Dé Céadaoin, Eanáir 12, 2011

M2011.01.06

Ós rud é go bhfuil Háítí sa nuacht arís -as an chomóradh bliana den chrith talún a rinne fothracha de thithe mhilliún duine, agus ina bhfuair ceathrú milliún eile bás dá bharr- is fiú cíoradh tapaidh a dhéanamh dá stair agus cúinsí eacnamaíochta.

Scéal brónach tragóideach is ea scéal Háítí agus a muintir, scéal a bhfuil lámh impiriúlachais agus caipitleachais fite fuaite ann.

Nuair a bhuaigh an tír a neamhspleáchas i 1805 ón Fhrainc, chuir rialtas na Fraince imshuí cabhlaigh uirthi ar feadh 20 bliain. In 1825 chun imshuí na bhFrancach a bhriseadh bhí ar Háítí 150 milliún franc a íoc mar chúiteamh as na sclábhaithe a chaill na Francaigh de bharr a neamhspleáchas. Bhí an tír ag íoc 80% dá buiséad chuile bhliain chun íoc as an chúiteamh seo, suas go dtí 1947!
Níos déanaí anonn chuaigh an IMF i mbun ghnó ann, ag déanamh slad eacnamaíochta ceart ar an gheilleagar le beartais nua-liobrálacha .i. príobháidiú acmhainní, brabúsaíocht ar dhroim na ndaoine etc. Chuir na "necessary structural readjustments" seo ón US agus an IMF srian ar aon dhul chun cinn sóisialta.
Chomh maith leis sin chuir na Stáit Aontaithe dhá coup míleata ar siúl chun cur as don dul chun cinn a bhí na sóisialaithe á dhéanamh leis an ghluaisteacht Fanmi Lavalas. Gluaiseacht/páirtí den eite chlé is ea na Lavalas, atá fréamhaithe i ngluaiseacht na ndaoine, daonlathas logánta díreach , neamhspleáchas an phobail agus smacht daonlathach ar acmhainní agus cúrsaí baincéireachta.

Ba mhaith le SAM, agus an Fhrainc, "daonlathas normálta" .i. daonlathas buirgéiseach ionadaíocht a fheiceáil ann, agus ní daonlathas níos leithne, níos daonlathaí.
An saghas daonlathais ionadaíochta sin nach gcuireann as do chumhacht eacnamaíochta an mhionlaigh éilíteach a bhí uathu. Mar sin, le gníomhú de réir a mianta ní foláir do dhaonlathas aon ghaol le gluaiseacht seo na ndaoine agus féin-riaradh a bhriseadh. Threascair giollaí SAM rialtas Fanmi Lavalas i 2004. Tá cosc curtha ar an pháirtí páirt a thógáil in olltoghcháin ó shin.

Cruthaíonn cúrsaí eacnamaíocha agus polaitíochta mar seo deis fiontraíochta do chaipitlithe áirithe, amhail Gulliver Háítí, mar a luaigh Dennis.

7 comments:

Néidí said...

Ó ach beidh an IMF go deas dúinn, tá siad anseo chun cabhrú linn, (mar dhea)
Is cuimhin liom an bhliain seo caite chuir SAM saighdúirí ann chun cabhrú leo agus chuir cúba dochtúirí!!

aonghus said...

Bhuel, gach tír ag seoladh an rud a bhfuil barraíocht acu de!

(Ach le bheith cóir, is teicneoirí agus trealamh arm a sheol SAM seachas dream chun daoine a mharú. Is cosúil go bhfuil foirne lianna faoi smacht Rialtas Chúba; níl rudaí mar é chomh eagraithe i dtíortha eile, faraor)

Néidí said...

Ach le beith cóir bhí SAM buartha faoi círéibeacha bia, agus sheol siad saighdúirí le gunnaí.
Agus le bheith cóir arís d'éirigh roinnt daoine i SAM iontach feargach faoi seo freisin

aonghus said...

Is maith liom an teideal úd, "Gulliver Háítí". Leabhar nach léitear a dóthain, seachas i leagan coillte.

@Néidí.: tá sin ann freisin.

Dennis King said...

Nuair a fhágann les Haïtiens a dtír, ní go Cuba a theitheann siad. Ar thug sibh é sin faoi deara?

Dubhaltach said...

An bhfuil briseadh síos na n-uimhreacha agat? Is beag eolais atá agam ar imirce mhuintir Háítí.

An bhfuil cúrsaí teangan curtha san áireamh freisin?

Dennis King said...

Níl briseadh síos iomlán agam. Léigh mé go bhfuil an chuid is mó acu i S.A.M agus i gCeanada. Tá pobal Háítíoch seanbhunaithe i gCamaguey i gCuba, ach tháinig an chuid is mó acu ag tús an chéid seo caite. Tá alt suimiúil ar dhiaspora na Háítíoch i Meiriceá Tuaith agus san Eoraip anseo.