoi cháin sna Stáit Aontaithe gur fiú a léamh, agus is fiú amharc ar an ghraf! "They will conclude—and they will be right—that the wealthier can afford to pay more, with no harm to the nation's economic growth.")

Curtha in eagar ag 17:00.
Feicim go ndúirt Eanna Ó Cionnaith sa Dáil inniu le linn Ceisteanna ó Cheannairí "go mbeadh réabhlóid ar na sráideanna" dá gcuirfeadh an rialtas €6 billiúin breise isteach in Anglo Irish i ndiaidh dóibh €4 billiúin a chur amú ar bhanc Fhianna Fáil cheana.
Le cúnamh Dé.

Dé Luain, Márta 01, 2010

M2010.03.01

If you remove the English army to-morrow and hoist the green flag over Dublin Castle, unless you set about the organisation of the Socialist Republic your efforts would be in vain.
England would still rule you. She would rule you through her capitalists, through her landlords, through her financiers, through the whole array of commercial and individualist institutions she has planted in this country and watered with the tears of our mothers and the blood of our martyrs.

Séamas Ó Conghaile cct i 1897 san aiste ghearr Socialism and Nationalism
Má tá lón machnaimh sóisialach ag teastáil uait níl le déanamh agat ach féachaint a thabhairt ar an iris Éireannach shóisialach darbh ainm Red Banner.
Faoina chartlann feicfear samplaí pdf d'ailt a foilsíodh san iris ó 1997 i leith, an chuid is mó acu i mBéarla, ach le pdf deas de scríbhneoireacht sóisialach Pheadar Uí Maicín (pdf) a fuair bás ag troid ar son na hÉireann le linn éirí amach 1916.

Tá ailt ann ó Ghaeil aitheanta eile amhail Tomás Mac Síomóin agus Aindrias Ó Cathasaigh (eagarthóir reatha na hirise). Beirt, mar a tharlaíonn sé, a bhí ina n-eagarthóirí ar an iris Comhar tráth.
Agus caithfidh mé a rá go raibh imeacht Uí Chathasaigh ón iris Ghaeilge ina chailliúint mhór do shaol na Gaeilge. Go háirithe le linn cúlú eacnamaíochta atá cruthaithe ag caipitleachas lofa nua-liobrálach agus rialtais chaipitlíocha faoi chóras an Daonlathais Bhuirgéiseachta.

tionchar a imeachta fós le feiceáil ar an iris, faraor.

Níl ach ailt Bhéarla le feiceáil sna samplaí ón bheirt thuasluaite i gcartlann an Red Banner. Déarfainn go bhfuil a gcuid alt Gaeilge le fáil sa leabhar seo . Leabhar atá ag déanamh a shlí chugam tríd an bpost faoi láthair.

Buíochas leis an mblag The Cedar Lounge Revolutionan chéad eagrán den iris An Bhratach Dhearg le léamh againn, agus seoid atá ann. Mholfainn go mór é a léamh, alt Gaeilge Uí Chathasaigh ach go háirithe.