Déardaoin, Meán Fómhair 08, 2011

M2011.09.01

Is fiú mo thost a bhriseadh agus an ceann seo a roinnt:

Blag nua iontach a dhíríonn ar an scannal millteanach is ea "Jobsbridge".

Tá na scéimeanna scannalacha éagórach dúshaothrach seo á reáchtáil ó thús 2010.
Ar dtús faoi WPP Fhianna Fáil, agus anois faoi Jobsbridge Fhine Gael. Níl ann ach iarracht neamhbhalbh coinníollacha pá is oibre a bhrú síos, nó coinníollacha pá is oibre ar fad a scriosadh!

Táim ag caint faoin scannal seo le fada, agus ag iarraidh aird a tharraingt air, gan mórán toradh.
Ach, táim ag ceapadh anois go ndéanfadh an blag nua sin an gníomh, go háirithe má leanann lucht blagadóireachta, Fésbúk agus Twitter é.

Bhí ar chomhlacht gaimbíneach amháin "Springfort Hall", Teach Mór na mBuirgéiseach i Mala contae Corcaigh, bhí orthu a fhógra le haghaidh sclábhaithe a tharraingt síos as an suíomh sclábhaíochta de bharr brú millteanach ó blagadóirí is lucht twitter ag caitheamh anuas orthu! Féach anseo ar Twitter

Cuireann Jobsbridge an méid seo i gcuimhne dhom i gcónaí:
Caithfidh staid an oibrí, pé ar bith cén íocaíocht a fhaigheann sé, ard nó íseal, dul in olcas de réir mar a charntar caipiteal.
Ar deireadh comhtháthaíonn an dlí a choinníonn an cúltaca tionsclaíoch (daoine dífhostaithe de bharr ghnáthcliseadh an chórais) i gcothromaíocht le raon agus fuinneamh an charntha i gcónaí, comhtháthaíonn sé an t-oibrí leis an gcaipiteal níos doichte ná mar a rinne dingeacha Heiféisteas Proiméitéas a chomhtháthú leis na carraigeacha. Cuireann sé mar choinníoll leis an gcarnadh caipitil a chóimhéid de charnadh ainnise.
Is ionann saibhreas a charnadh ag ceann amháin agus, san am céanna, ainnise, crá oibre, sclábhaíocht, aineolas, brúidiú agus táire mhorálta a charnadh ag an gceann eile, .i. ar thaobh na haicme a tháirgeann a táirge féin mar chaipiteal"*

Nó i bhfocail eile; chun brabús a chinntiú caithfidh an caipitlí an lucht oibre a dhúshaothrú .i. caithfidh an lucht oibre a mbreisluach a mhéadú ionas go bhféadfadh an caipitlí brabús a chinntiú agus leanúint leis an gcarnadh caipitil.
Is iad pá agus uaireanta oibre na baic is mó in aghaidh an bhrabúis seo, an "carnadh caipitil".

Agus déanann an scéim seo cinnte de nach mbeadh dris chosain ar bith roimh lucht caipitil brabús príobháideach a dhéanamh. Ar son lucht gaimbín amháin a fheidhmíonn Jobsbridge, agus d'aimhleas gach uile dhuine eile .

* aistriúchán le Aindrias Ó Cathasaigh, le fáil ina aiste "Marx agus roinnt an bhodaigh" sa leabhar "Faoin Bhratach Dhearg - aistí sóisialacha"