Dé Luain, Meitheamh 30, 2008

M2008.06.10

Aois domhain, bliain seo na nGaimbín, dhá mhíle is a hocht.
Scannán aicsin fuilteach is ea an scannán nua Wanted ón stiúrthóir Rúiseach Timur Bekmambetov (níor chuala mé faoi ariamh roimhe ach an oiread)
Tosaíonn an scannán leis an sórt éifeachtaí speisialta nach mbeadh as áit sna scannáin Matrix. Agus is cinnte go mbeidh uisce ar theanga an duine le spéis sa leithéid de scannán ag breathnú ar an radharc oscailte.
Faraor, ní éiríonn leis an scannán an buaicphointe aicsean sin ón chéad radharc a fhorbairt nó a leanúint, agus teipeann air go tubaisteach ina dhiaidh sin.

Tá an scannán bunaithe timpeall an smaoinimh go bhfuil buíon rúnda fheallmharfóirí chumhachta in ann piléir a chasadh timpeall ballaí, le croith tapaidh den lámh!
Agus seachas na héifeachtaí speisialta a bhaineanns leis an rud neamhréadúil seo ní féidir a rá go bhfuil aon mhaitheas sa scéal, seachas b'fhéidir an chaoi ina bhfuil an príomhcharachtar Wesley Gibson (James McAvoy) míshásta ina phost leadránach.
Gan ag dul ró-domhain sa script -agus sílim gur seo ceann dena scripteanna is measa a bhfaca mé ariamh- seo a leanas an scéal:

Faigheann feallmharfóir bás, ag lámh fheallmharfóir eile.
Tá leadrán ar mo dhuine (croithleán ceart) ina phost.
Téann an bhuíon rúnda fheallmharfóirí ar a thóir chun é a shábháil, is é mac an fheallmharfóra mairbh.
Téann an feallmharfóir, a mharaigh an feallmharfóir eile, ar a thóir freisin, chun é a mharú.
Tá sé ag iarraidh é a mharú óir is é mac an fheallmharfóra mairbh agus tá an cumhacht chéanna aige (is a bhí ag a athair) a chroíráta a ardú go 400 buille per nóiméad. Ligeann an bua seo dó an domhan timpeall air a fheiceáil i mallghluaisne...

...ba chóir dom stopadh ansin, ar eagla go mbeadh suim ag duine éigin (a bhreathnaíonn ar an mblag seo) é a fheiceáil.
Ach caithfidh mé é seo a rá, i measc na rudaí a fhaightear amach sa scannán foghlaimíonn muid faoin gcóras atá ag na feallmharfóirí chun a dtargaidí a aimsiú! Seol is ea é! Seol nó Loom as Béarla.
Faightear ainmneacha na dtargaidí ón fuáil a dhéanann an seol draíochta seo.
Baineann an seol draíochta seo úsáid as cód dénártha chun na hainmneacha a thaispeáint. Snáithe thar na snáitheanna eile = 1, Snáithe faoi na snáitheanna eile = 0.
1 0 1 0 0 0 1 0 1 = Seafóid

Wanted: 5 as 10.

M2008.06.09

Sadhbh Ní Chonchúir den chorp binn
rós is áille ar Mhá Fhinn,
ceann dubh álainn mar oidhreacht
leicne is báine sa gcríoch.

Ó shíol uaisle a cine bhreá
Síol gConchubhair na sleá,
ainnir álainn le cruth caomh
'sí an bhean is áille riamh.

'Stóir mo chroí a mhacaoimh mná
níl bean eile leis mo ghrá,
'mhná mo chroí den dea-mhéin
creid mo scéal is ná creid bréag.

Dé Céadaoin, Meitheamh 25, 2008

M2008.06.08

Aois Chríost 2008, ón tréimhse caite agam sa bhfíorGhalltacht -Baile Átha Cliath, Duibhlinne- thug mé faoi deara nach gcreideann muintir an cheantair seo i bpiseoga, ar chor ar bith.
Níl an easpa creidimh i bpiseoga bunaithe ar a gcreideamh Caitliceach nó Críostaí, ach is dóigh go bhfuil sé bunaithe ar a dtuiscint eolaíochta nó a ndearcadh neamhoscailte fiú, agus ar ndóigh toisc nach bhfuil nósanna seanbhunaithe nó leigheasanna traidisiúnta acu a thuilleadh.

Bhuail mé le cúpla chara as an bhfíorGhalltacht le haghaidh cúpla dheoch le déanaí, tar éis cúpla pionta dúirt duine acu -duine A, abraimis- go raibh borrphéist (Ringworm) ar a chos:

Duine B: Cad é sin?
Mise: Ionfhabhtú fungasach atá ann, nach ea?
Duine A: 'Sea, fungasach atá ann, níl aon phéist ann ar chor ar bith.
Duine B: Uafásach... ionfhabhtú fungasach!

Mise: Taispeáin dúinn é, maith an fear.
Duine A: Seo é!
Duine B: .....!!!

Bhí spota dearg crua aisteach ar a chos.

Mise: An bhfuil aon chógas agat do?
Duine A: Tá, ach ní shílim go bhfuil sé ag obair i gceart.
Mise: Tá mo sheanuncail, uncail m'athair, in ann é a leigheas.
Duine B: Conas?
Mise: Cuireann sé a lámh air ar feadh píosa agus deireann sé paidreacha. Déanann sé comharthaí na croise air ina dhiaidh sin.
Tagann daoine ó gcéin is ó gcóngar chun a leigheas a fháil. Oibríonn sé go han-mhaith de réir dealraimh!
Duine A: Paaaa,Gread leat leis an tseafóid sin.
Duine B: *gáire*
Mise: Nílim ag magadh *gáire*....
'Sé an seachtú buachaill ina theaghlach, agus dé réir na sean-nósanna, bíonn leigheas láidir nádúrtha ag an seachtú buachaill ar bhorrphéist.
Duine A: Ní chreidim é sin ar chor ar bith.
Mise: Ní hé an t-aon duine leis an mbua áirid sin. Deirtear go bhfuil duine eile sa gceantar -an seachtú buachaill i dteaghlach- leis an mbua freisin.
Duine B: Bhuel, sin seafóideach ar aon chaoi.
Mise: Is cuma liom má chreideann sibh mé nó ná creideann. Leigheas seanbhunaithe atá ann, leigheas a oibríonn.
Agus ní shin an t-aon leigheas traidisiúnta amháin atá ann, d'fhreastail mé ar scoil le cailín atá in ann dónna a leigheas.
Duine A: Conas?
Duine B: Conas?
Mise: Lena teanga.
Duine A: *gáire*
Duine B: *gáire*
Mise: De réir dealraimh, tá sé ag dul suas agus síos go hospidéal Beaumont ó gContae Shligigh cúpla uair gach mhí, toisc go mbíonn íospartaigh dóite ag iarraidh a bua.
Duine B: Lena focain teanga?
Mise: Lena focain teanga!
Mise: Níl sí in ann iarratas a dhiúltú, nó caillfidh sí an bua.
Duine A: Cén fáth gur mhaith léi é a bheith aici?
Mise: Má ghlacann sé le hairgead cailleann sé an bua freisin.
Duine B: Mallacht lofa atá ann, ní bua, ag lí strainséirí mar sin... le do theanga.
Mise: Tá bua eile ann freisin, a bhfuil eolas agam air.
Duine A: Lean ort *Gáire*
Mise: Tá iar-chailín mo dheartháir in ann leontaí a leigheas.
Duine A: Tá sibh go léir craiceáilte i Sligeach, an bhfuil a fhios agat é sin, an bhfuil a fhios agat?
Mise: B'fhéidir!

Duine B: Conas is féidir léi leontaí a leigheas mar sin!!?? An teanga arís an ea? *gáire*
Mise: Ní hea, a láimhe agus paidreacha arís.
Duine A: Paidreacha! paaaa
Mise: Nuair a bhí sí óg thógfadh a hathair ise leis le freastail ar na cluichí peile, ar eagla go mbeadh peileadóir gortaithe.
Dá mbeadh duine gortaithe chuirfeadh sí a láimhe ar an leonadh, agus bheadh mo dhuine togha ina dhiaidh.
Duine B: .....!
Duine A: Focain craiceáilte a Chú, focain craiceáilte.

Dé Máirt, Meitheamh 24, 2008

M2008.06.07

Cúis bhróid domsa go dtagaim agus mo mhuintir as ceantar -Leacan Mhic Fhirbhisigh, Tír Fhiachrach- ina raibh Gaeilge scríofa chomh láidir. Tráth!

An dán thuas (cuid de "Iomaí Gabhlán do Chloinn Chuinn") ón Leabhar Mór Leacain:

Fuair Ó Caomháin na gcolg nglas
Inis Crabhann na sreabh sholas
fearann bláith taobh-sholas mar thonn
Ráth na n-aol-doras álainn
'na phort cónaithe dá chlann
gort as choill-buí a chanaim.

Muc Dubh is a Beartrach bláith
fuair Ó Floinn, is cúis saibhris,
curadh nár tláith le troid
brú bláith na Beartraigh.

Ó hImair, nár chruaidh le cléir
ó Leacan an fhearainn fhóid réidh
fear diongbháilte gach duine
an taoiseach malla barr-bhuidhe.

M2008.06.06


Buíon chróga Ghaeil amuigh sa tSead an bhliain seo ag cosaint na daoine bochta ó Dharfuar, Aois Chríost dhá mhíle is a hocht.
400 Óglaigh cróga den 97 cathlán coisithe agus 50 Fiannóglaigh láidir.
Níl daoine ag magadh nuair a deirtear go bhfuil na Gaeil beagáinín ró-smeartha nó scartha amach, dúradh sna meáin go raibh siad ag déanamh patróil ar cheantar atá de mhéid céanna is atá Cúige Mumhan.
Ach níl siad!
Tá siad ag cosaint "ceantair", atá beagnach, den mhéid céanna is atá Éire í féin.

Déardaoin, Meitheamh 19, 2008

M2008.06.05

Seanadóir an Daingin Uí Chúise Joseph John "Joe" mac Joe mhic Mike Uí Toole a labhair an mhí seo faoina "satellite televisions"ag muintir na Gaeltachta ach an easpa cláracha Gaeilge le feiceáil orthu.
Bhí Joe cinnte idirdhealú a dhéanamh idir "zealots or fascists" na Gaeilge agus eisean féin mar an t-aon duine ag iarraidh polasaí uile-oileáin a fhorbairt don Ghaeilge!

Ach é sin go léir ráite tá moladh agus meas mór tuillte ag an seanadóir as ucht a chuid oibre ag troid ar son na teangan agus na moltaí teilifíse a chuir sé faoi bhráid an tSeanaid inné.

Dé Céadaoin, Meitheamh 18, 2008

M2008.06.04

Chuala mé faoin margadh leis an Diabhal roimhe, ach aréir rinne mé margadh le Dia, ós rud é nach bhfuil fonn orm a bheith ag déileáil le cleasaíocht an drochdhuine.
Dúirt mé leis/léi, dá mbuafainn an Lottó anocht -an €14 milliún go léir- go dtabharfainn €4 milliún de do charthanas Éireannach.

Margadh maith sílim, beidh le feiceáil an n-oibríonn sé anocht.
Le cúnamh Dé.

Déardaoin, Meitheamh 05, 2008

M2008.06.03

Lá dá raibh Oisín mac Fhinn
ar a chaoi in Éirinn úir,
do chonaic chuige sa ród
Taoiseach mór ar a léim lúidh.

Chas ár laoch a chúl ar Bhriain
ceist dhian níor theastaigh uaibh,
fén gConradh sin os a chomhair
ábhar duairc a raibh cruaidh.

Brian
As an mBus a tháinig sé
ag rith a bhéal gan imní,
"Cá seasann tusa mac Fhinn
sa reifreann is tábhachtaí?"

Oisín
"I do chonradh níl mo spéis
is níor léigh mé na sonraí,
a rí na Féinne gan chrá
fág uaim do dhrochcháipéisí."

"'Daonlathaí mé 'Thaoisigh mhóir
fáilte fhuar atá agam,
don bheart seo atá i gcruth
frith-dhaonlathach, ní thagaim."

"Leathbhilliún gan seans gan ghlór
éagóir dá gcrá a bhraithim,
athrú ainm ar bhunreacht
ag imeacht seans mo bhráithre."

Brian
"Feabhas mór atá i gceist
agus leis sin a gheallaim,
beidh againn Eoraip níos fearr
'fear ionraic mé, ní fheallaim."

Oisín
"'Bhriain mhic Ber mhic Chris Uí Chomhain
tusa amháin a thrustaim,
ach ar seo ní mór dhom 'rá
na ráflaí seo ní chreidim."

M2008.06.02





Leas na hÉireann? nó Leas na hEorpa? Vótáil Tá!
Sin í an cheist, agus athróidh ár seasamh todhchaí na hEorpa, na hÉireann agus an Domhain.

M2008.06.01

Seachain an té a bhaineanns úsáid as an nath cainte "bedfellows"