Dé Máirt, Nollaig 25, 2007

M2007.12.8

Bliain ár dTiarna 2007, raidhse cnónna insa mbliain seo. Beidh an scannán "Crú na Cille" dhá thaispeáint ar TG4 ar Lá 'le Stiofáin an tseachtain seo de réir dealraimh, bhuel, sin de réir an treoirleabhair teilifíse RTÉ ar aon nós. Níl fhios Bróg nó Bainne na Cille atá i gceist ag lucht RTÉ?
Is cuma céard a cheaptar ar aon nós, beidh Cré na Cille ann i ndeireadh na dála. Nollaig Shona.

Dé hAoine, Nollaig 21, 2007

M2007.12.7

Tairnig éigse fhuinn Gaoidheal;
adhbhar suadh nó saordhraoidheadh
ní mhair díobh—damhna cumhadh—
ná díol anma ollomhan.

Tháinig a ré leath ar leath
sgol Uladh, éigse Laighneach;
deachmhadh dámh Muimhneach ní mhair
ár gan fhuighleach an t-ár-sain.

I gcrích Chonnacht ceardcha sgol
ní mhair ollamh ná adhbhar;
tug fam chridhe ceo orchra,
's ní beo file foghlomtha.

Oighidh Taidhg dhuansgagtha Dhoill,
éag Eochaidh mheich Maoil Eachloinn,
tug draoithe Éireann fa oil
géibheann maoithe fa a meanmoin.

Ní clos sgolaidhe—sgéal tinn—
d'Íbh Dálaigh nó d'fhuil Uiginn
ag túr lighe i leabthaibh both,
dá ealtain fhine n-eolach.

Uch ní mhair caomh ná cara
d'fhuil ealadhnaigh Eochadha;
ag sin cuire cridheadh nglan;
uile a cineadh do-chuadar.

Clann Chraith dá gcreidis sgola,
fine rannghlan Ruadhnadha
méala nach marad an dámh
fréamha carad is compán.

I gcrích Uisnigh an fhuinn ghloin
sgotha fileadh, fuil Chobhthoigh,
sgéal mór gan mharthain na sgol;
a sgarthain is clódh céadfadh.

Clann an Bhaird, clann Con Midhe,
tearc fisidh nó fáidhfhile
—mo dhall chiach-sa is ceo cumhadh—
beo d'iarsma na n-ollomhan.

Tug fógra dámh an domhain
is col d'fhagháil d'ealodhain
fuil chrannda dá cora i gcion
's na fola arda ísiol.

A fhir sgaoilte na sgéal sean
'ga mbí seanchas mac Míleadh
ní ham sgéal do sgaoileadh dheid
tréan Ghaoidheal an tann tairnig.

Tairnig.

Fear Flatha Ó Gnímh a chumadh

Déardaoin, Nollaig 20, 2007

M2007.12.6

Aois Chríost 2007, coitianta agus inghlactha is ea an meon frith-Ghaelach frith-Ghaeilge i muintir na hÉireann, ach is measa fós nuair a thaganns an meon frith-Ghaelach seo chun tosaigh i measc lucht CLG féin.
Iad siúd a sheasanns ar son Gaelachais agus cultúr na nGael in Éirinn!
Ach, cosúil le ailse láidir i gcorp lag níl an droch-mhéin seo le sárú ach an oiread.
Bheifí ag súil lena leithéid dhe dhroch-iompar óna gasúir óga eile nó óna imreoirí eile ach ón maor, ón réiteoir is an bhainisteoir! Mo náire sibh lucht an "half way house"!
Is léir go mbeidh gráin ag an Éireannach don teanga go deo na ndeor, go dtí an lá go bhfuil sí ar a thoil aige, nó go dtí an lá go bhfuil comhairleoireacht síciatrach faighte aige chun a chuid fadhbanna i leith a Éireannachas féin a réiteach.
Níl ann sa ngráin s'aige ach a mhothúcháin i leith a Éireannachas sonraithe féin, nó ina dhearcadh féin, a easpa Éireannachais nó bagairt de.

Déardaoin, Nollaig 13, 2007

M2007.12.5



Ráfla na seachtaine, beidh Des mac Giolla Easpaig, mhic Ghiolla Íosa, mhic Cainnech, mhic Tuathflaith, mhic Bheraigh, mhic Criomhtainn, mhic Colóim Coille, mhic Eirc Logha, mhic Laoghaire, mhic Neill Naoighiallaigh ag glacadh páirt i Ros na Rún i 2008.

Dé Máirt, Nollaig 11, 2007

M2007.12.4

Foilsíodh daonáireamh 1911 i mbliana seo na nGaimbín 2007.
Tá laoch 1916 le feiceáil iontub agus lucht Conradh na Gaeilge ón am.
Seo a leanas liosta de gcuid acub:

Pádraic Mac Piarais
Dubhghlas de hÍde
Éamonn Ceannt
James Connolly
Seán Ó Casaigh
Séamas Ó Lorcáin
Thomás Mac Donnchadha
Shán Ó Cuív
Thomas Ashe
Cathal Brugha
An Cunta Pluincéad, George Noble Pluincéad
Liam .T. Ua Cosgair
Art Ó Gríobhtha
Eoin Mac Néill
Mícheál Ó Rathaille nó "The O'Rahilly"
Risteárd Ó Maolcatha
Seán Mac Diarmada

Beidh sé ar mhuintir Tír Fhiachrach, agus Condae Shligigh i gcoitinne, fanacht go ceann bliana go dtí go bhfuil seans againn foirmeacha ár sinsear a bhreathnú.

M2007.12.3

D'éag a lán daoine de bharr sneachta an Dheabhail i mbliana, beirt nó triúr chuile sheachtain ar a laghad. D'éacc Katy French i mbliana de bharr cócaon freisin. Bhí TV3 agus a gclár "Xpose" ann ag a sochraid chun an scéal go léir a thabhairt dhúinn. Is beag nár thug siad léargas dúinn ar cheard go díreach a bhí á caitheamh ag corp French. Ar thóir an scéil eisiach is dóigh.
Thit caighdeán na meán níos mó i mbliana.

Dé Céadaoin, Nollaig 05, 2007

M2007.12.2



D'fhoilsigh an Cháinaisnéis an mhí seo i 2007 ag Tiarna Uíbh Fhailí, Brian mac Bernard, mhic Cristopher Uí Chomhain. Cáinaisnéis stuama a bhí ann, ach is cuma óir tá an tíogar ar leaba an bháis agus ní fada go mbásóidh é.

Dé Luain, Nollaig 03, 2007

M2007.12.1



Bhuail spéirling uafásach mhór cósta an iarthair an mhí seo, aois Chríost 2007. Ní raibh tonnta dá leithéid feicthe ag muintir Shligigh, muintir Tír Fhiachrach ach go háirithe le fada an lá. Ó Béal Átha an Mhadaidh ar bhá Chill Ala, go dtí an Leacan agus a muintir léannta, thall ansan go dtí Ráth Lao agus go hIascaigh fián agus ar Trá Bhuí álainn, Eachros agus an Mullach Mór.