Dé Máirt, Samhain 30, 2010

M2010.11.25

Mholfainn go hard éisteacht leis an anailís ó Leo Panitch sa bhfíseán thíos, ó thaobh cúis ár gcáis agus an réiteach mar a fheiceann sé é. Tá focail dheasa le rá aige faoi "cheannairí" na gceardchumainn chomh maith!
A bhuí le ILR



Tá tras-scríbhinn ar fáil anseo.

Dé Luain, Samhain 29, 2010

M2010.11.24

(Seansailéir Angela Merkel agus Josef Ackermann Príomhfheidhmeannach Deutsche Banc)

Cén fáth go bhfuil muid ag tabhairt "sealbhóirí bannaí" ar na bainc Ghearmánacha, Fhrancacha agus Shasanacha atá muid ag tarrtháil.
Cuireann na focail "sealbhóirí bannaí" daoine gan ainmneacha gan aghaidheanna in iúl, daoine nach bhféadfaí lámh a leagadh orthu.
Tá pobal na hÉireann á íobairt ar son na ndaoine agus na gcomhlachtaí príobháideacha seo, agus a n-infheistíocht mhístuama chun brabús tapaidh a dhéanamh as boilgeog réadmhaoine na tíre seo.
Ba chóir go mbeadh níos mó cruinnis sna téarmaí a úsáidtear. Tá an fhírinne tuillte ag an Éireannach as todhchaí a pháistí a íobairt ar a son.

Don chéad uair ariamh i stair an IMF agus a mbeartais tarrthála ní bheidh "lucht speiciléireachta" (féach cara Frau Merkel thuas) ag tógáil caillteanais ar bith, agus ní bheidh athstruchtúrú ar bith á dhéanamh ar na fiacha a chuireadh orainn go frithdhaonlathach!

Dé hAoine, Samhain 26, 2010

M2010.11.23

M2010.11.22

Mura bhfuil a fhios agat cad go díreach atá i gceist agam; tá míniú ar fáil sa léacht spéisúil -i gceithre chuid- ag Michael Parenti le cloisteáil ar You Tube anseo.

Déardaoin, Samhain 25, 2010

M2010.11.21


Agallamh spéisúil le Slavoj Zizek thuas. Smaointeoir cumasach atá ann, mar sin mholfainn éisteacht leis, fiú mar ábhar machnaimh amháin.
Luaigh mé a leabhar anseo 2 mhí ó shin. Níl sé críochnaithe agam fós!
Tá sé an-throm agus leadránach in áiteanna, an iomarca plé faoi fhealsúnach na hEorpa. Murab ionann agus an t-agallamh thuas, ní mholfainn é i ndáiríre.

Má tá an fonn ort i ndiaidh sin tá blast ón phast iontach le fáil ar an Story. Ar fheabhas.

M2010.11.20

Ní mholfainn ariamh éisteacht le focal ar bith ó Bhrian Lenihan, is bréagadóir dáiríre é, agus ní shílim go bhfuilim ag dhul thar fóir nuair a deirim gur shílim go bhfuil olc ann!
Ach aréir chríochnaigh sé ar PhríomAm le ráiteas a mhúscail mo spéis.
Chuir Miriam an cheist air: Mar rialtas, níl aon údarás agaibh a thuilleadh, nár chóir daoibh dul go dtí na daoine roimh an mbuiséad?
"Ar dtús tá mandáid ón Dáil Éireann againn, atá ina oireachtas tofa stairiúil de mhuintir na hÉireann. Agus is as sin a thagann ár mandáid, maireann muid i ndaonlathas ionadaíoch, ní mhaireann muid i ndaonlathas inar féidir le daoine bata is bóthair a thabhairt dá gcuid ionadaithe amhail sna sean-réimsí Cumannacha"

Lean sé air, agus ba é príomhargóint a ráitis ná tá a fhios níos fearr acusan conas cúrsaí a riaradh, agus ní féidir a bheith ag ligean do na daoine a bheith ag cur as don phróiseas sin, agus an daonlathas ionadaíoch naofa.

N'fheadar an raibh mearbhall air maidir leis na "sean-réimsí Cumannacha", ach b'shin an fhadhb leo gur chuir siad easaontas faoi chois agus níor lig siad do na daoine cinntí a dhéanamh, i bhfocail eile bhí an meon céanna acu agus atá aige agus a pháirtí.
Agus níl ann ach cleas uaidh gan ach an ghné is bunúsaí de shóisialachas a lua; is é sin Daonlathas Díreach.
Níl aon rud níos scanrúla ann don pholaiteoir gairmiúil buirgéiseach agus an gaimbín uaillmhianach ná cumas daonlathach na ndaoine an ruaig a chur orthu agus a bpleananna sula bhfaigheann siad an seans a gclár oibre a chur i gcríoch .i. NAMA, Anglo, IMF, rathú na mbanc marbh agus a n-ionannú le flaitheas na tíre etc.
Sin an fáth gur bhaineadh airteagail 47,48 agus 50 as bunreacht an tSaorstáit. Airteagail a thug gnéithe áirithe de dhaonlathas díreach don Éireannach.

Sin stair frithdhaonlathach dár n-"oireachtas tofa stairiúil".

Dé Céadaoin, Samhain 24, 2010

M2010.11.19

Ní foighne go foighne an Éireannaigh!

Agus níl san íomhá thuas ach roinnt samplaí den tseafóid a bhfuil sé ag cur suas leo le cúpla bliain anuas.

Ag siúl dom suas Sráid Bhagóid, ag an gcrosbhóthar le Cearnóg Mhuirfean Thiar, bhí na sluaite d'fhoirne nuachta ó gach cúinne na hEorpa le feiceáil os comhair Roinn an Taoisigh.
Níor thug mé ach sracfhéachaint síos an bóthar agus, ar an toirt, bhí tuairisceoir ón mBBC os mo chomhair ag impí orm rud éigin a rá faoi staid eacnamaíochta na tíre don stáisiún nuachta. "Mo leithscéal, ach, tá deabhadh orm anois, agus bheadh sé orm mo mhachnamh a dhéanamh faoi cad ba mhaith liom a rá ar dtús" a d'fhreagair mé.

Chonacthas domsa go raibh leadrán orthu.

Cá raibh na círéibeacha á la na Gréige? An bhfuil na hÉireannaigh ar nós cuma liom faoi chailliúint flaitheas a dtíre agus an t-athrú saibhris ón lucht oibre chuig lucht ionnúis?

M2010.11.18

"Seo na tréimhsí ina dtástálann anamacha fear - cloisfidh tú, gan dabht, an-chuid scéalta maidir le cúinse na tíre. Tá bail mhí-ámharach an stáit de thairbhe fealltaigh.
Déanann na saibhre feall ar na daibhre i gcónaí"
Anraí Joy Mac Reachtain, 1798.

Dé Máirt, Samhain 23, 2010

M2010.11.17

Bhíos ag lorg analaí le cúpla lá anuas faoi mhuintir na hÉireann ag caint agus ag éirí corraithe mar gheall ar an seans go mbeidh olltoghchán againn go luath san athbhliain.
Theip orm teacht suas le ceann nua cliste.
Ach is breá liom ceann Uí Tuathail inniu: "Having an election after agreeing a four-year deal (leis an IMF/AE) that will shape all key decisions is like debating which brand of condom to buy after you’ve become pregnant"

Mar a dúirt mé ar bhlagmhír John, cad is fiú é?
Tá sé ró-dheireanach a bheith ag súil le hathrú ó na príomhpháirtithe i ndiaidh olltoghcháin. Leanfaidh Fianna Gael ar chúrsaí mar a bhí, agus atá.

Tá rud éigin níos suntasaí ó chosmhuintir na hÉireann ag teastáil.

Más mian linn athrú ní foláir dúinne a thaispeáint go bhfuil muidne réidh rud éigin a dhéanamh chun an t-athrú sin a bhaint amach. Agus ní foláir dúinn a bheith soiléir cén saghas feabhais ba mhaith linn a fheiceáil.
Bhí cúpla moladh maith ag O'Toole cúpla seachtain ó shin; rudaí bunúsacha ag cur cruth níos daonlathaí ar an gcóras daonlathach s'againne, ach gan ag cur as do chaipitleachas sa tír go heacnamaíoch. (Is dócha go bhféadfadh an sóisialaí breathnú ar na moltaí uaidh mar chéim i bhforbairt daonlathais na tíre, bhí moltaí maithe ann faoi dhaonlathú scoileanna áitiúla etc. à la Veiniséala)

Caithfidh muid a thaispeáint go neamhbhalbh nach linne fiacha na mbanc eachtrannacha, tá gá le reifreann ar an mbeart seo ón IMF.
Más mian leis an mBanc Ceannais Eorpach/Coimisiún na hEorpa airgead na n-infheisteoirí siúd a shábháil caithfidh an BCE/CE na bainc siúd a bhfuil ag cruthú na fadhbanna seo dóibh a thógáil ar lámh, agus cosmhuintir na tíre seo a fhágáil as aon bheart tarrthála.
Ní bheidh mar thoradh ón gceangal saorga seo idir na fiacha príobháideacha agus muintir na tíre ach nua-seirfeachas idirnáisiúnta, agus cliseadh níos tromchúisí níos measa sa bhfadtéarma.

Tagaim leis an Tuathalach faoin ollshlógadh atá le reáchtáil ag na Ceardchumainn Dé Sathairn seo.
Ní mór do chách tacú leo.

Is maith liom freisin an chaoi a bhfuil an mórshiúl sin ag críochnú lasmuigh d'Ard Oifig an Phosta.
Fágann sin spás dúinn mar phobal iomlán, ar siúl ó na ceardchumainn, seilbh a fháil ar mhórshiúl eile neamhbheartaithe, síochánta ach le gné láidir easumhlaíochta, chun Tithe an Oireachtais!

Radacú agus forbairt tuisceana le bhur dtoil.

Dé Sathairn, Samhain 20, 2010

M2010.11.16


Do bhíos ag imirt fichille le cara níos luaithe inniu, agus ag cur is cúiteamh faoi chúrsaí an tsaoil. Ag breathnú síos ar an mbord rith an íomhá thuas liom.

Dá mbeadh tuiscint aicmeach ag an oibrí?
Sa chaoi chéanna a bhfuil tuiscint aicmeach soiléir oscailte ag an gcaipitlí agus ag an bpolaiteoir, atá i bpóca an chaipitlí!

Dé hAoine, Samhain 19, 2010

M2010.11.15


Ní thaitníonn lucht an phinn dhearg agus ceartaithe gramadaí an Bhéarla le Stephen Fry. Mar is léir ón fhíseán cliste thuas.
Mo léan ach tá trua agam dó ina iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim.... ní féidir a leithéid a sheachaint!

Anois, nílim ag maíomh gur chóir an fhírinne sin a cheilt ón fhear, is é sin le rá gan a chur in iúl dó go bhfuil lucht na Gaeilge, nó mionlach an mhionlaigh sin, ina ndeargcheartaithe gramadaí is fuaimnithe, ach gan an fhírinne áirithe sin a thaispeáint dó sula bhfaigheann sé deis í a bhlaiseadh.

M2010.11.14

Tá dianfhoghlaim romhainn.
Caithfidh muid mar phobal "ealaín na hagóide" a fhoghlaim as an nua arís, agus é a fhoghlaim go tapaidh. Caithfidh muid foghlaim conas an cleachtas agóide a bhfuil muid cleachta leis a athrú, nó a thréigean ar fad fiú. Caithfidh muid droim láimhe a thabhairt don saghas agóidíochta a spreagann an meon "is cuma liom" agus "cad is fiú é".
Is é sin aon agóid atá leagtha amach, reamhphleanálaithe agus bainistithe ag mianta na nGardaí agus an rialtais .i. "is féidir leat agóid a dhéanamh anseo go dtí an áit sin, go ceann 3 uaire agus sin é é" .i. "ní bheidh aon chumhacht agaibh ag an agóid seo chun aon ní a athrú".

Tá gá anois foghlaim faoin easumhlaíocht shibhialta atá go mór in easnamh i sochaí sibhialta.
Ní chiallaíonn an easumhlaíocht seo scriosadh agus foréigean agus anoird go ginearálta. Ní féidir leis an bpobal an lámh in uachtar a fháil ar an rialtas ó thaobh foréigin de. Mar sin ní fiú a bheith ag dul i gcomórtas leo ar an ábhar sin. Agus níl mar thoradh ar úsáid fhoréigin ach agóid a imeallú agus daoine a scanrú roimh agóidíocht amach anseo.

Ní foláir cothromaíocht a aimsiú, saghas idir eatarthu .i. easumhlaíocht shibhialta.
Sin an ealaín atá i gceist.
Caithfidh an agóid a bheith mar ábhar buartha do aon bhunaíocht a bhfuil sé mar aidhm acu sinne a chur faoi chos go heacnamaíoch agus mar sin go polaitiúil agus go sóisialta.
Ciallaíonn sé sin cur le chéile ar scála ollmhór, agus radacú .i. forbairt tuisceana, an phobail faoina chás.

I gcóras daonlathais lag, cosúil lenár gcóras, gan ionchur díreach ag an móramh ar chúrsaí, caithfear úsáid a bhaint as an agóid chun mianta a chur in iúl.
Ní linne fiacha na mbanc agus fadhbanna airgeadais na n-infheisteoirí idirnáisiúnta (bídís bainc eile nó daoine príobháideacha), ní bhaineann aon chonradh a shíníonn Fianna Fáil le lucht caipitil linne ach an oiread. Ní labhraíonn Fianna Fáil ar son mhuintir na hÉireann. Labhraíonn siad ar son a n-infheisteoirí féin agus a n-aicme féin. Ní hionann Éire agus Anglo; nó AIB; nó BOI; nó aon bhanc marbh eile ach an oiread.

Ní foláir dúinn é sin a chur in iúl go dtí go dtuigtear é.

Thaispeáin na hÍoslannaigh dúinn cad is féidir a dhéanamh le gníomh díreach agus
easumhlaíocht shibhialta, sa chás "Icesave" mar shampla.

Más mian leis an mBanc Ceannais Eorpach airgead na n-infheisteoirí siúd a shábháil caithfidh an BCE na bainc a bhfuil ag cruthú na fadhbanna seo dóibh a thógáil ar lámh agus cosmhuintir na hÉireann a fhágáil as an gcothromóid.

Chomh maith leis sin, mar a éilíonn an Cathasach i nGaelscéal inniu:
"Ba cheart dúinn a bheith soiléir cén feabhas eacnamaíochta atá ag teastáil. Ní gar a bheith ag súil le saol an bhrabaigh a thabhairt ar ais. Ní dhéanann an saol sin ach an tine a fhadú aríst agus ábhar an chéad ghéarchéim eile a bhailiú. Seachas a bheith ag iarraidh an scannán a chasadh siar go blianta an Tíogair, agus an chríoch thragóideach chéanna ar an scéal, tá sé in am script eile a scríobh.
Éilíonn doimhne ár gcruacháis geilleagar nua, bunaithe ar leas na ndaoine agus faoina smacht daonlathach. B’fhearr dúinn bogadh sa treo sin ná cosa circe a chur faoin eacNAMAíocht."
N'fheadar mé cad a bhí Ó Móráin ag rámhaille faoi:
"Cé gur chuir Einstein an-spéis i gcúrsaí polaitíochta ní dúirt aon duine go raibh a chuid tuairimí polaitíochta nó eacnamaíochta le feiceáil sa chothromóid chlúiteach a chuir an domhan núicléach ar fáil dúinn"
D'fhág sé polaitíocht agus a dhearcadh polaitíochta as an gcothromóid cinnte! (Fillfidh mé chun príomhthrusta a ailt níos déanaí. Agus cá bhfuil a ardmholadh do NAMA anois?)

Idir an dá linn más mian le héinne dearcadh polaitíochta Einstein a thuiscint bheadh tús maith agat le halt an Chathasaigh.

Nó mar a mhaígh sé ina fhocail fhéin:
"The profit motive, in conjunction with competition among capitalists, is responsible for an instability in the accumulation and utilization of capital which leads to increasingly severe depressions...I am convinced there is only one way to eliminate these grave evils, namely through the establishment of a socialist economy... In such an economy, the means of production are owned by society itself"

Déardaoin, Samhain 18, 2010

M2010.11.13

N'fheadar an bhfuil na rudaí céanna á gcloisteáil agaibh, ach ar feadh an lae anseo tá daoine thart timpeall orm ar a ngutháin agus ag rith thart ag plé conas is féidir leo aon taisce atá acu i mbainc Éireannacha a thógáil amach!

Táim i ndiaidh a rá le roinnt acu nach féidir coigilteas a chailliúint mar gheall ar an gcosaint ag Coimisiún na hEorpa ar taiscí suas go dtí €100,000. Is cuma. Nílid ag éisteacht. Táid scanraithe. Tá an iomarca le cailliúint. Tá scaoll ar dhaoine toisc gur chuala siad ó amadáin éigin, a bhfuil trust acu orthu, go raibh rith ag tarlú.

Tá an scaoll seo an-chontúirteach. Agus ní féidir liom a chreidiúint an méid scaoill atá le fheiceáil ar dhaoine ciallmhara!
Caithfear an rialtas, agus daoine amhail gobharnóir an Bhainc Cheannais teacht amach le ráiteas soiléir a chuirfeadh an pobal ar a shuaimhneas.

Tharla an rith ar na bainc ag lucht gnó idirnáisiúnta an tseachtain seo caite, ergo an IMF anseo inniu.
Agus anois tá an cuma air go bhfuil rith ag tarlú ar choigiltis an ghnáth-Éireannaigh! Ach ní léir domsa cén sórt scála a bhfuil sé ag tarlú.

Dé Céadaoin, Samhain 17, 2010

M2010.11.12



Preasráiteas ó Pháirtí Cumannach na hÉireann

"I ráiteas a eisíodh ar 17 Samhain iarrann an CPI ar an bpobal oibre, agus ar an gcéad dul síos ar an eagraíocht a mhaíonn go seasann sí leo, is é sin gluaiseacht na gceardchumann, cur i gcoinne na mbeartas atá an tAontas Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a chur orthu agus a chuirfidh amach anseo."

M2010.11.11

Dé Máirt, Samhain 16, 2010

M2010.11.10

Bhí mé ag éirí paranóideach inniu, nuair a bhíos sa bhanc i nDumhach Thrá níos luaithe chonaic mé bainisteoir an bhainc ag amharc ar an scuaine agus cuma eaglach buartha air!
Cheap mé, ag breathnú air, go raibh sé buartha faoi dhaoine ag tógáil airgid amach le cur i mbainc eile, cinn níos sábháilte! Tá a bhanc dócmhainneach, go huile is go hiomlán, a smaoinigh mé liom féin, cén fáth nach mbeadh a leithéid ag tarlú?!
An raibh eolas sa bhreis aigesean nach raibh agamsa a bhí mar ábhar buartha dó? a cheistigh mé.
B'fhéidir go bhfuil an ceart ag mo chairde a gcuid coigiltis a bhogadh amach as na bainc Éireannacha chun bainc eachtrannacha? Na cinn siúd le grádú níos fearr a chinntíonn sábháilteacht níos fearr an dtuigeann tú.
An bhfuil an rith ciúin sin ag tarlú sna bainc agus ag bailiú nirt mar a mhaíonn roinnt tráchtairí eacnamaíochta?
An bhfuil coigilteas Brian "an tírghráthóir" Lenihan i mbanc Éireannach fós?

Chuir mé as m'aigne é.
Tá cosaint Eorpach ar fáil do choigiltis chustaiméirí suas go dtí €100,000.
Sin mise clúdaithe gan amhras! Ach is mar gheall ar amhras mar seo a tharlaíonn rith ar na bainc.

Chomh maith leis sin tá cúrsaí na tíre le cúpla lá anuas ag spreagadh an-chuid amhrais i measc an phobail.
An bhfuil na bainc le thrust lenár gcuid coigiltis?
An bhféadfaí brath ar an IMF ó thaobh na bainc agus coigiltis?
Agus arís, agus arís eile, déanann Fianna Fáil cinnte de nár chóir dúinn muinín ar bith a bheith againn astu. Ag síor-séanadh agus ag bréagadóireacht le linn an deireadh seachtaine nach raibh cainteanna ag dul ar aghaidh faoi bheart tarrthála eatarthu féin agus an Banc Ceannas Eorpach/IMF, nuair a bhí sé soiléir ó thuairiscí sna meáin eachtrannacha go raibh. Ba é an radharc de Bhert agus Ernie .i. an tAire Iompair agus an tAire Dlí is Cirt, ag bréagadóireacht go scigiúil ceanndána inné, ba é ceann de na rudaí is dímheasúla a bhfaca mé ó thosaigh an ghéarchéim caipitleachais seo.

Agus sin é, sin an rud is tábhachtaí le cuimhneamh i gcónaí .i. seo géarchéim chaipitleachais.
Is cuma cé chomh dímheasúil agus ar mire a éiríonn Fianna Fáil/an AE ina láimhseáil den ghéarchéim áirithe seo, caithfear cuimhneamh, mar chaipitlithe maithe ní foláir dóibh na fadhbanna a chruthaíonn an córas caipitleachais a bhogadh go dtí an pobal.
Mar ní féidir le caipitleachas a fhadhbanna féin a réiteach gan an córas a scriosadh.
Ní fiú a bheith ag caint faoi athrú rialtais, cultúir agus bunaíocht bhaincéireachta mar réiteach ár bhfadhbanna. Chomh fada agus a mhaireann an galar mairfidh a thinnis.

Rugadh is tógadh i ngéarchéim chaipitleachais mé, mairfidh mé trí ghéarchéimeanna caipitleachais, agus gheobhaidh mé bás le linn géarchéime caipitleachais.

Dé hAoine, Samhain 12, 2010

M2010.11.09

Aréir bhí clár speisialta den Imeall tugtha in ómós do shaol agus shaothar an aisteora Mick Lally, a fuair bás de bharr tinnis ag deireadh mí Lúnasa i mbliana.
Bhí mé thall sa Ghréig ag an am, agus mar sin chaill mé deis cloch a chur ar charn agus m'ómós féin a thaispeáint don bhfear ar an chúinne chiúin seo den idirlíon.

Chas mé leis i mBaile Átha Cliath tráth. Bhí mé ag ligean mo scíth sa Dame Tavern -ag éalú ón tsiopadóireacht a bhí mo chailín ag déanamh- agus ag breathnú ar Chluiche Ceannais Chúige Uladh. Shuí sé síos sin aice liom le breathnú ar an gcluiche freisin, agus bhí roinnt cur is cúiteamh eadrainn faoin gCraobh (as Gaeilge ar ndóigh). Fear uasal lách a bhí ann caithfear a rá.

I ndiaidh an chláir ómós bhí clár ar leith fíor-spéisúil eile bunaithe ar an dráma "Scéalta ó Theach na mBocht". Ina dtaispeánann an Maolallach a chumas iontach aisteoireachta mar an tiarna talún le linn an Ghorta Mhór.
Níl sé suas ar shuíomh TG4 go fóill, le cúnamh Dé beidh sé go luath. Is fiú súil a chaitheamh air má fhaightear an deis.

Déardaoin, Samhain 11, 2010

M2010.11.08

Seachtain ó shin cuireadh sraith blagmhíreanna spéisiúla ar Royal Dutch Shell plc.com faoi rúin Naitsíoch na comhlachta ola is gáis Shell.

Thacaigh agus mhaoinigh Shell na Naitsithe le linn amantaí cinniúnacha i bhforbairt an pháirtí, agus go leanúnach i ndiaidh sin. Chonaic siad sna Naitsithe páirtí a bheadh mar tacú dóibh ina mianta seilbh phríobháideach a fháil ar ghoirt ola na Rúise, agus áiteanna eile san Eoraip.
Ar mo chéad léamh de chonacthas dom go raibh Shell ag leanúint loighic an chaipitlí ina iarracht caipiteal a charnadh agus brabús a chinntiú. Más gá cúpla mhilliún duine a mharú chun an sprioc sin a bhaint amach, bhuel, is cuma! "Sin caipitleachas!"
Ní raibh páirtí níos oiriúnaí ar fáil do chomhlacht mhór phríobháideach ná páirtí faisisteach amhail na Naitsithe.
Mar a mhaígh -de réir cosúlachta, más fíor- an faisistí Iodálach tráth "Ba chóir corparáideachas a thabhairt ar fhaisisteachas toisc gurb é atá ann ná an teacht le chéile de chumhacht stáit agus cumhacht chorparáideach".

Ach ní saint amháin a spreag Shell, de réir mhuintir Uí Dhonnabháin bhíodar frith-Sheimíteach freisin!

Is fiú súil a chaitheamh ar an bhlag.

M2010.11.07

Chruthaigh an lagbhrú -atá ag séideadh anois go fíochmhar san iarthar (bhí tuairisc de ghaoth ag 122km/u i mBéal an Mhuirthead, agus tá rabhadh ann do ghaoth fórsa gála 12!)- chruthaigh sé na coinníollacha cuí cúpla lá ó shin dos na tarraing-isteach-tonnmharcaigh triail a bhaint as áit "nua" le haghaidh an spóirt.

Táid ina dtost faoi shuíomh na toinne. Rud is gnáth le tonnmharcaigh mar, de ghnáth, is daoine an-leithleasach féin-dúghafa iad.
Creideann siad gur leosan an fharraige agus na tonnta a chruthaíonn an aimsir! Níor mhaith leo dá mbeadh a fhios ag éinne eile cá bhfuil an tonn a bhfuilid ag déanamh mór di.
Tá sé mar an gcéanna do thonnmharcaigh uilig, is cuma cén saghas toinne atá i gceist, beag nó mór. Spórt aonarach is ea é agus spreagann sé an saghas meoin sin i measc a bhallraíochta.

Chomh maith leis an miseféineachas rábach ina measc cuireann siad a logainmneacha féin ar na tonnta, nó an áit a bhfuilid ar aon chaoi. Is é Aill na Searrach an sampla is fearr den mheon seo. Sin ainm dúchas an áit, ach cuireann siadsan "Aileens" air!

Déantar mar an gcéanna le gach tonn eile a bhfuil aithne agam air timpeall na tíre. "Pink Rocks" "Blasters" "Lefts"etc agus ar ndóigh an ceann nua seo "Prowlers". Amhail is nach raibh na háiteanna seo ainmnithe le míle bliain anuas ag an gcultúr dúchais.

Ar aon nós, go bhfios dom, tá an ceann "nua" seo lonnaithe 2 mhíle amach ó Mhullach Mór i gcontae Shligigh.

M2010.11.06

(radharc de stoirm Carmán ag 23:30 10/11/10)
Ní stoirm an chéid é, nó hairicín fiú (ní bhíonn hairicíní againn in Éirinn) ach beidh cumhacht i bhfad níos mó ag an stoirm seo i gcomparáid leis an doineann ag an deireadh seachtaine!

Ach cá bhfuil an áiféis agus cacamas óna meáin chumarsáide? Cá bhfuil na míreanna nuachta agus an t-aineolas leanúnach gurb é seo hairicín Tomás!?

Ó, is é, sin é, táid go léir lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus níl radharc acu thar chlaí na Páile, agus beidh an ceann seo ag tabhairt batráil cheart don iarthuaisceart.

Is gnáth-doineann é nuair a tharlaíonn an chuid is measa de san iarthar, ach is "hairicín ón Mhuir Chairib" é má tá gaoth lag éigin san oirthear.

Dé Céadaoin, Samhain 10, 2010

M2010.11.05

"Cad é an scéal?" atá ar na bratacha siúd atá timpeall na cathrach ag fógairt Dubhlinne mar chathair litríochta.
Nuair a fheicim é smaoiním á rá le blas láidir de lucht oibre uasal na cathrach; "Cad é an scéal bud?"
Mar chuid den aitheantas mar chathair litríochta chonaic mé, ar na mallaibh, i leabharlann an Phiarsaigh, bord iomlán leagtha amach romham le leabhair Ghaeilge úr-nua. Bhí boladh úr as na leathanaigh fiú.
Amhail scónaí mo sheanamháthar go díreach as an oigheann, shamhlaigh mé na leathanaigh a bheith te fós i ndiaidh obair an chlódóra.
Gan smál, nó sciorradh pinn an mhic léinn Ghaeilge, nó barr leathnaigh le filleadh cluasach a bhuí leis an duine sin gan leabharmharc, nó rian méara an oibrí ghuail le feiceáil ann fiú. Foirfe dar fia!
B'fhéidir go raibh 10 gcóip ann, nó níos mó.
Searbhlach de Hoilm ag croitheadh láimhe le Searbhlach de Hoilm na Gaelainne .i. an tAthair Pádraig Ó Duinnín, a bhí ar gach ceann acu.
Sárleabhar "Bhiddí", "An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire" a bhí i ngach ceann acu.

Bhí an leabhar léite agam cheana ar ndóigh, ach níor léigh mé leabhar ón leabharlann a bhí chomh ghlan sin ariamh, mar sin bhí sé orm é a fháil.
Tá sé fós ina shárlitríocht dála an scéil.
Cúpla sheachtain ina dhiaidh sin thugas cuairt go dtí leabharlann phoiblí na Rinne. Cad sa diabhal eile a bhí romham ach bord eile leagtha amach le Searbhlach agus an Duinníneach ag croitheadh láimhe arís. Gach ceann úr gan smál neamh-léite, leis!

Dar fia, ach nach bhfuil airgead flúirseach ag lucht litríochta na Gaeilge a bheith ag foilsiú an méid sin cóip de leabhar atá ar fáil cheana, sna leabharlanna céanna?
An bhféadfadh an t-airgead sin a úsáid ar bhealaí níos táirgiúla chun litríocht fíor-nua a spreagadh?

Dé Máirt, Samhain 09, 2010

M2010.11.04

Bhí giolla Mhick O'Leary ag iarraidh a bheith greannmhar ar an raidió tráthnóna, ag cosaint fógra nua Rianaer a dhéanann scig ar Neil Prendeville, agus eisean ag tarraingt ar a easpag os comhair lucht an chábáin le linn turas ó Londain ar eitilt Aerloingeas.

Ní mó ná sásta a bhí urlabhraí ó Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath leis an gcacamas. Ní mar gheall ar an ábhar is dóigh, ach go bhfuil stáisiún raidió ag tabhairt an méid sin bolscaireachta do sheafóid dá leithéid ag an am céanna is atá méadú mór ar líon na ndaoine á n-éigniú i mBaile Átha Cliath amháin. "Tá cúrsaí is ceisteanna níos tábhachtaí agus tromchúisí le plé", agus an ceart aici.
De réir na staitisticí a luaigh sí bhí méadú ar ionsaithe gnéasacha timpeall na cathrach le dhá bhliain anuas. Agus dúirt sí go bhfuil níos mó foréigin le feiceáil sna hionsaithe seo ná mar a bhíodh! Dá bhféadfadh gníomh níos foréigní a dhéanamh!

Scanrúil ar fad.
Agus chuir sí staitistic eile i gcuimhne domh a chuala mé ar na mallaibh freisin.
Is é sin go bhfuil, anois, de réir an taighde is nuaí, foréigean le feiceáil i 90% den phornagrafaíocht atá ar fáil ar an idirlíon!

90%!
Caithfear go bhfuil gaol idir chúlú eacnamaíochta, mhéadú ar úsáid porn ar an idirlíon, normalú pornagrafaíochta i measc daoine óga agus an fhíric go bhfuil foréigean á úsáid mar ghnáthchleachtas i ngeas ag lucht porn....

Dé Luain, Samhain 08, 2010

M2010.11.03

Níor mhian liom a bheith i m'iompróir drochnuachta.
Ach seo chugat é ar aon chaoi, caith siar é!, mura bhfuil sé léite agat cheana.

I ndáiríre níl aon rud ann nach dtuigeann muid cheana, fiú is go ndéantar neamhaird de go minic.
(An bhfuil a fhios agat, is é "neamhaird" an focal is luaithe a thaganns chun cuimhne domh nuair a smaoiním faoin ngéarchéim seo).

Seachas an gnáth tairngreacht dhuairc, an-chruinn, an údair sheas an líne seo a leanas amach domh mar ghné spéisúil:
As ordinary people start to realise that this thing is not only happening, it is happening to them, we can see anxiety giving way to the first upwellings of an inchoate rage and despair that will transform Irish politics along the lines of the Tea Party in America.
D'fhéadfaí, gan mórán dua na samhlaíochta, an tÉireannach a shamhlú ina bhall de ghluaiseacht den eite dheis, ag cur lochta a ainnise ar eachtrannaigh, an rialtas, ar an earnáil phoiblí agus an cháin a íocann sé srl. Seachas ar an gcóras eacnamaíochta, idé-eolaíochta agus coimhlint aicme ina maireann sé.

Tá ceist Luxemburg a reatha is a bhí sí ariamh; sóisialachas nó barbarthacht?

Dé Domhnaigh, Samhain 07, 2010

M2010.11.02

(An doineann mar a bheas sí ag a 9 a chlog anocht)

Ón méid feicthe, cloiste agus léite agam ó na meáin le cúpla lá anuas bheinn ag ceapadh go mbeidh radhairc as an scannán "Arú Amárach" le feiceáil againn timpeall na tíre anocht, agus maidin amárach...

Inné agus arú inné bhí rabhaidh ar na nuachtáin go léir gurb é seo "an doineann is measa a bhuail an tír ariamh" agus go raibh "a weekend of flooding is blowing our way across the Atlantic from Haiti" mar a mhaígh eagarfhocal an IT! Bhí an Indo ag maíomh an méid céanna faoi hairicín Tomás freisin. Hairicín atá ar an taobh eile den Atlantach, laistiar de Bhermuda, mar a scríobhaim dála an scéil!
Le cead don IT cheartaigh siad a dtuairiscí níos luaithe inné ar chomhairle Mhet Éireann.

Sílim gur taispeántas maith na tuairiscí seo sna meáin ar laigí na meáin céanna agus a gcumas an tuairisc is simplí a dhéanamh ar an eolas is bunúsaí.
Is é sin tá gnáth lagbhrú geimhridh ag bogadh isteach, níl aon rud ar leith faoi ó thaobh gaoth nó cumas báistí, ach, tá lán mara ag tarlú ag an am céanna, agus mar sin, tá baol taoide thuile in áiteanna amhail Cathair Chorcaí agus na Gaillimhe etc.

Seachas sin fuair muid áiféis agus míeolas.

Dé Céadaoin, Samhain 03, 2010

M2010.11.01

Comhghairdeas le Pearse Ó Dochartaigh as an bhua san ArdChúirt inniu.
Ní fhéadfaidh Fianna Fáil/na Glasaigh ceart daonlathais, agus cearta bunreachtúla, mhuintir Dhún na nGall Thiar Theas a shéanadh a thuilleadh. (Beidh le feiceáil cad a tharlóidh sna trí dáilcheantar eile ina bhfuil daonlathas á shéanadh).
Anois beidh sé ar an rialtas aontú leis an rún atá le cur os comhair na Dála ag Sinn Féin amárach; go reáchtálfar an fothoghchán i dTír Chonaill roimh dheireadh na míosa seo.
Níl aon dhul as do Fhianna Glas anois.

Beidh na meáin lán le hanailís ar an bhua seo, ar an agóid ag mic léinn na tíre in aghaidh ciorruithe ar oideachas á mbeartú ag giollaí na mbanc Gearmánacha, agus, gan amhras, an foréigean gan gá a d'úsáid na Gardaí ar na mic léinn lasmuigh den Roinn Airgeadais inné!

Beag an baol faoin gceann deireanach sin!

Lasmuigh den na rudaí sin is fiú súil a chaitheamh ar óráid mhac Uí Dhochartaigh faoi cad ba chóir dúinn a dhéanamh leis na hEastáit Sí/tithe folmha. Agus an chaoi a bhfuil Fianna Fail ag teacht i bhfóirithint ar na forbróirí/bainc (NAMA) lena mbeart léasa sóisialta, seachas iad a cheannach anois, ag praghas an-an-an-íseal go deo, ar son tithíochta sóisialta.

Is éard atá ann ná an 6 nóiméad is fearr a d'fhéadfaí a chaitheamh os comhair ríomhaire. Óir ní thiocfar ar a leithéid agus tú os comhair teilifíse, nuachtáin nó raidió.


Aguisín: Bhíos ag breathnú ar Nuacht TG4 anocht, agus n'fheadar an raibh Eimear Ní Chonaola ag magadh, ar bhealach, ach chuir sí an cheist ar sheanadóir Ó Dochartaigh an gcreideann sé go raibh sé "beagáinín mífhreagrach ag tabhairt faoi chás cúirte mar seo agus an tír faoi bhrú ollmhór, súile an domhain agus na hEorpa orainn agus coimisinéir na hEorpa Olli Rehn le cuairt a thabhairt orainn" i gceann seachtaine.

Bhí sé ait má bhí sí ag magadh! Agus bheadh sé níos aistí fós má bhí sí ag iarraidh a bheith dáiríre!