Dé Céadaoin, Meán Fómhair 29, 2010

M2010.09.13

Ag roghnú creidimh, cuid a trí.

Dé Máirt, Meán Fómhair 28, 2010

M2010.09.12

Seans go raibh an grianghraf seo thíos feicthe agat cheana, tá sé éirí víreasach mar a déarfá. Tá aghaidh lucht an idirlín ar an gcnuasach ina bhfuil sé. Taispeánann sé oibrí ag siúl amach as a hionad oibre, monarcha a dhéanann páirteanna le haghaidh Apple, HP agus Dell.
Suiteáladh na heangacha ar thaobh an fhoirgnimh chun stop a chur leis an méid daoine a bhí ag léim amach as an monarcha seo, agus monarchana eile dá leithéid, ag iarraidh lámh a chur ina mbás féin.

Agus nuair a chonac an ceann seo smaoinigh mé ar an toirt faoi cad atá ag rá ag an Mharxach, Cumannach agus fealsamh Slavoj Žižek faoin sórt caipitleachais, dar leis, atá i ndán dúinn.
Tá an stát leasa marbh a mhaíonn sé ina leabhar nua, nó beidh sé ar aon nós. Ní féidir leis leanúint ar aghaidh laistigh den chaipitleachas atá i bhflosc foréigneach faoi láthair.
Is éard atá i gceist leis an "stát leasa", nó stát daonlathach caiptileach a thugann cosaint áirithe leasa dá phobal ó chaipitleachas. Cosaint faighte ag an lucht oibre féin trí gníomhú díreach.

Tá an ghéarchéim eacnamaíochta atá ag dul ar aghaidh inniu ag tabhairt an deis is fearr ariamh do lucht caipitil an córas "a fheabhsú", a gcumhacht a láidriú agus "éifeachtúlacht an chórais a mhéadú" .i. tuarastail a ísliú, dúshaothrú ar son brabúis a mhéadú, an timpeallacht a thruailliú agus seilbh ar chaipiteal a dhaingniú níos mó etc etc.

Taispeánann an tSín dúinn an saghas caipitleachais a oibríonn go héifeachtach agus atá níos dinimiciúla, le dúshaothrú níos táirgiúla nó is féidir le caipitleachas i dtíortha a chleachtann daonlathas buirgéiseach a bhaint amach.
"Caipitleachas le luachanna Áiseacha" a thugtar air nó i bhfocail eile "Caipitleachas Údarásaíoch"

Agus cén cuma a bheas ar dheireadh an stáit leasa? Tá an baol ann go bhfeicfidh muid féin go luath, shroich ár ráta bannaí 10 mbliana 6.8% ar maidin.

Dé Domhnaigh, Meán Fómhair 26, 2010

M2010.09.11

Thugas cuairt inniu ar Theampall Barr le breathnú ar an taispeántas grianghrafadóireachta "Cumhacht agus Pribhléid" sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta.

Cnuasach measartha spéisiúil atá ann de ghrianghraif tógtha ag lucht na cumhachta .i. Lucht an Tí Mhóir idir na blianta 1858-1922.
Tá an cur síos ar gach grianghraf as Gaeilge agus Béarla, rud a chuir go mór leis an sult a bhain mise as.
Cheap mé go raibh an grianghraf leis an bheirt thuas as Cluain Broc na Gaillimhe an ceann is spéisiúla den taispeántas. Nó aon cheann ina raibh Gaeil (oibrithe) le feiceáil ann.
Ag déanamh staidéir ar a gceannaithe chonacthas domh go raibh níos mó le léamh orthu .i. scéal sclábhaithe na himpireachta, Gaeil Ghalldaithe, Mic Mhíle faoi chois, teanga dhúchais á tréigean. Go háirithe i gcomparáid le grianghraif a máistrí. A raibh fuar agus leamh, dar liom.

Mar a dúirt mé cheana bhí an cur síos do na grianghraif ar fáil go dátheangach, ag míniú cad a bhí ann, nó cé, cén áit ina raibh siad agus cathain ar tógadh é.
Rith sé liom, á léamh, go mbeadh sé go breá cur síos níos dáiríre agus polaitiúla a fheiceáil faoi ghrianghraif na dtiarnaí talún agus a dteaghlaigh.
Mar shampla; "Seo teaghlach saibhir Dillon, bhíodar saibhir toisc gur dhúshaothraigh siad a dtionóntaí le híoc as an gcaighdeán maireachtála ard a chleacht siad. Agus chun íoc as fadhb chearrbhachais an mac is sine sa chlann chomh maith. D'ardaigh an teaghlach céanna cíos na dtionóntaí gach bliain, leis. Ansin dhíshealbhaigh siad, go foréigneach agus gan trócaire, na teaghlaigh nach raibh in ann íoc as, go háirithe le linn an Ghorta Mhóir inar cailleadh cúpla sráidbhaile iomlán de theaghlaigh Ghaelacha.
Easpórtáladh níos mó bí ná aon am eile i stair an eastáit le linn na tréimhse céanna"

Rud éigin polaitiúil a spreagann machnamh níos doimhne ná "nach deas na gúnaí a chaith siad".
Rud éigin cosúil leis an ealaín seo.

Dé Sathairn, Meán Fómhair 25, 2010

M2010.09.10

Cúpla rud a léigh mé, nó a chuala mé, le cúpla lá anuas ó lucht caipitil a chuir idir iontas is alltacht orm.
Tagann na rudaí seo le rabhadh sláinte. Bhraith mé féin mo bhrú fola ag ardú i ndiaidh a léamh.
Ach sílim gur fiú aithne a chur ar an namhaid agus a mheon i do leith.

Ag labhairt di ar cheist faoi airgead poiblí d'ospidéil poiblí san Iarthar, agus ise ag oscailt leathnú nua €100m ar Blackrock Clinic (clinic príobháideach!) i mBaile Átha Cliath, dúirt Mary Harney "níl airgead sa bhreis againn le cur isteach in iarthar na hÉireann" ag cur leis sin ag rá go raibh ar "chách a bheith ag maireachtáil laistigh dá mbuiséid"

Is dóigh go raibh a fimíneach caillte ar an Thatcherach.

Dúirt Peter Sutherland cathaoirleach Goldman Sachs (!) inné go mbeadh sé ar an rialtas "níos mó ná €3 billiún a ghearradh ón bhuiséad" i mbliana.
Thug cathaoirleach BP, Sutherland, rabhadh "nach raibh aon rogha eile ann" ach teacht i bhfóirithint ar Anglo agus a shealbhóirí bannaí.

Cén fáth go bhfuil éinne ón dream coirpeach Goldman Sachs agus BP ag cuir comhairle ar fáil dúinne agus ag léachtóireacht do phobal na hÉireann faoi chúrsaí eacnamaíochta?

Mhaígh Brian Lenihan inné go raibh "feabhsú iontach i ngeilleagar na tíre"! In ainneoin na bhfíricí.
Dúirt sé go raibh "Easpórtáil ag fás. Tá leabhair ordaithe nua ag méadú agus muinín ghnó ag feabhsú go mór mór. Tá teacht isteach cánach ag socrú síos, tá caiteachas poiblí faoi smacht"
D'iarr sé ansin ar na meáin gan a bheith diúltach faoi staid an gheilleagair toisc go raibh na margaí idirnáisiúnta ag breathnú orainn! .i. d'iarr sé ar na meáin gan a bheith ag déanamh tuairisce ar na fíricí eacnamaíochta agus teip pholasaithe Fhianna Fáil/na nGlasach.

Cúpla uair a chloig roimhe sin bhí sé ag maíomh go raibh an euro faoi "ionsaí comhbheartaithe" toisc go raibh costas iasachta na tíre seo ag méadú.

Níor labhair an fear ciall ariamh agus bhí mearbhall agus aineolas air go minic, ach is léir anois go bhfuil sé imithe as a mheabhair ar fad.

Tá an iomarca díobh ann ón taobh eile den Atlantach chun ceann amháin a phiocadh amach, ach seo ceann acu ar aon nós.

Bhí sé i gceist agam roinnt Gimpeáil a dhéanamh ar na híomhánna thuas, le srón muca a chur orthu agus cuma na muc ó Animal Farm a chur in iúl, ach is léir go bhfuil an próiseas sin tosaithe cheana agus níl aon ghá leis an athrú saorga.

Dé hAoine, Meán Fómhair 24, 2010

M2010.09.09

Chuir Liz an cheist "cad é an Clárach" atá crochta ina thulach dhonn os cionn Sráid an Mhuilinn?

Tháinig mé ar ghrianghraf de a thóg mé ó Mhuisire Mór:
Is é Clárach an sliabh cruinn beag san atá ar chlé.
Luíonn Sráid an Mhuilinn go díreach faoina bhun. Sa cheann seo thuas tá an baile féin clúdaithe le ceo a bhí ina luí ar Dhúiche Ealla an maidin úd.

Sa cheann seo thuas tá Clárach le feiscint, i lár an ghrianghraif, leis An gCathair Bhearnach ar thaobh na láimhe clé de.
Bhí an ceo scaipthe ó Shráid an Mhuilinn faoin am seo agus is féidir roinnt den bhaile a fheiscint.

M2010.09.08

Mhaígh Einstein gur gealtacht atá ann a bheith ag déanamh an rud ceannann céanna arís agus arís eile agus a bheith ag súil le torthaí éagsúla.

Maím féin gur gealtacht é a bheith ag cur ciorruithe i ndiaidh ciorruithe ar an gheilleagar baile, ag teacht i bhfóirithint ar bhainc mharbh, ag cruthú an comhlacht réadmhaoine is mó ar domhan le hairgead an phobail, ag sá do chloigeann ramhar sa ghaineamh maidir le dífhostaíocht de arís is arís eile agus a bheith ag súil le torthaí éagsúla fós! Agus ansin, locht crapadh leanúnach an gheilleagair a chur ar "ionsaí comhbheartaithe" ar an euro....

...agus ag glacadh fós gan cheist leis an gcóras eacnamaíochta agus a idé-eolaíocht lofa!

Déardaoin, Meán Fómhair 23, 2010

M2010.09.07

M2010.09.06

Irish economy faces double dip recession a mhaíonn ceannteideal in alt sa nuachtán Sasanach An Gardaíon.
Ach chun titim ar ais i gcúlú arís ní foláir teacht amach as ar dtús!
Níor tháinig muid as an gcúlú ar feadh soicind fiú.

Tá OTN .i. an geilleagar baile seo againne, ag tosnú ar a thríú bhliain as a chéile i mbun crapadh, gan stad nó staonadh.
Tháinig cuid mhaith de thíortha eile na hEorpa as an gcúlú beagnach bliain ó shin. Níl polasaithe Fhianna Fáil/na nGlasach i bhfeidhm acu an dtuigeann tú .i. ciorruithe, ciorruithe níos mó ciorruithe agus sábháil sealbhóirí bannaí i mbanc marbh Fhianna Fáil!

Dá dtitfeadh geilleagar amhail an Ghearmáin arís d'fhéadfá a mhaíomh ansin go raibh cúlú de chliseadh dúbailte ann.
Ach in Éirinn is éard atá ag tarlú ná spealadh.

An Spealadh Mór Éireannach.

M2010.09.05

D'eisigh Comhairle na NA um Chearta an Duine tuarascáil aréir a fhaigheann Iosrael de shárú ar chearta daonna agus gur bhris sé an dlí nuair a d'ionsaigh a shaighdiúirí an cabhlachán cabhrach ar a bhealach chun Gaza i mí Bhealtaine i mbliana.
"Thaispeáin sé leibhéal do-ghlactha brúidiúlachta" agus "gur sárú tromchúiseach de dhlíthe cearta daonna agus de dhlí daonchairdiúil idirnáisiúnta a bhí ann".
"Tá an-fhianaise ann tacú le hionchúisimh sna coireanna a leanas laistigh d'alt 147 de Choinbhinsiún na Ginéive: dúnmharú; céasadh; ag cur pian go toiliúil nó ag gortú colainne agus sláinte"

Cáineadh nach beag atá ann mar sin, amhail is go raibh sé ag teastáil uainn le tuiscint go raibh dlíthe cearta daonna briste acu go brúidiúil neamhthrócaireach ar an oíche úd.
Mar sin, an rud is spéisiúla anois faoin scéal ná an chaoi ar tuairiscíodh agus ar thuairisceofar é. Thug Mediabite.org faoi deara ar an toirt an saghas tuairiscithe a bhí an Irish Times ag déanamh. Agus mar is dual don nuachtán sin feidhmíonn sé mar "Oifigí Caidrimh Phoiblí" ar son rialtas Iosrael ag tosnú an ailt faoin tuarascáil le preasráitis cháinteacha agus séanadh!
Faigheann na NA Iosrael i mbun sárú ar chearta daonna agus tosaíonn an Irish Times an chéad 4 paragraf san alt ag cur claonadh frith-Iosraelach i leith na NA um Chearta an Duine, polaitiú agus antoisceachas freisin!

Teanga na cumhachta arís.

Dé Céadaoin, Meán Fómhair 22, 2010

M2010.09.04

Cheap mé go raibh cartún tuillte ag an gcaint seo go léir le dhá lá anuas sna meáin maidir lenár ráta bannaí.
Ach chuimhnigh mé nóiméad ó shin go raibh ceann déanta agam cheana siar i mí na Bealtaine i mbliana. Féach thuas.

Ag an am sin rith ár gcostas iasachta ó lucht gaimbín idirnáisiúnta suas go tréan dtí 5.5% ar bhannaí 10 mbliana!
Is beag plé a bhí sna meáin ina leith ag an am. Bhí sé "soláimhsithe" an dtuigeann tú.
Níor tháinig aon athrú ar pholasaithe an rialtais ó shin, mar sin, an tseachtain seo bhain ár gcostas iasachta 6.7% amach ag pointe amháin. Go dtí gur tháinig an Banc Ceannais Eorpach isteach, arís, ag ceannach bannaí gan mhaith dár gcuid, ag laghdú ár gcostas iasachta, beagán, go dtí 6.3%.

Cad a chiallaíonn sé sin, bhuel, dar le Mac Uilliam; "leanfaidh an BCE ag tacú le bannaí Éireannacha dá dhonacht an damáiste a dhéanann na polasaithe do gheilleagar na hÉireann. Is cuma gur fásach a bheas i ngeilleagar na tíre, chomh fada agus a leantar ar aghaidh ag íoc ár bhfiacha agus ag comhlíonadh na bpoll sna bainc le hairgead an phobail Éireannaigh."

Dé Máirt, Meán Fómhair 21, 2010

M2010.09.03

Táim ag súil go mór leis an gclár seo amárach; 1916 - Seachtar na Cásca.
Maíonn an blurba ar shuíomh TG4 go "léiríonn an tsraith an éagsúlacht a bhain lena bpearsantachtaí agus riarann an t-aistear a thug le chéile iad mar cheannairí ar an imeacht chinniúnach seo i stair na hÉireann."

Sílim go bhfuil roghnú aisteoirí maith déanta ag na scannánóirí/léiritheoirí don seachtar. Tá tuilleadh grianghraf des na carachtair le feiceáil ar Fésbúk, anseo.
Tá cruth iontach orthu, agus na radhairc araon. Tá an "gunner eye" ag an bPiarsach fiú!



Ach lasmuigh den stíl galánta, agus nuair a chonaic mé an fógra ar dtús, rith sé liom go mbeadh díomá orm leis an gclár toisc gur annamh a léirítear i gceart an saghas sóisialachais, Gaelachais agus an poblachtachas a spreag an seachtar siúd le dul i mbun gnímh.
Agus tá tábhacht nach beag ann inniu an fhís shóisialach sin a fháil ar ais chun machnamh agus spreagadh a thabhairt d'aicme oibre na tíre.
Tá sé níos tábhachtaí fós toisc gurb é seo an chéad sraith theilifíse faoin Éirí Amach a léireodh le beagnach caoga bliain, mar a mhínítear ar an mblurba.

Níl ach nóiméad ó shin, chonaic mé cé go díreach atá ag scríobh don tsraith .i. Aindrias Ó Cathasaigh! :)
Cuirfidh mé mar seo é, bheinn billiúin uair níos muiníní agus sásta as cumas Uí Chathasaigh sóisialachas Uí Chonghaile a chur in iúl dúinn ná mar a dhéanfaidh Joe Duffy ar RTÉ!

Dé hAoine, Meán Fómhair 17, 2010

M2010.09.02

Ó Annála Uladh, bliain an domhain 841:

Longport oc Linn Duachaill asar orta tuatha & cealla Tethbai.


le linn 842:

Orggain Cluana M. Nois o genntibh di Linn Duachail.

agus aois an domhain 851:

Tetact Dubgennti du Ath Cliath co ralsat ár mór du Fhinngallaibh & coro shlatsat in longport eitir doine & moine. Slat do Dubhgenntib oc Lind Duachail & ar mor diib.

Is é sin le rá:

Longfort ag Linn Duachaill inar ndearnadh creach ar thuatha agus chealla Tethbae.

agus

Mharaigh gintlí ó Linn Duachaill lucht Chluain Mhic Nóis.

agus

Teacht Dubh-ghintlí go hÁth Cliath, dhein siad ár mór ar FhinnGhallaibh agus sléacht ar an longfort idir dhaoine agus mhaoine. Rinne na Dubh-ghintlí slad ar Linn Duachaill, agus ár mór díobh.

Bliain an domhain 2010, tháinig Éireannaigh ar Linn Duachaill agus suíomh an sladta ar Áth na gCasán

Dé Luain, Meán Fómhair 13, 2010

M2010.09.01

Tá an méid sin rudaí ann ar mhaith liom scríobh fúthu toisc nár scríobh mé faic le tréimhse sách fhada, sílim go bhfuil mo chloigeann ar tí pléascadh dá bharr!

Táim róghnóthach faoi láthair na smaointí a bhreacadh síos ach le cúnamh Croim beidh seans agam go luath.
Idir an dá linn cheap mé gurbh fhiú an t-alt thar a bheith iontach seo ón Guardian a léamh maidir le Veiniséala agus na tuairiscí eacnamaíochta a bhí cloiste agat go dtí seo.
Ní bolscaireacht agus aineolas go dtí na meáin iartharach!
Agus mar a mhaíonn an t-údar más mian leat nuacht chothrom fhírinneach a fháil, bíodh sin faoi Veiniséala nó níos cóngaraí don bhaile, ní mór duit feidhm a bhaint as an idirlíon.