Dé Domhnaigh, Eanáir 23, 2011

M2011.01.16

Dhá chlár a bhfaca mé ar sheinnteoir TG4 le déanaí, agus a sheas amach mar cláracha den chéad scoth a thugann léargas iontach staire agus cultúrtha dúinn. Cláracha is ea iad a thuileann moladh nach beag agus lucht féachana fairsing as ucht a gcaighdeán mar chláracha faisnéise.
Is iad saothar nua an iarr-bhlagadóra Mhic Dhonnagáin "Mise Raiftearaí- An Fíodóir Focal", clár faoin fhile clúiteach Antaine "Raftery" Ó Reachtaire.
An ceann eile faoi scéal saoil Tom Barry, ceannaire den IRA le linn Cogadh na Saoirse, ón tsraith Bóthar na Saoirse.

2 comments:

Dennis King said...

An-chlár! Go raibh maith agat as é a chur ar ár súile dúinn! Cronaím Tadhg mar bhlagadóir, ach is léir nár lig sé a mhaidí le sruth ar chor ar bith, bail ó Dhia air.

Dubhaltach said...

"ach is léir nár lig sé a mhaidí le sruth ar chor ar bith"

Dar fia is léir. Ach ba rud maith dá mbeadh leabhair ag dul leis na cláracha seo, amhail an ceann le Seachtar na Cásca.
Is deas foghlaim faoi rud éigin ón teilifís agus an t-eolas sin a bheith ann, ach níl sé buan go dtí go bhfuil sé breactha síos.