Dé hAoine, Eanáir 28, 2011

M2011.01.22


Cuirim an físeán seo suas go drogallach, óir faigheann daoine bás chuile lá de bharr airgead míleata a chaitheann SAM i dtíortha thall lear. Níl beatha an duine seo níos tábhachtaí ná éinne eile a mharaíodh de bharr polasaithe impiriúlachais an Iarthair.
Ach is fiú cloch ar charn i gcónaí.

Tá a fhios agam gur lámhachadh an fear óg seo ag póilín Éigipteach, ach fuair giollaí na deachtóireachta a rinne an gníomh an t-airgead le haghaidh an philéir ó cháiníocóirí SAM. $1.3 billiún mar chúnamh míleata in aghaidh na bliana le bheith cruinn faoi.

Is fiú na gnéithe seo a chuimhneamh nuair a bhreathnaítear ar an nuacht ar an teilifís faoi éirí amach seo na nArabach agus gan gíog mó míog astu faoi chúlra na deachtóireachta ina bhfuil siad ag troid.

3 comments:

Fearn said...

Ar dheis dé go raibh anam an íospairt!

Deachtóireach agus sochaí dúnta atá san Éigipt. is faoin Éigipt a athrú amhail is mar atá sé faoin Éireananch a thírín fhéin a athrú.

Má ithinn duine do dhinnéir ort, ná cuir an iomarca locht ar an duine a thug an scian agus an forc don mhaistín. Is dual druideadh suas leis an maistín fhéin.

Díolfidh an Poncán airm leis cibé atá i gcumhacht

Dubhaltach said...

"Deachtóireach agus sochaí dúnta atá san Éigipt. is faoin Éigipt a athrú"

Tagaim leat. Agus is léir go bhfuil siad ag déanamh amhlaidh.

Ach táim ag iarraidh aird a tharraingt ar an bhfimíneacht seo sna meáin, is é sin le rá dá mbeadh an deachtóireacht puipéad seo ann de bharr cúnamh airgid ó fhoinsí nach réitíonn leis an idé-eolaíocht ina mhaireann muid, samhlaigh an difríocht sna tuairiscí!
Abair, go hipitéiseach, dá mbeadh tír amhail an Veiniséala ag soláthar $1.3 billiún in aghaidh na bliana do dheachtóireacht éigin chun airm agus armlón a cheannach agus a chothú. Agus go raibh na fórsaí míleata céanna ag cur na cosmhuintire faoi chos ionas go mbeadh mianta agus pleananna Veiniséala agus a comhghuaillí cinntithe sa réigiún!

Agus níl sé chomh éasca agus le rá go ndíolann SAM armlón le cibé. Tá an t-arm seo ag troid toisc go bhfuil a fhios acu go bhfuil a lán lán airgid agus araile le cailliúint acu má bhuann na réabhlóidithe.
Tá iarmhairt díreach ar infheistíocht cáiníocóirí SAM ar chúrsaí thall.

Fearn said...

Tuigim duit agus treise ort.

Mise fhéin, bím faoi dallbhach. Shíl mé riamh, de bharr mo léitheoireachta go raibh na Túinísigh níos fearr as ná aon tír Arabach eile.
Anois tá poirt eile ag "na meáin" faoi mar abhí cúrsaí.
Ní bhíonn an fhirinne soiléil sa dorchadas ná faoin cheo.