Dé hAoine, Aibreán 25, 2008

M2008.04.10

Baineadh corp naofa an Naoimh Padre Pio as an talamh an mhí seo.
Déistineach, sin an t-aon fhocal a thaganns chun cuimhne dhom corp Phadre Pio a fheiceáil tochailte amach as a uaigh le haghaidh cúis éicínt nach dtuigim ar chor ar bith.
Mo sheacht náire ar fhir na hEaglaise aríst.

M2008.04.09

Léirmheasanna scannáin tapaidh na míosa, aois domhain dhá mhíle is a hocht, bliain seo an Tíogair mairbh, ar dheis Dé go raibh a anam saibhir.

In Bruges: 5 as 10. Measartha

The Assination of Jesse James by the Coward Robert Forde: 8 as 10. An-mhaith

The Hoax: 3 as 10. Cac ar fad

Rescue Dawn: 8 as 10. An-mhaith

American Gangster: 6 as 10. Measartha maith

We Own The Night: 6 as 10. Measartha maith

Lions For Lambs: 5 as 10. Measartha

Rendition: 7 as 10. Maith

30 Days of Night: 8 as 10. An-mhaith

Dé Luain, Aibreán 14, 2008

M2008.04.08

Is léir go dtagann an fuath áirid seo as an mothúchán nó an aireachtáil mhícheart mhíchóir mhíchuí go mbraitheann Gaeilgeoirí i sochaí na hÉireann (Gaeilgeoirí anaithnid) nach bhfuil ann i ndáiríre, go mbraitheann siad go bhfuil siad "níos Éireannaí" ná an colúnaí i gceist.
Luíonn an fhadhb seo leis an fhadhb shíceolaíoch á fulaingt ag bean Uí Kelly, fadhb an mheoin iarchoilínithe atá ann. Agus tá an t-alt sin thuas ina chás clasaiceach de.

Tá taibhse nó ollphéist (ollphéist gan aghaidh na Gaeilge) cruthaithe ag an gcolúnaí thar na blianta chun a mothúchán a mhíniú di fhéin.
Agus smaoiníonn an bhean bhocht ar an ollphéist uafásach/Gaeilgeoir gan aghaidh anaithnid seo chuile am a mbraitheann sí go bhfuil a hÉireannachas fhéin i gceist nó faoin ionsaí sonraithe .
Sa gcás seo, spreag an chaint is an trácht go léir faoin Ghaeilge le déanaí sna meáin clóite agus ar an teilifís agus an chaint leis an "eminent Irish language literary figure" an mothúchán millteach inár gcolúnaí bocht.
Chuaigh sí a choladh agus ina neamh-chomhfhiosach le linn na hoíche sin bhí sí ag ceistiú a hÉireannachas fhéin, ar maidin, bhí an t-ollphéist uafásach/Gaeilgeoir gan aghaidh anaithnid ina dearg-seineafób ag baint úsáide as an teanga ar nós airm polaitiúil ina haghaidh!
Ní ligeann an Gaeilgeoir gan aghaidh anaithnid s'aici cás nó ceist na teangan a thuiscint ar chor ar bith óir tá sí go hiomlán faoina smacht.

Agus buíochas le Dia! Bhí sí toilteanach a neamh-chomhfhiosach fhéin a fhiosrú beagáinín dhúinne.
Déanann sí cur síos ar an nGaeilgeoir atá ina cloigeannín bocht ag deireadh an ailt!

M'fháthmheas: Craiceáilte.
An leigheas: An leabhar Teach Yourself Irish.

M2008.04.07

Chonaic mé le linn na deireadh seachtaine go raibh lucht na Síne i mBleá Cliath ag baint an-sult go deo as ár ndaonlathas breá lena n-agóid in aghaidh "polaitiú na gcluichí Oilimpeacha in Éirinn agus timpeall an domhain ag na meán cumarsáide".
Faraor, an rud a sheas amach dhomsa faoin agóid pro-Oilimpeach seo -seachas na hamhráin á gcasadh ar son Rialtas na Síne agus an tSín i gcoitinne- ná an fhíric nach raibh ach b'fhéidir dhá nó thrí bhratach Oilimpeacha ann, an chuid eile déanta suas de bhratacha dearga móra na Síne, bhí siad caoga ann.
Chonac freisin an seanadóir David Norris ag breathnú ar chúrsaí thaobh amuigh den GPO, croílár daonlathas na nGael más é do thoil é.
Níl's agam ar thuig na Sínigh Cumannacha an íoróin !

Óir is bolscaireacht chumannach a bhí thaobh thiar d'agóid seo níl aon amhras faoi.
Mar sin nuair a tháinig Síneach óg chugam lasmuigh den Ard-Oifig an Phuist lena bhileog bholscaireachta faoin tSín agus cé chomh hiontach is atá sí ó thaobh cearta daonna de chuir mé an cheist dó, go dalba.
"An é seo an agóid ar son saoirse na Tibéide?"
"Ní hea", ar sé go feargach, "'sé seo agóid in aghaidh polaitiú na gcluichí Oilimpeacha, ní bhaineann cás na Tibéide leis na cluichí" a bhí a aisfhreagra dhomh.
"Más agóid Oilimpeacha frith-pholaitiú atá ann, arsa mé, cén fáth go bhfuil i bhfad Éireann níos mó bratach na Síne le feiceáil?"
Mo lean b'in deireadh lenár gcomhrá.
Níl's agam ar thuig na Sínigh an íoróin leis an agóid frith-pholaitiú agus na bratacha polaitiúla!

Agus b'in an chéad uair a bhraith mé gur chóir do lucht na nOilimpeach a bheith náirithe go bhfuil an tseans agus an ardán seo tugtha do Pháirtí Cumannach na Síne bolscaireacht lofa s'acusan a chuir chun cinn timpeall an domhain.

M2008.04.06

Cúig sheachtaine fágtha de réimeas raiméis Phádraig Pharthaláin Uí Eachthairn agus fuaigh Pádraig Seán Ó hIrighile, iar-Uachtarán na hÉireann, ar slí na fírinne an deireadh seachtaine seo.
Ar dheis Dé go raibh sé agus go bhfaighe sé suaimhneas i measc na nGael uaisle i Neamh.
Gaeilgeoir díograiseach séimh go smior a bhí ann, ach ní chloisfidh nó ní léifidh an ghnáthPhaddy aon ní faoi sin sna meáin.

Ag súil le hóráid cois uaigh Uí Chomhain, Taoiseach le cheapadh, an tseachtain seo ag sochraid Uí Irighile.

Dé hAoine, Aibreán 11, 2008

M2008.04.05

An Gort 2008

M2008.04.04

Bhíos ag breathnú ar an Oireachtas Report aréir, ní bhreathnaím air de ghnáth, i ndáiríre! ach ós rud é go raibh stair déanta i dTeach Laighean inné cheap mé go mbeadh Oireachtas Report ann chun an scéal go léir a thabhairt dhúinn..faraor ní raibh.
An stair atá i gceist ar ndóigh ná don chéad uair ariamh, deirtear, chuir ceannaire an Fhreasúra ceisteanna i leith ceannaire an Rialtais as Gaeilge.
Níor tharla a leithéid le linn aimsir De Valera fiú amháin.
Mar sin seachas na ceisteannaí oscailte as Gaeilge a chur ar an teilifís cuireadh an comhrá deas suarach idir Joan Bruton agus an Ceann Comhairle ar an scáileán... i measc rudaí eile.

Ansin thall ar TV3 le Vincent Browne agus a chlár Nightly News, rinne an Brownach gach iarracht an plé a threorú i dtreo na Gaeilge ar feadh soicind amháin ar a laghad, molaim a iarracht. Chuir sé an cheist ar Sam Smyth. An seasann Brian Cowen do aon rud ar leith nua agus cén fealsúnacht atá aige? (Ba léir go raibh an Brownach ag tagairt d'óráid Uí Chomhain agus a chaint faoin Ghaeilge agus tírghrá). Ar ndóigh ní raibh a fhios ag Smyth céard a bhí i gceist aige nó b'fhéidir níor mhaith leis an cheist a fhreagairt i gceart mar sin thosaigh sé ag bladaráil faoin chaoi ina mbeidh Cowen ag déanamh gach rud ina shlí fhéin...blá blá blá.
Ina dhiaidh sin cuireann an Brownach ceist ar Fiona Looney (Níl is agam cén fáth sa diabhal go bhfuil an bhean sin air) An raibh iontas uirthi gur chuir an Comhaineach chomh mór béime ar an nGaeilge ina óráid?
Bhí rud eicínt le rá aici gur chóir go mbeadh duine eicínt i bpost sinsearach ag cur béime ar an nGaeilge ós rud é go bhfuil an Ghaeilge is fearr ag Des Bishop in Éirinn anois, ansin, tosaíonn sí ag caint faoin chaoi go bhfuil chuile dhuine ag caint faoin ghrá atá ag Cowen do cheol agus piontaí nó rud eicínt mar sin.
Ach le linn seo go léir bhí sé go hiontach ar fad Sam Smyth a fheiceáil, nuair a cuireadh an cheist ar Looney faoin Ghaeilge thosaigh sé ag gáirí leis fhéin agus d'éirigh sé an-míchompordach ina shuí ar eagla go gcuirfí an cheist chéanna air ina dhiaidh.

Ar aon chaoi theip ar an Brownach an plé a threorú i dtreo na Gaeilge.

Dé Máirt, Aibreán 08, 2008

M2008.04.03

'Fearr liom dearcadh Uí Chomhain
ná iompar mo dhuine Bertí
gastaire le tuiscint an domhain
sa gcathaoir in áit an Taoisigh.

Ach, leaid nach trua ár gcás
i bpiantaí báis atá an Tíogar
tar éis aon bhliain déag a' fás
beag leasa a bhí an t-íobairt.

Lagtrá nach beag ar leac dorais
ach d'éirigh sé as, an fear is cliste
ár gciste airgid ag dhul in olcas
le droim an Tíogair brúite briste.

Dé Céadaoin, Aibreán 02, 2008

M2008.04.02




M2008.04.01

Bhíos ag caint roimhe faoin uimhir 11. Anois feicim go mbeidh, chuile sheans ar aon chaoi, go mbeidh Brian Cowen ina aonú Taoiseach déag in Éirinn ina dhiaidh fógairt an Taoisigh inniu!
Ós rud é go bhfuil aon phláinéid déag idir beag agus mór inár ngrianchóras, bheinn ag súil go mbeadh siad go léir ailínithe ar an lá a thaganns Cowen i gcumhacht.

Sílim go bhfuil chuile phointe a bhí ar mo liosta beagnach déanta anois.