Dé Céadaoin, Lúnasa 27, 2008

M2008.08.06

Hula Hul le Seán Mac Mathúna

Go pearsanta, sílim go bhfuil sé níos deacra léirmheas a thabhairt ar leabhar a bhfuil léirmheas déanta air cheana féin.
Sa gcás seo tá ceann déanta ag Pól Ó Muirí i mBeo air.

Agus mar a d'fhéadfaí a léamh ón léirmheas sin baineann an scéal seo le triúr .i. Mait Dálaigh, captaen san IRA, Cáit Ní Bhric, cailín aimsire atá ag obair sa teach sábháilte, thuas sna sléibhte -Na Cruacha Dubha i gCiarraí- agus an príosúnach Breen.
Tá an cogadh cathartha ag teacht chun deiridh in Éirinn, níl ach dhá mhí fágtha de, go dtí go bhfuil sé críochnaithe go hoifigiúil, ach tá sé a bheag nó a mhór críochnaithe i gCiarraí.
I meon Mhait (príomhcharachtar an leabhair) tá sé ar aon nós.

Tosaíonn an scéal go hiontach ag insint scéal Mhait dúinn. Eisean ag obair lena mhuintir agus é óg, eisean ag freastal ar scoil agus é níos sine, agus é ina fhear san IRA ag déanamh aithris ar Chúirt an Mheán Oíche sa ngairdín mar phaidir fhada ionas nach lámhachfadh beirt Free Staters é srl.
Is féidir carachtar Mhait Dhálaigh a thuiscint, agus is carachtar maith é, carachtar taitneamhach.
Tá sé bacach agus tá an cos bhacach sin lárnach i ngach uile scéal a bhaineann le Mait.
Tá coinsias láidir ag Mait freisin, níl fonn air a bheith ag troid nó a bheith ag cur fealltóirí chun báis a thuilleadh, go hairid leis an gcogadh ag teacht chun deiridh.
Agus bogann an scéal ar aghaidh ar an téama sin .i. Cogadh na gCarad.

Buaileann muid le Cáit sa teach sábháilte, tá stair eatarthu .i. Mait agus Cáit, grá? Ach, mhaslaigh Mait Cáit roimhe seo (de réir dealraimh!) agus níl siad go hiomlán ar a suaimhneas le chéile anois.

Ansin tagann Breen isteach sa scéal mar phríosúnach de chuid na nIrregulars agus tá ordaithe ag an nDálach é a thabhairt go dtí an scoil áitiúil sa Seanabhaile.
Níl a fhios ag éinne cén fáth, seachas Breen, agus níl sé a rá.

Ach de réir a chéile fágann an scéal an téama seo faoi Chogadh na gCarad ina dhiaidh, agus athraíonn sé ina scéal rómánsach, agus 'seard atá sa leabhar seo, leabhar rómánsach.
Anois níl aon rud mícheart leis sin ar chor ar bith, agus is féidir le Mac Mathúna é a láimhseáil go deas liteartha mar a rinne sé go dtí an pointe sin.

Ach go pearsanta, bhí díomá ormsa, leis an bhfírinne a rá.

Nuair a bhíos á léamh ina dhiaidh an phointe sin rith sé liom go rabhas ag súil go mbeadh sé ag dul ar ais go dtí an scéal faoin gcogadh!
B'fhéidir go mbeadh níos mó le léamh faoin gcarachtar sin, an "Free Stater" as Tamhlacht, ar an bpianó ag seinm The Rose of Tralee, san óstán i dTrá Lí, ina siúlann Mait agus na saighdiúirí eile isteach ann ar a mullach?
Ach ní raibh. Faraor.

Dúirt Ó Muirí i leith an athraithe sa scéal:
Níor cheart go n-éireodh leis; níor cheart go mbeadh sé chomh dalba sin lena léitheoirí agus suíomh agus béim an scéil a athrú ó Saving Private Ryan go The Quiet Man. Ach éiríonn leis

Thuig mé cad a bhí sé ag iarraidh a bhaint amach, ach i mo thuairimse níor éirigh leis, ach b'fhéidir gur éirigh leis, ach níor thaitin sé liomsa. 'Sea, sin é.
Ní eipic an leabhar seo, agus níor bhraith mé go rabhas ag léamh eipic, sa gcaoi a mbraith mé nuair a léigh mé Fontenoy nó An Cléireach don chéad uair.

Ach tríd is tríd agus é sin ráite, is leabhar thart a bheith iontach é le scéal thar a bheith samhlaíoch.

Dé Luain, Lúnasa 25, 2008

M2008.08.05

Feis Tigh Chonáin le Darach Ó Scolaí

Athscríobh dár linne atá sa scéal fiannaíocht seo ó Darach Ó Scolaí, seoid dheas de scéal atá ann a léigh is a chuala ár sinsir cois teallaigh fadó.

Tá an scéal faoi Fhionn mac Cumhaill agus a ghiolla seilge Diorraing mac Doghuir agus iad caillte ar a n-aonar tar éis lá fada sceilge leis an bhFiann.
I ndorchadas na hoíche tháinig siad ar Dhún Chonáin, fear a bhfuil stair aige le Fionn, stair atá achrannach is foréigneach.
Caitheann Fionn is Diorraing an oíche i dtigh Chonáin Chinn tSléibhe ag scéalaíocht faoi na Fianna cois teallaigh. Conán ag cur na ceisteanna faoi eachtraí Fhinn le linn a shaol. Mac Cumhaill mhic Treánmhóir Uí Bhaoiscne á bhfreagairt agus scéalta fíor-taitneamhacha iontu.

Feiceann muid taobh dorcha d'Fhinn mac Cumhaill freisin .i. Fear a bhí cheangailte síos aige agus eisean ag impí ar Fhionn gan a bhean chéile a éigniú agus ise a scriosadh!
Tugann an fear a iníon d'Fhionn ina háit.

Ach leabhar beag atá sa scéal seo agus costas cuíosach ard air freisin, bím ag súil lena leithéid ó Leabhar Breac.
Ach bíonn sár-shaothair ag teacht ón bhfoilsitheoir sin agus ní ligeann siad síos thú. Is fiú an costas.

Rith sé liom agus mé ag léamh an scéala seo cé chomh mór is a chuaigh a leithéid de scéal fiannaíochta i bhfeidhm ar Ó Scolaí agus é ag scríobh An Cléireach. Fíor-spéisiúil.

M2008.08.04

In Éagmais Uí Chonghaile. Gluaiseacht na n-oibrithe: Gluaiseacht ar strae le Aindrias Ó Cathasaigh.

Aiste spéisiúil mar chuid de Mhacallaí na Cásca ó eagarthóir nua Comhar atá ann.

San aiste déanann an t-údar cur síos ar laigí a bhaineann le Páirtí an Lucht Oibre sa lá atá inniu ann agus an chaoi nach bhfuil a ndearcadh ag teacht le dearcadh Shéamais Uí Chonghaile, bunaitheoir an pháirtí in Éirinn.

An fhadhb is mó atá aige leis an bpáirtí ná an chaoi, roimh an olltoghchán, a raibh sé beartaithe ag LO a dhul i gcomhrialtas le Fine Gael - páirtí ar an bhfíor-eite dheis.
Am amú a bheadh ann don LO a bheith ag dul i rialtas, ina thuairim, óir ní féidir fíor-athruithe a bhaint amach má fheidhmíonn duine taobh istigh de chóras .i. córas rialtas atá go hiomlán ar son caipitleachais.
Bheadh níos mó le baint amach ag oibriú ar an talamh .i. gníomh díreach in aghaidh caipitleachais agus an rialtais atá ar an eite dheis ó thaobh dearcadh polaitíochta de.

Ábhar maith machnaimh atá ann go deimhin. Ach tagann Ó Cathasaigh trasna go gcreideann sé go raibh chuile rud a scríobh nó adúirt Ó Conghaile ar nós Bíobla naofa an Lucht Oibre.
Níl aon cháineadh nó cáineadh dearfach go fiú san aiste seo ar an gConghaileach féin!
Cá bhfuil an critic?

Uaireanta san aiste bíonn sé ró-dhian ar an LO freisin, dar liom. (Ní sin le rá nach bhfuil cuid mhaith den cáineadh tuillte go maith acu)
I gcuid amháin den aiste cuireann sé ciníochas go míchóir ina leith .i. an méid a dúirt an LO faoi ollinimirce go hÉirinn bliain ó shin.
Cheap mé i gcónaí gur aisteach an rud é ós rud é go bhfuil an fhíor-eite dheis agus an fhíor-eite chlé ar aon thuairim faoi ollinimirce neamhrialaithe!
'Sé sin, tá ollinimirce ag teastáil go géar ó lucht an rachmais a fheidhmíonn sa gcóras chaipitlíoch le haghaidh oibrithe saora agus chun an t-íosmhéid páidhe a shárú, ach tá Ó Cathasaigh agus an fhíor-eite chlé de thuairim chéanna is a bhí Ó Conghaile, gur cine amháin muid agus is cuma faoina leithéid. Agus an ceart acu faoi sin go teicniúil.
Ach, faraor, déanann an idé-eolaíocht sin neamhaird den fíorshaol ina maireann muid.
Ní ciníochas i gceist ar chor ar bith ach tuiscint chothrom ar na fadhbanna a bhaineann lena leithéid de pholasaí caipitlíoch.
Fágann a easpa machnaimh ar an gceist seo imní ormsa nach bhfuil mórán fíor-mhachnaimh déanta aige ar scríbhinn eile Uí Chonghaile ach an oiread! Faraor.

Cúig Euro ar an aiste, tá sé beagáinín as dáta anois leis an olltoghchán thart agus an LO ag iarraidh a slí féin a dhéanamh, ach is fiú é a léamh.

Scór: 6 as 10

Dé hAoine, Lúnasa 15, 2008

M2008.08.03

Tá brón ar Inis Fhódhla
ar nuacht báis Uí Ghadhra,
staraí, scríbhneoir, sár-fhile,
moladh dá obair tuillte.

Throid sé ar son ár dteanga
ár n-ollamh breá seanchasa,
dílis, dána, ildánach,
gníomhaí neamhleithscéalach.

Gael bródúil bríomhar béasach
fear a mholfadh An Taoiseach,
dobrón 'tá ar an muintir
dó 'tá i measc a sinsear.

A mhic Uí Ghadhra de shliocht Mhíleadh Easpáinn,
síorthrodaire d'oidhreacht lánbhrí na hÉireann,
gníomhaire lán dúthrachta is dílse dod' dhream,
caillte dúinn do fhíor-intleacht díreach daingean.

Dé Céadaoin, Lúnasa 13, 2008

M2008.08.02

Ag na Cluichí Oilimpeacha i mBéising ar maidin inné, tháinig an curachóir Éireannach, Eoin Rheinisch, sa cheathrú háit i gcraobhchomórtas na cadhcála.
Cháiligh sé don chraobh níos túisce ar maidin.
Curachóir cadhc ón nGearmáin, Gunter Ó Maoileachlainn, a ghnóthaigh an bonn óir.

Dé Máirt, Lúnasa 05, 2008

M2008.08.01


(cliceáil le haghaidh pictiúr níos mó)


Is breá liom an Irish Times, na leathanaigh jócanna go háirithe .i. tuairimí agus anailís .i. bolscaireacht agus seafóid.