Déardaoin, Eanáir 20, 2011

M2011.01.14

(brú le méadú)
An féidir le duine a bheith ag súil le malairt slí agus feabhsú, ó thaobh na polaitíochta agus eacnamaíochta de, más rud é go bhfuil sé ag malartú polaiteoirí den idé-eolaíocht pholaitíochta agus eacnamaíochta céanna gach cúig bliana?

Táim ag léamh leabhar iontach faoin Ghaeilge i measc na bhFíníní sna Stáit faoi láthair; "Fíníní Mheiriceá agus An Ghaeilge" le Fionnuala Uí Fhlannagáin.
Bhain sé miongháire searbh asam nuair a léigh mé an méid seo a leanas ó pheann duine darbh ainm Micheál A. Figheadóir i 1880:
"Ní fheicim aon dithfir air bith eidir an chuideachta Republicánach agus an chuideachta Democratach; tá an dís truaillighte, agus is le na banncéaraibh agus le na banna-shealbhadóiridh iad, agus tá siad riaghailighte leo"

Tá sé ag caint go díreach ar chúrsaí polaitiúil sna stáit sna 1880daí, ach tá an ghné seo de pholaitíocht na ngaimbíní lárnach timpeall an domhain, agus is léir, trí na haoiseanna chomh maith.

6 comments:

Fearn said...

Tuigim duit!

Ní hionann athrú agus dealramh athraithe!

Is maith liom an cartún!

aonghus said...

Tacaím le rún Fhirn.

Is measa fós rudaí abhus, gan oiread na fríde difear idir na páirtithe, agus an oireachtas coillte ag córas na fuipeanna.

ormondo said...

"Plus ça change, plus c'est la même chose."
Jean-Baptiste Alphonse Karr

Dá mhéad a athraítear is ea is mó a fhantar mar atáthar.

Dubhaltach said...

Níor thaitin an nath sin liom ariamh, agus ní de bharr an ró-úsáid amháin. Bhí tréimhse ann ag tús na géarchéime go raibh an nath le cloisteáil agus le léamh cúpla uair in aghaidh an lae!
Cuireann sé in iúil, domhsa, nach fiú an streachailt ar son athrú fiúntach.

"Plus ça change"! Ach níl aon rud ag athrú ach am féin, go háirithe ó bhreac mo dhuine na focail siúd síos. Fágtar an córas mar atá.
Sin agat Gael i 1880 ag caint faoi pholaiteoirí caipitlíocha atá i bpóca na mbaincéirí agus sealbhóirí bannaí! Seo muid inniu ag caint faoi na rudaí ceannann céanna. Moins ça change, plus c'est la même chose

Dennis King said...

Tá difríochtaí suntasacha idir an dá pháirtí abhus anseo in dhá réimse:

1) cúrsaí cultúrtha: ginmhilleadh, gunnaí, posadh, inimirce, etc.

2) ceisteanna cánacha agus caiteachais agus ról an railtais i bhfeabhsú an tsaoil

ACH... tá pócaí doimhne ag na wankcéirí et al. agus is féidir leo beagán dá gcuid saibhris a íoc le polasaíthe atá fabhrach leo a cheannach.

Fearn said...

Tagaim leat, a dhubhaltach.

Ní maith liom an nath mar "alt fealsúnachta". Chuirfeadh sé in iúl nach fiú dua a chaitheamh le aon rud: díomuachas.

Tá nath eile ann: ní buan aon rud ach an t-athrú. Nach fiú an t-athrú a stiúradh ar ár dtairbhe?