Dé hAoine, Feabhra 15, 2008

M2008.02.6

Easpa iasc sna haibhneacha is an fharraige i mbliana, agus go haisteach thosaigh iasc sa tSionainn ag athrú an gnéas s'acu, mar gheall ar an iomarca éastraigine san uisce tá na hiasc fireannaigh ag athrú go iasc baineannaigh!
Tá úsáid an phiollaire fhrithghiniúnaigh ana-fhorleathan sa tír agus tá sé ag cruthú go leor éastraigine san uisce atá ag athrú na n-iasc go dtí an gnéas is aille.

Dé Luain, Feabhra 11, 2008

M2008.02.5

Fé dheireadh tháinig Giovanni mac Tómais, mhic Mhathghamhna, mhic Óig Mhig Uidhir de Trapattoní i gcomharbacht ar Steven, mac Giolla Íosa Ruaidh, mhic Cathaoir de Standún le haghaidh foireann na nGael.
Bhain Steve clú agus cáil amach dósan fhéin mar amadán ceart, ach bhí na meáin míthrócaireach air, ós rud é go raibh sé air bheith ag obair le roinnt de na himreoirí is measa a bhí ar an bhfoireann sacair ariamh.
Imreoirí gan bhród is gan ghrá don gheansaí uaine, nó an tír nach bhfuil mórán baint acub léi.
De réir dealraimh tá an Ghaeilge ag an Iodálach ilteangach freisin.

M2008.02.4

Ná déan dearmad a Ghaeil
go bhfuil cumhacht i do bhéal,
neamhshuim an rud is dona
in aghaidh lucht an Chonartha.

Chlanna nGael is mór an dua
'tháinic chugaí a leasuithe chrua,
le téacs dothuigthe is doléite
creidtear go mbeidh bhur mbarúil cloíte.

Ná glac le caint nó bagairt folamh
díriú an intinn cosúil leis an ollamh
ar an gceist 'tá os ár gcomhair amach,
óir, ní bheidh reifreann eile a'inn go brách.

Cumhacht sa bhreis do lucht an mhaorlathais
post buan deas dár dTaoiseach mallaithe,
Beag beann ar mhíleatú ná an easpa daonlathais
'bhfuil prionsabail na poblachta caillte?

Dé hAoine, Feabhra 08, 2008

M2008.02.3

Seo litir mhaith ar an gconradh nua
Feictear don scríbhneoir seo go mbíonn níos mó bunúis leis na hargóintí ar an taobh Níl maidir le cumhachtaí breise don Choimisiún Eorpach, agus go ginearálta in aghaidh an chonartha fhéin seachas an chaint fholamh is na bagairtí rialta ó Lucht Fhianna Fáil is Fhine Gael ar an gceist.
"Beidh an tAontas ina praiseach mura vótálann muid Tá". "An dtaitníonn airgead leat, vótáil Tá"
"vótáil Tá ar son airgid", "Vótáil ar son bhur gcuid airgid" "Geilleagar, geilleagar, airgead, airgead, ceap magaidh. "
Is dóigh liom go n-oibríonn a leithéid de chaint, nár bhuaigh siad an t-olltoghchán i ngeall ar an imní a bhí ag daoine faoina gcuid!
Chuile sheans go n-oibreodh a leithéid aríst.
Braithim míchompordach leis an ráiteas seo ónár gcara san Eoraip, Dick Roche, agus an chaoi a raibh an droim láimhe tugtha don Bhunreacht, go daonlathach, cheana féin.

"The Irish Government are very satisfied with the substance of the Reform Treaty. It is essentially the same as the EU constitution which was agreed under the Irish Presidency in 2004."

Agus ansin beagnach san abairt chéanna !

"It will improve the way the Union does its business, provide for greater democracy and transparency,

Dé Céadaoin, Feabhra 06, 2008

M2008.02.2

Deireadh Ré


C
ad a dhéanfaimid feasta gan Lá Nua?

Tá nuachtáin laethúil na Gaeilge ar lár;
ní bheidh trácht ar Ghaeilge ná ar chiste
is ní bhainfear an tAcht amach go brách.
An foilseachán úd a mbreathnaíodh na Gaeil ann
fuair gradam is meidhir thar nuachtáin,
bhíodh colúnaí gaelacha i mbun pinn ann
is na díospóireachtaí binne á reáchtáil.

Ní léifear focail Cummings a thuilleadh ann,
ná súil siar na seachtaine níos mó,
ná fiú na n-eagarfhocail fiúntacha
thabharfadh misneach agus treoir.
Níl focail binne milis Uí Mhuineachán ann
le hamharc an lae a dhul uainn,
ná an tUasal Mac Giolla Choill i mbarr a réime,
ós é a chuirfeadh an saol chun suain.

Tá brón ag titim ar chroíthe ann
ná glanann le gréin ná lá,
tá smúit ag titim ón Fhoras ann
is a gcuid airgid go léir ag trá.
Níl leathanach, níl dúch, níl síntiús ann,
ach drochfhiach is an blagadán.
nuachtán laethúil gan pháipéar ann,
is PDFanna as seo amach ina áit.

Anois mar bharr ar gach míghreann,
chuaigh prionsa na hirisí go tóin poill,
thíos le coirp dóibh siúd a tháinic romhainn
ní bheidh sé i bhfad go mbeidh Lá ar an mbarr.
Anois tá An Scéaltacht á caoineadh,
ní bhfaigheadh airgead buí nó bán;
is ní leanfadh nuachtán na ndaoine,
ach uaigneas, an chartlann.

Impím ar Fhirdia is ar an bhForas
go dtuga siad an 100,000 atá uainn
go mbeidh ailt fada ag gabháil timpeall,
léirmheasanna ceoil is
ealaíon;
go dtógtar an teanga seo ár sinsear,
Gaeilge bhreá arís go hard,
is go brách nó go dtiocfaidh an díle
ná feictear í arís ar lár.

Dé Luain, Feabhra 04, 2008

M2008.02.1

An mbeidh sé de nós go deo ag Seán Bán Breathnach a bheith ag caint faoina thréimhse ar Your a Star chuile am a bhíonns an tseans aige ar an teilifís nó ar an raidió?
"Ó geallaim daoibh nach mbeidh aon rince nó canadh uaim an uair seo" arsa an réalta mhór le rá ar Seó Spórt ar TG4 Dé hAoine....agus aríst ar raidió na Gaeltachta agus eisean ag fógairt buaiteoirí Glór na nGael i mbliana. Dheabhail a mhac!
Agus ar an ábhar sin, duaiseannaí Ghlór na nGael, nach eiseamláir mhaith dhúinn go léir eachtraí mhuintir Cluainín Uí Ruairc (Glór Chluainín) ar céard is féidir a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge de má dhéantar iarrachtaíní fhánacha.
Taispeánadh do chuile Gaeil cad iad na féidearthachtaí atá ann ó thaobh ealaíne, drámaíochta is scolaíochta as Gaeilge de i gceantair nó sráidbhailte beaga.