Dé Máirt, Márta 31, 2009

M2009.03.06

Bhí obair go leor ag Seán Sheosaimh Ó Maoileanaigh a thugtar "Capall Craiceáilte" air le linn ré an Tíogair Cheiltigh, ag tógáil tithe saoire agus árasáin timpeall Inis na dTithe Saoire agus an cheantair máguaird.
Bhíodh sé ag obair don Albanach as Liafuine don chuid is mó, fear gaimbín le cairéal mór agus maoin (óstáin , tithe agus teach tábhairne .i. teach tábhairne Bharr an Chnoic sna Coillíní)
Dé réir mar a ndeachaigh cúrsaí go maith i ngeilleagar na tíre bhí chuile dhuine ar a sáimhín só, an Capall Craiceáilte agus an tAlbanach, ag saothrú tithe san áit ar shaothraigh a sinsir beithígh agus caoirigh.

Nuair a thit an lug ar an lag, mar a tharlaíonn i ngach uile bhoilgeog tithíochta, chuaigh rudaí chun olcais go tapaidh don Albanach.
Tá na céadta míle Euro i bhfiacha aige leis na bainc.
Níl airgead ar bith fágtha aige mar gheall ar a dhearg-saint anois.
Nuair a thagann Capall Craiceáilte chuige ag lorg airgid don obair a rinne sé dó ar chuid de na tithe saoire is déanaí deireann an t-Albanach leis an gCapall nach bhfuil an t-airgead aige dó, ar chor ar bith.
"Tóg cúpla lód cloch as an gcairéal mar chúiteamh" arsa Albanach na gCloch "mar ní bhfaighfeá aon airgead uaim, táim banc-bhriste"
Déanann Capall Craiceáilte amhlaidh, níl aon rogha eile aige, nach bhfuil billí le híoc.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, oíche Sathairn, i teach tábhairne Bharr an Chnoic tá ríméad agus gliondar ar chroí Capall Craiceáilte, níl a fhios ag éinne cén fáth, nach bhfuil sé thíos de bharr easpa airgid?
Tosaíonn sé ag ordú deochanna do gach mhac mháthair sa bpub, agus tá fáilte roimh a fhlaithiúlacht. Leath cinn, dúbailtí, pointí, níos mó leath cinn níos mó pointí, agus coinníonn sé air ag ordú. Ní diúltaítear deoch.
"Tháinig sé ar airgead"
"Bhuaigh sé an lottó"
A deirtear i gcogar le chéile le miongháirí suaracha.

Dhá a chlog ar maidin agus tá an t-am istigh, "am a dhul abhaile a fheara" a deir bean an Albanaigh. "A Chapaill, an bhfuil sé i gceist agat an bille a íoc anois?" a deir sí.
"Tá agus fáilte a bhean" a deir Capall Craiceáilte.
Cuireann sé a lámh isteach ina phóca chun a vallait agus a chartá-chreidmheasa a aimsiú agus tarraingíonn sé amach dorn gairbhéil agus cuireann sé ar an gcuntar é.
"Tóg as sin é a bhean"

Fíorscéal

Dé Luain, Márta 23, 2009

M2009.03.05

Dán díreach in ómós d'fhoireann rugair na hÉireann agus aoir in aghaidh drochmhúineadh mhuintir na hÉireann á leanúint;

Bua is fearr is milse
le dua bua tuillte,
moladh d'fhíor-laochra linn
buíon laoch-gaiscígh na hÉireann.

Fathach mór clainne gConaill
fíorluas-laoch clainne Drisceoil,
cruinneas beacht mhic Uí Ghadhra
ag cur sléachta d'Fhódhla.

Dea-mhic Cuinn ag dhul amú
de bharr laochra i gCymrú,
easpa taitnimh a saol féin
sólás goimhiúil dóibh i gcéin.

Borb garbh míbhéasach
sin modh iompair Éireannach,
coileáin 'tógadh fén Tíogar
ag adhradh déithe bréaga.

Bua

Déardaoin, Márta 19, 2009

Dé hAoine, Márta 13, 2009

M2009.03.03

Is olc an rud é nuair a théann leabhar as cló, na smaointe, na focail, eachtraí spéisiúla dhuine eile, turas saoil, iad go léir imithe nuair nach léitear an saothar a thuilleadh.
Más olc an rud é mar sin, caithfear a rá gur rud iontach ar fad é má chuirtear i gcló aríst é.
Is amhlaidh an cás le leabhar Choilm Uí Ghaora, Mise.

Sa lá atá inniu ann scríobhtar leabhair dírbheathaisnéisí faoi daoine mór le rá atá aghaidh na ndaoine go mór orthu, polaiteoirí ina measc, nó den chuid is mó den am scríobhann duine eile a ndírbheathaisnéis ar a son!
Ní amhlaidh an cás le leabhar Choilm Uí Ghaora, Mise.

Seo seod, seod luachmhar tábhachtach a deirim, de leabhar faoi shaol mhic Uí Ghaora. Rugadh Colm in Inbhear, Ros Muc ar an 29ú Eanáir, 1887. faigheann sé bás i 1954, agus idir 1887 agus 1954 déanann an duine seo gach uile rud a d'fhéadfadh sé a dhéanamh ar son teanga dúchais na hÉireann agus a saoirse araon.

Ní dírbheathaisnéis amháin atá sa leabhar seo ná baol air, seo cuntas stairiúil, ábhar tagartha tábhachtach. Sa leabhar faightear eolas agus mionsonraí faoi dhuine ar nós Pádraig Mhic Phiarais, Sheáin Mhic Dhiarmada srl
Bhí dúil nach beag ag an bPiarsach i tae!
Sa leabhar faightear eolas agus mionsonraí faoi staid na Gaeilge i gContae Mhaigh Eo, Iorras, agus timpeall na tíre. Bhí sé ina múinteoir ar sheacht scoil in Iorras Mór.

Sa leabhar faightear eolas agus mionsonraí faoi chogadh na saoirse agus Ó Gaora i mbruíon aistreach ag gníomhú i measc sléibhte Chonamara agus Mhaigh Eo ag cur troid ar Dhúchrónaigh is políos.
Ba chóir go mbeadh níos mó cainte agus plé faoi shaol Uí Ghaora sa lá atá inniu ann.

Má léann tú aon rud i mbliana léigh an dírbheathaisnéis seo.

Faraor, níl aon chuntas sa leabhar faoi shaol Uí Ghaora i ndiaidh gCogadh na Saoirse agus cad a rinne sé le linn Cogadh na gCarad!
Amhail an Gorta Mór ní bhíonn fonn ar an nGael labhairt amach go poiblí ar cad a tharla le linn cogadh na gcarad.

Dé Luain, Márta 02, 2009

M2009.03.02

The Curious Case of Benjamin Button;
Níor chualas ach léirmheasanna diúltacha faoin scannán seo ó tháinig sé amach.
Ach cheapas féin go raibh sé go maith, marc as 10; 7, i mo thuairim.
Ní thuigim na léirmheasanna diúltacha ar chor ar bith!
Cíorann an scéal an saol agus caoi nach maireann muid ach seal. Ceist fhiúntach le plé dar liomsa.
Tá taispeántais láidir ann ó Phitt agus Blanchett mar is dual dóibh.

M2009.03.01


Antraipeolaíocht na Gaeilge