Dé Máirt, Nollaig 25, 2007

M2007.12.8

Bliain ár dTiarna 2007, raidhse cnónna insa mbliain seo. Beidh an scannán "Crú na Cille" dhá thaispeáint ar TG4 ar Lá 'le Stiofáin an tseachtain seo de réir dealraimh, bhuel, sin de réir an treoirleabhair teilifíse RTÉ ar aon nós. Níl fhios Bróg nó Bainne na Cille atá i gceist ag lucht RTÉ?
Is cuma céard a cheaptar ar aon nós, beidh Cré na Cille ann i ndeireadh na dála. Nollaig Shona.

Dé hAoine, Nollaig 21, 2007

M2007.12.7

Tairnig éigse fhuinn Gaoidheal;
adhbhar suadh nó saordhraoidheadh
ní mhair díobh—damhna cumhadh—
ná díol anma ollomhan.

Tháinig a ré leath ar leath
sgol Uladh, éigse Laighneach;
deachmhadh dámh Muimhneach ní mhair
ár gan fhuighleach an t-ár-sain.

I gcrích Chonnacht ceardcha sgol
ní mhair ollamh ná adhbhar;
tug fam chridhe ceo orchra,
's ní beo file foghlomtha.

Oighidh Taidhg dhuansgagtha Dhoill,
éag Eochaidh mheich Maoil Eachloinn,
tug draoithe Éireann fa oil
géibheann maoithe fa a meanmoin.

Ní clos sgolaidhe—sgéal tinn—
d'Íbh Dálaigh nó d'fhuil Uiginn
ag túr lighe i leabthaibh both,
dá ealtain fhine n-eolach.

Uch ní mhair caomh ná cara
d'fhuil ealadhnaigh Eochadha;
ag sin cuire cridheadh nglan;
uile a cineadh do-chuadar.

Clann Chraith dá gcreidis sgola,
fine rannghlan Ruadhnadha
méala nach marad an dámh
fréamha carad is compán.

I gcrích Uisnigh an fhuinn ghloin
sgotha fileadh, fuil Chobhthoigh,
sgéal mór gan mharthain na sgol;
a sgarthain is clódh céadfadh.

Clann an Bhaird, clann Con Midhe,
tearc fisidh nó fáidhfhile
—mo dhall chiach-sa is ceo cumhadh—
beo d'iarsma na n-ollomhan.

Tug fógra dámh an domhain
is col d'fhagháil d'ealodhain
fuil chrannda dá cora i gcion
's na fola arda ísiol.

A fhir sgaoilte na sgéal sean
'ga mbí seanchas mac Míleadh
ní ham sgéal do sgaoileadh dheid
tréan Ghaoidheal an tann tairnig.

Tairnig.

Fear Flatha Ó Gnímh a chumadh

Déardaoin, Nollaig 20, 2007

M2007.12.6

Aois Chríost 2007, coitianta agus inghlactha is ea an meon frith-Ghaelach frith-Ghaeilge i muintir na hÉireann, ach is measa fós nuair a thaganns an meon frith-Ghaelach seo chun tosaigh i measc lucht CLG féin.
Iad siúd a sheasanns ar son Gaelachais agus cultúr na nGael in Éirinn!
Ach, cosúil le ailse láidir i gcorp lag níl an droch-mhéin seo le sárú ach an oiread.
Bheifí ag súil lena leithéid dhe dhroch-iompar óna gasúir óga eile nó óna imreoirí eile ach ón maor, ón réiteoir is an bhainisteoir! Mo náire sibh lucht an "half way house"!
Is léir go mbeidh gráin ag an Éireannach don teanga go deo na ndeor, go dtí an lá go bhfuil sí ar a thoil aige, nó go dtí an lá go bhfuil comhairleoireacht síciatrach faighte aige chun a chuid fadhbanna i leith a Éireannachas féin a réiteach.
Níl ann sa ngráin s'aige ach a mhothúcháin i leith a Éireannachas sonraithe féin, nó ina dhearcadh féin, a easpa Éireannachais nó bagairt de.

Déardaoin, Nollaig 13, 2007

M2007.12.5



Ráfla na seachtaine, beidh Des mac Giolla Easpaig, mhic Ghiolla Íosa, mhic Cainnech, mhic Tuathflaith, mhic Bheraigh, mhic Criomhtainn, mhic Colóim Coille, mhic Eirc Logha, mhic Laoghaire, mhic Neill Naoighiallaigh ag glacadh páirt i Ros na Rún i 2008.

Dé Máirt, Nollaig 11, 2007

M2007.12.4

Foilsíodh daonáireamh 1911 i mbliana seo na nGaimbín 2007.
Tá laoch 1916 le feiceáil iontub agus lucht Conradh na Gaeilge ón am.
Seo a leanas liosta de gcuid acub:

Pádraic Mac Piarais
Dubhghlas de hÍde
Éamonn Ceannt
James Connolly
Seán Ó Casaigh
Séamas Ó Lorcáin
Thomás Mac Donnchadha
Shán Ó Cuív
Thomas Ashe
Cathal Brugha
An Cunta Pluincéad, George Noble Pluincéad
Liam .T. Ua Cosgair
Art Ó Gríobhtha
Eoin Mac Néill
Mícheál Ó Rathaille nó "The O'Rahilly"
Risteárd Ó Maolcatha
Seán Mac Diarmada

Beidh sé ar mhuintir Tír Fhiachrach, agus Condae Shligigh i gcoitinne, fanacht go ceann bliana go dtí go bhfuil seans againn foirmeacha ár sinsear a bhreathnú.

M2007.12.3

D'éag a lán daoine de bharr sneachta an Dheabhail i mbliana, beirt nó triúr chuile sheachtain ar a laghad. D'éacc Katy French i mbliana de bharr cócaon freisin. Bhí TV3 agus a gclár "Xpose" ann ag a sochraid chun an scéal go léir a thabhairt dhúinn. Is beag nár thug siad léargas dúinn ar cheard go díreach a bhí á caitheamh ag corp French. Ar thóir an scéil eisiach is dóigh.
Thit caighdeán na meán níos mó i mbliana.

Dé Céadaoin, Nollaig 05, 2007

M2007.12.2



D'fhoilsigh an Cháinaisnéis an mhí seo i 2007 ag Tiarna Uíbh Fhailí, Brian mac Bernard, mhic Cristopher Uí Chomhain. Cáinaisnéis stuama a bhí ann, ach is cuma óir tá an tíogar ar leaba an bháis agus ní fada go mbásóidh é.

Dé Luain, Nollaig 03, 2007

M2007.12.1



Bhuail spéirling uafásach mhór cósta an iarthair an mhí seo, aois Chríost 2007. Ní raibh tonnta dá leithéid feicthe ag muintir Shligigh, muintir Tír Fhiachrach ach go háirithe le fada an lá. Ó Béal Átha an Mhadaidh ar bhá Chill Ala, go dtí an Leacan agus a muintir léannta, thall ansan go dtí Ráth Lao agus go hIascaigh fián agus ar Trá Bhuí álainn, Eachros agus an Mullach Mór.

Dé hAoine, Samhain 30, 2007

M2007.11.14



Comhairle mhaith.

Déardaoin, Samhain 29, 2007

M2007.11.13


Drochmhí ab ea é do Taoiseach na hÉireann, idir an phobalbhreith mhífhabhrach go dtí an phraiseach sa HSE, agus an vóta mímhuiníne sa Dáil in aghaidh Iníon Uí Athairne, agus Ned Ó Caoimh ag éirí as an bpáirtí agus na bréaga seo aigesean ag tíocht chun tosaigh sa mBinse Uí Mhócháin. Ná bac leis na fadhbannaí móra atá againn i leith an gheilleagair chomh maith.
Ní bheidh sé i bhfad sul má bhreathnaíonn muid Tánaiste na hÉireann, comharba Phádraig Pharthalán Uí Eachthairn, Tiarna Uíbh Fhailí, Brian mac Bernaird, mhic Christopher Uí Chomhain ina Thaoiseach.
Faire, faire ó a Thaoisigh mallaithe

M2007.11.12

Craoladh clár, i mbliana seo, ar stair na hÉireann ach níor luadh teanga na nGael nó fiú stair na nGael sa gclár.
Is léir fós go bhfuil "An Ghaeilge" ina drochfhocal dearg i measc lucht scríobh na staire in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Creidtear gur thosaigh stair na hÉireann sa naoú haois déag agus an fichiú haois, óir ní raibh trácht dá laghad ar Micheál nó Fear Feasa agus na fir eile a scríobh na hannála stairiúla. Ní raibh trácht ar Seathrún mac Shéamuis mhic Thómais Céitinn agus a leabhar mór Foras Feasa ar Éirinn fiú amháin, ná bac le muintir Mac Fhirbhisigh as contae Shligigh. Giolla Íosa Mór mac Donnchadh Mac FhirbhisighDubhaltach Óg mac Giolla Íosa Mór mhic Dhubhaltach Mhór Mac Fhirbhisigh agus na leabhair s'acusan: Leabhar Mór Leacain agus Leabhar na ginealach faoi seach.

Dé hAoine, Samhain 23, 2007

M2007.11.11

D'fhág rialtas na hÉireann a muintir as Leath Chuinn gan seirbhísí ailse i Sligeach i mbliana, táthar ag súil go rachadh daoine as Leath Chuinn go cathair na Gaillimhe chun na seirbhísí ailse a fháil. Ionad Barr Feabhais a thugtar ar na hionaid siúd.
Mhúscail muintir an iarthuaisceart slua mór chun máirseáil a dhéanamh ar Dáil Éireann in Áth Cliath Duibhlinne, ní raibh mórán slad déanta ina dtimpeall, mar a bhíodh an nós le muintir Leath Chuinn fadó, ach chuir siad a seasamh in iúl do na gaimbíní i gcumhacht ar a laghad.

Déardaoin, Samhain 22, 2007

M2007.11.10



Bhain Parthalán Bertí mac Tomás, mhic An Ghiolla Dhuibh Uí hEachthairn , Taoiseach na hÉireann úsáid as Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge mar pháipéar leithris i mbliana. Scríobh Tiarna Corr na Móna, Éamon mac Briain, mhic Sháin Uí Chuív an Ráiteas thiar i gcúige Mhéabha.

Dé Máirt, Samhain 20, 2007

M2007.11.9




B'é an tAire Ghnóthaí Tuaithe, Pobail, Gaeltachta is Tiarna Corr na Móna, Éamon mac Briain, mhic Sháin Uí Chuív , a las soilse na Nollag ar Shráid Grafton, i mbliana seo na nGaimbín, aois Chríost 2007.

M2007.11.8

Aois domhain 2007AD, an t-aon mhí déag, tá fadhb mhór fós ag muintir na hÉireann leis an uimhir 11.
'Sé sin, níl siad in ann don aon abairt dhéag atá san amhrán náisiúnta, Amhrán na bhFiann. Tá daoine áirid fós ag glaoch chun deireadh a chuir leis an amhrán agus ceann nua-aimseartha a chuir ina háit.
Tá fadhb fós ag na hÉireannaigh leis na briathra neamhrialta atá sa nGaeilge freisin, a bhfuil aon déag acub ann.
Creidtear go raibh mallacht curtha ar na Gaeil fadó maidir leis an uimhir olc seo agus gurb shin an fáth go mbeidh Parthalán mac Con, mhic An Ghiolla Dhuibh Uí Eachthairn ina Thaoiseach go ceann aon bhliain déag!

M2007.11.7

Is fearr an croitheadh láimhe fuar i ndiaidh an leithris ná an croitheadh láimhe te

Dé hAoine, Samhain 16, 2007

M2007.11.6

Tháinig Tómaí mac Siúrdáin, mhic Thómais, mhic Bhrian, mhic Óig Mhig Uidhir mar chomharba ar Tómaí Mac an Bhreitheamhan, mhic Mhathghamhna, mhic Ghiolla Íosa Ruaidh, mhic Cathaoir Uí Diomasaigh le haghaidh foireann Shligigh i mbliana.
Bhain Tómaí Mac an Bhreitheamhan bua iontach maith i gcath mór sa gCúige Mhéabha in aghaidh laochra na Gaillimhe sular fhág sé a phost. Rinne sé slad iontach fuilteach ar laochra na Gaillimhe ar mhachaire an áir sa gcondae Ros Comáin.

M2007.11.5

Creidtear go forleathan in Éirinn, an bhliain seo, go bhfuil uisce faoi talamh maidir le cinneadh an Aire Ní Ainiféin, Cú na hEaglaise, in aghaidh tumoideachais i ngaelscoileanna.
Creidtear go bhfuil an tAire ag damhsa do phort na státseirbhísí frith-Ghaelacha sa Roinn Oideachais is Eolaíochta, nó níos measa fós, tá ladar na cléire fhéin á chur ann.

Dé Máirt, Samhain 13, 2007

M2007.11.4

Mortlaíocht mhór ar dhaoine faoi gcúram an HSE an bhliain seo.

Dé Luain, Samhain 12, 2007

M2007.11.3

Aois domhain 2007AD, an bhliain dheireanach den Tíogar Ceilteach, An deichiú bliain de bParthalán Ó hEachthairn mar Taoiseach na hÉireann, An deichiú bliain de na Gaimbíní i gcumhacht in Éirinn.
Tá an cath uafásach masmasach i nGaeltacht Mhaigh Eo fós ag dhul ar aghaidh i gcoinne an chomhlachta Shell, in ainneoin mianta muintir na hÉireann taispeánta i chuile phobalbhreith ar an ábhar chun deireadh a chur leis an bhfulaingt á fulaingt ag Gaeil Iorras. Gaeil Iorras ag iarraidh a muintir is a dteaghlaigh a chosaint ó bhfíor-ghás ag tíocht i dtír le hais a dtithe sa bhfíor-Ghaeltacht deireanach i Maigh Eo sa gcúige Mhéabha.
Tá an comhlacht Shell, Lochlannaigh, ag baint úsáide as Gardaí na hÉireann le cead ó bhFianna Fáil, lucht Mhic Mhurchadha i 2007, chun obair Shell a chur i gcrích, in ainneoin na fírice nach bhfuil cead pleanála acub chun amhlaidh a dhéanamh fós.

M2007.11.2

Aois Chríost dhá mhíle is a seacht. Tháinig bean as Béal Átha na Slua i gcúige Mhéabha, Máire Ní Áirne ab ainm di. Tháinig sí trasna na habhann mhór in Éirinn, An tSionainn, fadó. I mbliana seo aois Chríost 2007, thug sí níos mó eolais dúinn ar an gcumhacht atá ag an rialtas ar na meáin in Éirinn.
Shéan Taoiseach na hÉireann chuile ní mar is gnách leis

M2007.11.1

Réimeas Pervez Musharraf sa bPacastáin, aois domhain 2007 agus níl na stáit aontaithe ag cur a dhóthain brú ar a chara Pervez Musharraf agus a dheachtóireacht sa bPacastáin

Dé Luain, Deireadh Fómhair 15, 2007

M2007.10



Aois domhain 2007, An deichiú bliain de bParthalán Ó hEachthairn in Éirinn, cuairt faisnéise Uí Chuív: Grianghraf den Aire Ó Cuív ag bualadh le 江泽民 (Jiang Zemin) den Pháirtí Chumannaigh ar a chuairt faisnéise i leith smacht na meán (RTÉ RnaG agus Lá Nua) le déanaí.

Dé hAoine, Deireadh Fómhair 05, 2007

M2007.10



Réimeas Phádraig Pharthaláin Uí Eachthairn, Taoiseach na hÉireann, tháinig na mílte Gaeilgeoirí amach ar na sráideanna i mBleá Cliath i luimneach i Sligeach agus Gaillimh. (Ní raibh aoinne ann as Corcaigh) chun a dtacaíocht a thabhairt don Síbín Gaelach agus a neamhspleáchas ón impireacht uafásach After Hours ar an suíomh idirlín Boards.ie

Dé hAoine, Lúnasa 17, 2007

M2007.08



Aois domhain 2007, Tá an Piarsach le feiceáil sa scannán Mise Éire, le hais Uaigh Uí Dhonnabháin Rosa.

Dé hAoine, Lúnasa 03, 2007

M2007.08

Réimeas Vladimír dearg Uí Phútin sa Rúis, agus leis an téamh domhanda ag dhul ar aghaidh, deirtear go mbeidh an Pol Thuaidh ina pharthas trópaiceach amach anseo, agus tá na Rúisigh ag léim isteach san uisce thall ansan chun a n-éiligh a éileamh ar chuid de, rinneadh an gníomh le brath Rúiseach á chur ar ghrinneall na farraige.

Déardaoin, Lúnasa 02, 2007

M2007.08




Aois domhain 2007, an bhliain dheireanach den Tíogar Ceilteach, an scannán is measa curtha amach i mbliain.
Seo liosta thíos de na rudaí nár thaitin leis na lads eile anseo san oifig faoin scannán:

1) An iomarca RG ar na hathruithe
2) An scéal grá (An gcreideann Bay go bhfuil gá lena leithéid i gcónaí)!!
3) An cailín as an Astráil , bhí sé mealltach ach an raibh aon fáth eile léi sa scannán
4) An chaoi ar d'athraigh sé ó lá go hoíche go tobann (Rinneadh amhlaidh i Pearl Harbour an scannán seafóideach eile ó Bay)
5) An radharc sa seomra agus mo dhuine ag iarraidh na Autobots a cheilt, bhí sé díreach as script eicínt don scannán American Pie "An raibh tú ag glacaireacht" adeir a mháthair...
6) An Transformer a bhí ina scairp
7) An Transformer ag déanamh na bradaíola

Dé hAoine, Iúil 13, 2007

M2007.7



Aois domhain 2007 , agus tháinig an Huge Cupboard síos sráid Phádraic, tháinig muintir Chorcaí amach ina mílte chun fáilte chroíúil a chur roimhe.

An cófra is cáiliúla i gCorcaigh...

Dé Máirt, Meitheamh 26, 2007

M2007.6

Ré Fhianna Fáil, agus cumhacht nimhithe an rialtais atá ag cur isteach ar na Glasaigh, ní amháin don chéad uair, nuair atá sé orthub seasamh le Fianna Fáil agus na PDs ar reifreann an Aontais Eorpaigh atá amach romhainn. B'in a bhí le rá ag meáin.
Beidh reifreann an AE curtha os comhair na nGael aríst, don tríú huair.

Bhí na Glasaigh in aghaidh an chéad reifreann a ritheadh sa tír, agus ar ndóigh, bhí an ceart acub. Bhí Seán Ó Goirmghiallaigh, ach go háirithe, in aghaidh dréachtbhunreacht an AE i 2004. Agus anois níl mórán difríochta idir an ceann sin i 2004 agus an ceann is nuaí seo ag tíocht síos an bhóthair chuig na Gaeil in Éirinn i 2008.

Dé Máirt, Meitheamh 19, 2007

M2007.6


AOIS Chríost 2007 Tá tinneas an vóta agóide ag cur isteach ar dhaoine tar éis an chatha idir Fianna Fáil is Fine Gael in Éirinn, chaill arm Fhine Gael an cath:

Tá díomá orm inniu de bharr alt Sheáin Uí Thuairisc atá i Lá Nua
De ghnáth féadtar a bheith ag tnúth le léargas polaitíochta maith, cruinn 'gus stuama uaibh. Ach anois, na laethanta seo, tar éis cinneadh na nGlasach a dhul i gcomhrialtas leis an tura ceatha nua chun a gcuid polasaithe i leith na timpeallachta a chur i bhfeidhm, feictear cuid bheag den eite chlé ag fulaingt ó thinneas éicint a chuireann isteach ar a gcuid smaointí agus tuairimí. Tinneas an Vóta Agóide a bhaistfidh mé air!
Agus mar gheall ar an tinneas uafásach seo a bhuaileanns lucht an Vóta Agóide gan rabhadh is go tobann, tagann siad amach le tuairimí ar nós:

“Chaith an Comhaontas Glas mí mhór fhada ag dul timpeall na tíre, ó mhoch maidine, á chur in luí orainn go raibh sé i gceist acu FF agus Bertie Ahern a ruaigeadh as oifig, agus malairt rialtais a chur in áit FF/PD. Chreid a lán daoine na focail fhánacha sin ó na polaiteoirí a dúirt a leithéid, ach fuair siad a mhalairt amach, nuair a fuair scata TDanna boladh na cumhachta”

Más buan mo drochchuimhne dúirt an Caomhantas Glas gur fearr leo rialtas nua a bheith i réim, ach fan an páirtí amach ó aon chomhaontú amaideach, dá bhrí sin, bhí na roghanna le haghaidh rialtas oscailte acub.
Go brónach bhí sé ar Sargent éirí as más rud é go mbeidís ag dhul i gcomhrialtas le FF!
Ní raibh an mhalairt rialtas FG/LO in ann ruaig a chur ar an Fianna Fáil, b'in a ndualgas is a sprioc.
Ba sprioc leis na Glasaigh a gcuid polasaithe i leith na timpeallachta a chur i bhfeidhm, sin an príomhfháth a chaith mé mo bhóta ar a son ar aon nós. Dá mbá rud é gur mhaith liom vóta a chur amú, mhillfinn mo vótasa!


Ach cad mar gheall ar na daoine bochta ar fud na tíre a chreid a raibh ar siúl ag Sargent
agus a chriú, agus a vótáil dóibh, ar an gcuntar go rabhadar chun an scata sin a ruaigeadh as an rialtas?

Bhuel na daoine bochta go cinnte, ach cén fáth go bhfuil an locht seo á chur ar na Glasaigh, ní raibh Ó Cionnaith sásta margadh a dhéanamh le Sinn Féin, 'gus sin ag cur deiridh le haon tseans do mhalairt rialtas ann, agus feictear dom gur cuma leis na “daoine bochta” seo ar chúrsaí timpeallachta, óir bá chóir go mbeadh chuile fhíorGhlasach sásta go bhfuil an dá roinn siúd againn (an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus an Roinn Cumarsáide, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha)


'Bhfuil a fhios ag an gComhaontas Glas go bhfuil na mílte is na mílte duine ar fud na tíre inniu ag cur na ceiste: cad a tharla don bprionsabal docht daingean sin, go gcuirfí deireadh le heitleáin chogaidh na Stát Aontaithe a bheith ag úsáid Aerfort na Sionainne chun an cogadh marfach mídhleathah sin thall san Iaráic a fhearadh?

An mbeadh na "daoine bochta" ag rá an rud céanna dá mbeadh Fine Gael i gcumhacht dála an scéil, mar ní bheadh aon rud difriúil i leith Aerfort na Sionainne agus Teamhair na Slógh dá mbeadh! Níl aon leigheas ar an scéal seo mura gcaitheann níos mó daoine vótaí ar son na nGlasach chun a gcuid Rialtas fhéin a bhunú. ach ní mar a bhí is ní mar a bheas!

Agus mar gheall ar an fhíric go bhfuil gá ag na Poncánaigh a bpraiseach san Iaráic a ghlanadh suas faoi údarú na Náisiún Aontaithe caithfidh a leithéid a bheith ag dhul ar aghaidh go dtí go bhfuil sé sin críochnaithe!!
Agus ar a laghad, anois, de bharr na nGlasach, ní bheidh eitiltí ag tuirlingt ann gan sainordú na Náisiún Aontaithe mar a tharla le linn rialtais FF/PD

Tá roinnt gealltanas faighte ag an gComhaontas Glas.
cá mhéad...conas....cén uair...céard....cathain....cén dualgas...cén fáth....an-doiléir

An fear bocht... Tinneas an Vóta Agóide atá ag cuir isteach air. Faríor, níl aon dhul as!
Níl an rialtas ar siúl ach ar feadh dhá sheachtain agus tá na ceisteannaí seo á gcur aige, bheifí ag tnúth go mbeadh chuile rud atá luaithe ar an gclár don rialtas curtha i bhfeidhm thaobh istigh de na cúig bhliain nach mbeifí!

D'imir sé (Bertí) cleas crua dána orthu, agus is mór é m'fhaitíos go n-íocfaidh siad go daor as, an chéad uair eile.

Tá súil agam nach mbeidh a leithéid ag tarlú amach anseo, ach is féidearthacht í , óir níl aon rud difriúil faoina Glasaigh an Lucht Oibre nó na PDs nuair a thagann sé go dtí díoltas an vótálaí.
Ach nach gcreideann sibh go bhfuil sé i bhfad Éireann níos onóraí a bheith ag dhul i gcomhrialtas chun rud éicint maith agus onórach a dhéanamh do do thír is do mhuintir nuair atá a fhios agat go bhfuil chuile sheas go mbeidh deireadh leat sa chéad toghcháin eile .

Agus mé ag ceapadh go raibh meas ag na Gaeil d'íobair ar a son.

Déardaoin, Bealtaine 31, 2007

M2007.5



Aois domhain 2007, troideadh cath in Éirinn, agus anois tá an fear mór beag na nGlasach ag fanacht go foighneach don ghlaoch ón fhear mór truaillithe na nGaimbín.

Aiséirí











Aiséirí an Iolair Fhíréin,
i ngleann fiáin, tuar maith
Aiséirí na Gaeilge?