Dé Luain, Eanáir 31, 2011

M2011.01.24

Tugadh faoi deara le cúpla lá anuas an scéal mór á dhéanamh sna meáin chumarsáide faoi na seirbhísí idirlíne amhail Twitter agus Facebook mar uirlisí na ndaoine chun na réabhlóidí sa Mheánoirthear a eagrú agus chun daoine a ghríosú chun gnímh.
Ní bheadh leath den scéal fiú ar eolas ag an éisteoir dá gcreidfeadh sé an míniú simplí sin ar an phleanáil, agus cúiseanna, lasmuigh den éirí amach.
Is toradh an t-éirí amach seo de stailceanna an lucht oibre agus agóidíocht mhic léinn thar na blianta fada.
Mar gheall ar pholasaithe eacnamaíochta an IMF faoi réimse an deachtóra Ben Ali tharla réabhlóid sa Túinéis ag cur an lasair sa bharrach, agus ag tabhairt an mhisnigh don lucht oibre san Éigipt amhlaidh a dhéanamh agus gníomhú dá réir.

Foilsíodh ar shuíomh idirlín an Atlantic lámhleabhar rúnda na n-agóideoirí, go hamaideach i ndáiríre, roimh agóidí móra an Aoine seo caite.
Is léir go gcreideann na réabhlóidithe go bhfuil contúirt ag baint le úsáid Twitter agus Facebook, agus mar sin tá níos lú tábhacht lena ról sa réabhlóid thar mar atá na meáin chumarsáide ag rá.

Bíodh an cinneadh roinnt leathanaigh an lámhleabhair a fhoilsiú roimh na hagóide ciallmhar nó nach mbíodh tá an leathanach faoi éilimh na ndaoine i mbun gnímh níos tábhachtaí ná na míniúcháin fhéin faoi conas agóid cliste a dhéanamh.
Saghas forógra atá ann.

Is éard atá uathu ná rialtas neamh-mhíleata ar son na ndaoine (rialtas atá lasmuigh de chumhacht SAM), saoirse, ceartas, deireadh leis an réimse deachtóireachta Mubarak ar ndóigh.
Agus "riaradh cuiditheach d'acmhainní na hÉigipte go léir".
Tá an t-éileamh deireanach sin sách teibí ar bhealach, ach ó mo léamh de, ní chiallaíonn sé gur mhian leo leanúint le dearcadh nua-liobrálach an deachtóra agus a thacadóirí airgeadais .i. níor mhian leo acmhainní na hÉigipte a fheiceáil i láimhe mionlaigh saibhir a thuilleadh. Beidh siad i seilbh na ndaoine as seo amach.

In ainneoin seo tá na teachtaireachtaí le cloisteáil ó na meáin le cúpla lá anuas ag díriú níos mó ar an Bhráithreachas Moslamach, agus a ról fíorbheag ann, an baol d'fholús cumhachta agus, ar ndóigh, an gá le haghaidh idirthréimhse síochánta ó cheannaire amháin go dtí ceannaire eile a thagann le pleananna eacnamaíochta agus polaitíochta an Iarthair sa réigiún.
Chomh maith leis sin is iomaí "saineolaí" ar chúrsaí na hÉigipte a chuirtear os ár gcomhair, ach is beag réabhlóidí Éigipteach a chuirtear faoi agallamh.
Tá na claontaí le feiceáil cheana fhéin.

Gan amhras ar bith beidh impleachtaí dearfacha i ngeall ar na himeachtaí thall le dhá mhí anuas, go domhanda agus go logánta. Ach tá rud éigin a dúirt an Francach Jacques Lacan -lena dhaltaí a bhí i mbun agóide i bPáras i 1968- ag rith thart i mo chloigeann; "Mar réabhlóidithe, is gealta sibh atá ag éileamh máistir nua. Gheobhaidh sibh ceann."

Dé hAoine, Eanáir 28, 2011

M2011.01.23


Beochan spéisúil ar chaint a thug Zizek i 2009.
Is spéisiúil an chaoi ar bhain sé úsáid as scríbhneoireacht shóisialach Wilde, óna leabhar The Soul of Man under Socialsim, chun a argóint a chur trasna faoin easpa maitheas atá i gcarthanacht nach ndéanann a dhícheall córas an bhrabaigh a chur ar ceal.

Thug mé faoi deara an "altrúchas maith gan mhaitheas" seo don chéad uair thart ar 2008 sílim. Sraith chláir dea-mhéine ar BBC a bhí ann, inar sheoladh Sasanach mór le rá éigin thar lear le haird a tharraingt ar chás na bpáistí bochta a bhí ag saothrú i siopaí allais san Ind, agus in áiteanna eile san Áis, chun earraí a dhéanamh do pháistí agus lucht ionnúis an Iarthair.
Bhreathnaigh mé ar an gclár le béal oscailte, ní de bharr uafás na bpáistí amháin -bhí a gcruachás ar eolas agam roimhe- ach i ngeall ar an chaoi ar dhein léiritheoirí an chláir neamhaird iomlán den chóras a chruthaigh an fhadhb seo. Agus an fhíric nár thug siad ainm na gcomhlachtaí móra éadaí a bhí ag ceannach na hearraí ó na siopaí allais fiú!
Leanfadh na páistí ag saothrú sna siopaí allais i ndiaidh cúnamh lucht féachana an Bhíp, ach beidh seans acu roinnt oideachais a fháil!

I bhfocail Wilde, nuair a fheiceann daoine maithe altrúíoch bochtaineacht agus bás agus anró ar domhan;
"with admirable, though misdirected intentions, they very seriously and very sentimentally set themselves to the task of remedying the evils that they see. But their remedies do not cure the disease: they merely prolong it. Indeed, their remedies are part of the disease.

They try to solve the problem of poverty, for instance, by keeping the poor alive; or, in the case of a very advanced school, by amusing the poor.

But this is not a solution: it is an aggravation of the difficulty. The proper aim is to try and reconstruct society on such a basis that poverty will be impossible"

M2011.01.22


Cuirim an físeán seo suas go drogallach, óir faigheann daoine bás chuile lá de bharr airgead míleata a chaitheann SAM i dtíortha thall lear. Níl beatha an duine seo níos tábhachtaí ná éinne eile a mharaíodh de bharr polasaithe impiriúlachais an Iarthair.
Ach is fiú cloch ar charn i gcónaí.

Tá a fhios agam gur lámhachadh an fear óg seo ag póilín Éigipteach, ach fuair giollaí na deachtóireachta a rinne an gníomh an t-airgead le haghaidh an philéir ó cháiníocóirí SAM. $1.3 billiún mar chúnamh míleata in aghaidh na bliana le bheith cruinn faoi.

Is fiú na gnéithe seo a chuimhneamh nuair a bhreathnaítear ar an nuacht ar an teilifís faoi éirí amach seo na nArabach agus gan gíog mó míog astu faoi chúlra na deachtóireachta ina bhfuil siad ag troid.

Déardaoin, Eanáir 27, 2011

M2011.01.21

Rith rud éigin liom nuair a léigh mé an t-alt seo faoin bhrúghrúpa Justice for Investors. Is é sin ceartas do speiciléirí réadmhaoine. Nó amhantraithe más mian leat, nó cearrbhaigh d'eacnamaíocht bhoilgeoige.

Tá an t-alt scríofa sa chaoi gur chóir go mbeadh bá againn do na daoine seo a cheannaigh tithe agus árasáin le díol ar ais chuig, nó le cur ar cíos do, lánúineacha agus teaghlaigh óga ag praghsanna nó cíosanna níos airde ná mar is fiú iad.
Cheannaigh na daoine seo réadmhaoin tríd an saghas faoisimh chánach, Roinn 23, nach bhfuil ar fáil ach d'amhantraithe ar leith, iad siúd lena ndóthain airgid agus maoine cheana.
Cheannaigh siad na "hinfheistíochtaí" seo ar an tuiscint sheadánach go mbeadh praghsanna ag ardú i ngeall ar an ghá go mbeadh bailte ag teastáil ag teaghlaigh óga srl amach anseo. Mar gheall ar an tuiscint chaipitlíoch seo -chun úsáid a bhaint as saothar dhaoine eile chun brabús a dhéanamh- bhí an cás truamhéalach gránna againn in Éirinn ina raibh níos mó ná 52% de chuile infheistíocht déanta sa tír déanta i réadmhaoin le cúpla bliain anuas. Bhí tuairim is 35% de na daoine a bhí ag ceannach tithe in Éirinn le cúpla bliain anuas ina n-"infheisteoirí".
Thug lucht stocaireachta na boilgeoige na "ballsy people" orthu, agus ar feadh i bhfad thugadar "fiontraithe" orthu chomh maith, gan puinn náire! Ní aithneodh duine acu cad is fiontraíocht ann dá dtabharfadh sé bos na láimhe san aghaidh dóibh.

Ní féidir sampla níos fearr a aimsiú de mhuc-chaipitlí ná an duine seo: "According to a Munster-based landlord (who did not wish to be identified) with more than 20 properties and no other source of income..."! Do-focain-creidte!
Agus tá sé de dhánacht ag na gaimbíní seo éileamh a dhéanamh go leanfadh pobal na tíre ar aghaidh ag tabhairt fóirdheontas dóibh agus a gcuid infheistíochtaí!

Ar aon nós, leis an racht sin as mo chóras.
Ag léamh an t-alt dom chuimhnigh mé ar an sprioc a bhí ag Lizzie Magie nuair a chruthaigh siad an cluiche boird "The Landlord's Game", an cluiche a chruthaigh an cluiche boird cáiliúil Monoply.
Cruthaigh Magie a cluiche, i ndáiríre, mar critic ar chaipitleachas .i. an t-olc a thagann le carnadh caipitil agus dúshaothrú tionóntaí ar son brabúis. Agus le taispeáint do na himreoirí cad a tharlaíonn do chaipitlithe (imreoirí) eile de réir mar a threisíonn an carnadh caipitil le linn an chluiche.
Cailleadh cibé dea-rún a bhí aici an t-olc agus na contúirtí a thagann le cearrbhachas réadmhaoine a chur os comhair súile an phobail.
Agus fuair muid ina áit an cluiche Monoply.
Cluiche páistí ina bhfuil bruíonachas, indibhidiúlachas, saint agus carnadh caipitil mar bhunchloch an chluiche agus mar tréithe le moladh.

---------------

Aguisín NAMA:
Iontas na n-iontas. Tháinig an tuar fán tairngreacht.

Sin mar a tharlaíonn nuair a chuirtear cosc ar trédhearcacht agus nuair a chruthaítear feithicil le hairgead an phobail chun "urlár a chur faoin margadh réadmhaoine".

Cé mhéad cealg atá fágtha sa bhfoiche seo a thugtar Fianna Fáil.
Senator Mark Daly claimed yesterday that there were “numerous anecdotes” of individuals who are “illegally putting bids in on their own debt through third parties and offshore companies” and buying back their debt from Nama at hugely reduced rates.

Dé Céadaoin, Eanáir 26, 2011

M2011.01.20

Is tráthúil, is dócha, an sceitheadh eolais is nuaí ó Wikileaks óir baineann sé le Háítí agus cúrsaí daonlathais thall.

Cuireann an sceitheadh seo lenár dtuiscint ar ról na Náisiún Aontaithe, lucht brabúsaíochta Háítí agus tíortha amhail an Bhrasaíl agus SAM roimh agus i ndiaidh an coup chun ruaig a chur ar an rialtas dlisteanach sóisialach, Muintir Lavalas.
(Thug mé achoimre an-ghearr ar stair Háítí agus gluaiseacht Lavalas anseo coicís ó shin.)

Seo a leanas m'achoimre ar an alt sin ón Gardaíon:
I 2005 tháinig na NA faoi bhrú ó Washington, gaimbíní na siopa allais, lucht gnó agus oifigigh an coup chun smacht foréigneach a chur ar na bailte bothán i Cité Soleil. An áit a raibh reibiliúnaigh Lavalas lonnaithe. In ainneoin gur mhian le gluaiseacht Lavalas comhréiteach a fháil agus idirbheartaíocht a dhéanamh rinneadh an cinneadh ag tús 2006 Cité Soleil a ghabháil le foréigean.
Ach, dhiúltaigh Ginearál na NA darbh ainm Bacellar amhlaidh a dhéanamh. An lá ina dhiaidh sin fuarthas marbh é le piléar ina chloigeann ar bhalcóin a sheomra san óstálann ina raibh sé ag fanacht.
Tá an cuma air gur feallmharú a bhí ann i ngeall ar sheasamh Bacellar in aghaidh mianta na bhFaisistithe.

Le haghaidh níos mó eolais ar Háítí agus an cosc curtha ar an uachtarán Aristide, gluaiseacht Lavalas agus a ndeamhnú ina dhiaidh sin tá an leabhar seo ar fáil.

Dé Máirt, Eanáir 25, 2011

M2011.01.19

Ní raibh a fhios agam roimhe, nó níor thug mé faoi deara é, ach tá Joan Bruton ó iarPháirtí an Lucht Oibre as a meabhair ar fad. Go huile is go hiomlán.
Sin nó bhí sé ar na ribí aréir!



Níl sé ar fáil ar an bhfíseán thuas ón chlár aréir ach thaitin sé liom nuair a cháin sí Higgins go géar as ucht a pholasaithe sóisialacha (ag moladh don lucht oibre dul ar stailceanna agus troid ar son a chearta srl), agus go díreach ina dhiaidh sin deir sí go dtógann sí a cuid inspioráide ón Lorcánach agus ón Conghaileach! An bheirt deargMharxach is mó a shiúil ar talamh na hÉireann ariamh!

"Stop do mo harangáil"

M2011.01.18

Feictear aon uair a luaitear Sóisialachas, mar atá ar bhlag Mhicilín le déanaí, go bhfuil nádúr an chine dhaonna luaite mar dhris chosain in aghaidh dul chun cinn sóisialach chomh maith.
Ní éireoidh le sóisialachas toisc go bhfuil daoine: "ró-leisciúil, ró-shantach, ró-ocrach do chumhacht, ró-phatuar d'athrú, ró-dhrogallach roimh smaointeoireacht"! Nó cibé rud eile ba mhaith leat a rá fúinn mar chine a dhaingníonn i d'intinn nach bhfuil an cine daonna in inmhe feabhsú ar shlite daonlathais de bharr nádúir. An nádúr sin sa duine nach réitíonn le cumainn nó le comhoibriú comhchoiteann ar na meáin táirgeachta faoi smacht daonlathach an mhóraimh!
Ní ritheann ach nath amháin liom i gcónaí nuair a chloisim a leithéid; Die Gedanken der herrschenden Klasse sind in jeder Epoche herrschende Gedanken. Mar a dúirt an Gearmánach a dúirt é. Nó i bhfocail eile; In achan ré is iad smaointe na haicme ceannais na smaointe coiteann.

Ag leanúint as an loighic seo luíonn sé le ciall in intinn an duine go bhfuil caipitleachas .i. córas an bhrabaigh, níos feiliúnaí don chine daonna toisc go dtugann sé luach saothair do na tréithe siúd amhail saint, claonadh chun foréigin, dúil chumhachta etc etc.
Tháinig stop le éabhlóidiú an duine 10,000 bliain ó shin a mhaítear, lán stad. Níl ach inchinn clochaoiseach ag an duine inniu, agus ní oibríonn agus ní oibreodh an inchinn clochaoiseach sin ach le caipitleachas amháin .i. córas aicmeach. Am amú a bheadh ann a bheith ag troid in aghaidh na fírice sin. Glac leis agus bog ar aghaidh, ar ais go dtí do phost mar sclábhaí pá.

Ar an ábhar áirithe sin faoi tréithe an duine luíonn argóint an sóisialaí, go príomha, leis an fhíric go bhfuil iompar an duine bunaithe ar na cúinsí sóisialta ina maireann sé .i. tá nádúr an duine in ann athrú, agus athraíonn a dhearcadh sóisialta leis.
Mar shampla dúradh le linn ré na sclábhaíochta nach bhféadfadh an eacnamaíocht domhanda leanúint ar aghaidh go héifeachtach gan sclábhaithe. Creideadh go forleathan é, mar b'shin an idé-eolaíocht inar mhair daoine agus ba shin smaointeoireacht na haicme ceannais ag an am chomh maith.

I ndiaidh sin go léir cloisfear, de ghnáth, agus de réir na hidé-eolaíochta reatha arís, cloisfear nach bhfuil á mholadh agat ach Útóipe .i. más féidir leis an duine córais an chaipitleachais a fáisceadh as feodachas is féidir sóisialachas a chruthú as caipitleachas.
Ar bhealach is greannmhar a leithéid de mhaíomh Útóipeach, óir níl ach an t-aon Útóipe amháin á mholadh sa saol seo, agus sin an Útóipe craiceáilte ina maireann muid inniu. An Útóipe sin a mhaíonn gan náire gur féidir leis an gcóras reatha é féin a atáirgeadh go deo na ndeor gan an domhan féin agus an speiceas s'againne a scriosadh.
Soyons réalistes, demandons l'impossibe! mar a dúirt na Francaigh a dúirt é.

Dé Luain, Eanáir 24, 2011

M2011.01.17



Aguisín:
léirmheas nua d'eipeasóid a trí curtha suas ar Redlettermedia. D'aithneodh gíceanna Star Wars, cosúil liomsa, gurb iad na léirmheasanna seo an rud is fearr a tháinig as na trí scannán nua sin!

Dé Domhnaigh, Eanáir 23, 2011

M2011.01.16

Dhá chlár a bhfaca mé ar sheinnteoir TG4 le déanaí, agus a sheas amach mar cláracha den chéad scoth a thugann léargas iontach staire agus cultúrtha dúinn. Cláracha is ea iad a thuileann moladh nach beag agus lucht féachana fairsing as ucht a gcaighdeán mar chláracha faisnéise.
Is iad saothar nua an iarr-bhlagadóra Mhic Dhonnagáin "Mise Raiftearaí- An Fíodóir Focal", clár faoin fhile clúiteach Antaine "Raftery" Ó Reachtaire.
An ceann eile faoi scéal saoil Tom Barry, ceannaire den IRA le linn Cogadh na Saoirse, ón tsraith Bóthar na Saoirse.

Dé hAoine, Eanáir 21, 2011

M2011.01.15

Leis an méid sin eolais a sceith Wikileaks le dhá mhí anuas is decair don intinn an rud go léir a shú isteach agus a phróiseáil. Chomh maith leis sin deirtear nach bhfuil ach céatadán beag bídeach den eolas atá acu sceite faoin am seo.
Ní chabhraíonn sé ach an oiread -anseo in Éirinn ach go háirithe- go bhfuil na meáin ag díriú go príomha ar na sceitheadóirí féin seachas an t-eolas a sceitheadh.

Mar thaighde neamheolaíoch mo chuid féin chuir mé an cheist ar roinnt cairde cad é an chéad rud a thaganns chun cuimhne má deirim an focal "Wikileaks". An freagra is coitianta: "éigneoir"!

Seo cnuasach deas ar roinnt d'eolas Wikileaks ar tháinig mé air cúpla nóiméad ó shin
Baineann sé sin go príomha leis an eolas a tháinig amach le linn Nollaig.

Déardaoin, Eanáir 20, 2011

M2011.01.14

(brú le méadú)
An féidir le duine a bheith ag súil le malairt slí agus feabhsú, ó thaobh na polaitíochta agus eacnamaíochta de, más rud é go bhfuil sé ag malartú polaiteoirí den idé-eolaíocht pholaitíochta agus eacnamaíochta céanna gach cúig bliana?

Táim ag léamh leabhar iontach faoin Ghaeilge i measc na bhFíníní sna Stáit faoi láthair; "Fíníní Mheiriceá agus An Ghaeilge" le Fionnuala Uí Fhlannagáin.
Bhain sé miongháire searbh asam nuair a léigh mé an méid seo a leanas ó pheann duine darbh ainm Micheál A. Figheadóir i 1880:
"Ní fheicim aon dithfir air bith eidir an chuideachta Republicánach agus an chuideachta Democratach; tá an dís truaillighte, agus is le na banncéaraibh agus le na banna-shealbhadóiridh iad, agus tá siad riaghailighte leo"

Tá sé ag caint go díreach ar chúrsaí polaitiúil sna stáit sna 1880daí, ach tá an ghné seo de pholaitíocht na ngaimbíní lárnach timpeall an domhain, agus is léir, trí na haoiseanna chomh maith.

M2011.01.13

Ní shílim go molfainn an scannán féin, ach tá an fuaimrian ag dul leis thar cionn ar fad!

"'tis focain daycent boy" is ea an léirmheas is fearr a chuala mé faoi ar na mallaibh ó chara ó Chathair Chorcaí.

M2011.01.12

Thóg cara liom an grianghraf seo aréir.
Tá solas na gréine ag trasnú go díreach tríd an atmaisféar tanaí leochaileach sin, a choinníonn an t-anam ionann go léir, agus ag cruthú an dathú buí ar an ghealach agus é ag éirí i ndiaidh luí na gréine céanna. Is iad dearg, buí agus oráiste na dathanna leis na tonnfhaid is faide, mar sin is iad na dathanna amháin is féidir a fheiceáil i ndiaidh dóibh teacht tríd an atmaisféar.

Dé Céadaoin, Eanáir 19, 2011

M2011.01.11

Dhá Éire, dhá shraith aicmeacha.

Dá dtógfadh an tÉireannach a chloigeann as tóin Fhianna Fáil/Gael agus an tseafóid "ceannasaíochta" etc, bheadh radharc níos fairsinge agus soiléire aige ar cad atá ag titim amach ina thír.

Dé Luain, Eanáir 17, 2011

M2011.01.10

Is fada ó mhol mé scannán anseo, toisc nach bhfaca mé aon rud a bhí thar mholadh beirte le fada, leis an fhírinne a rá.
Ní amhlaidh leis an scannán The Town, a tháinig amach abhus ar DVD le déanaí.
"Scannán bithiúnach" atá ann, a bhaineann le drong Gael-Mheiriceánach as Baile Chathail i gcathair Bostúin.
Mholfainn go hard é, tá sé ar fheabhas.
Tá sé ar chomhchéim leis an scannán bithiúnach sin eile "The Departed", faoi na Gael-bhithiúnaigh as Bostún Theas.
Ní fhéadfainn locht ar bith a aimsiú ann, seachas, b'fhéidir, cumas aisteoireachta an aisteora atá sa ról mar chailín an phríomhcharachtair.

Dé Domhnaigh, Eanáir 16, 2011

M2011.01.09


Bíonn cuairteoirí glóracha ag muintir na hÉireann le linn an fhómhair agus gheimhridh chuile bhliain. Géanna Ghiúrainn atá ann, le feiceáil ó mo sheomra leapa ar maidin.

Tagann siad an bealach ar fad ón Artach, sa chás seo ó oirthear na Graonlainne ar thuras thar 2,000km. Cosúil leis an bhradán filleann siad ar na háiteanna céanna gach bliain chun iníor a dhéanamh ar na páirceanna céanna.
Is ait an t-éan an ghé ghiúrainn seo óir tá sé chomh humhal agus neamheaglach roimh dhaoine!
D'fhéadfainn teacht an-chóngarach dóibh gan seans ar bith go n-eitleoidís romham.

M2011.01.08

"Never in the field of human endeavour have so few political hacks displayed any relevance whatsoever to so many."
Áiméan a bhráthar.

Le fada, fada, fada an lá is é an Ciaragánach an t-aon fáth aon rud a léamh maidin Domhnaigh.

Agus cad is rás ceannaireachta do neamhpháirtí ann?

Dé Sathairn, Eanáir 15, 2011

M2011.01.07



Ar fáil thuas tá leagan nua, atá iomlán, den scannán a cruthaíodh siar i 2003 faoi chaoi a ndearna na meáin tuairisc ar an gcogadh ola is acmhainní san Iaráic.

Is fiú cuimhneamh ar seo anois agus cogadh eile in aghaidh na hIaráine á bheartú acu.

Baineann an ceann seo leis na meáin chumarsáide sna Stáit go príomha, ach tá an ghné seo lárnach sna meáin in achan tír in iarthar domhain. Bíodh sé sin faoi chúrsaí cogaidh, eacnamaíochta nó polaitíochta.

Dé Céadaoin, Eanáir 12, 2011

M2011.01.06

Ós rud é go bhfuil Háítí sa nuacht arís -as an chomóradh bliana den chrith talún a rinne fothracha de thithe mhilliún duine, agus ina bhfuair ceathrú milliún eile bás dá bharr- is fiú cíoradh tapaidh a dhéanamh dá stair agus cúinsí eacnamaíochta.

Scéal brónach tragóideach is ea scéal Háítí agus a muintir, scéal a bhfuil lámh impiriúlachais agus caipitleachais fite fuaite ann.

Nuair a bhuaigh an tír a neamhspleáchas i 1805 ón Fhrainc, chuir rialtas na Fraince imshuí cabhlaigh uirthi ar feadh 20 bliain. In 1825 chun imshuí na bhFrancach a bhriseadh bhí ar Háítí 150 milliún franc a íoc mar chúiteamh as na sclábhaithe a chaill na Francaigh de bharr a neamhspleáchas. Bhí an tír ag íoc 80% dá buiséad chuile bhliain chun íoc as an chúiteamh seo, suas go dtí 1947!
Níos déanaí anonn chuaigh an IMF i mbun ghnó ann, ag déanamh slad eacnamaíochta ceart ar an gheilleagar le beartais nua-liobrálacha .i. príobháidiú acmhainní, brabúsaíocht ar dhroim na ndaoine etc. Chuir na "necessary structural readjustments" seo ón US agus an IMF srian ar aon dhul chun cinn sóisialta.
Chomh maith leis sin chuir na Stáit Aontaithe dhá coup míleata ar siúl chun cur as don dul chun cinn a bhí na sóisialaithe á dhéanamh leis an ghluaisteacht Fanmi Lavalas. Gluaiseacht/páirtí den eite chlé is ea na Lavalas, atá fréamhaithe i ngluaiseacht na ndaoine, daonlathas logánta díreach , neamhspleáchas an phobail agus smacht daonlathach ar acmhainní agus cúrsaí baincéireachta.

Ba mhaith le SAM, agus an Fhrainc, "daonlathas normálta" .i. daonlathas buirgéiseach ionadaíocht a fheiceáil ann, agus ní daonlathas níos leithne, níos daonlathaí.
An saghas daonlathais ionadaíochta sin nach gcuireann as do chumhacht eacnamaíochta an mhionlaigh éilíteach a bhí uathu. Mar sin, le gníomhú de réir a mianta ní foláir do dhaonlathas aon ghaol le gluaiseacht seo na ndaoine agus féin-riaradh a bhriseadh. Threascair giollaí SAM rialtas Fanmi Lavalas i 2004. Tá cosc curtha ar an pháirtí páirt a thógáil in olltoghcháin ó shin.

Cruthaíonn cúrsaí eacnamaíocha agus polaitíochta mar seo deis fiontraíochta do chaipitlithe áirithe, amhail Gulliver Háítí, mar a luaigh Dennis.

Dé Máirt, Eanáir 11, 2011

M2011.01.05

Ag leanúint as an bhlagmhír dheireanach agus "réiteach" urlabhraí sláinte Fhine Gael don fhadhb sa chóras sláinte: seo anailís ar mholtaí an pháirtí ar chúramaí sláinte, le Tom O'Connor.
Fine Gael’s policies resemble-market based and neoliberal responses to reforming the Irish health care system.
Fine Gael’s policy document, while doing a good job explaining the problems in the health system, is extremely duplicitous and dishonest in the solutions it provides.
Iontas na n-iontas tá moltaí Fhine Gael "níos cóngaraí do Bhostún ná Berlin", mar a bheifeá ag súil leis.

Leis an olltoghchán ag teannadh linn is fiú é a léamh agus an t-eolas a bheith agat mar arm in aghaidh na seafóide a bheas á caitheamh ort.

Dé hAoine, Eanáir 07, 2011

M2011.01.04

Ar dhúirt duine éigin gaimbíneachas VHI agus neamhionannas sa chóras sláinte?

Bhail, seo freagra a d'umhlaigh mé níos luaithe:

M2010.05.16
Beidh rialtas Fianna Fáil/na nGlasach ag príobháidiú VHI an bhliain seo chugainn.
I ndiaidh dúinn, sin pobal na tíre, carn mór airgid a chaitheamh isteach ann ionas go mbeadh sé sócmhainneach.
Ní raibh an comhlacht árachais seo poiblí ach in ainm ar an chéad dul síos, ní feidhmíonn sé amhail comhlacht atá faoi smacht na ndaoine. Feidhmíonn sé amhail aon chomhlacht príobháideach eile .i. má tá cosaint sláinte ag teastáil uait caithfidh tú íoc go han-daor as. An bhfuil aon ní ar domhan níos masmasaí ná brabúsaíocht ar thinneas agus bhuairt dhaoine eile?

Cur amú ama ar fad is ea aon chur is cúiteamh faoi chomhlachtaí árachais agus déanann sé neamhaird den fhíric gurb iad an fhadhb iad.
Tá na comhlachtaí árachais seo cosúil le súmairí a mhaireann ar eagla dhaoine nach mbeidh an cúram ceart ar fáil dóibh má éiríonn siad tinn. Monuar, tá an ceart go mbeadh an eagla seo ar dhaoine, is é sin le rá tá cúis mhaith taobh thiar den eagla seo.
Tá an bhuairt seo ann mar gheall ar pholasaithe an rialtais a chinntíonn córas dá sraith .i. d'fhéadfadh othar tinn gan árachas príobháideach a bheith ag fanacht na mblianta do leigheas tábhachtach nuair a fhaigheann duine le hárachas príobháideach an leigheas céanna i gceann seachtaine.
An neamhionannas seo ag tarlú in ospidéil a fhaigheann a maoiniú go poiblí! Ón. Phobal.
Tá a dhóthain maoiniú ón státchiste á fháil ag na hospidéil chéanna ach níl an t-airgead sin go léir ag dul i dtreo seirbhísí, tá cuid mhaith de á chur amú ar mhaorlathas an HSE.

Beidh cur is cúiteamh gan mhaith faoin cheist seo VHI sna laethanta atá romhainn, ach sílim go bhfuil sé spéisiúil nach raibh aon phlé faoin staidéar a chuir an Adelaide Hospital Society agus Coláiste na Tríonóide amach mí ó shin. Staidéar atá ann a mholann athrú radacach sa chóras sláinte a chinnteodh deireadh leis an gcóras dá sraith mhíchothrom inár n-ospidéal. Tá leagan PDF de ar fáil anseo.

Faoina moltaí measann AHS agus CnaT go bhféadfadh córas sláinte den chéad scoth do chách a chinntiú in Éirinn le hardú de 3% i gcáin ar theacht isteach dóibh siúd atá in acmhainn íoc as.
Molann an tuarascáil freisin gur chóir go dtiocfadh an t-ardú cánach seo i bhfeidhm le feabhsúcháin mhóra sa dhúphoill airgeadais atá i maorlathas an HSE.

Ní nach ionadh rinne an PD deireanach Mary Harney beag is fiú de, agus ní raibh mórán plé ina leith sna meáin. Téann sé in aghaidh na hidé-eolaíochta reatha an dtuigeann tú.

Chiallódh aon ardú cánach féaráilte go mbeadh lucht gaimbín ag íoc a riar cothrom dá saibhreas don státchiste, rud nár mhaith leis an rialtas seo a fheiceáil.
(Amharc ar M2010.05.03 do thuarascáil TASC i leith buntáistí cánacha is eile atá ar fáil do lucht gaimbín in Éirinn chun a riar cothrom de cháin a sheachaint)

Ar ndóigh arís agus arís eile maíonn lucht gaimbín nach bhfuil aon airgead ann a ligfeadh dóibh cáin a ardú do lucht an tsaibhris. Dar leo caithfear ciorruithe a chur ar sheirbhísí dos na daoine is leochailí i sochaí agus gan cur isteach ar an ghaimbíneachas!
Nach bhfuil sé greannmhar mar sin go bhfuil méadú de 41% i líon na gcarranna nua á ndíol i mbliana -le linn na géarchéime is measa a d'fhulaing an tír riamh- agus go raibh amhantraithe réadmhaoine in ann €400,000 a íoc as gach árasán i mbloc árasáin i mBaile Átha Cliath le déanaí. Ach maíonn an rialtas nach bhféadfadh cáin bhreise a chur ar an saibhreas atá amuigh ansin chun cothromaíocht a chinntiú!

---------------

Cad é an freagra a thug urlabhraí sláinte den chéad rialtas eile den tráchtearrú sláinte seo de phobal na hÉireann?
"Tá níos mó iomaíochta sa mhargadh de dhíth orainn" James Reilly, urlabhraí sláinte Fhine Gael, 06/01/2011

M2011.01.03

Nuair a chuala mé moltaí Pháirtí an Lucht Oibre inné faoi na hathruithe a dhéanaidís sa Dáil, mar dhea, nuair atá siad i gcumhacht le Fine Gael sa chéad rialtas eile, chuir mé fáilte rompu.
Srian ar bhrústocaireacht na mboc móra a cheannaíonn rialtais, agus srian áirithe ar an méid airgid a chaitear le linn olltoghcháin etc etc. Is é, a cheap mé, tagaim leis sin is dóigh...

Ar ndóigh ní dhéanfadh athleasaithe suaracha mar seo, nó an Seanad á chur ar ceal fiú, nó méadú ar laethanta a shuíonn lucht na Dála mórán difríochta do staid eacnamaíochta na tíre agus a heasnamh daonlathais.
Leanfaidh an chéad rialtas eile ar aghaidh mar is gnáth le polasaithe nua-liobrálacha laistigh den chóras caiptileach.
Ba amaideach le ceapadh go dtiocfadh aon athrú fiúntach as an olltoghcháin le teacht nó as moltaí Pháirtí an Lucht Oibre nó Fhine Gael. Sa chaoi chéanna go raibh sé soineanta do phobal SAM siar i 2008 a bheith ag ceapadh go ndéanfadh sé difríocht ar bith athrú uachtaráin laistigh de dhaonlathas buirgéiseach .i. ag malartú polaiteoir caipitleach amháin le ceann eile!

Ach más fáilte a chur mé roimh mholtaí LO inné rith crith suas mo dhroim nuair a chuala mé Brendan Howlin ag moladh bunreacht úr-nua don Phoblacht.
Cén fáth bunreacht nua? Mura bhfuil sé i gceist acu airteagail 47,48 agus 50 as bunreacht an tSaorstáit a chur ar ais arís ina dtugann sé gnéithe áirithe de shóisialachas i bhfeidhm!
Ach is beag an baol faoi sin...is fada an lá ó thréig Páirtí an Lucht Oibre an sóisialachas radacach, agus beidh iall gearr ag Fine Gael orthu.

Mar sin níor thuig mé go dtí cúpla nóiméad ó shin cén fáth mo bhuairt.
Seo an fear a bhí mar Aire Comhshaol agus Tráchta i 1996 nuair a chuir siad an focain lámhleabhar sin "Traffic Signs Manual" le chéile. Agus anois tá fonn athruithe ar Howlin arís!
Idir Howlin (le cabhair ó státseirbhísí neamh-tofa freisin) agus Atkins International agus le comhairle ón NRA .i. an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, An County and City Engineers Association agus Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, tháinig siad suas leis an seoid sin gur chóir go mbeadh na logainmneacha Gaeilge a bheith scríofa i gcló abairte ar claonadh 15 céim agus go gcaithfidh na cinn Béarla a bheith scríofa i gceannlitreacha móra.
Published with Blogger-droid v1.6.5

Dé Céadaoin, Eanáir 05, 2011

M2011.01.02

N'fheadar mé cad atá an comhlacht Meteor atá iarraidh a rá le pobal na hÉireann ina fhógraí teilifíse nua.
Go drogallach cuirim suas anseo iad, ionas go bhféadfá féin do thuairim a dhéanamh fúthu:





De réir mar a fheicimse é, is iad na hÉireannaigh as Baile Átha Cliath, lena mblas D4 buirgéiseach, atá imithe ar imirce go Londain agus Nua Eabhrac, is iad na daoine is galánta.
Agus is iad na hÉireannaigh lena mblas Éireannach, atá ina gcónaí ina mbailte dúchais fós, is iad na daoine is leadránaí agus is amaidí iad. Is ceap magaidh iad atá cúl-aigeanta, leadránach etc etc.

Ón chéad lá a thosaigh an comhlacht seo ag cruthú fógraí don teilifís bhí an ghné aicmeach sin ar fáil iontu.
Bhí rud éigin fúthu a bhí déistineach dar liomsa, ach ní rabhas riamh in ann mear a leagadh air mar bíonn sé i bhfolach faoin "ghreann".

Déarfadh duine amhail Zizek, dá bhfeicfeadh sé a leithéid d'fhógra, déarfadh sé go raibh sé lán d'idé-eolaíocht, chultúrtha agus pholaitíochta.

Dé Máirt, Eanáir 04, 2011

M2011.01.01

Cheap mé go raibh an físeán nua seo spéisiúil ina mhíniú ar an chaoi a n-athraíonn an aeráid go nádúrtha thar tréimhse an-fhada .i. na milliúin bhliain.
Agus an chaoi go bhfuil gníomhachtaí an chine dhaonna ag cruthú an t-athrú sin níos sciobtha.

Seo a leanas tras-scríbhinn de chuid de nach bhfuil focal ar focal:

"An ráta dé-ocsaíd charbóin a chuireann foinsí nádúrtha de CO2 .i. bolcáin, isteach san atmaisféar is ea 0.0001ppm (páirt per milliún) de CO2 in aghaidh na bliana.
Thar milliún bliain sin 100ppm de CO2, agus sin athrú ollmhór a chruthaíonn athruithe aeráide.
Ach má bhreathnaítear an ráta a bhfuil daoine ag athrú CO2 san atmaisféar; tá muid á athrú ag 2ppm de CO2 in aghaidh na bliana.
Tá muid ag athrú cúrsaí 10,000 uair níos tapúla ná an córas nádúrtha.
Anois socraíonn an cine daonna cén aeráid a bheas againn amach anseo, ní an córas nádúrtha."

Ar ndóigh is cuma faoi na huimhreacha siúd más duine thú nach gcreideann san iarmhairt cheaptha teasa! Táid ann.