Déardaoin, Feabhra 26, 2009

M2009.02.06

Don chéad uair ariamh sheol mé dán isteach i gcomórtas, comórtas á reáchtáil ar RnaG atá i gceist anseo.
Is meascán é de na dánta a scríobh mé faoin gcúlú eacnamaíochta le déanaí.

Scríofa sa dán díreach ar ndóigh


Ardaigh a chaimiléara
a chladhaire 'bhaincéara,
ardaigh do maolcheann ramhar
le go gcuirfinn m'fhaobhar!

Is linne anois d'fhiacha
gaimbíní beaga lofa,
is orainn a bheas brú
le bhur n-airgead amú!

Ardaigh a pholaiteora
'bhithiúnaigh áibhirseora,
ardaigh do chloigeann beag dúr
d'fhonn ceann a bhaint ón bhrealsún!

Seasamh suas a rialtóra
seo do phionós 'fhalsóra,
seo dhuit croitheadh láimhe óir
nach mbeidh crá croí don rialtóir!

Lig do scíth a dhradaire
tá an obair críochnaithe,
scriosta toisc státseirbhísí
drochfhiach toisc ár scloitéirí.

Náire bheith in bhur dteannta
daoine cliste is léannta,
seacht náire bheith dearóil
scuainí ábhala an dóil.

Uafásach a bheith díomhaoin
gan bhród nó seasamh nó maoin,
tá obair go hiomlán bán
amhail siocán ar chosán.

Lag atá maithe Éireann
gan phost nó obair daingean,
ón dream sa tír is saibhre
go dtí an dream is daibhre.

Anois tá strus ar Éire
ar a haonar gan chéile,
mór an brón a clann gan chiall
a cú, na bainc gan iall.

Mór an fás ar chlann Tomáis
borb, ramhar, maoin gan tomhais,
mór an dramhaíl maoin gan luach
ó thit sócmhainní thar bhruach.

Mór an tslí go dtí an Astráil
geilleagair i ngá tarrtháil,
leis na daill,stiúir na tíre
leis an Dáil, bun na faidhbe.

Éire "fás agus forbairt"
imirce á athfhógairt,
clann Mhíleadh ar an mbád bán
dóchas, riaradh is poist gann.

Ardaigh

Cú Chonnacht Ó Reachtair cct

Dé Luain, Feabhra 23, 2009

M2009.02.05



Tá na ráflaí ag rith go tiubh timpeall Conamara go bhfuil Proinsias Ó Fathaigh aka Francaí an Airgid, aka Francaí na dtithe, aka Frank an Gaimbín, aka Proinsias Shell Éireann, aka Frank Fakey TD i measc na deichniúr sa gciorcal órga.

Nuair a chuir iriseoir éigin ón stáisiún Leath-Ghaeilge ceist air ina leith dúirt sé "Níl aon rud agaibh ormsa!"... "Is mise an dlí!"... "táim níos mó ná King Cong!" agus an cuma air go raibh sé chomh bródúil le cat a mbeadh póca air.
Creidtear go forleathan go raibh sé ag déanamh tagairt do King Éamó as Corr na Móna leis an gcaint faoi King Cong, ach níl aon ní deimhnithe go fóill.

Tá dréim le titim an rialtais roimh am lón Dé hAoine.

Déardaoin, Feabhra 19, 2009

M2009.02.04

Ní fear mé a mbíonn suim ionam airgead a chaitheamh ar ghutháin galánta agus a leithéidí, ach le déanaí tugadh fón deas galánta nua dom saor in aisce! Creid é nó ná creid. An Android a bhí ann nó Fón Ghúgil, nó Gi mar a thugtar air.
Seo iarracht Google le dul i gcomórtas leis an I-phone agus an Tocco, na cinn leis an scáileán tadhaill clúiteach. Tá an guthán an-ghalánta ar fad agus an-éasca le húsáid, is féidir an scáileán a chasadh ionas go bhféadfá an méarchlár iomlán a úsáid, níl aon ghá le T5 ar an bhfón seo.
Ní thagann an guthán le mórán feidhmchláir air (Seachas ceamara, seinnteoir MP3 srl), ach leis an rogha dheas "Market" is féidir na mílte mílte feidhmchlár éagsúla a íoslódáil saor in aisce.
Ós rud é gur guthán Goolge atá ann, is féidir leat, le 3G nó Wifi, logáil isteach go díreach ar do Gmail, Google IM, Blogger, iGoogle, You Tube srl agus Google Latitude -feidhmchlár nua ina bhféadfá do shuíomh agus suíomh reatha do chuid chairde a fheiceáil ar Google Maps-

Faraor, agus níl a fhios agam an bhfuil an fhadhb seo ar chuile ghuthán le scáileán tadhaill, ach ní bhíonn mórán faid sa gcadhnra, agus ní foláir duit é a luchtú beagnach chuile oíche. Go háirithe má tá tú ag baint úsáide as an idirlíon agus na feidhmchláir le linn an lae.
Freisin ní féidir an bogearraí nua Téacs ó Vodafone a íoslódáil air, agus ós rud é nár sheol Vodafone é bhí fadhbanna agam leis an gceangal don idirlíon agus na feidhmchláir Google.

Is guthán deas galánta é, ach ní chaithfinn €300 nó €400 Euro air go deo. Agus mar gheall ar an gcadhnra táim ag ceapadh go mbainfidh mé úsáid as mo shean-ghuthán arís.

Déardaoin, Feabhra 12, 2009

M2009.02.03



Cloistear go minic faoi théarnamh geilleagrach le linn ár gcúlú geilleagrach, ach, san abairtí céanna cloisfear na daoine céanna (baincéirí is "eacnamaí") a rá "go bhfuil feabhas ag teacht ar ais sa mhargadh tithíochta" agus "tá seans ann go dtosóidh daoine óige agus ceannaitheoirí don chéad uair ag teacht isteach sa mhargadh le haghaidh tithe arís go luath"
Nach bhfuil aon rud foghlamtha againn ón ghéarchéim seo? Ní luíonn ár sábháil eacnamaíochta i ndíol agus céannacht tithe.
Is mar gheall ar an mhargadh lofa sin atá muid sa bponc ina bhfuilimid.

Agus tá muidne, tríd na gaimbíní ó Fhianna Fáil, ag tabhairt 7 billiúin dár gcuid do na daoine céanna chun a bhfiacha lofa ón margadh tithíochta a ghlanadh. Gan amhras beidh níos mó de dhíth i gceann cúpla mhí.
Agus feicfear inniu gur admhaíodh ar maidin go gcaillfidh Banc na hÉireann suas le €6 billiún sa 3 bliain amach romhainn i ngeall ar fhiacha lofa s'acu !
Ní chlúdóidh an 3.5 bhilliúin á infheistiú i mBanc na hÉireann na fiacha á tuar acu go fiú! Agus bíodh cinnte de go bhfuil siad coimeádach lena huimhreacha.

Dé Céadaoin, Feabhra 04, 2009

M2009.02.02

Vótáil go luath, agus vótáil go minic.

Comórtas don íomhá Google ar Lá 'le Phádraig, brú ar an nasc thíos

"An áilleacht thart timpeall orm" is ea an ceann amháin leis a mhíniú scríofa i nGaeilge, i ranganna a haon agus a dó.

Dé Máirt, Feabhra 03, 2009

M2009.02.01

Deirtear go bhfuil easpa critic i measc lucht léirmheasanna na Gaeilge ar litríocht nua-aimseartha na Gaeilge, seans go bhfuil an ceart ag an té a dúirt é, ach ní amhlaidh an cás le litríocht dóibh siúd a tháinig romhainn.
Tá an méid sin fíor sa leabhar nó, cnuasach léachtaí, le Cathal Ó Hainle darbh ainm Scáthanna .

Sa leabhar spéisiúil, ach in áiteanna ana-trom, seo tá critic agus cíoradh acadúil ar shaothair éagsúla ar nós filíocht an Phiarsaigh, próis Mhic Grianna, de hÍde, Uí Chatháin, Sayers agus Uí Chonaire.
Léamh maith trom le haghaidh oíche fhuar sneachtúil. Mholfainn é don té atá ag lorg léirmheas intleachtach ar a leithéidí de shaothair Gaeilge.

Do chuireas dán nua ar mo bhlag filíochta féin inniu freisin. Aoir sóisialta sa dán díreach atá ann. Fuair mé an inspioráid, faraor, ón deireadh seachtaine a chaith mé in Iarthar Dhuibhneach le déanaí.