Dé hAoine, Feabhra 26, 2010

M2010.02.21

Gearrscannán brónach, greannmhar agus iontach.

M2010.02.20

Bliain ár dTiarna 2010, gaimbíní i gcumhacht in Éirinn. Dé hAoine an 26 de mhí Feabhra. Lá geal gréine ach le paistí báistí anseo agus ansiúd, gaoth fhuar aniar.

Inniu cheadaigh Coimisiún na hEorpa plean an rialtais a chairde a shábháil chun aimhleas mhuintir na hÉireann.
Geilleagar na tíre go hiomlán bancbhriste dá bharr.

Tá súil agam go bhféadfaidh ár sliocht muid a mhaitheamh.

Déardaoin, Feabhra 25, 2010

M2010.02.19


Buíochas le NASA tá íomhánna breátha nua níos soiléire againn den ghealach seo atá ag dul timpeall Satarn. Tugtar an Death Star air, do chúiseanna atá an-shoiléir.

Agus os rud é gur ag caint faoin Death Star atáim, ba chóir dom a lua go bhfuil cluiche ríomhaire iontach saor in aisce ar fáil ón suíomh seo.
Sa chluiche is féidir ionsaí a dhéanamh ar an stáisiún spáis céanna i radhairc ó A New Hope, agus Return of the Jedi.
Ar fheabhas.

Dé Céadaoin, Feabhra 24, 2010

M2010.02.18

Is annamh nach n-aontaím le Dáithí Mac Uilliam i gcúrsaí eacnamaíochta, maidir le NAMA de ach go háirithe. Is annamh, leis, a gheofá duine ag taispeáint tuairimí chomh láidir in aghaidh lucht gaimbín i nuachtán gaimbín, an Indo sa chás seo.

Inniu ina alt tá sé ag moladh gur chóir dúinn "stop" a scairteadh i leith NAMA de.
Tagaim leis, go huile is go hiomlán, mar tá a fhios ag éinne a léigh an blag seo le bliain anuas.
Is dóigh go mothaíonn sé na mothúcháin chéanna is a mhothaím féin .i. Cá bhfuil an fhearg i measc na nÉireannach chun an rud uafásach seo a stopadh? Cá bhfuil na mothúcháin faoin Ghoid Mhór seo a cheanglóidh pobal na hÉireann le fiacha na mbanc go ceann na nglúinte?
Cén fáth an neamh-aicsin agus an phatuaire chun an rialtas seo a shárú, óir, faoi láthair, is é sin an t-aon bhealach oscailte dúinn deireadh a chur le plean na Gada Móire.

Is fiú an t-alt thuas a léamh. Ach tá an méid seo a leanas scríofa aige ann:
The problem for us in Ireland is that the people who are drafting our laws locking us to the banks do not understand this, because they are not capitalists; they are legalistic functionaries, civil servants and bankers trying to hold on to their jobs. In short, they are consummate insiders with their interests vested in the old status quo who can’t see that the old status quo is the problem.
Ní thagaim leis ar chor ar bith. Déarfainn go bhfuil sé dall ar an bhfírinne mar geall ar a ghrá ar chaipitleachas, nó leagan bunúsach de nach bhfuil ann, nach raibh ann agus nach mbeidh ann ar chor ar bith.
Mar a mhínigh Marx féin faoin gcóras caipitleachais; feidhmeoidh an stát caipitlíoch ar son leas lucht gaimbín .i. bourgeoisie, i gcónaí. Tá an méid seo á fheiceáil againn le NAMA agus le tosaíochtaí Fhianna Fáil go léir le linn na géarchéime seo.

Cosnóidh an stát caipitlíoch saibhreas agus maoin phríobháideach lucht gaimbín go brách, is cuma cén costas don phobal i gcoitinne atá ann.
Sa chás seo, mar a scríobh Mac Uilliam féin:
..permanently cheap land should be the aim in order to give us a comparative advantage. But permanently cheap land would impoverish the landlords and their financial backers — the very people who have got us into this mess and the very people NAMA is devised to rescue. So someone has to pay for the bailout.
Le NAMA tá an stát s'againne ag feidhmiú ar son leas na haicme ceannais/lucht gaimbín mar chosantóir dá saibhreas agus maoin phríobháideach.
Ná déan dearmad, is ionann lucht gaimbín agus an stát. Is ionann an stát agus lucht gaimbín.

Ní athróidh an gaol compordach mífholláin seo idir stát agus lucht gaimbín go deo, go dtí go mbeadh réabhlóid shóisialach ann.
Ach ní rud foréigneach an réabhlóid chéanna in ainneoin ciall áirithe na bhfocal.

Is éard atá i gceist le "réabhlóid shóisialach" ná tuiscint iomlán an phobail faoin gcóras caipitlíoch nach bhfeidhmíonn dá leas.

Dé Máirt, Feabhra 23, 2010

M2010.02.17

Tugtar "mashup" ar an bhfíséan iontach seo de Avatar agus Pocanhontas. Oibríonn an sórt meascáin seo go han-mhaith idir Avatar agus Pocanhontas toisc go bhfuil an scéal céanna le fáil iontou araon, beagnach.

Is cinnte go bhfuil roinnt daoine beagáinín craiceáilte i ndiaidh an scannáin sin, bhí daoine áirithe ag rá gur mhaith a lámh a chur ina mbás féin le go ndéanfadh athbhreith orthu ar Phandóra!

Ach cé chomh dona is atá sin, n'fheadar mé cad a bhí ar intinn na ndaoine seo a bhí gléasta suas mar na caractair as an scannán.
Tuigim go bhfuil scéal an scannáin faoi shaint agus impiriúlachas ach ní chreidim go bhfuil a leithéid de chacamas ag déanamh aon ní dearfach ar son a gcúise.

Déardaoin, Feabhra 18, 2010

M2010.02.16

Mike Dwane den Limerick Leader ag cur agallaimh ar Willie O'Dea d'Fhianna Fáil, O'Dea ag tabhairt ráiteas ar Maurice Quinlivan de Shinn Féin san agallamh.

Dúirt O'Dea sa chúirt, faoi mhionn, nár thug sé na ráitis seo atá le cloisteáil sa bhfíseán thíos. Dúirt sé go neamhbhalbh nár dhúirt sé aon ní de shórt, i gcúirt, faoi mhionn.

Go dtí gur tháinig an closán seo amach ar ndóigh.



Tá an ceart ag Vincent Martin san IT ar maidin. Faigheann an caighdeán íseal an lámh in uachtar arís, le buaileadh trom eile in aghaidh "daonlathas" na tíre, buíochas le lucht gaimbín .i. Fianna Fáil, mar is gnáth.

Dé Céadaoin, Feabhra 17, 2010

M2010.02.15

Chonac scannán nua Michael Moore aréir, CAPITALISM: A Love Story. Níl an réamhbhlaiseadh sin ar You Tube thar mholadh beirte leis an bhfírinne a rá, ach tá an scannán féin ina iomláine i bhfad níos fearr.

Taispeánann Moore tuiscint nach beag ar an gcóras caipitlíoch agus an éagóir atá lárnach agus tábhachtach san idé-eolaíoch áirithe sin .i. brabús an ní is tábhachtaí, níl sa lucht oibre ach uirlis chun brabús a chinntiú.
(Is iad thuas an dá fhíseán is fearr ar an idirlín más mian leat Marxachas/Sóisialachas/Cumhacht an Lucht Oibre/cumhacht ón bhun aníos a thuiscint.)

Láimhseálann sé an t-ábhar seo go paiteanta. Go díreach mar a rinne sé sna scannáin eile dá chuid. Tá an ceann seo sa stíl chéanna is a d'fhéadfá a bheith ag súil leis ón scannánóir clúiteach, le meascán de ghreann, mhothúchán, chrá croí, stair etc.
Sílim féin gurb é seo an saothar is fearr uaibh go dtí seo.
Feicim ar RT go bhfuair sé 74%, sin céatadán iontach ard. Agus thiocfainn leis an gcéatadán sin.
Is mór an trua nach raibh an scannán seo eisithe san Eoraip níos luaithe, ach más mall is mithid, feicim anois go mbeidh sé á chraoladh le linn Fhéile Scannán Bhaile Átha Cliath 2010.

As an scannán go léir d'fhán ráiteas amháin i mo chuimhne. Rud a dúirt sagart Mhoore i leith caipitleachais.
Dúirt sé go raibh sé go hiomlán faoi uamhan ag cumhacht na bolscaireachta.
Go háirithe más féidir leis an bholscaireacht sin a chur in iúl do dhuine go bhfuil rud éigin dá leas nuair atá a mhalairt fíor i ndáiríre. Sá chás seo bhí sé ag caint faoin bholscaireacht a ligeann do phobail timpeall an domhain a chreidiúint go bhfuil caipitleachas an tsaormhargaidh dá leas.

Ar eagla na heagla, ionas go bhféadfá ceann acu a aimsiú!

Dé Luain, Feabhra 15, 2010

M2010.02.14

Cuireann sé iontas ormsa fós nach gcreideann daoine go bhfuil gníomhuithe an chine dhaonna thar na blianta cionsiocair le hathrú aeráide agus téamh domhanda, go háirithe anseo in Éirinn.

Cuireann sé níos mó iontais orm nuair a chloisim an chaint sin ó chairde.
Cén fáth nach gcreideann tú? a cheistím.
Is iomaí freagraí atá ann; "Climategate" is ea ceann acu, "tá níos mó taighde ag teastáil chun é a chruthú" is ea ceann eile.
Ach níl fonn orm inniu, nó an t-am agam, iad a bhréagnú.
Ligfidh mé don bhfear seo darbh ainm "potholer" é a dhéanamh.
(Is fiú breathnú ar an gceann sin thuas, agus na cinn eile uaidh, ceann a 2 agus a 4 ach go háirithe. Ceann a 1 agus a 3, leis........is fiú breathnú orthu go léir, dar liom)

Ach, cá bhfaigheann daoine an t-eolas seo in aghaidh téamh domhanda cruthaithe ag gníomhuithe an chine dhaonna chun tuairimí a thógáil air?
Nó, cá bhfaigheann siad na tuairimí a thógann siad mar a dtuairimí féin a bheith níos cruinne?
Cén fáth go gcreideann daoine i bhfíricí bréagacha nach bhfuil tacú eolaíochta thaobh thiar díobh?

Cumhacht na meán nó na hidirlíne, saint an tionscail ola/guail, leisciúlacht bun-thaighde a scrúdú agus taithí na mblianta acu siúd taobh thiar den mheaisín spin.
Agus más taithí agus cumas ag casadh na fírinne ag teastáil uait níl le déanamh agat ach breathnú ar na daoine a bhí fostaithe ag an tionscal tobac, tráth.
Mar shampla; seo, seo, seo, seo agus seo.
[An] illustration of what we are up against in the climate change "debate." On one hand you have the world's most accomplished and reputable scientists - more than 2,000 of whom have submitted research to the Intergovernmental Panel on Climate Change - carefully weighing every pronouncement for accuracy and subjecting all of their research to peer-review before announcing it publicly. These people agree, unreservedly, that climate change is happening and is caused by human activity.

On the other hand, you have a huge and expensive public relations campaign denying that scientific consensus. This campaign is largely financed with money from energy companies like ExxonMobil, which is then lightly laundered through "think tanks" like the Alexis de Tocqueville Institution or the Competitive Enterprise Institute or through industry front groups like Dr. Singer's own Science & Environmental Policy Project.
Tá an bholscaireacht neamheolaíoch ag fáil an lámh in uachtar le roinnt daoine -go díreach mar a tharla i gcás toitíní agus ailse- ach tá frith-bholscaireacht ann a chabhraíonn sa chath polaitíochta agus idé-eolaíoch seo.

Dé Domhnaigh, Feabhra 14, 2010

M2010.02.13

-Stoc-charnadh mór de bhia a mhaireann i bhfad, i gcannaí de ghnáth.
-Leigheasanna.
-Gunna agus piléir, tuiscint conas iad a úsáid i bhféinchosaint, agus in ionsaithe ar dhaoine eile chun a mbeatha a ghoid (ag brath ar fad na géarchéime agus cé chomh práinneach is atá sé duit agus do do mhuintir).
-Airm eile .i. claíomh, gró etc.
-Baile faoin tuath i bhfad i bhfad óna cathracha. Ballaí arda ina thimpeall .i dún.
-Go leor síolta glasraí agus leasacháin. Páiste mór talún leis na síolta a chur agus barr a bhaint.
-Polla-tollán mór chun rudaí a fhás le linn na bliana. Tuiscint mhaith conas é sin a dhéanamh i gceart.
-Tobar fíoruisce agus íontóir uisce. Cnuasaitheoir báistí.
-Raidió beag.
-Raidió CB.
-Foinse breosla .i. páiste portaigh nó coill mhór.
-Madra maith fiaigh agus tuiscint conas fiach ceart a dhéanamh.
-Breochloch nó tuiscint conas tine a thosnú gan breochloch nó lasáin, arís ag brath ar fad na géarchéime.
-Tuiscint iontach ar phlandaí agus luibheanna fiáine inite.
-Uirlisí de gach uile shórt ar domhain, agus tuiscint conas iad a úsáid.
-Léarscáileanna agus compás. Arís tuiscint conas iad a úsáid.

Níl sa liosta sin thuas ach roinnt de na rudaí a mholtar dúinn a bheith inár seilbh agus ar ár n-eolas más mian linn apacailipsis éigin nó tobthitim iomlán eacnamaíochta a mhaireachtáil.
Seachas an tuiscint ar roinnt rudaí thuas is fíor beagán acu atá agamsa.

De ghnáth ní bhíonn na nithe seo ag éinne ach na daoine aisteacha agus paranóidigh a chreideann go bhfuil deireadh an domhain i ndán dúinn go luath. Ceap magaidh is ea iad, dar linn.
Ach is spéisiúil an rud é go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag smaoineamh ar na téarmaí seo. Is gné dár linne is dóigh le geilleagair timpeall an domhain ina gcíor thuathail.

Tá sé níos spéisiúla fós arís go bhfuil tráchtairí airgeadais i nuachtáin amhail an Wall Street Journal ag déanamh tagairt d'ainrialtacht eacnamaíochta agus na himpleachtaí don chine daonna i ndomhan iar-apacailipteach! Mholfainn an t-alt thuas a léamh.
Mar a deireann an t-údar san alt, deireann mo dhuine an bainisteoir fál-chiste sin gur chóir "feirm a cheannach" agus neamhthuilleamaíocht a chleachtadh.

Cheapfá go bhfuil na fir seo ag magadh, ach nílid!

Déardaoin, Feabhra 11, 2010

M2010.02.12

"Seo an Ghréig, ní Éire, agus troidfimid"
(físeán You Tube ó Nuacht Chainéal 4)

Sin an mana á scairteadh ag oibrithe na Gréige in aghaidh na héagóra go bhfuil an rialtas thall ag cur ciorruithe ar a bpá chun peacaí na gcaipitlithe (baincéirí, tiarnaí talún agus amhantraithe santacha) a réiteach.

Mar gheall ar easpa cumais na gceardchumann, laigí an phríomhpháirtí sa fhreasúra, deighilt oscailte gan chiall idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí agus leisciúlacht nó patuaire na nÉireannach ní féidir linne troid in aghaidh na héagóra. Bíodh sin NAMA, nó na billiúin dár gcuid airgid á gcur isteach sna bainc marbh, easpa gníomhartha an rialtais ar an fhadhb nó ciorruithe pá bunaithe ar fhíricí bréagacha.

Mar gheall ar rudaí mar seo tá muid lag mar phobal, agus glacaimid go réidh le "caipitleachas tubaiste" inár n-aineolas go mbeidh sé dár leas.

(mholfainn go mór an t-alt sa nasc díreach thuas a léamh)

Dé Céadaoin, Feabhra 10, 2010

M2010.02.11

"Tá sé an-thábhachtach go ndéanann muid athghabháil ar ár bhfaobhar iomaíoch chun poist a chosaint agus poist nua a fhás amach anseo".

B'in thuas roinnt a bhí le rá ag an Taoiseach le déanaí i leith líomhaintí ón bhfreasúra go raibh na huimhreacha fostaíochta go hainnis ar fad. Cúis imní domhsa gur tharraing an Taoiseach líne díreach idir 434,700 Éireannach ar an mbeochlár oifigiúil agus ár n-iomaíochas eacnamaíochta!

Ar aon chaoi, cad é "an faobhar iomaíoch" seo atá i gceist aige?
Cloistear na focail "iomaíoch" agus "iomaíochas" á rá go minic sna meáin ó thosaigh an spealadh s'againne, bíonn na focail "caithfidh muid" agus "a fheabhsú" le fáil sna habairtí céanna de ghnáth.
Cloisfear na focail á n-úsáid ag daoine ag labhairt thar ceann IBEC agus leantar ar aghaidh i ndiaidh sin le cáineadh do chostas fostaíochta sa tír. Is é sin le rá pá na n-oibrithe.
Bheadh brabús deas le baint amach ag gnólachtaí murach an fhadhb is ea pá na n-oibrithe!
Má bhí eacnamaithe agus tráchtairí airgeadais dúghafa le praghsanna ar réadmhaoin le linn ré an fháis bhréagaigh is fíor a rá go bhfuil an dearcadh sin athruithe anois agus táid dúghafa go huile is go hiomlán le costas lucht oibre agus an géarghá é a laghdú, dar leosan.
In iarracht ollmhór ó na maithe móra sna meáin, sa rialtas agus i dtionscal chun díospóireacht a spreagadh faoin gcostas pá sa tír lenár "bhfaobhar iomaíoch" a shábháil, rinneadh dearmad glan -d'aon ghnó- faoi aon ghné eile d'iomaíochas an gheilleagair.

Buíochas leis an meitheal smaointe eacnamaíochta darb ainm TASC, agus Michael Taft a bheith níos cruinne, tarraingíodh aird in athuair do thuairisc Forfás ar chostas reáchtála i gcomhair an tionscail mhiondíola in Éirinn agus fíricí eile maidir le costas lucht oibre.
Rinneadh an tuairisc chuimsitheach d'Fhorfás siar i 2008 ar iarratas an Tánaiste le fáil amach cad iad na costais ag baint le lucht oibre, cíos, leictreachas, gás, táillí gairmiúla, agus iompar etc. Sa tuarascáil déantar comparáid de Chorcaigh, Luimneach agus Baile Átha Cliath idir Londain, Manchain, Béal Feirste agus Maastricht.
Ar ndóigh taispeánann an tuairisc go bhfuil sé níos daoire don tionscal miondíola i gcathracha sa bPoblacht i gcomparáid leis na cathracha eile. Ach ag an am céanna, i gcomparáid leis an tionscal miondíola i Maastricht mar shampla fuarthas amach go raibh costas lucht oibre níos saoire abhus. Chomh maith leis sin bhí costais níos saoire ar ghás, uisce, iompar agus roinnt táillí gairmiúla ar nós cuntasóireachta.

Is éard a bhí ag brú suas costais sa tionscail mhiondíola in Éirinn ná cíos ard, costais ard na mbanc, teileachumarsáid, leictreachas costasach agus táillí dlí.
Bheadh sé níos saoire gnó a dhéanamh anseo in Éirinn murach na nithe seo, nó a bheith níos cruinne murach tiarnaí talún, BSL (de bharr pholasaithe an rialtais) agus baincéirí. Ní luíonn an locht leis an lucht oibre mar is mian leis an Taoiseach agus IBEC sinn a chreidiúint. Más mian linn "ár bhfaobhar iomaíoch" a ghearradh ní mór aghaidh a thabhairt ar na trí rud seo ar dtús.
Agus in ainneoin cad a chuala tú faoi chostais ró-ard lucht oibre in Éirinn, ó cibé foinse, níl sé fíor. Thaispeáin Michael Taft arís ar an raidió, le staitisticí reatha ó Eurostat agus Statistisches Bundesamt Deutschland (ar fáil ar líne), go bhfuil tuarastail san earnáil phríobháideach 1 faoin gcéad faoin meán sa AE-15, (An Gréig, An Spáinn agus An Phortaingéil ina measc) agus 16 faoin gcéad faoin meán inár bpiarghrúpa.
Níl ann ach sampla amháin a thaispeánann go bhfuil faobhar iomaíoch maith againn cheana (san earnáil phríobháideach) thar tíortha eile san AE.

Dé hAoine, Feabhra 05, 2010

M2010.02.10

(Íomha de dhealg Thulaigh Shinill ón IT)
Níos aistí agus iontaí ná rúin na cruinne go léir is ea an chaoi ar thit dealg ar urlár coille timpeall 600 AD, go bhfaigheann an choill sin bás de bharr athrú aeráide nó nithe eile, go bhfásann portach ar a fuíoll agus 1,400 bliain níos déanaí baintear móin ón phortach sin le meaisín. Triomaítear an mhóin. Bailítear an mhóin. Dóitear an mhóin. Agus faightear an dealg sa luaith i sorn i 2010. Dochreidte

M2010.02.09


"Tá ár bplean ag oibriú, chasamar cúinne....tá straitéis an rialtais thar 18 mí anuas ag oibriú agus is féidir linn na chéad chomharthaí de ghnóthú a fheiceáil anseo sa bhaile" a dúirt An tAire Airgeadais.

Bhí sé "soiléir" don Tánaiste go raibh feabhsú i ndán dúinn.

Ach....
"Caillfidh 200 oibrí sa chomhlacht Bitech Engineering a gcuid postanna mar gheall ar dhruidim na comhlachta. Fo-chomhlacht de chuid Glen Dimplex é Bitech Engineering. Anuraidh dhiúltaigh na hoibrithe ann do phacáiste a laghdódh a bpá agus a bhrisfeadh cuid de na hoibrithe as a bpost. Tá SIPTU chun bualadh le bainistíocht na comhlachta ar ball."
"The number of people signing on the Live Register rose throughout all regions of Ireland in January, new data from the Central Statistics Office showed today."
"The Society of Chartered Surveyors has predicted that 40,000 more jobs will be lost in the property and construction sector in 2010."

Ní féidir gnóthú gan fostaíocht.

Déardaoin, Feabhra 04, 2010

M2010.02.08

Fuair mé an nuacht ar maidin go bhfuair mé post nua an-thábhachtach .i. tá freagracht nach beag ag baint leis. Mar sin n'fheadar cad a bheas i ndán don bhlag seo amach anseo. Seans nach mbeidh mé chomh rialta ag blagadóireacht agus ba mhaith liom.

M2010.02.07

Táim in éad leo siúd a chonaic na bóilídí tráthnóna inné.

Mar a dúirt mé céanna chonac ceann amháin i mo shaol, agus bhí sé chomh hiontach sin gur cuimhin liom go cruinn é amhail is gur tharla sé inné.

Ach, an ceann a chonac mé ní shílim go raibh sé leath chomh mór agus na cinn feicthe ag daoine timpeall na tíre inné. Chlúdaigh iarsmaí na dreigíte móire seo an tír ar fad.
B'fhéidir mar gheall ar a mhéid beidh seans ann é a aimsiú. Bheadh sé cosúil le bua lottó ceann mór a aimsiú óir beidh luach ar chuid de dhreigít, faightear cúpla céad euro in aghaidh an ghraim.

Tá an méid sin suime ag daoine inniu agus inné sna bóilídí go bhfuil suíomh Réalteolaíocht Éireann briste fós.

Seo físeán a cuireadh suas ar You Tube de bhóilíd
, mar dhea!!!! Bhí an físeán céanna ar an nuacht RTÉ!
Tá sé ag bogadh i bhfad Éireann rómhall do bhóilíd, agus más bóilíd atá ann ní bheadh seans agat físeán fada a ghlacadh, ar chor ar bith óir ní mhaireann sé ach soicind amháin toisc go bhfuil sé ag gluaiseacht chomh tapaidh sin.
Magadh atá ann mar sin.
Tá sé ró-dhearg freisin. Bíonn cuma níos gile orthu.

Dé Céadaoin, Feabhra 03, 2010

M2010.02.06


Sean-léarscáileanna den oileán agus níos mó, buíochas le logainm.ie

M2010.02.05

Is fiú go mór amharc siar a dhéanamh ó am go ham le léargas a fháil den mheon atá acu siúd ag stiúradh na tíre faoi láthair. Seo seod ó 2006 leis an Aire Airgeadais ag an am, Brian Cowen.
Bhí daoine ag screadach ag an rialtas go rabhadar ag boilsciú an gheilleagair rómhór. Is cuimhin liom féin ag scríobh go rialta ar an ábhar i seanbhlag a bhí agam.

Anois, mar gheall ar a dhearg-aineolas, agus a mhíchumas dochreidte, tá muid ag an bpointe ina bhfuil 70,000 daoine óga ag fágáil na tíre ag lorg oibre. (Tá na daoine óga seo ag teastáil uainn más mian linn éirigh as an gcúlú)
Beidh níos mó ag déanamh amhlaidh i mbliana.
Tá an rialtas fós ina shuí ar a lámha i leith na faidhbe! Níl aon straitéis chun srian a chur ar chailliúintí post. Feiceann muid inné gur cailleadh 319 post in aghaidh an lae sa mhí seo caite. Tá timpeall is 450,000 ar an mbeochlár faoi láthair, 20,000 nó níos mó daoine gan phost ach atá anois i gcúrsaí FÁS agus na mílte eile daoine a bhí féinfhostaithe agus nach bhfuil cead acu a dhul ar an mbeochlár céanna.

Is é sábháil scairshealbhóirí agus sealbhóirí bannaí na mbanc an chloch is mó ar phaidrín an rialtais, le pobal na tíre ag piocadh suas an seic.
Ach fós, FÓS, tá 27% toilteanach a vóta a chaitheamh dóibh sa chéad olltoghchán eile. Mhéadaigh céatadán Fhianna Fail....mhéadaigh sé..... Le linn cúlú a cruthaíodh de bharr pholasaithe an pháirtí sin tá daoine muiníneach go bhféadfadh an páirtí céanna an rud ceart a dhéanamh!
N'fheadar an deireann an fhigiúir sin níos mó faoi mhuintir na tíre seo nó níos mó faoin fhreasúra. Deireann sé a lán fúthu araon is dóigh .i. ní féidir le pobal na hÉireann smaoineamh lasmuigh den bhosca ó thaobh páirtithe de, caithfidh siad vóta a chaitheamh d'Fhianna Gael nó Fine Fáil. Agus níl Fine Gael sách maith mar fhreasúra, (in ainm Dé, Éanna focain Kenní). Tá pobal na tíre ag creidiúint na bolscaireachta ó rialtas, leis.

Cloistear go minic go bhfuil toghthóirí na hÉireann an-chliste. Ó a mhac, an-chliste. Tuigeann siad chuile rud.
Cacamas.

Is cuma ar aon nós. Tá na bainc ró-dhócmhainneach le sábháil. Ní féidir linn a bheith ag leanúint ar aghaidh ag íoc an méid úis ar fhiacha an stáit a thuilleadh (€10 milliún in aghaidh an lae in ús amháin).
Tá titim tubaisteach i dteacht isteach cánach de 17.7% i gcomparáid leis an am céanna i 2009, agus cuirfidh mionbhuiséad crua dreach eile ar phobal na tíre.
Tá an geilleagar sáinnithe i bhfáinne fí díbhoilscitheach.

Sin mo racht go n-uige seo

Dé Máirt, Feabhra 02, 2010

M2010.02.04

Deas le feiceáil go bhfuair Avatar 9 n-ainmniúchán do na hOscair. Eispéireas pictiúrlainne iontach atá ann. Tá na hainmniúcháin tuillte go mór.
Thug mé mo thuairim faoin scannán cheana. Is maith liom é.

Ach, seo thíos an léirmheas is fearr a chuala mé nó a léigh mé go dtí seo, fiú mura n-aontaím le chuile rud ráite ann.

Tuigeann an fear seo scannáin, agus tá féith grinn den chéad scoth aige chomh maith.


M2010.02.03

Do bhíos chun blagmhír a scríobh faoi am agus spás, agus an turgnamh is fearr liom .i. turgnamh scoiltíní dúbailte.
Agus conas is féidir am taistil a dhéanamh dá mbeadh na huirlisí cuí cumhachtacha againn, mar, is féidir go teoiriciúil taistil siar in am.
Feictear domsa go bhfuil an clár á chraoladh ar RTÉa2 darbh ainm Flashforward bunaithe go príomha ar an teoiric seo.

Tháinig mé ar an bhfíseán ar You Tube den turgnamh scoiltíní dúbailte, ní féidir liom míniú níos fearr a thabhairt. Taispeánann sé gur féidir rialacha ama a bhriseadh .i. d'fhéadfaí a bheith san am céanna ach i spás difriúil.

Níl ann ach 5 nóiméad, agus mholfainn go mór mór é a bhreathnú.



Tá an Dochtúir Quantum seo ar fheabhas go deo!

M2010.02.02

An bhoilgeog le deireadh a chur le chuile bhoilgeog.

Boilgeog Thithíochta na mBoilgeog Tithíochta.

Boilgeog Réadmhaoine na dTrilliún.

Boilgeog na Pléisce Móire.

Boilgeog na Síne.

Geilleagar Bréagach an Gheilleagair Bhréagaigh.

Titim Dúbailte na dTitim Dúbailte.

Spealadh a chuirfidh fonn ort glasraí a chur.

Béarmhargadh na mBéarmhargaí.

Cúlú na gCúluithe.

Crapadh geilleagair a chuirfidh fonn ort na céadta canna pónairí a cheannach.

Cúlú a chinnteoidh athrú rialtais roimh an am cuí.

Níl ann ach ceist ama.


Díol, díol, díol, díol!


Ar a laghad táid toilteanach an fhadhb a aithint sa tSín. Dá mbeidís in Éirinn bheidís fós ag labhairt faoin "thuirlingt bhog" agus ag rá rudaí amhail; "Tá muid ag casadh cúinne" "Tá bun an mhargaidh bainte amach againn" "Seo an t-am is fearr le hinfheistíocht a dhéanamh i réadmhaoine" "Ní thiteann praghas ar thithíocht ariamh" "Tá feabhsú i ndán dúinn ag tosú le heaspórtáil láidir agus caiteachas sa bhreis ó mhuintir na tíre" srl srl

Dé Luain, Feabhra 01, 2010

M2010.02.01

A Mhuire Éireann 'Naomh Lú
inniu na Gaeil a bheannú,
tráchtaire Dé lán céille
bandia éigse is féile.

'Chrosóige thar ár ndoras
a chruthaigh grá is cumas,
crosóg Bhríde dár gcosaint
bratóg bhuí dár bhfóirithint.

Ón lá naofa den Imbolc
beidh Earrach romhainn amach,
deireadh an gheimhridh fhada
beannaigh dúinn Lá 'le Bríde.