Déardaoin, Deireadh Fómhair 28, 2010

M2010.10.21

"Tá infheisteoirí bannaí ag cailliúint misnigh i bplean Ireland Inc a easnamh a ísliú toisc go mbagraíonn ciorruithe ar fhás eacnamaíochta, ag laghdú ioncam an rialtais."
Sin agat é, i ndubh agus bán, ó bhéal an chapaill ghránna fhéin.

An éistfear? Caithfear éisteacht!

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 26, 2010

M2010.10.20

Ag leanúint blagmhír Aonghusa chuaigh mé féin ag spaisteoireacht trí shuíomh Dennis. Tháinig mé ar an gcomhairle chríonna seo a leanas as an dán "Cert cech ríg co réil":

Ná lorg do chíos
ar dhuine gan acmhainn
is fearr uaidh a leath
ná a meath mar aon.


(curtha in eagar de réir na moltaí thíos)

Smaoinigh mé ar an toirt ar an dream amadán atá i gceannas i dTeach Laighean. Agus an chomhairle chríonna á tabhairt dóibh go laethúil go mbeadh sé tubaisteach ar fad do gheilleagar na tíre seo dá leanfaidís ag aghaidh ag géarú €5 nó €6 billiún, nó níos mó fiú!, as an gheilleagar baile gach bhliain, agus ag fáscadh níos mó as na daoine is daibhre agus is leochailí i sochaí.

An beartas contúirteach déine seo go léir á dhéanamh acu chun na "margaí" a cheansú ar chomhairle mhíchríonna lucht na mbanc. Sin lucht na mbanc céanna a mholann in aghaidh athstruchtúrú féich na tíre agus caillteanais do shealbhóirí bannaí!
Mar a mhínítear sa bhlagmhír seo "is cogadh é idir na bainc agus na daoine" (mholfainn go láidir an bhlagmhír sin agus an sliocht atá ann den agallamh seo ach go háirithe), nó i bhfocail eile is éard atá ann, go simplí, ná an seanchogadh aicme sin atá mar bhunchloch le haghaidh an chórais chaipitleachais.

Dé hAoine, Deireadh Fómhair 22, 2010

M2010.10.19

Bhí an Móránach cineálta a dhóthain a chuid rámhaille pinn a roinnt linn an tseachtain seo arís. Cosúil le beagnach gach uile sheachtain eile in ailt dá chuid caillim an pointe atá sé ag iarraidh a chur trasna.

Ach sheas rud éigin amach an tseachtain seo gur chóir, sílim, blagmhír a thabhairt dó.
Is é sin:
"Tá muid bancbhriste, tá muid bancbhriste…”
Is oth liom a rá go bhfuil an scéal chomh lom leis sin. Níl aon airgead sa tír, níl aon airgead ag an rialtas agus mura nglacann muid le pé rud a chuireann Brian Lenihan os ár gcomhair..."
Tá an ceart aige nach bhfuil an t-airgead ag an rialtas, ach má thuigtear é sin ní foláir an cheist a chur; cén fáth san?
Tá an tír seo, dar leis an Phríomhoifig staidrimh, an dara tír is saibhre san Aontas Eorpach, fós. (Déan machnamh ar an mhaíomh sin!)
Tá ár n-olltáirgeacht intíre OTI (an figiúr sin is breá lena leithéid úsáid a bhaint as go han-mhinic) níos mó ná 30% níos airde in aghaidh an chinn thar an meán leibhéal san Eoraip.

Mar a sheasann sé tá costas de €50 billiún againn chun cúrsaí sa tír a reáchtáil .i. ospidéil, briogáidí dóiteáin, an Garda Síochána, scoileanna etc. Tá ár gcaiteachas ar na rudaí seo 10% níos lú ná an meán san Eoraip. Monuar, níl ach teacht isteach ó cháin de €30 billiún againn. Ergo easnamh ollmhór sa bhuiséad, cáinaisnéisí crua agus cacamas amhail an t-alt seo ó lucht gaimbín.
Ní luíonn locht ár "bhféimheachta" le caiteachas ró-ard ach le cáin ró-íseal.

Cuireann an tír seo í féin i láthair mar thír le cáin íseal, agus feidhmíonn sé mar sin. Tá ár dteacht isteach cánach ar cheann de na leibhéil is ísle ar domhan, ná bac le hEoraip!.
Agus faigheann an státchiste beagnach 50% dá teacht isteach ó chánachas indíreach .i. na rudaí a cheannaíonn tú srl. Tá sin ar ceann de na leibhéil is airde ar domhan le haghaidh cánachas indíreach.
Fiú leis an gcáin chorparáide íseal (12.5%) atá againn tá comhlachtaí in ann an méid beag sin a sheachaint, go dleathach, ag baint úsáide as an "Double Irish".

Níl cothromaíocht sa chóras.

Tá níos mó ná 110 buntáiste cánacha ar fáil, go sonrach, do lucht an tsaibhris in Éirinn. Tuairimíonn Dr Michael Collins -eacnamaí le coláiste na Tríonóide agus ball den Choimisiún um Chánachas- go gcailleann an tír seo €11 BILLIÚN in aghaidh na bliana, gach bliain go deo, de bharr na mbuntáistí seo!
Tá 33,000 il-mhilliúnaithe sa tír inniu freisin, a fuair €20 Billiún i mbuntáistí cánacha ó phobal na hÉireann ó 2005 i leith.

anailís iontach déanta ar thuarascáil Bhank of Ireland ‘Wealth of the Nation’ thall ar ILR, a thaispeánann go bhfuil €121 billiún de shaibhreas acu fós i 2010.
Agus mar a deirtear san alt; dá gcuirfeadh an rialtas cáin rachmais de 1% orthu (mar atá i mórán gach tír san Eoraip) bheadh teacht isteach de €1.2 billiún ar fáil dúinn ón bheart sin amháin i 2011.

Tá go leor airgid sa tír. Is bréagach agus aineolach a mhalairt a mhaíomh.

Déardaoin, Deireadh Fómhair 21, 2010

M2010.10.18

Ag leanúint blagmhír John.

Mar sin seo a leanas mo thuras saol trí na seoltaí inar chónaigh mé:
(D'fhág mé tithe inar chónaigh mé le linn na samhraí as an áireamh .i. tithe cónaithe i gcéin agus in áiteanna eile timpeall na tíre, nó pubaill!, inar chaith mé 3 nó 4 mí iontu.)

Mo chéad bhaile! Bhuel níl an carbhán beag ann a thuilleadh, ach sin an áit a mbíodh sé. An cíos is saoire ar fad déarfainn!

Nuair a tháinig mo dheartháireacha bhí sé in am dúinn bogadh isteach chuig teach le níos mó spáis! N'fheadar an raibh an teach go léir ar cíos againn, sílim go rabhamar á roinnt le teaghlach eile, ach is cuimhin liom ag rith thart agus ag súgradh amhail is gur linne amháin é.

Mar sin bhogamar amach as an áit sin go dtí an áit seo. Ní rabhamar á roinnt le teaghlach eile.

Thógamar ár dteach féin cúpla bliain ina dhiaidh sin, agus bhí deireadh leis na tiarnaí talún (an aicme súmairí áirithe sin) i saol mo thuismitheoirí. Monuar níl íomhá de ar fáil ar GoolgeMaps, mar sin tá mo bhaile ceart as an áireamh anseo freisin. Is dócha nach raibh an misneach ag tiománaithe an Google-charr an bóithrín pollta chuige a thriail!

Le feiceáil thuas tá mo chéad teach i gcoláiste, i gCorcaigh. £25 in aghaidh na seachtaine le haghaidh seomra. Chónaigh mé ann le gealt as an Spáinn, gealt as Beanntraí agus gealt eile as Contae na Gaillimhe. Is cairde liom fós iad.
Bhí aerfort Chorcaí lasmuigh den teach, mar sin bheadh an áit ag crith amhail is go raibh crith talún ag tarlú gach uair a bheadh eitleán ag tuirlingt.

Bhog mé go dtí an áit seo le bheith níos cóngaraí don choláiste. Chónaigh mé sa seomra atá san áiléar (sin an fhuinneog ag an bharr). Bhí radharc iontach uaibh de ghleann Chathair Chorcaí .i. Cnoc na hAoine, Cnoc an Chuilinn etc.
Bhí sé go deas, leis, a bheith istigh ann oíche stoirmeach agus an bháisteach ag clagarnach ar an díon.

Bliain nó dó de sclábhaíocht gan mórán pá i gcathair Chorcaí bhogas go Baile Átha Cliath ag lorg oibre, amhail spailpín! Agus bhogas isteach chuig an mbloc árasán seo ina gcónaíonn sclábhaithe pá eile.

Bhogas amach as an áit sin go dtí áit nua beagnach bliain ó shin. Níl radharc de ar fáil ar léarscáil Google! Mar sin fágfaidh mé íomhá den teach seo a fheicim chuile mhaidin. Tigh Shéamuis Uí Chonghaile. Córas na dtiarnaí talún i mbailte.

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 20, 2010

M2010.10.17

Íomhá ó Wiki d'ollstailc 1926 sa Bhreatain a mhair 10 lá.

An bhfuil seans níos fearr d'ollstailc sa Bhreatain ar an nuacht ar maidin go mbeidh ciorruithe de €94 billiún agus caillteanas de thuairim is leathmhilliún post acu?

Is annamh a bhíonn ollstailc acu thall, cúpla ollstailc lae thar na blianta.
Agus cosúil linne féin is ceannairí den eite dheis ceannairí a gceardchumainn, a bhíonn drogall orthu bheith ag cur as do lucht caipitil agus na margaí le héilimh na n-oibrithe! Ná bac leis an gcóras éagórach féin a chur ar ceal.
Chomh maith leis sin níl an tuiscint bhunúsach ann i measc an lucht oibre inniu faoin ghá le hollstailc, agus nílid réidh don choimhlint dhian atá ag teastáil sa choimhlint seo an stát leasa a chur de dhroim an tsaoil.

Ach caithfidh go bhfuil ceannaireacht na bhFrancach le mí anuas ina hábhar misnigh do lucht oibre na hEorpa go léir?

Tá anailís iontach ar an teoiric agus stair a bhaineann le hollstailc ar fáil san alt seo ón pháirtí Sóisialach i Sasana agus Breatain Beag. Is fiú é a léamh.

M2010.10.16

Cén fáth go bhfuil Fianna Fáil/na Glasaigh ag tarraingt na gcos le 13 bliana anuas maidir le reifreann ar chearta leanaí?

Anailís ar ILR.

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 19, 2010

M2010.10.15

Spreagtha ag an alt seo, má tá an goile agat dó.

M2010.10.14

"Tá sé thar am an t-éadóchas agus an frustrachas a athrú chuig gníomh dearfach le haghaidh fíor-athrú" a mhaígh an fógra ar an raidió curtha amach ag an ghrúpa nua atá sé mar sprioc acu "sochaí shibhialta" in Éirinn a mhúscailt as a shuan.

Bheadh sé éasca, ró-éasca, a bheith ciniciúil faoina leithéid de bheart agus cad a d'fhéadfadh teacht as an gcruinniú ar an 30ú lá den mhí seo san RDS. Ach fós tá tábhacht nach beag in aon dream atá ag iarraidh ionannas, inmharthanacht agus athrú polaitíocht a bhrú chun cinn "ón bhun aníos". D'fhéadfaí argóint a dhéanamh faoin bhun sin agus an cuma atá air nach bhfuil sé i gceist acu ach athruithe beaga suaracha ar an chóras a fhágann an neamhionannas, tíorántacht lucht caipitil agus an t-easnamh daonlathach mar atá.
Chomh maith leis sin faighim boladh bréan an-láidir de shaghas "Your Country Your Call" ón tsuíomh idirlín.
Ach murab ionann agus amaideacht YCYC tá roinnt moltaí agus plé spéisiúil le fáil ar shuíomh "Claiming Our Future". Tá moladh amháin dár teideal: "Stop trying to rehabiliate exploitative capitalism and publicaly promote another social model" ar bharr an liosta faoi láthair!
Agus ón phlé faoin mholadh sin bheadh iontas orm dá mbeadh eagraithe an chruinniú ag súil lena leithéid de chaint réabhlóideach.

Tá plé ann, leis, faoi daonlathas díreach agus an gá airteagail 47 agus 48 de chéad bhunreacht na hÉireann, Bunreacht an tSaorstáit, a chur isteach arís. Ní rud beag é dá mbeadh an t-athrú sin mar sprioc ag grúpa neamhspleách gníomhach a fheidhmíonn gan gaol le páirtí polaitiúil ar bith.
Ar ndóigh fiú más rud fiúntach é féin daonlathas díreach, go háirithe i gcóras daonlathais chomh lag is atá daonlathas s'againn, cad is fiú é mura n-athraíonn an córas eacnamaíochta ina luíonn an chumhacht eacnamaíochta le mionlach saibhir .i. lucht caipitil?

Céim a bheadh ann is dócha, sa chaoi chéanna ba chéim chun tosaigh é dá mbeadh "sochaí shibhialta" níos gníomhaí in Éirinn. Dá mbeadh an tÉireannach ag glacadh páirte níos lárnaí, níos gníomhaí agus níos radacaí i gcúrsaí na tíre .i. i ndaonlathas na tíre. Seachas a bheith ina shuí ar an chlaí, ag breathnú agus ag fanacht go dtí an lá a ghlaonn an rialtas olltoghchán, nuair a líontar a chluasa le bréaga chun a vóta a mhealladh.

Maidir leis an bpointe seo bhí plé ar chlár Vincent Browne faoi, oíche éigin an tseachtain seo caite, agus cuireadh an cheist ar eagraí an chruinniú; conas a chuirfear na moltaí a thiocfaidh as an gcruinniú i bhfeidhm?
De réir a freagra bheadh gá sin a phlé ag an gcruinniú le feiceáil cad a deireann na rannpháirtithe eile ar an lá. Ach ó fhreagra eile ón Athair Peter McVerry, a bhí ann leis (sílim go bhfuil sé páirteach san eagras nua), bheadh "gá le heasumhlaíocht shibhialta éigin" a mhaígh sé!
Maith an fear a Pheter, tá an ceart agat.
Rinne sé tagairt d'Íosa Chríost!, a sheas suas in aghaidh na n-údarás agus a bhris an dlí le linn a ama mar thacaíocht dá phointe go raibh gá le heasumhlaíocht shibhialta.

Mar sin cad is fiú teacht le chéile san RDS, moltaí a phlé, roinnt acu radacach roinnt acu leamh, mura bhfuil tú toilteanach teacht amach ar na sráideanna agus fan amach go dtí go bhfaightear cad atá uait nó go ndéantar iarracht sollúnta an tÉireannach a radacú ionas go spreagfadh níos mó gníomhartha?

"La question posée est maintenant de bloquer l'économie pour bloquer la réforme" a mhaígh sóisialach sa Fhrainc (urlabhraí Pháirtí Nua Frithchaipitleach .i. Nouveau Parti Anticapitaliste) inné maidir leis an athrú i dtaobh pinsin á bhrú tríd a n-oireachtais i láthair na huaire.
Ní shílim go mairfeadh Fianna Fáil/na Glasraí seachtain fhliuch dá mbeadh a leithéid de bloquer l'économie curtha i bhfeidhm againne.
Fiú mura féidir leo an bille a stopadh thall, nó brú a chur ar ghiollaí gnó na Fraince suí síos in idirbheartaíocht leo, ar a laghad sheas siad suas in aghaidh na héagóra.
Agus tá gníomh nó ollstailc leanúnach mar seo an-chosúil le grá sa chaoi a bhfuil sé níos fearr troid a chur agus cailliúint ná gan troid ar bith a dhéanamh.
Chomh maith leis sin bíonn, uaireanta, cumhacht ag an gcailliúint, ina raibh troid fhiúntach, meon an lucht oibre a radacú níos mó ná a d'fhéadfadh bua éasca.

Dé Domhnaigh, Deireadh Fómhair 17, 2010

M2010.10.13


Chonaic mé súile an ulchabháin freisin.


Leagan a dó:



Má tá spéis ag éinne, in Gimp, is féidir an dath go léir san íomhá M a bhaint de le "Colours --> Threshold".
Ansin bain úsáid as an "Fuzzy Select Tool" chun an M a roghnú agus ansin na bearnaí idir chríocha an M a scriosadh, ionas go mbeadh sé trédhearcach.
Iompórtáil chuig íomhá an ulchabháin é, scálaigh, casadh agus bogadh de réir mar is gá agus sin agat é.

M2010.10.12

Seans maith nach raibh an nuacht seo feicthe agat, is beag spéise atá ag na meáin chumarsáide sa scéal! Is dóigh go gcaithfí an fhoinse a dheimhniú ar dtús sula bhféadfá do ainm a chur leis mar scéal cinnte.
Nó b'fhéidir go bhfuil fáth eile ann nár tháinig an t-eolas seo chun solais cheana!

Is éard atá ann ná liosta de na sealbhóirí bannaí eachtrannacha in Anglo, buíochas le blagadóir as Port Láirge.

Infheisteoirí ón Ghearmáin a bhformhór. Agus cuireann mo dhuine a sceith an t-eolas an cheist; cén fáth go bhfuil an rialtas Éireannach ag cosaint infheisteoirí Gearmánacha is eile le hairgead diansaothraithe na nÉireannach?

Ach lasmuigh dár máistrí nua ón Ghearmáin sílim go bhfuil sé an-spéisiúil Goldman Sachs a fheiceáil ar an liosta!
Cé atá ag tabhairt comhairle airgeadais don rialtas seo i dtaobh na mbanc (Anglo), NAMA, ciorruithe ar sheirbhísí etc? Cé eile ach Goldman Sachs!

Tá an rialtas seo imithe i bhfad thar scigaithris.

Déardaoin, Deireadh Fómhair 14, 2010

M2010.10.11

Fiafraíodh de cheann de na mianadóirí a tháinig slán sa tSíle inné: "Cén fáth go bhfuil tú ag gol? An ea go gcronaíonn tú do theaghlach?", "Ní hea!" a d'fhreagair sé, "Dúirt mo cheannasaí liom gur dhein mé dearmad sínigh isteach!"

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 13, 2010

M2010.10.10

Comparáid bheag.

D'fhógair Rialtas na Fraince ardú in aois pinsin ó 60 go 62, mar an aois scoir is óige. Bheadh ar oibrithe, a d'fhógair sé, leanúint ag obair go dtí 67 (suas Ó 65) sula bhféadfaidís an pinsean stáit iomlán a fháil. Bheadh méadú ar ranníocaíochtaí a bpinsin chomh maith.

Cad a dhein lucht oibre na Fraince ar an nuacht go raibh lucht gaimbín ag déanamh cinntí a chinnteodh dúshaothrú níos mó orthu tríd a saol ar fad?

Chuaigh siad ar ollstailc ar ndóigh. Tháinig siad amach ar na sráideanna, 3 milliún acu, timpeall na tíre inné.
Tá an ollstailc áirithe seo ag dul isteach ar a tríú lá, agus, le cúnamh Dé, tá an cuma air go n-athródh sé ina ollstailc leanúnach.
Tá stailceanna eile ag dul ar aghaidh ó lár na míosa seo caite freisin ina bhfuil na hoibrithe ag éileamh pá bunúsach agus coinníollacha bunúsacha eile.
Bhí bua mór ag lucht oibre na Fraince i 1995 nuair a chuir ollstailc leanúnach deireadh leis an ionsaí a bhí an príomhaire á dhéanamh ar a bpinsin ag an am.
Le huimhreacha mar seo ar na sráideanna, agus tacaíocht thart ar 70% i measc cosmhuintir na Fraince do na stailceanna bheinn dóchasach go bhféadfadh lucht oibre na Fraince bua a fháil. Agus n'fheadar, b'fhéidir go spreagfadh a mbua lucht oibre na hÉireann?!

D'fhógair Rialtas na hÉireann (Creat Náisiúnta Pinsean)go n-ardófar an aois scoir i leith Pinsean Stáit go 66 roimh 2014, agus 67 i 2021, agus 68 i ndiaidh sin!

Cad a dhein lucht oibre na hÉireann ar an nuacht go raibh lucht gaimbín ag déanamh cinntí "crua" a chinnteodh dúshaothrú níos mó orthu tríd a saol ar fad?

Faic, dhein siad faic.

Níor chóir go mbeadh iontas ar aon Éireannach go ndéanann an rialtas beag is fiú leanúnach dá mhianta.

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 12, 2010

M2010.10.09

Tá seanduine a chónaíonn sa Rinn i mBaile Átha Cliath a fheicim go han-mhinic. Rómhinic!
Bíonn sé ag siúl lena bhean chéile go dtí, nó ó, Aifrinn mar shampla. Nó ag dul síos go dtí an siopa áitiúil le haghaidh bosca tae etc.
Níl aon rud ar leith faoi.
Seachas go mbíonn sé ag caitheamh eascainí ciníocha i dtreo aon eachtrannach mí-ámharach a tharlaíonns a bheith i scread asail don sheanbhiogóid amaideach ag an am.
Bogann a sheanbhean chéile bhocht ar aghaidh go ciúin socair é gan focal a rá, amhail is go raibh sé ar tí éirí foréigneach, fiú gan cumas foréigin a bheith ann.
"Na ******* **** siúd thall anseo agus gan post ag na daoine áitiúla" a bheadh sé ag rá, i measc rudaí eile. Níl liosta beacht déanta agam.

Is cuimhin liom an chéad uair a chuala mé é.
Bhíos béaloscailte le hiontas agus náire go bhféadfadh a leithéid d'eascainí teacht as daideo. Bhí náire orm go raibh cailín Áiseach in aice liom ag trasna an bhóthair ag an am céanna freisin. Níor thug sí aon aird de. Easpa Béarla, nó taithí na mblianta de chiníochas is cúis leis an neamhaird iomlán, nó an dá rud is dóigh.
Níor dhúirt mé faic leis an seanfhear i leith a iompair riamh. Theip agus teipeann orm focail a aimsiú a dhéanfadh aon mhaitheas.

Smaoinigh mé faoin seanfocair ar maidin ag léamh an ailt sin atá ar Nuacht24 agus san Indo. "Ardú ar líon na n-oibrithe eachtrannacha"
.i. Tá na mion-bhuirgéisigh ag iompórtáil na mílte oibrí sclábhaí ó taobh amuigh den Aontas Eorpach chun sclábhaíocht ar a son. Tá an méid seo at titim amach le linn cúlú spealadh ollmhór ina bhfuil gá ag 450,000 oibrithe sa tír (tá suas le 60,000 + easpórtáilte cheana) le post a thugann pá.
Mura raibh a dhóthain leithscéil aige roimhe a bheith ag eascainí bheadh sé aige anois.

Agus leis an fhírinne a dhéanamh ní uaibh amháin a chuala mé an t-aon chaint frith-eachtrannach le cúpla mí anuas. Feictear domsa nach bhfuil ann ach go bhfuil sé toilteanach, nó ceanndána go leor, scairt amach os ard cad atá sé, agus an-chuid daoine eile, ag smaoineamh.
Anois ní mór dom a rá go dtuigim buairt agus fearg na ndaoine seo, cairde liom, a bhíonn ag tabhairt amach maidir le cad atá ag titim amach ó thaobh dífhostaíochta de.
Má fheictear duine ón iasacht ag fáil poist luíonn sé le ciall éigin, agus le nádúr an duine, locht a chur ar an oibrí a bhfuil in iomaíocht leis chun an post sin a fháil.

Monuar sin fearg an-thábhachtach imithe amú.
Ní luíonn locht an easpa post, agus na sclábhaíochta, agus na buartha eacnamaíochta, agus na hiarrtha déirce, agus an náire shóisialta le sclábhaithe pá eile, bídís sclábhaithe pá ón iasacht nó ón bhaile béal dorais.
Luíonn an locht ar fad leis an gcóras a thugann cumhacht d'aicme amháin a sclábhaithe pá (aicme oibre) a roghnú, nó "a iompórtáil", bunaithe ar a gcumas an sclábhaí sin a dhúshaothrú le haghaidh brabúis príobháideach níos fearr, bíodh sin trí phá níos ísle, uaireanta oibre níos faide nó cosc ar cheardchumainn (coinníollacha oibre) etc.

Dá gcloisfinn Seanduine na Rinne (Tá dán díreach ann déarfainn!!) ag eascainí faoi chóras agus thíorántacht lucht caipitil a ligeann dóibh bheith ag iompórtáil sclábhaithe isteach sa tír chun iad a dhúshaothrú níos déine, cosúil lena mbráithre Éireannacha, bheannóinn dó agus chroithfinn lámh leis.
Faraor ní tharlóidh sé sin. Tá sé, agus an-chuid eile sa tír, dall ar an bhfíor-fhadhb .i. an córas caiptileach. Mar sin tá a bhfearg dírithe i dtreo oibrithe eile.

Mar fhocal scoir:
Sílim go raibh sé spéisúil nach raibh neart ag an nuachtán buirgéiseach, an Indo, ach a rá an méid seo a leanas san alt: "In recent years, Irish workers have been rejecting the lowest-paid jobs, although this may change as the labour market continues to worsen."
Le cur in iúl mar leithscéal éigin, ar bhealach, nach raibh na mion-bhuirgéisigh a iompórtáil isteach na hoibrithe in ann teacht ar Éireannaigh a bheadh toilteanach an obair a dhéanamh.
Agus seo tír ina mbíonn na mílte mílte oibrí sár-oilte, oilte is neamhoilte ag cur isteach le haghaidh post i sceallóglanna i dTír Chonaill, nó le haghaidh seachtain amháin oibre ag bailiú gloiní le linn rásaí na Gaillimhe mar dhá shampla amháin!

Dé Luain, Deireadh Fómhair 11, 2010

M2010.10.08

Ó tharla Áine ag scríobh faoi fógraí teilifíse sa bhlagmhír dheireanach s'aici, chinn mé go roinnfinn an ceann thíos libh.

Sraith fógraí atá ann a thaispeánann cruthaitheacht agus acmhainn grinn iontach chun earraí a dhíol, dar liom.



Agus más acmhainn iontach bholscaireachta an fógra teilifíse atá cruthaitheach tá an cruthaitheacht chéanna in ann níos mó ná earraí amháin a dhíol.



Sa chás seo oibríonn sé mar frithbholscaireacht thar a bheith cliste in aghaidh roscaireacht ghránna amaideach Nuacht an tSionnaigh i SAM. Agus ní mó ná sásta atá mo dhuine leis. Molaim breathnú air anois sula mbaintear ón idirlíon é, mar de réir dealraimh "bhí fuath ag Walt Disney do cheannairí na gceardchumainn" toisc go rabhadar ina gCumannaigh; agus is bolscaireacht shóisialach an físeán thuas an dtuigeann tú leat mé!

Sílim go bhfuil sé ar fheabhas ar fad, agus scanrúil, an chaoi a dtarraingíonn an cruthaitheoir ár n-aird don chaoi a bhfuil roinnt mhaith den lucht oibre thall sna Stáit ag leanúint gan cheist reitric na "shock jocks" den eite dheis.

Déardaoin, Deireadh Fómhair 07, 2010

M2010.10.07

an t-eagrán reatha den Bhratach Dhearg i mo ghlac; lán eolais, léirmheasanna agus ábhar machnaimh mar is gnáth leis.

Tá léirmheas spéisiúil ag an eagarthóir ann, faoin leabhar "The Lost Revolution" scéal brónach na "Sticky bastards" siúd!

Fágann sé na focail is cumhachtaí le haghaidh na bhfocal scoir, nó don leathanach deireanach ar aon nós. Cáineann sé -ní don chéad uair- eagrais an eite chlé, inniu agus inné, a leanann córas srathaithe ó thaobh eagair de.
Is é sin le rá córas eagraíochta le ceannairí agus lucht leanúna fúthu. "Ní sóisialach aon saghas eagrais a bhfuil roinnt ag ceannaireacht agus an chuid eile á leanúint." "Tá an scoilteadh bunúsach i sochaí aicmeach idir smaoineamh agus déanamh. Tá na daoine a dhéanann obair an domhain ag an mbun, agus na daoine a dhéanann an cinneadh cén obair atá le déanamh ag an mbarr."

An bhfuil an móramh (sna heagrais shóisialacha) ag fágáil na gceisteanna móra mar fadhb na gceannairí amháin, agus a n-intinní féin a dhíriú ar a bhfadhbanna féin? a cheistítear.
Agus cé mhéad dá gceannairí céanna a chruthaigh struchtúir san eagras a chinnteodh go mbeadh sé amhlaidh?

Ceist bhunúsach do aon eagras sóisialach cinnte, agus nach macalla é don thír uilig leis?

Murach alt beag Phádraig Uí Shnodaigh ní bheinn ar eolas faoi dán Mháirtín Uí Dhireáin darbh ainm "Séamus Ó Conghaile".
Fágadh an dán ar lár sa duanaire Dánta 1939-1979 a foilsíodh i 1980, ach tháinig sé ar ais san ath-eagar is nuaí Na Dánta.
Más mall is mithid:
Dá n-abraíodh neach leat maidin an lae úd
Go mbeadh daoine an tráth seo ar fud do thíre
Bheadh bocht is nocht, gan a gcoinne le haon rud
Ach anró is call, is iad beo ar dhéirce...

Ach is trua le n-aithris an scéal atá amhlaidh
Fiche bliain is cúig ó thit tú go calma;
Fir mhóra láidre is a ndroim le balla
Is ocras is fuacht ar bhean is ar leanbh.

Lucht maoine is rachmais suite go daingean;
Iad suite, báite i bpléisiúir shaolta;
Iad seascair, caomhnaithe i dtithe teolaí...

Ach caithfidh Gaeil feasta choíche
An córas mallaithe a bhriseadh is a réabadh;
A chreach ó thús a chuir in ísle bhrí sinn...

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 06, 2010

M2010.10.06

Fainic don té a ghortaíonn Evo Morales sa ghlúine; íocfar le do mhagairlí!

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 05, 2010

M2010.10.05

Ar an Aoine seo caite bhí agóid ag tuairim is 8,000 Íoslannach lasmuigh den Dáil s'acusan le fáilte Uí Chonghaile a cur roimh na polaiteoirí ag teacht ar ais i ndiaidh a laethanta saoire. (Sin 8,000 as daonra de 318,000!) Bhí ar na polaiteoirí éalú tríd an gcúl doras ag fágáil na Parlaiminte.
Caitheamh droch-uibheacha, cáis bhréan, trátaí níos bréine, péint agus eochracha carr orthu. Lasadh tinte cnámh. Lámhachadh tinte ealaíne orthu.



Chur agóidí na nÍoslannach ruaig ar a rialtas den eite dheis anuraidh.
Vótáladh isteach rialtas den eite chlé i ndiaidh sin, ar an ndóchas go ndéanfadh sé difríocht éigin. Tá an tÍoslannach ag foghlaim nach bhfuil fonn ar dhaonsóisialaithe amhail páirtí Jóhanna Sigurðardóttir daonlathas buirgéiseach a thréigean ach an oiread, ná bac le caipitleachas féin a chur ar ceal.
Leasanna beaga suaracha a dhéanamh ar an chóras, anseo is ansiúd, ach sa deireadh fágtar an neamhionannas mar atá sé agus tíorántacht na gcaipitlí ar an mhóramh sochair sábháilte. Tiocfaidh siad i bhfóirithint ar an mhionlach saibhir i gcónaí.

Beidh sé ar na hÍoslannaigh vótáil níos faide clé an chéad uair eile más mian leo athrú fiúntach radacach a fheiceáil!

Feictear dom go bhfuil sé ag foghlaim ag tapaidh nach bhfuil aon athrú i ndán dóibh mura n-athraítear an córas.
"Cur Caipitleachas chun báis" nó "Maraigh Caipitleachas" a léann an comhartha thíos
Tá níos mó le léamh agus le feiceáil ar an mblag iontach seo . (Ceann don Googlereader)

An mbeadh Poblacht na nOibrithe níos éasca a bhunú i dtír le daonáireamh beag agus lucht oibre eolasach?
Déarfainn go mbeadh.

Tá fonn láidir orm Íoslainnis a fhoghlaim anois!

M2010.10.04

Leanann alt san IT ar maidin treo an tréasa atá ag bailiú nirt.

Cén fáth a bhfuil foshealbhóirí agus ard-shealbhóirí bannaí in Anglo á gcosaint, nó in aon bhanc eile?
Cén fáth nach bhfuil modh féimheachta againn, go fóill!, le haghaidh na mbanc marbh? Ní luíonn sé le ciall nó réasún!
Cén fáth nach bhfuil a leithéid á chur i bhfeidhm láithreach?
Mar sin, cé dó a bhfuil Fianna Fáil/na Glasaigh ag obair?
Cén fáth a bhfuil an t-athrú saibhris ollmhór seo ag tarlú idir pobal na hÉireann agus mionlach saibhir?

Dé Luain, Deireadh Fómhair 04, 2010

M2010.10.03

"Tá muid chun cluiche a imirt darbh ainm 'Cén Slí Bheatha atá ag an bhFear Seo? Polaiteoir, fear grinn, nó éalaitheoir cánach?'"

"Féach ar an mbuachaill bán seo...sa chófra, lena chupán tae!"


"Cé agaibh a cheapann gur polaiteoir é?"
*bualadh bos*

"Cé agaibh a cheapann gur fear grinn é?"
*bualadh bos níos láidre*

"Nó cé agaibh a cheapann gur éalaitheoir cánach atá ann?"
*bualadh bos*

"Feicfidh muid cad a dhéanann sé..."

"Is é iar-Thaoiseach na hÉireann é! Agus polaiteoir reatha i rialtas na tíre sin! Is fear grinn é leis agus.....is éalaitheoir ó cháin é"
*bualadh bos láidir*
*scairteadh gáire*

"Ó a thiarna!"

M2010.10.02

Mura bhfuil sé cloiste agat cheana mholfainn éisteacht. Cuireann Mac Uilliam tréas in aghaidh Fhianna Fáil/na nGlasach faoi Anglo Irish, agus ní mó ná sásta a bhí Hanafin leis.
Bíonn an fhírinne searbh.

(Trascríbhinn ar fáil anseo)


Ar ndóigh ní hé seo an chéad uair a luadh an focal tréas in aghaidh an rialtais. Mhaígh Éamon Gilmore go hoscailte sa Dáil é an Márta seo caite.
D'iarr sé ar an Thaoiseach an lá sin na daoine a bhí ag brústocaireacht ar son Anglo roimh ráthaíocht 2008 a ainmniú, na doiciméid agus comhairle a bhí curtha ar fáil don rialtas a eisiúint, tabhair seans na leabhair sa bhanc a fheiceáil, agus míniú éigin a thabhairt faoi cén fáth a raibh an ráthaíocht stáit tugtha don bhfofhiach.
Níor thugadh a iarradh.

Ba léir ansin sa chaoi cheannann chéanna a bhfuil sé soiléir dúinn inniu nach bhfuil aon réamhshampla ar domhan don a leithéid de ráthaíocht ariamh roimhe.
Mar sin, má bhreathnaítear ar chinntí an rialtas agus "na bunaíochta" go dtí seo ní féidir ach teacht ar an thuiscint bhunúsach, agus is simplí, go raibh, agus go bhfuil an rialtas ag gníomhú ar son leas eile lasmuigh de leas an phobail.

Agus sin tréas in aghaidh an stáit.

Ar ndóigh sa phoblacht bhanana seo ní tréas é, is éard a deireann an Bunreacht in airteagal 39:
"Is é amháin is tréas ann cogadh a chur ar an Stát, nó cabhrú le stát nó le duine ar bith, nó saighdeadh faoi dhuine, nó bheith i gcomhcheilg le duine, chun cogadh a chur ar an Stát, nó iarracht a dhéanamh le harm nó ar mhodh fhoréigneach eile ar na horgain rialtais a bhunaítear leis an mBunreacht seo a threascairt, nó páirt nó baint a bheith ag neach lena leithéid sin d'iarracht, nó aon duine a shaighdeadh nó bheith i gcomhcheilg leis chun a déanta nó chun páirt nó baint a bheith aige léi."

(Molaim athrú don bhunreacht a chuirfeadh tréas eacnamaíochta in airteagal 39.)

Is cuma le meisceoir Cowen cad a deir tráchtairí ar an raidió faoi, nó cad a chuireann ceannaire an fhreasúra ina leith. Ní féidir lámh a chur air. Agus mura bhfuil sé sásta leis na meáin dá cheistiú (Ursula Halligan/Vincent Brown ó TV3) cuirfidh sé in iúl dóibh -trína ghiolla Gaeltachta .i. Eoghain "Giolla an Mheisceora raimhre" Ó Neachtain- nach bhfuil fáilte rompu i dTeach Laighean. Is le Fianna Fáil é an dtuigeann tú?

Ní féidir liom moladh níos fearr a shamhlú d'iriseoir ar bith ná cantal agus fearg ó rialtas truaillithe i do leith! Agus déarfainn go bhfuil ríméad ar lucht TV3 leis an mholadh nach bhfuil fáilte rompu ag lucht gaimbín.

Mura bhfuil fáilte roimh roinnt de na meáin chumarsáide ní déarfainn gurb amhlaidh le Gaelscéal.
Lean Páidí Ó Lionáird ag treabhadh ar aghaidh lena fheachtas aonarach in aghaidh dul chun cinn Pháirt an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna leis an píosa deas thíos ag bun a ailt an tseachtain seo:
"Tá sé deacair é a chreidiúint ach táimse den tuairim go bhfuil an ceart ag Alan Shatter a dúirt go bhfuil an Lucht Oibre ag fágaint an dorais chomhrialtais oscailte d’Fhianna Fáil. Cás eile fós ina bhfaigheadh pobal na hÉireann rialtas NÁR iarr siad!"

Ar dtús fuair pobal na hÉireann an rialtas a d'iarr siad. Vótáil an tromlach ar son lucht gaimbín agus mar sin fuair siad lucht gaimbín. Má dhéantar amhlaidh arís agus vótálann siad ar son lucht gaimbín gheobhaidh siad an rialtas a d'iarr siad, bíodh sin Fianna Gael nó Fáil.

Sa dara dul síos tá sé ráite, athráite, ríomhráite agus ráiteráite go sollúnta ag Páirtí an Lucht Oibre nach mbeidh siad ag dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil i gcás ar bith. Mhaígh Gilmore amhlaidh arís ar líomháin Shatter. Rith Páidí le ráiteas Fhine Gael mar sin féin.

Dé hAoine, Deireadh Fómhair 01, 2010

M2010.10.01

Mallacht ar an stráice casta pollta cloch is gairbhéil a dtugtar 'ród' air idir Baile Mhistéala agus Mala!