Dé Céadaoin, Meitheamh 30, 2010

M2010.06.25

B'fhiú rud éigin a rá sula dtosaíonn an bholscaireacht ("chasamar cúinne", "tá beartais déine Fhianna Fáil ag obair i gceart" etc.) faoin nuacht ar maidin go bhfuil an geilleagar "ag teacht as cúlú", go teicniúil!
Ar dtús b'fhiú dom a rá go bhfuil áthas an domhain orm go mbeadh rudaí ag feabhsú, ach níl aon mhaitheas dúinn a bheith ag sáinniú ár gcloigne sa ghaineamh agus a bheith ag glacadh leis nó ag creidiúint an "casadh" a chuirfear ar an scéal go raibh fás in OTI na tíre sa cheathrú a d'imigh tharainn. Go díreach mar a tharla ag deireadh 2009!
Is fiú cuimhneamh freisin, sula gcloiseann muid an cacamas, go raibh fás bliantúil i 9 mbliain de na 10 mbliana le linn na h80daí!

Is cuma faoi OTI do mhuintir na tíre, tá an fás seo ann mar gheall ar bhrabús príobháideach na gcomhlachtaí móra ilnáisiúnta atá lonnaithe anseo. Bíonn brabúsaíocht éasca ar fad do chomhlachtaí móra i dtír ina bhfuil ráta cánach corparáide an-íseal go deo an dtuigeann tú.
Ní rachaidh an brabús sin ar leas Éireannach, agus ní rachaidh an brabús seo ar leas na tíre ar chor ar bith; ní íocfaidh sé tuarastail bhanaltraí, ní thógfaidh sé scoileanna agus ní feabhsóidh sé bóithre etc.
Tá OTN (olltáirgeacht náisiúnta - an táscaire is oiriúnaí do gheilleagar na hÉireann) ag titim arís. Tá dífhostaíocht ag fás. Tá tuarastail ag titim. Tá iasachtú ag titim. Tá infheistíocht ag titim as aill. Tá imirce ag méadú. Tá caiteachas ag laghdú. Cónaíonn muid sa dara tír is costasaí san Eoraip. Is ionann fiacha gan srian na bhforbróirí/na mbanc agus fiacha s'againne etc etc.

In ainneoin seo tá saibhreas príobháideach ag fás go rábach, agus sin go díreach atá le feiceáil againn sna huimhreacha is déanaí ón Phríomhoifig Staidrimh. Fás i mbrabús de €2 billiún le bliain anuas do chomhlachtaí eachtrannacha in Éirinn le bheith beacht.
Bhí alt an-mhaith ag Uinsionn de Brún sa SBP ag an deireadh seachtaine ag taispeáint cé chomh míchothrom is atá an dáileadh saibhris nua seo timpeall an domhain.
"Ach ní dhéanfaidh aon duine acu (ceannairí na G20) trácht don áiféis shoiléir go bhfuil, le linn géarchéim eacnamaíochta domhanda, saibhreas airgeadais an domhain ag fás agus ag cúngú i dtreo mionlach"
Mar a mhaíonn sé i gceart ina dhiaidh sin tá muid gafa ag an tuiscint go bhfuil sé seo inghlactha agus gur toradh é de gheilleagar saormhargaidh naofa. Ní féidir cur as don ghné seo gan a bheith ag cur as don gheilleagar domhanda mar a thuigeann muid inniu é.

Cá bhfuil an díospóireacht faoi seo?

M2010.06.24

Cad a bhí á chaitheamh acu nuair a chruthaigh siad an físeán seo thíos?! Níl sé uaimse ar aon chaoi!!
Chuala mé an t-amhrán i gceist aréir agus cheap mé go raibh sé an-"trippy"ar fad. Feictear dom gur cheap na cruthaitheoirí físeáin an rud céanna, agus go rabhadar ar na ribí le haghaidh inspioráide!

Ach, an gcuireann sé leis an amhrán nó an mbaineann sé as?

Níl mo thuairim meáite faoi sin go fóilleach....ach táim ag claonadh i dtreo go mbaineann sé as don amhrán.



Oibríonn sé níos fearr gan an "droch-thuras"

Dé Máirt, Meitheamh 29, 2010

M2010.06.23

Mar is dual dó tá alt den chéad scoth scríofa ag Noam Chomsky maidir leis an bhagairt ón Iaráin dar le rialtais an Iarthair, daonlathas sa domhan Moslamach agus dúnghaois Impiriúil sa Mheánoirthear.
Is cúis iontais dom cén fáth nach féidir linn a bheith ag súil lena leithéid de léargas cruinn fírinneach ó na meáin in Éirinn maidir leis an gcaidreamh idir An Iaráin agus Iosrael/SAM!

Cén fáth sin?
Cad é faoin fhírinne a chiallaíonn go bhfuil sé deacair teacht uirthi?
Cad é faoin fhírinne nach mian leis an móraimh aird a thabhairt uirthi?

The study (Military Balance 2010) makes it clear that the Iranian threat is not military. Iran’s military spending is “relatively low compared to the rest of the region,” and less than 2% that of the US. Iranian military doctrine is strictly “defensive,… designed to slow an invasion and force a diplomatic solution to hostilities.” Iran has only “a limited capability to project force beyond its borders.” With regard to the nuclear option, “Iran’s nuclear program and its willingness to keep open the possibility of developing nuclear weapons is a central part of its deterrent strategy.”

Though the Iranian threat is not military, that does not mean that it might be tolerable to Washington. Iranian deterrent capacity is an illegitimate exercise of sovereignty that interferes with US global designs. Specifically, it threatens US control of Middle East energy resources, a high priority of planners since World War II, which yields “substantial control of the world,” one influential figure advised (A. A. Berle).

Tá an t-alt sách fada agus tuigim gurb é seo ré órga de neamhord easnamh airde, ach is fiú é a léamh.

Dé Luain, Meitheamh 28, 2010

M2010.06.22


Troideanna fuilteacha chun báis, briseadh cloigne, doirteadh inchinne, dícheannadh, scoilteadh cloigne, briseadh cnámha, fear-éigniú, tógáil drugaí, baintear putóg, briseadh muineál, feall... ach tá siad go léir déanta go healaíonta!
Tá cuma iontach uaigneach scanrúil ar An t-Eilean Sgitheanach agus na Garbhchríocha ina scannánú an ceann seo. Valhalla Rising atá i gceist agam.
Mhúscail mo spéis é a fheiceáil inné nuair a luaigh Dennis léirmheas ar an scannán; "Mesmerizing ... A trippy nightmare of savage poetry burning slow across bleak and otherworldly landscapes,”

Seo ceann a mbeidh gráin nó grá agat air. An saghas scannáin a mbeidh stádas cult aige. Is dóigh gurbh é sin an fáth ar cuireadh go díreach chuig DVD é, ní bheidh aghaidh na ndaoine air.
Tá an scéal bunaithe timpeall sclábhaí balbh le súil amháin, darbh ainm Súilamháin! Cuireann na Béarlóirí Gaelacha ó Albain an sclábhaí "One-Eye" ag troid in aghaidh laoch eile i gcomórtais chun báis. Ní féidir an trodaí balbh a bhuaileadh. Tá osréalachas ag baint leis agus tá cumas aige an todhchaí a fheiceáil, tugann an cumas seo treo dó ó thús go deireadh.

Tá go leor leo laigí ag baint leis an scéal ach sílim go mbeidh aghaidh daoine áirithe air de bharr an chaoi a bhfuil sé scannánaithe nó stiúrtha chun íomhánna agus atmaisféar a chruthú.
Is fiú cuimhneamh freisin gur scannán sci-fi é ag deireadh na dála, scannán sci-fi ealaíonta.
Thaitin sé agus níor thaitin sé liom. Uaireanta bhraith mé nár thuig na scannánóirí cén saghas scannáin a bhí idir láimhe acu. Mar shampla, níl ciall nó réasún le hainm an scannáin féin. Tá an cuma ar teideal an scannáin gur thosaigh sé amach mar scéal faoi Lochlannaigh ach d'athraigh siad é chuig scéal faoi sclábhaí gan chúlra in Albain, a théann ar crosáid le Críostaithe foréigneacha. Crosáid a théann amú de bharr "cheo draíochta"!

Is rud maith gur tháinig an ceann seo amach go díreach ar DVD, óir níor mhaith liom €21 a chaitheamh orm féin agus ar mo chailín é a bhreathnú sa phictiúrlann.
Ach is fiú €5 é ó shiopa DVD.

Dé Sathairn, Meitheamh 26, 2010

M2010.06.21

Inné chuir mé roinnt dathanna ar íomhá de cheithearn ón ghreanadh adhmaid a thugtar "Irish Chieftains" air chun tuiscint níos fearr a fháil ar fhaisean na nGael roimh Ghalldú iomlán na tíre.

Tuigim nach mbíonn ciall nó praiticiúlacht ag baint le gach rud atá faiseanta, ach is deacair dom na muinchillí fada ar an léine Ghaelach a thuiscint!
Tá an cuma orthu go bhfeidhmeoidís mar bhac in aghaidh laoich le linn catha. D'fhéadfá óglach an brat a fhágáil ina dhiaidh, ach muinchillí ón léine ag dul síos go dtí a ghlúine nó a shála, sin scéal eile.

Bheadh sé spéisiúil laoch Gaelach gléasta suas le seaicéad nó ionar leathair/olla gearr donnrua agus léine fhada bhuí le filleadh beag a fheiceáil faoi lán seoil.
An mbeadh cuma níos mó agus scanrúla air de bharr na muinchillí móra? Na sciatháin mhóra bhuí siúd! Agus a ghruaig stothallach fhada a bheadh an-chosúil le gruaig shúgánach na Rastafarí mar a thuigeann muid inniu í!
Spéisiúil gan amhras, n'fheadar an aithneoinn mo shinsir!

Mar chomhtharlú nuair a bhíos sa siopa DVD aréir chonaic scannán nua darbh ainm Valhalla Rising (Ní shílim gur scannán maith atá ann, chuaigh an ceann seo go díreach chuid DVD)
Ar chlúdach an scannáin bhí claíomh a thug mé faoi deara ar an toirt.
Bhí cos an chlaímh beagnach mar an gcéanna ag claíomh mo dhuine sa scannán is atá ag an nGael sa ghreanadh adhmaid ó 1544.

Déardaoin, Meitheamh 24, 2010

M2010.06.20

De réir dealraimh rinne an Sasanach John Derrick an chéad tagairt do chruicéad i 1550.
Tá meas air agus ar a scríbhneoireacht ag staraithe Sasanacha dá réir.
Ar ndóigh chruthaigh sé na híomhánna sin d'Éire níos déanaí ina shaol.
Níl a fhios agam an bhfuil sé ráite cheana ach gach uair a fheicim Ó Cualann i gCill Mhantáin smaoiním faoi na híomhánna sin d'Éire a chur sé le chéile i 1581.
Go háirithe an chéad íomhá sa chnuasach.
Níl aon amhras má chaith Derrick tréimhse in Éirinn cúpla bliain níos déanaí agus é níos óige go gcaithfeadh sé an chuid is mó dá am laistigh den Pháil. Níl aon amhras mar sin dá mbeadh sé ann ar ghnó na Banríona chun eolas a bhailiú go dtabharfadh sé cuairt ar an teach mór i gCúirt an Phaoraigh ar imeall na Páile. Bhí teach mór ann ó 13ú aois ar aghaidh.
B'fhéidir gur chaith sé seachtain, cúpla seachtain, nó mí ann... Chiallódh sé sin go mbeadh radharc díreach aige ar Ó Cualann i gcéin chuile mhaidin.
Agus é ar ais arís i Sasana i ndiaidh a thuras timpeall na hÉireann d'iarr sé ar ealaíontóir sliabh stuacach a chruthú, agus thug sé roinnt treoirlínte dó bunaithe ar a chuimhne (nó b'fhéidir gur chruthaigh sé na híomhánna féin).
Sin an toradh a fheicimid san íomhá thuas.

Feicim féin Ó Cualann sa chéad íomhá dá chuid ar aon nós!
Is sliabh ar leith é a sheasann amach ón timpeallacht máguaird.
(Ó Cualann ó Bhinn Dá Charraig os cionn Gleann Chuilinn, brú le méadú)

(Ó Cualann ó Chúirt an Phaoraigh)

Agus más radharc de Ó Cualann atá ann ó imeall na Páile is ionann is cinnte gur Fiach mac Aoidh Ó Broin atá sa Taoiseach Gaelach sin san íomhá.
Nach ea?

Má chaith Derrick tréimhse i gCúirt an Phaoraigh, nó i mBaile Átha Cliath is cinnte gur chuala sé na maithe móra ó Shasana ag caint go laethúil faoi Bhranaigh sna gleannta máguaird, os iad na Gaeil is láidre agus is contúirtí do na coilínigh Túdarach nua atá suite i scread asail do Ghabhal Raghnaill. Bheadh scéalta ag dul thart faoi táinte ar imeall na Páile agus ionsaithe leanúnacha ar phlandálaithe ó cheithearnaigh.
Beag an baol go bhfaca sé Ó Broin go díreach mar atá san íomhá ach is cinnte gur smaoinigh sé faoi i ndiaidh na scéalta faoi na Gaeil neamhshibhialta a chloisint.
Barbaraigh dhainséaracha gan chultúr a chónaíonn sna sléibhte fiáine a bhí á dtimpeallú, ag taibhreamh a bhrionglóidí.

Cén fáth nár luaigh sé ainm an Taoisigh atá san íomhá mar sin?
Luaigh sé Mac Suibhne, Ruairí Óg Ó Mórdha, Toirdhealbhach Luineach Ó Néil etc!

Is dócha nár luaigh sé Fiach Ó Broin toisc go raibh an Gael mór áirithe seo fós ina sheasamh go daingean i nGleann Molúra.
B'ósais is tearmann de Ghaelachas i gCúige Laighean Críoch Uí Bhroin, le filí móra ag teacht ó gach cúinne na tíre chun an Taoiseach agus a mhuintir a mhóradh .i. Eochaidh Ó hEoghusa, Fearghal Óg Mac an Bhaird, Tadhg Dall Ó hUiginn, Aonghus Mac Daighre Ó Dálaigh.
Bhí an cultúr dúchasach Gaelach i mbarr a réime faoi Fhiach, cultúr ársa saibhir a raibh gráin ag ciníochaí amhail Derrick air.
Agus is fiú a chuimhneamh freisin nuair a d'fhoilsigh sé na híomhánna bhí Fiach mac Aoidh i ndiaidh cath clúiteach Gleann Molúra a bhuachan in aghaidh arm Shasana.

Saghas bolscaireachta atá san íomhá seo mar sin, bhuel, bolscaireacht atá i ngach ceann acu is dóigh liom. Ach seo an saghas bolscaireachta nach ndéanann tagairt don namhaid atá in uachtar.
Tugtar cruachadh cártaí (card stacking) ar an teicníc bholscaireachta seo

M2010.06.19

"Naoi naonúir de mhaithe na Féinne a chuaigh amach ar airde na mbeann os cionn na mara thoir. Bhí Fionn é féin ag siúl ar a gceann agus Goll ag teacht ina dhiaidh. Chonaic siad an iomad bárc ag teacht chun na trá ó thuaidh, fiche céad long Lochlannach ag seoladh sa chuan ghleannach. Tarraingíodh isteach céad long ar gach scairbh agus tógadh sárphubaill sróil don slua."
Sin thuas sliocht as scéal Éachta Ghoill, ón leabhar Sheanchas na Féinne, ag míniú teacht Mánais Mhóir mac Rí Lochlann go hÉirinn mar a chonaic na Fianna é ó bheann os cionn na mara thoir.
Níl aon amhras i m'aigne gur Binn Dá Charraig atá go díreach os cionn chuan Bhaile Átha Cliath atá i gceist sa "bheann" sin.
Chuaigh mé ar thóir an radhairc seo ag an deireadh seachtaine brothallach grianmhar a bhí againn.
Tá sé éasca fiche céad long Lochlannach ag seoladh sa chuan a shamhlú ó bharr an bhinn, le radharc fairsing timpeall na cathrach agus an chuain araon ó thuaidh. Tá céadta bád beaga timpeall Dhún Laoghaire agus na longa móra ag teacht is imeacht as calafort Bhaile Átha Cliath ar a mbealach go Dubhghlas agus Dún San Cybi.

Tá Binn Éadair le feiceáil uaibh freisin ar ndóigh, an áit a raibh:
"Ráighne Róda mac Fhinn agus Caol Cróga mac Criothainn ag coimhéad cuain i mBinn Éadair. Thit an dís ina gcoladh agus is é a mhúscail iad tormán an bháid á tharraingt isteach ar an tráigh ghealghainimh"
An oirthear faoi ionsaí leanúnach ag saint na Lochlannach!

Seo thíos an radharc Gimpeáilte ón charn ar bharr an bhinn. Tógtha ar fhón póca .

(Brú le méadú)
Rinne mé leagan Gimp de toisc gur mhaith liom smáil na haoise seo a bhaint ón radharc (an túr os comhair Bhinn Éadair etc). Ionas go mbeadh an sórt radhairc a bhí ag Fionn agus na Fianna agam.
Seo thíos an grianghraf gan Gimp déanta air:

Tá uirlis iontach ar fáil le Gimp chun na hathruithe móra seo a dhéanamh. Resynthesizer/Heal Selection a thugtar air.
Bhí mé in ann na túir raidió a scriosadh gan dua, agus an cosán a chlúdach go han-éasca ar fad leis an mbreiseán seo.
Photoshop ag déanamh mór den fhíric go bhfuil an rogha sin ar fáil ar a bhogearra anois (ag costas mór!). Ach tá ceann ag Gimp le fada an lá agus saor in aisce leis!

Dé Céadaoin, Meitheamh 23, 2010

M2010.06.18

Ní fhaca mé an méid seo ó Pháidí Ó Lionáird i Gaelscéal an tseachtain seo caite go dtí aréir.
Agus níor mhaith liom é a ligean tharam gan rud éigin a rá.

Bhí sé ag tuairimíocht faoi cé acu atá ag gáire anois ar dhroim na coimhlinte cumhachta i bhFianna Gael.
"Tá gliondar ar Éamon Gilmore toisc go bhfuil éacht stairiúil bainte amach aige mar cheannaire ar pháirtí an Lucht Oibre – an chéad uair riamh ag an bpáirtí a bheith chun tosaigh ar cheachtar de na páirtithe eile i stair an stáit.
Tá ceisteanna nach bhfuil freagartha fós ag Gilmore áfach. Baint le heagras poblachtánach agus a ról ann? An bhfuil solas lae curtha idir é féin agus aon rian de smál aige? Nó an é nach bhfuil éinne sásta é a cheistiú?"
Anois n'fheadar an iarracht é seo chun ainm Éamon Gilmore a mhilleadh agus beag a dhéanamh de dhul chun cinn an pháirtí? Nó an aineolas lom atá i gceist?
Is dóigh liom gur blaisín den dá rud atá ann!
Dá mbeadh tuiscint dá laghad aige faoi Pháirtí na nOibrithe .i. na "Sticks" nó na "Stickies" agus ról beag Gilmore ann ní déarfainn go bhféadfadh sé é sin a rá. Ach ar an lámh eile b'fhéidir go dtuigeann sé nach raibh páirt ag Gilmore in aon ghrúpa míleatach agus ba mhaith leis ainm Gilmore a mhilleadh trí aineolas dhaoine eile?
Creideann daoine an méid a léann siad má thuigeann tú leat mé, sin an fáth go bhfuil an focal scríofa chomh cumhachtach.

Ar an mbonn sin is dóigh go n-oibríonn sé más é sin a bhí sé ag iarraidh a bhaint amach.

Amaideacht Uí Lionáird i leataobh agus gan a bheith ag dul ró-dhomhain siar ar an stair is féidir a rá gurb é an fhírinne gurb iad na ráflaí óna gaimbíní sna meáin chumarsáide go raibh "Grúpa B" (.i. Óglaigh na hÉireann) fós gníomhach an fáth (nó fáth amháin ba chóir a rá) go dtréig De Rossa, Gilmore agus Rabbitte Páirtí na nOibrithe chun Páirtí an Daonlathais Chlé a bhunú. Ag cumasc le Páirtí an Lucht Oibre cúpla bliain níos déanaí i ndiaidh sin.
Fíric is ea é seo a dhéanann bréag ar an toirt d'aon chomhcheilg mhíleatach phoblachtánach nó ról diamhair neamhfhreagartha ar pháirt Mhic Giolla Mhir ó pheann Pháidín.

Tá níos mó faoin scéal sin sa leabhar a tháinig amach anuraidh The Lost Revolution: The Story of the Official IRA and the Workers’ Party
B'fhéidir ba chóir do Pháidí bocht a obair bhaile a dhéanamh sula gcuireann sé cacamas mar seo ar phár arís?

------Aguisín déanach------

Déarfainn go bhfuil cúis leabhail ag Éamon Gilmore in aghaidh Gaelscéal i ngeall ar an alt seo a dhéanann clúmhilleadh nach beag ar a ainm.

Agus is fiú a chuimhneamh faoi cás leabhail a chuir Proinsias De Rossa in aghaidh an Sunday Indpendant toisc gur scríobh Eamonn Dunphy alt i 1999 ag maíomh go raibh a fhios ag De Rossa mar bhall de Pháirtí na nOibrithe go raibh Óglaigh na hÉireann i mbun gníomhachtaí mídhleathacha. Bhuaigh De Rossa an cás agus fuair sé £300,000

M2010.06.17

Is é "slándáil an tsoláthair fuinnimh" agus "athrú aeráide" na focail is mó a bheas i mbéal mhuintir an domhain i gceann 40 bliain, nó níos lú. I ndáiríre ba chóir go mbeadh sé i mbéal gach mac máthar ar domhan cheana.
Tá pleananna ag gach tír ar domhan ina leith i ngeall ar eagla roimh chostas ola is gáis agus cé chomh daingean is atá na foinsí fuinnimh etc.
Tá "Plean Gníomhaíochta an AE um Shlándáil agus Dhlúthpháirtíocht Fuinnimh" ag an Aontas Feidearálach s'againne maidir leis an slándáil fuinnimh cuid de. Agus tá "Fóram na Mórgheilleagar ar Shlándáil Fuinnimh agus ar Athrú Aeráide" ag na Stáit Aontaithe faoin dá ghné.
Thug an tSín $20 billiún do Veiniséala mar infheistíocht ina dtaiscéalaíocht ola a chinntíonn a soláthar fuinnimh go ceann 30 bliain.
(Samhlaigh ar feadh soicind cad a d'fhéadfaimis a dhéanamh le hinfheistíocht de €22 Billiún mar sin? An méid airgid s'againne atá imithe amú ar Anglo go dtí seo!)
Don AE ciallaíonn "slándáil fuinnimh" fuinneamh slán gan a bheith spléach ar na Rúisigh. Do SAM is éard atá i gceist ná fuinneamh atá slán óna spleáchas ar "fhoinsí sceimhlitheoireachta"!(Nílim ag magadh faoi sin, b'shin an sórt cacamais a deireann a bpolaiteoirí maidir le tíortha sa Mheánoirthear a bhfuil siadsan ag déanamh coilíniú orthu le haghaidh a n-acmhainní fuinnimh. Ní aineolas go polaiteoir poblachtánach SAM!)

In Éirinn táthar ag súil go mbeidh Eirgrid in ann an eangach leictreach a fheabhsú agus a mhéadú faoi dhó timpeall na tíre. Tá siad ag déanamh na bhfeabhsúcháin seo leis an infheistíocht de €4 Billiún ionas (Samhlaigh ar feadh soicind cad a d'fhéadfaimis a dhéanamh le hinfheistíocht de €22 Billiún, an méid airgid imithe amú ar Anglo go dtí seo!?) go mbeidh muid ceangailte le heangach na Ríochta Aontaithe le haghaidh slándála agus go bhféadfaimis fuinneamh ár n-acmhainní nádúrtha san iarthar a úsáid .i. cumhacht na dtonn, na gaoithe.
Tá an comhlacht Éireannach Tonn Energy (Gaeilge) i rás le comhlachtaí eile san AE chun cumhacht na dtonn a úsáid go héifeachtach. Tá dul chun cinn nach beag i ndán dúinn más féidir leo an infheistíocht a chinntiú. Níl aon amhras faoi, déanfaidh siad é, agus le heangach nua leictreach ó Eirgrid timpeall na tíre beidh 40% agus níos mó dár gcuid fuinnimh ag teacht as foinsí in-athnuaite Éireannacha roimh 2020.

Ar ndóigh tá comhlachtaí eile ann nach bhfuil an saineolas faoi fhoinsí in-athnuaite acu, tuigeann na comhlachtaí seo gual agus gás agus ola. Agus mar gheall ar an bhuairt chéanna faoi shlándáil an tsoláthair fuinnimh tá borradh nua faoi ghás nádúrtha, intíre! Nó gás scealla (wiki Béarla) a bheith níos cruinne.
Tá brabús nua le saothrú ag na caipitlithe!
"As the EU’s main source of gas starts running out, the prospect of an interim energy solution that bridges the gap between the high-carbon oil and gas of yesterday and the renewable carbon-free energy of tomorrow could be here now: shale gas."
Má bhreathnaíonn tú ar an nasc thuas feicfidh tú go leanann an t-alt sin ar aghaidh ag moladh an gháis nua seo, ag caint faoi réabhlóid san Eoraip dá bharr agus ag maíomh go bhfuil taiscéalaíocht gáis athruithe ó bhun go barr buíochas le teicneolaíocht nua darbh ainm "briseadh hiodrálach" (nó hydraulic fracturing/ ‘fracking’ mar a déarfadh fear na Gaeltachta).

Seo an todhchaí gheal! Nach ea?
Ní hea.
Ach is cinnte gurb é seo ár dtodhchaí toisc go bhfuil brabús le saothrú ag an chaipitlí as réabadh beagnach gach tír san Eoraip!

Féach an réamhamharc thíos ó scannán darbh ainm "Gasland" a thaispeánann conas atá "réabhlóid an gháis shealla" ag dul ar aghaidh sna Stáit!



Tá súil agam go mbeidh sé le feiceáil ar theilifís sa taobh seo den Atlantach roimh i bhfad, ach gan an guthú cheezy le cúnamh Dé!

Dé hAoine, Meitheamh 18, 2010

M2010.06.16

Tá seoid tuairimíochta i nGaelscéal na seachtaine seo. Seoid ónár gcara Séamas ón bhlag sin thall.
D'fhéadfaí suí síos leis an gcineál tuairimíochta seo agus lochtanna a aimsiú i mbeagnach gach líne de, go háirithe ina iarrachtaí suaracha frith-Sheimíteachas a chur in aghaidh na cabhrach daonnúil agus clú na ngníomhaíoch a mhilleadh.

Ach ós rud é gurb Aoine atá ann ní chuirfidh mé an t-am amú, agus tá Sasana ag imirt in aghaidh na hAilgéire i gceann cúpla nóiméad, tá stól ard ag fanacht dom trasna an bhóthair agus is dóigh go gcaithfear tacú le foireann éigin chun sult a bhaint as an gCorn Domhanda mallaithe seo.

Seasann an líne seo a leanas amach san alt mar an sórt cleas bolscaireachta a bhfuil a leithéid de dhuine cleachta go maith leis:
"D'inis paisinéirí chabhlachán na síochána (mar dhea) do na saighdiúirí Iosraelacha go mba chóir dóibh dul ar ais go Auschwitz."
N'fheadar cé acu is measa? Mo dhuine as ucht a scríobh nó mo dhuine eile atá i gceannas an nuachtáin as ag ligean an bhréag a chur i gcló go háirithe nuair atá sé admháilte ag an IDF go bhfuil eagarthóireacht déanta acu ar an taifead, cúpla uair!
Tá 3 taifead eisithe acu faoin am seo agus gach ceann acu difriúil ón gceann roimhe.

Gan a bheith ag dul siar ag tochailt suas na hargóintí arís is dóigh go luífeadh do thuairim faoin ráiteas masmasach seo le do mheas faoin IDF nó na gníomhaígh síochána a bhí ar bhord an Mavi Marmara.
Gníomhaígh síochána a shéanann go han-láidir go raibh aon ní dá leithéid ráite acu, agus a mhaíonn go hoscailte go bhfíoróidís é seo dá scaoilfeadh an IDF saor a dtaifead féin a ghoid siad go mídhleathach uathu i bhfarraigí idirnáisiúnta.

Tá anailís níos cuimsithí de na taifid (bhí ceann nua á n-eisiúint ag an IDF chuile sheachtain i ndiaidh na ndúnmharuithe) agus na físeáin féin ón IDF le feiceáil anseo. Is féidir leat teacht ar do thuairim féin faoi bharántúlacht an fhíseáin agus an ráiteas sin.

Gan amhras níl sa bhréag seo ón IDF ach cleas chun aird a tharraingt ón ghníomh gránna s'acusan sa chéad dul síos, agus b'fhéidir chun leithscéal a chruthú do na dúnmharuithe freisin is dócha. Nó mar a dheir mo dhuine:
"Maraíodh roinnt daoine ar an mbád. Féinchosaint agus cosaint a dtíre a bhí i gceist, agus ní bheadh suim ag éinne ann mura mbeadh Giúdaigh i gceist"
Ní féinchosaint é nuair a lámhach saighdiúir duine neamharmtha san éadan ó 45cm, nó faoi bhéal an ghunna san uisinn. Bású a thugtar ar sin.
An sórt bású a chleacht fórsaí na Breataine go tréan sa tuaisceart le "sceimhlitheoirí" nár ghlac le séanadh a gcearta agus brúidiúlacht a gcoilínigh.!

M2010.06.15

Tá an físeán thíos ag éirí víreasach mar a deirtear.
Broidtráth in áit darbh ainm Utrecht san Ísiltír.



Chuirfidís náire orainn! Tá cinn eile ann le broidtráth sa bháisteach agus sa sneachta.

M2010.06.14

Is iomaí uair a chloisfear ó dhaoine go bhfuil gá teacht ar réiteach ar cheist na bPalaistíneach, agus an stát Palaistíneach laistigh nó in aice leis an stát Iosraelach.
Ach ní fhéadfar teacht ar chomhréiteach mura bhfuil an plé bunaithe ar fhíricí, agus feictear domsa go mbíonn plé sna meáin ar an cheist lom ar fhíricí.
Tá muid ró-thoilteanach glacadh le focal an choilínigh.
Ró-thoilteanach glacadh le cumhacht choilíneach ciníoch agus a "cheart" an Phalaistín a choilíniú ar son cine ar leith, nó le bheith níos cruinne ar son creidimh ar leith.
Tá muid ró-thoilteanach glacadh le focal an choilínigh a bhfuil mar pholasaí aige leatrom a dhéanamh ar dhaoine bunaithe ar a gcreideamh.

Ar aon nós. Séanadh cearta, coilíneachas, cinedhíothú, géarleanúint etc i leataobh tá na deich miotas is mó faoi choimhlint Palaistín-Iosrael curtha le chéile go paiteanta, i mo thuairim, ag Jeremy R. Hammond ar FPJ, Mholfainn é a léamh.
Má thuigtear na rudaí seo is deacair domsa a thuiscint (agus táim ag iarraidh é a thuiscint) conas is féidir le duine tacú leis an stát sin!

Agus ar an ábhar de choilíneachas feicim go bhfuil an coilíníoch is mó ar domhan ag déanamh caca go n-eiseoidh WikiLeaks físeán eile de shlad eile a bhí déanta ag a ndúnmharuithe san Afganastáin. Ár Garani atá i gceist sa chás seo. Slad a d'fhág 140 sibhialtach marbh de réir dealraimh, páistí is déagóirí a bhformhór.
(An chéad fhíseán a thaispeánann gníomhartha dhúnmharaithe gránna an choilínigh)

Déardaoin, Meitheamh 17, 2010

M2010.06.13

Sílim go bhfuil áit ar leith tuillte ag Angla-Éireannach ar bharr an scála.
Agus mura bhfuil an banc áirithe sin san áit sin in aigní na nÉireannach ba chóir go mbeadh sé.
Ní fheicfear an €22 billiún sin a chuir an pobal Éireannach isteach sa bhanc go dtí seo ariamh arís.
B'shin an méid a mhaígh go ceanndána ag boic mhóra Angla-É ag cruinniú de choiste an Oireachtais inné.
Cá bhfuil an t-airgead imithe? Chaithfí duine éigin a bheith ag déanamh brabúis as .i. sealbhóirí bannaí .i. infheisteoirí idirnáisiúnta .i. bainc Ghearmánacha etc. .i. Máistrí na Cruinne.
Agus níl sa €22 BILLIÚN seo ach an tús ó thaobh cur amú airgead de ar bhanc Fhianna Fáil.
Tá níos mó caillteanais le teacht. Agus níos mó i ndiaidh sin, agus i ndiaidh sin....
Fiú nuair a bheas mé i mo sheanóir liath beidh mise agus gach mac máthar eile sa tír ag íoc go daor as trí sheirbhísí an-lag agus sochaí briste.

Má chuirtear i gcomhthéacs é.
Tá €22 billiún dár gcuid airgid imithe cheana ar bhanc marbh, curtha amú ar ionad cearrbhachais lucht saibhris, imithe ar a bhfiacha lofa.
Agus tá $20 billiún le híoc ag BP d'íospartaigh as an tubaiste thimpeallachta is measa i stair na Stát Aontaithe. B'shin líon airgid a chur iontas ar dhaoine timpeall an domhain inné i ngeall ar a mhéid!
Agus chuir muide, mar thús, €22 billiún amú ar bhanc amháin nach raibh riamh ina bhanc ceart! Agus nach mbeidh ina bhanc ceart ariamh.
Agus sin roimh NAMA .i. an t-athrú saibhris is mó ar domhan ón ghnáthdhuine go dtí mionlach saibhir i stair an domhain, roimh AIB, roimh EBS, roimh BOI...

Nó má chuirtear ar bhealach eile é.
Tá An Chruinne tuairim is 13 nó 14 billiún bliain d'aois. Dá mbeadh euro againn do gach uile bhliain a bhí ann ó thosaigh An Uile ní bheadh a dhóthain airgead againn don chéad chaillteanas seo ó Bhanc na nGaimbíní.

Ar ndóigh seo costas chun an córas a shábháil agus rudaí a fheabhsú a deirtear linn.
Ach níl aon rud athruithe dá bharr, níl aon rud feabhsaithe le híobairt an phobail ar son pheacaí lucht gaimbín. Tá na bainc ag baint úsáide as na cleasa cearrbhachais chéanna chun brabús a dhéanamh.
Tarlóidh tobthitim agus géarchéim mar seo arís, agus cinn níos measa fós.
Tá sé chomh cinnte sin agus an ghrian ag éirí ar maidin.
Tá sé i nádúr an chórais na rudaí seo a tharlú.

Dé Céadaoin, Meitheamh 16, 2010

M2010.06.12


Sin thuas m'iarracht an teagasc seo don GIMP a leanúint.

M2010.06.11

"Do shláinte a Sheáin", is d'ól an bheirt a shláinte. Ar feadh an lae, agus iad ar deargmheisce ina dhiaidh. Chomh mór sin ar meisce go ndearna Seán cac fliuch ina bhríste! Siopa, bríste nua géine agus isteach sa traein. Leithreas le brístí a athrú. Ní bríste a cheannaigh Seán, ach seaicéad deinim!

Sin thuas m'iarracht litríocht leabhrán lasán a scríobh.

Dé Máirt, Meitheamh 15, 2010

M2010.06.10


Caithfear a bheith ag gáire faoin bpraiseach a rinne "reibiliúnacha" Fhine Gael den dhúshlán ceannaire s'acusan.

M2010.06.09

"Ar a laghad ag teacht as an doirteadh ola seo beidh tuiscint níos fearr ar dhaoine nach féidir linn leanúint ar aghaidh ag sú gach acmhainn dheireanach as gach cúinne iargúlta ar domhan"

Sin thuas mo fhocail fhéin ar an sórt cacamais a chloisim ó bhealaí ón dá thaobh den Atlantach i leith tubaiste dhomhanda ola BP sa mhurascaill. Tá an tuairim bunaithe ar an dóchas gurb as an bpraiseach gan réiteach sin a thiocfaidh tuiscint agus éirím aigne agus feasacht chomhshaoil agus feasacht dhomhanda agus meas timpeallachta etc. Na rudaí maithe sin a ba chóir a bheith againn cheana. Na rudaí ba chóir a bheith mar bhunthuiscint d'aon shibhialtacht a bhfuil féinfheasacht dá ról ar an domhan le hacmhainní finideacha.

D'fhéadfaí na céadta milliún sampla a luaigh chun é sin a bhréagnú. Samplaí ó gach uile chúinne an domhain .i. lománaíocht na bhforaoisí báistí ón Astráil go dtí an Bhrasaíl, nó scriosadh leanúnach dumhcha ar chósta na hÉireann le haghaidh galfchúrsa (Féach thíos) go dtí an rud ceannann céanna ag tarlú thall i Vítneam.

Síor -scriosadh -ídiú -loscadh -tochailt -líonadh -leagadh -draenáil -spraeáil -druileáil ar thóir an t-aon ní a choinníonn an seó millteanach barbarach ag leanúint ar aghaidh, brabús.

Ós rud é go bhfuil an truailliú is nuaí seo i mbéal phobal na Stát Aontaithe is fiú sampla ón tír seo a luaigh mar shampla a thaispeántar nach bhfoghlaimítear aon ní as aon tubaiste -bíodh sin tubaiste thimpeallachta nó eacnamaíochta- nó scriosadh.

I bhfad sular rugadh mise thosaigh an cleachtas uafásach ina mbaintear barra sléibhte!
Is é sin le rá go scriostar sléibhte ina iomláine chun gual a fháil astu, agus leantar ar aghaidh leis an gcleachtas inniu gan gíog nó míog as an móraimh.
Ní dhéantar mianadóireacht a thuilleadh mar tá costas ag baint le pá oibrithe atá ag teastáil chun mianadóireacht a dhéanamh. Mar sin scriostar sliabh agus na gleannta atá ina thimpeall, baintear an gual atá ann, agus déantar brabús breá as an ollscrios.
Seo an gnáth-chleachtas gránna i measc caipitlithe atá ag baint guail óna Sléibhte Apaláiseacha. Tá níos mó na 500 sléibhte scriosta acu faoin am seo, níl aon rud foghlamtha ag an bpobal, agus beidh siad ag leanúint ar aghaidh ag leagadh sléibhte chomh fada agus atá brabús le baint as.
Sa chaoi chéanna leis an doirteadh ola is nuaí leanfar ar aghaidh leis an truailliú agus an bhrabúsaíocht as scrios na timpeallachta. Ní thiocfaidh meas timpeallachta sa chóras caipitlíoch, mar níl brabús le saothrú as meas timpeallachta.

Níos mó eolais maidir leis an ainghníomh anseo.
Íomhánna ó NASA ó 1984 ar aghaidh anseo.
Agus má tá Goolge Domhan agat tá nasc is féidir a íoslódáil anseo
Blagmhír faoi alt a bhí i Science ina leith le déanaí anseo

Dé Luain, Meitheamh 14, 2010

M2010.06.08

Chun leanúint ar aghaidh faoi cad is litríocht ann, nó a bheith níos cruinne cad is dea-litríocht nó droch-litríocht ann, táim chun úsáid a bhaint as an ghléas simplí a mhol Titley .i. mo thuairim féin faoi cad a thaitníonn liom agus nach dtaitníonn.

Táim díreach tar éis An Cléireach le Darach Ó Scolaí a athléamh. Agus táim ag léamh leabhar nua anois darbh ainm Ar Muir agus ar Tír le Michael Mullen (gan a bheith á mheascadh suas le Ar Muir is ar Sliabh le Somers).
Níl aon leid ar chúl nó ar thosaigh an leabhair seo a thugann le fios dom gur leabhar do pháistí, nó fhoghlaimeoirí atá ann. Mar sin glacaim leis mar leabhar do chách .i. léitheoirí atá in ann léamh.
Tá clúdach dáiríre air, in easnamh míniú nó focail níos fearr. Tá na dathanna beagnach mar an gcéanna ag clúdach Ar Muir agus ar Tír is atá ag clúdach An Cléireach.
Scéalta ficsin atá iontu araon freisin, ach ficsean bunaithe ar eachtraí stairiúla a tharla.
Stopann na cosúlachtaí ansin.

Anois chun úsáid a bhaint as mo mhéar, seo chugaibh dea-litríocht ó chéad pharagraf An Cléireach:
Ar chreig crochta os cionn na caschoille a chruinníomar buíon bheag oifigeach is giollaí, hataí leathna fáiscthe anuas ar chloigne cromtha, cruach is leathar ag lonrú faoin ngealach, agus sinn ag labhairt de ghlórtha íslithe. Thoir i mbéal an ghleanna mar a rabhadar an tríú complacht i ngleic fós leis an namhaid bhí an torann lámhaigh imithe i léig, agus ó am go chéile chualamar glórtha sa dorchadas agus fir mná is easláin á dtreorú trí an mbogach fearnóige is sailí cois abhann, nó ag dreapadh aníos faoin gcoillearnach coill is caorthainn chun iad féin a shíneadh amach go traochta ar an maolán glas raithní thíos fúinn.
Agus seo chugaibh an saghas litríochta eile ó chéad pharagraf Ar Muir agus Ar Tír!:
Bhí an caisleán Normannach ar thaobh na habhann. Bhí lúb san abhainn, agus tógadh ansin é fadó. Thaobh thall den abhainn bhí na coillte, agus ag síneadh amach laistiar den chaisleán bhí machaire mín agus na ba ag innilt ann. Ar Néifinn bhí rian an tsneachta fós, agus ar maidin bhí sioc liath ar an talamh. I measc na gcoillte, bhí na plúiríní sneachta ag fás. Bhí an geimhreadh thart. Bhí na huain go meidhreach sna páirceanna, agus bhí an féar ag fás arís.

An gcailltear caighdeán litríochta nuair a scríobhtar rud éigin i mbeagán focal?

M2010.06.07


Siúlóid bhreá fhada a bhí againn timpeall lúb Shliabh Feá. Tiománaí nach n-ólann inár dteannta, agus fonn pionta ormsa i ndiaidh na cnocadóireachta ar lá brothallach grianmhar. Isteach linn chun Cairlinn i ndiaidh na lúibe.
Blúiríní bia, pionta deas lasmuigh sa ghairdín beorach, scíth a ligean.
Sasana in aghaidh SAM ag tosnú ar an bhosca amadáin laistigh. Spéis ag cách an sean-namhaid a fheiceáil ag imirt in aghaidh a sean-namhaid. Isteach le cách, aosta is óg, fir is mná, cóisirí na stumpaí agus na mbáb.
N'fheadar cad é faoin sacar ar an bhosca amadáin ach ní féidir liom breathnú air, ró-leadránach is ea sacar le breathnú i mo thuairim. Is breá liom á imirt, ach ní á bhreathnú.

Agus fiú mura raibh sé lán 90 nóiméad de leadrán tá gné ar leith faoi chluichí sa Chorn Domhanda seo a chuirfeadh fonn éalú ar an leanúnaí is díograisí ar domhan, is é sin an bheach ollmhór atá ar foluain os cionn na páirce!
Beach a chuirtear "Vuvuzela" uirthi.
Séidtear an uirlis uafáis seo gan stad gan staonadh ar feadh 90 nóiméad leadránach!
Rachadh máistir Zen agus a mheabhair ag éisteacht leis an gcallán seo ar feadh 90 nóiméad. Ní bheidh mise ag déanamh amhlaidh i mbliana.


Murab ionann agus cluichí sacair ar an teilifís mholfainn siúlóid Shliabh Feá
(An Donn Cuailgne a shantaíonn Méabh atá sa sliabh seo, mar a thuairimíonn Somers ar a chlár!).
Tá sé éasca go leor mar dreapadh ach fós tá roinnt de na radhairc is fearr ó aon sliabhraon in Éirinn ar fáil uaibh.
Mar gheall ar cé chomh héasca is atá sé, agus caighdeán na radharc atá le feiceáil uaibh, bíonn an tsiúlóid seo an-ghnóthach le linn deireadh seachtaine grianmhar. Nílim cinnte cé acu is gnóthaí Cnoc na Riabh i gcontae Shligigh nó an ceann seo i gcontae Lú?
Agus i ngeall ar cé chomh gnóthach is atá sé tá do bhealach ó thús go deireadh leagtha amach duit ag an gcomhairle contae. Mar sin ní bhraitear ar feadh soicind amháin go bhfuiltear ag siúl ar shliabh iargúlta. Tá comharthaí treo ar fud na háite, greamaithe go deo ar charraigeacha móra anseo is ansiúd.
Rud, dar liom, nach gcuireann le sult na siúlóide ar chor ar bith.
Deirtear gur cuireadh ann iad toisc go raibh chomh mór daoine ag dul amú ar bharr na sléibhte. Ag cnocadóireacht gan léarscáil nó compás nó fios a mbealaí acu!

Dé hAoine, Meitheamh 11, 2010

M2010.06.06

Iontas, agus béal lán oscailte orm ar maidin, agus ansin níos mó iontais le feiceáil go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre an páirtí is mó sa tír dar leis an bpobalbhreith is nuaí san IT. Don chéad uair i stair na Poblachta -a thosaigh mar Phoblacht Shóisialach agus a d'fhás as fís shóisialach- tá páirtí sóisialach chun cinn ar na magairlí gréisceacha den sac buirgéiseach céanna .i. Fine Fail agus Fianna Gall.

Gáire séimh dom féin i ndiaidh a léamh. Níl splanc réabhlóideach na nGael múchta go fóill!
Ar ndóigh níl ann ach pobalbhreith agus is féidir athruithe móra a tharlú idir seo agus lá olltoghcháin, ach nach méanar dúinn an tseafóid a bheas le cloisteáil agus le léamh ó lucht Sindo agus raidió an deireadh seachtaine seo.
Táim chun nós daingean buan do mo chuid a bhriseadh agus an Sindo a cheannach díreach chun snámh i mbuairt agus eagla lucht gaimbín na tíre.
Ó nach bhfuil an schadenfreude binn borb blasta!

Go teoiriciúil, bunaithe ar na huimhreacha seo, d'fhéadfadh rialtas a bheith againn déanta suas de Pháirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, an Páirtí Sóisialach agus Páirtí na nOibrithe.....
Déan dearmad iomlán ar athrú Obama, bheadh athrú mar sin níos stairiúla fós...bíodh is go bhfuil sé beagán anabaí a bheith ag brionglóid mar sin anois.

Is spéisiúil an t-am seo inár stair.
Ach ní shin an chéad uair a chuir gluaiseacht shóisialach eagla ar an bhunaíocht in Éirinn, féach M2010.04.12 le haghaidh nasc chuig cláracha iontacha "Sóivéadaí na hÉireann"

Déardaoin, Meitheamh 10, 2010

M2010.06.05


Chaitheas agus mo chailín deireadh seachtaine fada (beagnach seachtain) grianmhar thíos i gCorca Dhuibhne le radharc breá againn ar Shléibhte Uíbh Ráthach, Sliabh Thír Ó mBaoill, Cnoc na dTobar, an Bhinn Mhór agus Cnoc Droinge etc.
Cnocadóireacht, snámh, iascaireacht, Gaeilgeoireacht, ól, éisteacht ceoil, grá agus léamh mar chúraimí againn.
Saol an mhilliúnaí a bhí ann, gan an t-airgead!
Nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh in Éirinn ní chreidim go bhfuil a diongbháil de thír le fáil.
I gcarbhán gan chumhacht a chónaímid ann, an chaoi is fearr laethanta saoire a chaitheamh i mo thuairim.
Ní éalú go dtí bothán gan chumhacht!
De bharr sin tá sé tábhachtach go mbíonn leabhar maith agat óir ní bheidh tú ag breathnú ar "Tá tallann ag an mBreatain" nó a leithéidí ar bhosca amadáin ar bith.
Bhí an t-ádh liom mar sin gur rug mé cnuasach aistí Alan Titley liom, "Chun Doirne".

Smaoineamh iontach a bhí ann roinnt de na haistí léirmheastóireachta is fearr dá chuid a chur le chéile mar seo. Óir is saothair den chéad scoth gach ceann de na 8 n-aiste sin, agus ba mhór an trua dá ligfí i ndearmad iad tar éis an méid sin dua a chaith an t-údar á scríobh.
Bhain mé an-sult as aistí fada léirmheastóireachta is tuairimíochta an Titlaigh, an-ábhar machnaimh atá iontu.

Spreag siad mé a bheith ag smaoineamh faoi litríocht na Gaeilge. Bhraith mé i ndiaidh a léamh gur mhaith liom cur le litríocht na nGael. Agus i ndiaidh a chéad aiste "An Cogadh in Aghaidh na Critice" a léamh thuig mé gan cheist dá scríobhfainn leabhar éigin ag am éigin amach anseo nach mbeidh mé ag foghlaim conas scríobh a dhéanamh trí theoiric liteartha éigin nó mhodh ar leith chun feabhas a chur ar mo scríbhneoireacht.
Ar shamhlaíocht m'intinne féin amháin a bheas sé bunaithe.
Ach n'fheadar mé an aontaíonn an Titleach leis féin faoin aiste seo inniu? Aiste a scríobh sé 15 bliain ó shin! D'fhéadfadh sé aiste a scríobh inniu ag moladh a mhalairt, ag moladh teoiricí liteartha, ach tuairimím nach ndéanfadh. Tá a chonair féin ag an bhfear san.

Nuair a smaoinítear faoi litríocht caithfear an cheist a chur; An litríocht blagadóireacht? Agus más litríocht é, cén saghas? Má tá saghas i gceist!
Agus an bhfuil sé ina droch-litríocht nó dea-litríocht den chuid is mó?
Bunaithe ar cad a thuigtear a bheith i litríocht agus cad a thuigtear a bheith i ndea-litríocht dar le lucht léirmheastóireachta.

Focal scoir leis an Titleach:
"Is é an gléas is fearr atá agat nuair a theastaíonn uait a mhíniú cad is litríocht ann, nó cad is dea-litríocht ann, ná do mhéar. Nuair a iarrtar ort cad is critic ann, nó cad is dán, nó cad is ardscríbhneoireacht ann síneann tú do mhéar amach i dtreo samplaí díobh, agus deireann tú, 'Sin critic!, nó "Sin ardscríbhneoireacht!'. Tugann tú cuntas ar do chuid tuairimí, ar do chuid imprisean, sin uile. Níl aon rud eile ann."

Déardaoin, Meitheamh 03, 2010

M2010.06.04

Tá go leor ráite maidir leis an 'mhíthapa' ach seo an ceann is fearr, dar liomsa!

Dé Céadaoin, Meitheamh 02, 2010

M2010.06.03


"Chonaic mé cheana thú", mar a dúirt an cat leis an mbainne te.
"Chonaic mé cheana thú", mar a dúirt an cáiníocóir leis an bpoll bréan.
"Chonaic mé cheana thú", mar a dúirt an tÉireannach leis an mbád bán.
"Chonaic mé cheana thú", mar a dúirt an vótálaí leis an gcarn aoiligh.

Is beag iontais a bheadh ar an Éireannach in Guatamala na laethanta seo!

Maidir le poill slogaide na hÉireann tá Mac Uilliam cruinn mar is gnách leis, agus is dual dó. Faraor don tír seo bheadh sé níos fearr as ag labhairt go díreach leis an bhalla faoin am seo.

Dé Máirt, Meitheamh 01, 2010

M2010.06.02

Bhí sé d'ádh orm Mícheál D. Ó hUiginn a chloisteáil beo sa Dáil inniu faoi cheist an chabhlacháin dhaonnúil le haghaidh muintir Gaza.
Sheas an ghruaig ar chúl mo chinn suas de bharr a phaisin agus a thuisceana leathan féin ar an cheist seo. Paisean agus tuiscint a tháinig as a thaithí pearsanta i nGaza.

Buíochas le duine i bPáirtí an Lucht Oibre tá a óráid ar You Tube anois, cúpla uair i ndiaidh a ráite.

B'aisteach a bheith ag éisteacht leis na hóráidí sa Dáil inniu, agus a bheith ag aontú le gach páirtí ann! Idir chlé, lár agus dheis ó thaobh idé-eolaíochta de bhí comhaontú iomlán ann; níl caint amháin maith go leor a thuilleadh i leith Iosrael agus a iompar leanúnach mídhleathach.

Mholfainn óráid Uí Uiginn ina iomláine go mór.



Cuirfidh mé na hóráidí eile suas de réir mar a fhaighim iad.

M2010.06.01


(Is breá liom Gimp!)

Ar eagla gur chaill tú an nuacht inné faoi Anglo; tá sé i gceist ag an rialtas €2 billiún sa bhreis a chaitheamh amú air.
Ní foláir dom a admháil go bhfuil mearbhall orm faoin méid airgid atá á chaitheamh amú againn ar bhancanna marbh na hÉireann anois!

Caithfear a bheith amhrasach freisin faoi tomhas ama na nuachta nua seo...
Is dóigh gur lá maith do dhroch-nuacht ciúin a bhí ann inné!

Is fiú cuimhneamh i gcónaí go bhfuil na billiúin seo dár gcuid airgid, is airgead ár gclainne le teacht, á gcaitheamh ar na bainc ag an am ceannann céanna is atá an rialtas ag cur ciorruithe troma ar na daoine is boichte i sochaí na tíre. An tseachtain seo féin deir Éamó go mbeidh sé ag cur deireadh go míthrócaireach le híocaíocht teaghlach aontuismitheora do pháistí níos sine ná 13.
Gearú siar is ea an ceann seo a chinnteodh go gcuirfidh daoine níos doimhne i mbochtaineacht, agus beartas nach sábhálfaidh an státchiste ach €30 milliún!