Dé Luain, Eanáir 31, 2011

M2011.01.24

Tugadh faoi deara le cúpla lá anuas an scéal mór á dhéanamh sna meáin chumarsáide faoi na seirbhísí idirlíne amhail Twitter agus Facebook mar uirlisí na ndaoine chun na réabhlóidí sa Mheánoirthear a eagrú agus chun daoine a ghríosú chun gnímh.
Ní bheadh leath den scéal fiú ar eolas ag an éisteoir dá gcreidfeadh sé an míniú simplí sin ar an phleanáil, agus cúiseanna, lasmuigh den éirí amach.
Is toradh an t-éirí amach seo de stailceanna an lucht oibre agus agóidíocht mhic léinn thar na blianta fada.
Mar gheall ar pholasaithe eacnamaíochta an IMF faoi réimse an deachtóra Ben Ali tharla réabhlóid sa Túinéis ag cur an lasair sa bharrach, agus ag tabhairt an mhisnigh don lucht oibre san Éigipt amhlaidh a dhéanamh agus gníomhú dá réir.

Foilsíodh ar shuíomh idirlín an Atlantic lámhleabhar rúnda na n-agóideoirí, go hamaideach i ndáiríre, roimh agóidí móra an Aoine seo caite.
Is léir go gcreideann na réabhlóidithe go bhfuil contúirt ag baint le úsáid Twitter agus Facebook, agus mar sin tá níos lú tábhacht lena ról sa réabhlóid thar mar atá na meáin chumarsáide ag rá.

Bíodh an cinneadh roinnt leathanaigh an lámhleabhair a fhoilsiú roimh na hagóide ciallmhar nó nach mbíodh tá an leathanach faoi éilimh na ndaoine i mbun gnímh níos tábhachtaí ná na míniúcháin fhéin faoi conas agóid cliste a dhéanamh.
Saghas forógra atá ann.

Is éard atá uathu ná rialtas neamh-mhíleata ar son na ndaoine (rialtas atá lasmuigh de chumhacht SAM), saoirse, ceartas, deireadh leis an réimse deachtóireachta Mubarak ar ndóigh.
Agus "riaradh cuiditheach d'acmhainní na hÉigipte go léir".
Tá an t-éileamh deireanach sin sách teibí ar bhealach, ach ó mo léamh de, ní chiallaíonn sé gur mhian leo leanúint le dearcadh nua-liobrálach an deachtóra agus a thacadóirí airgeadais .i. níor mhian leo acmhainní na hÉigipte a fheiceáil i láimhe mionlaigh saibhir a thuilleadh. Beidh siad i seilbh na ndaoine as seo amach.

In ainneoin seo tá na teachtaireachtaí le cloisteáil ó na meáin le cúpla lá anuas ag díriú níos mó ar an Bhráithreachas Moslamach, agus a ról fíorbheag ann, an baol d'fholús cumhachta agus, ar ndóigh, an gá le haghaidh idirthréimhse síochánta ó cheannaire amháin go dtí ceannaire eile a thagann le pleananna eacnamaíochta agus polaitíochta an Iarthair sa réigiún.
Chomh maith leis sin is iomaí "saineolaí" ar chúrsaí na hÉigipte a chuirtear os ár gcomhair, ach is beag réabhlóidí Éigipteach a chuirtear faoi agallamh.
Tá na claontaí le feiceáil cheana fhéin.

Gan amhras ar bith beidh impleachtaí dearfacha i ngeall ar na himeachtaí thall le dhá mhí anuas, go domhanda agus go logánta. Ach tá rud éigin a dúirt an Francach Jacques Lacan -lena dhaltaí a bhí i mbun agóide i bPáras i 1968- ag rith thart i mo chloigeann; "Mar réabhlóidithe, is gealta sibh atá ag éileamh máistir nua. Gheobhaidh sibh ceann."

7 comments:

Fearn said...

Maithan fear, a dhubhaltach.

Sliocht fíorspéisiúil uait inniu!

Mise Áine said...

@ 'Is éard atá uathu ná rialtas neamh-mhíleata ar son na ndaoine (rialtas atá lasmuigh de chumhacht SAM), saoirse, ceartas, deireadh leis an réimse deachtóireachta Mubarak ar ndóigh.'

Go n-éirí leo!

aonghus said...

Ach cén fianaise atá againn gurbh é seo lámhleabhar lucht éirí amach chor ar bith? Tá amhras orm go bhfuil aon eagraíocht taobh thiar de seo, seachas dreamanna éagsúla a bhfuil a uair tagtha.

Ach tá breis amhrais orm faoin eolas teoranta atá ar fáil dúinn!

Is cinnte go bhfuil ról éigin ag an idirlíon san scaipeadh eolais - ar an dá thaobh.

Ach maidir le cruinneas an eolais, sin ceist eile!

Cad é an nath sin faoin fhírinne a bheith ina chéad íospartach sa chogadh?

Agus caolseans go bhfaighidh an Éigipt cead a cinn; ró lárnach san Meán Oirthear.

Dúinne d'ar gcuir é Baradei, pé scéal é - feidhmeannach de chuid na NA le fada.

aonghus said...

Dála an scéal b'fhearr "cliste" seachas intleachtúil thuas.

Dubhaltach said...

@:"Tá amhras orm go bhfuil aon eagraíocht taobh thiar de seo, seachas dreamanna éagsúla a bhfuil a uair tagtha."

Seo agallamh le hÉigipteach faoi chúlra na réabhlóidithe ag tosnú thart ar 2005 le stailceanna móra an lucht oibre.
Ach gan amhras aon uair atá cur le chéile den lucht oibre ar scála ollmhór náisiúnta mar seo bíonn dreamanna éagsúla i gceist.

Dubhaltach said...

Agus ón chainéal céanna seo seo anailís suimiúil ar cad a chiallaíonn na réabhlóidithe seo do phleananna an Iarthair sa réigiún.

Dar léi táid ag lorg daonlathas díreach.

Anonymous said...

Ró-áisiúil! Is dócha go tdearna gníomhaireacht fhaisnéise le bheith i gceannas ar an agóid é. Ní chaillfidh Zbigniew Brzezinski, George Soros, et al. an Éigipt mar fhostát. Agus coinnigh súil ar Mhohamed ElBaradei.

http://www.crisisgroup.org/en/about/board.aspx

Executive Committee
George Soros
Chairman, Open Society Institute

Mohamed ElBaradei
Director-General Emeritus, International Atomic Energy Agency (IAEA); Nobel Peace Prize (2005)

Senior Advisers
Zbigniew Brzezinski
Former U.S. National Security Advisor to the President