Dé Máirt, Eanáir 25, 2011

M2011.01.18

Feictear aon uair a luaitear Sóisialachas, mar atá ar bhlag Mhicilín le déanaí, go bhfuil nádúr an chine dhaonna luaite mar dhris chosain in aghaidh dul chun cinn sóisialach chomh maith.
Ní éireoidh le sóisialachas toisc go bhfuil daoine: "ró-leisciúil, ró-shantach, ró-ocrach do chumhacht, ró-phatuar d'athrú, ró-dhrogallach roimh smaointeoireacht"! Nó cibé rud eile ba mhaith leat a rá fúinn mar chine a dhaingníonn i d'intinn nach bhfuil an cine daonna in inmhe feabhsú ar shlite daonlathais de bharr nádúir. An nádúr sin sa duine nach réitíonn le cumainn nó le comhoibriú comhchoiteann ar na meáin táirgeachta faoi smacht daonlathach an mhóraimh!
Ní ritheann ach nath amháin liom i gcónaí nuair a chloisim a leithéid; Die Gedanken der herrschenden Klasse sind in jeder Epoche herrschende Gedanken. Mar a dúirt an Gearmánach a dúirt é. Nó i bhfocail eile; In achan ré is iad smaointe na haicme ceannais na smaointe coiteann.

Ag leanúint as an loighic seo luíonn sé le ciall in intinn an duine go bhfuil caipitleachas .i. córas an bhrabaigh, níos feiliúnaí don chine daonna toisc go dtugann sé luach saothair do na tréithe siúd amhail saint, claonadh chun foréigin, dúil chumhachta etc etc.
Tháinig stop le éabhlóidiú an duine 10,000 bliain ó shin a mhaítear, lán stad. Níl ach inchinn clochaoiseach ag an duine inniu, agus ní oibríonn agus ní oibreodh an inchinn clochaoiseach sin ach le caipitleachas amháin .i. córas aicmeach. Am amú a bheadh ann a bheith ag troid in aghaidh na fírice sin. Glac leis agus bog ar aghaidh, ar ais go dtí do phost mar sclábhaí pá.

Ar an ábhar áirithe sin faoi tréithe an duine luíonn argóint an sóisialaí, go príomha, leis an fhíric go bhfuil iompar an duine bunaithe ar na cúinsí sóisialta ina maireann sé .i. tá nádúr an duine in ann athrú, agus athraíonn a dhearcadh sóisialta leis.
Mar shampla dúradh le linn ré na sclábhaíochta nach bhféadfadh an eacnamaíocht domhanda leanúint ar aghaidh go héifeachtach gan sclábhaithe. Creideadh go forleathan é, mar b'shin an idé-eolaíocht inar mhair daoine agus ba shin smaointeoireacht na haicme ceannais ag an am chomh maith.

I ndiaidh sin go léir cloisfear, de ghnáth, agus de réir na hidé-eolaíochta reatha arís, cloisfear nach bhfuil á mholadh agat ach Útóipe .i. más féidir leis an duine córais an chaipitleachais a fáisceadh as feodachas is féidir sóisialachas a chruthú as caipitleachas.
Ar bhealach is greannmhar a leithéid de mhaíomh Útóipeach, óir níl ach an t-aon Útóipe amháin á mholadh sa saol seo, agus sin an Útóipe craiceáilte ina maireann muid inniu. An Útóipe sin a mhaíonn gan náire gur féidir leis an gcóras reatha é féin a atáirgeadh go deo na ndeor gan an domhan féin agus an speiceas s'againne a scriosadh.
Soyons réalistes, demandons l'impossibe! mar a dúirt na Francaigh a dúirt é.

5 comments:

aonghus said...

Píosa stuama.

DAS, nílim ar son ceachtar acu sóisialachas ná caipitleachas: creidim gur féidir le smaointe an duine forbairt: agus cinnte dearfa tá tionchar ag cúinsí maireachtála ar an gceist.

Ní maith liom an distóip reatha; agus creidim go bhfuil ana luach in anailís Mharx chun é a thuiscint agus é a leasú.

Ach tá amhras orm gur leor na cúinsí a athrú [le lámh láidir?] chun an parthas buan ar thalamh a chuir i gcrích.

Beidh ar gach glúin a gcuid féin a dhéanamh den saoirse, cuma cé chomh foirfe is atá na struchtúr a roghnaíonn muid.

aonghus said...

Maidir le réalistes glúin 68: Iadsan an scothaicme ghránna anois!

aonghus said...

Sin an deacracht, sílim: caithfear é sin a chuir san áireamh - gluaiseacht domhanda atá de dhíth, agus beidh sin deacair.

Go háirithe cionn is go mbíonn riarthóirí de dhíth nuair a bhíonn líon mór daoine i gceist.

Dubhaltach said...

(mo leithscéal scrios mé mo theachtaireacht a d'fhreagair tú trí thimpiste. Le fáil thíos)

"Ach tá amhras orm gur leor na cúinsí a athrú [le lámh láidir?] chun an parthas buan ar thalamh a chuir i gcrích."

Lámh láidir!? Parthas buan!?

Ní shílim go mbeadh éinne atá ag maíomh a malairt córais den thuairim go mbeadh parthas buan ar talamh i gceist!

Agus ní thagann an réabhlóid le lámh láidir, tagann sé le tuiscint agus forbairt an duine. Is é daonlathas an bóthar go dtí sóisialachas mar a mhaígh an Gearmánach arís!
Ach ní shin le rá nach mbeadh freagra foréigneach ó lucht caipitil do fhorbairtí sóisialacha. Féach polasaithe SAM i Meiriceá Laidineach
http://en.wikipedia.org/wiki/Salvador_Allende

Dubhaltach said...

"gluaiseacht domhanda atá de dhíth, agus beidh sin deacair."

Is é. Tá sé sin beagnach riachtanach. Agus nuair a tharla an réabhlóid sa Rúis ar dtús bhíodar ag tnúth go mbeadh réabhlóidí dá leithéid ag an lucht oibre timpeall na hEorpa agus an domhain.
Níor tharla sé sin ar ndóigh agus fágadh An Rúis ar a haonar. Rug a bhí mar ghné eile ina titim.