Dé Céadaoin, Eanáir 30, 2008

M2008.01.11

Taibhsí Gaelacha ón t-am atá thart in Éirinn, buíochas le Lucht Lá Nua

Is deacair na mothúcháin a mhothaítear a mhíniú, ag éisteacht dhom leis na seandaoine seo ag inseacht a gcuid scéalta is amhráin.
Brón agus gliondar i mo chroí istigh ag an am céanna, an chaoi a raibh agus a ba chóir dó a bheith.

Brigid Mhic Fhíobhuí
An Choraidh, Condae Shligigh


Tomás Mag Sheanlaoich, Cluain Mál, Loch Glinne, Condae Ros Comáin.

Mac Rí Chonnachta

“Sláinte na háille is gile ná an ghrian, ní fhágfaidh mé seo go n-insí mé scéal.”
Mac Rí Chonnachta chuaigh sé amach lá amháin ag fiach, agus casadh sean-fhear dhó.
Bheannaigh siad dhá chéile.
“An mbeidh cluiche cártaí agat, Mac Rí Chonnachta?”
“Is cuma liom,” arsa Mac Rí Chonnachta.
Shuí siad síos. Chuir Mac Rí Chonnachta an chéad chluiche air.
“Cad-éard....cad-éard an geall?”
“Go gcaithfidh tú cloigeann gabhair a chur ar mo mháthair go gceann míosa.”
Ar maidin, casadh dhó arís é.
“Ar chonaic tú sin,” arsa an sean-fhear.
“Chonaiceas, agus tá stró ar mo chroí, mar bhí sí ina droch-cheann dom.”
Bhuel, lá arna mhárach, chuaigh sé amach arís agus casadh dhó é.
“Ar chonaic tú sin?” ar seisean. “Chonaiceas.”
“An mbeidh cluiche cártaí eile agat?”
“Is cuma liom.”
Ghnóthaigh Mac Rí Chonnachta é.
“Cad-éard an geall?”
“Go gcaithfidh tú an chathair is breaghachta (breátha) a chonacthas ariamh a bheith ar aghaidh chathair m’athar ar maidin agus an bhean a bheas pósta agam a bheith istigh ann romham.”
Bhuel lá arna mhárach, chuaigh sé amach arís.
“Ar chonaic tú sin?” arsa an sean-fhear.
“Chonaiceas, ach ba chóir dhuit a fhágáil ansin.”
“Níor rinne tú sin, níor chuir tú sin in san margadh,” arsa an tsean-fhear.
An tríú maidin, chuaigh sé amach, agus casadh an seanfhéar dó.
“Ar chonaic tú sin.”
“Chonaiceas,” ar seisean, “ach ba chóir dhuit a fhágáil ansin.”
“Níor choinnigh tú sin in san margadh,” ar seisean.
Bhuel, chaith, chuir an sean-fhear an cluiche air.
“Cad-éard an geall,” arsa Mac Rí Chonnachta.
“Go gcaithfidh tú m’áit-sa a fhágáil amach, agus bhéarfaidh mé lá agus bliain duit lena fháil amach.”
“Céard d’ainm agus do shloinneadh?”
“Mise Rí na hOíche ins na gleannta uaigneacha, agus bhéarfaidh mé lá agus bliain duit lena fháil amach.”
Thóraigh sé roimhe agus ina dhiaidh.
Chuir sé tuairisc gach uile áit.
Níor fhéad sé a fháil ná tuairisc air gur tháinig sé an áit a raibh Fián Mór agus bhí bua aige ar chuile shórt in sa domhain mhór.
“Bhuel, níor, má tá sé faoi thalamh ná os cionn talún,” arsa an Fian Mór, gheobhaidh mise amach é.
Thug sé amach ar chnoc é agus chuir sé fídeog ina bhéal agus shéid sé an fídeog, agus tháinig éanachaí an tsaoil thart orthu, agus d’fhiafraigh sé dhíofa an raibh fios acu, ceachtar acu fios acu ar aon áit a raibh Rí na hOíche ins na gleannta uaigneacha ina chónaí. Ní raibh fhios ag ceachtar acu cén áit a raibh sé.
“Fan,” ar seisean, “níor chonaic mé an t-iolar ag teacht go fóill.”
“Chonaic sé é ag teacht.
“Cén áit a raibh tú,” arsa an Fian Mór.


Deas le chloisteáil, ach ní thuigim a thrácht ar chor ar bith!

Déardaoin, Eanáir 24, 2008

M2008.01.10



Buadh cás cúirte san Ard-Chúirt a chinnteodh go mbeidh teanga na nGael ar bhoscaí tobac amach anseo. Throid an stát in aghaidh an cháis go dtí an deireadh, measfaí chun lucht toitíní a chosaint, óir ní luíonn a seasamh le ciall ar bith.

Rabhaidh tobac ón Aontas Eorpach

M2008.01.9

Fill Arís

Fág Gleann na nGealt thoir,
Is a bhfuil d'aois seo ár dTiarna i d'fhuil,
Dún d'intinn ar ar tharla
Ó buaileadh Cath Chionn tSáile,
Is ón uair go bhfuil an t-ualach trom
Ia an bóthar fada, bain ded mheabhair
Srathar shibhialtach an Bhéarla,
Shelly, Keats is Shakespeare:
Fill arís ar do chuid,
Nigh d'intinn is nigh
Do theanga a chuaigh ceangailte i gcomhréiribh
'Bhí bunoscaionn le d'éirim:
Dein d'fhaoistin is dein
Síocháin led ghiniúin féinig
Is led thigh-se féin is ná tréig iad,
Ní dual do neach a thigh ná a threabh a thréigean.
Téir faobhar na faille siar tráthnóna gréine go Corca Dhuibhne,
Is chífir thiar ag bun na spéire ag ráthaíocht ann
An Uimhir Dhé, is an Modh Foshuiteach,
Is an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine:
Sin é do dhoras,
Dún Chaoin fé sholas an tráthnóna,
Buail is osclófar
D'intinn féin is do chló ceart.

Seán Ó Ríordáin

Is beag an tuairim a bhí agam faoi Seán Ó Ríordáin file -a chum an dán thuas- go dtí aréir, nuair a tháinic an file dár linne fhéin Louis De Paor ar an teilifís i gclár suimúil, tochtmhar dá chuid ar thóir an Ríordánach fhéin.
Ba shuimiúil an chaoi ar chaith Ó Ríordáin a shaol, idir an file gaelach, fear na Gaeilge is na bhfocal agus an Mr O'Riordan den oifig, Jackie Riordan. Nó an fear grinn fiú amháin.
Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile sílim gurb fhéidir le chuile dhuine iad féin a bhreathnú sa bpictiúr áirid sin, an chodarsnacht ina maireann chuile chainteoir Gaeilge inti.

Mo léan géar, ach is féidir liomsa ar aon chaoi.

Déardaoin, Eanáir 17, 2008

M2008.01.8

An bhliain dheireanach de réimeas Phádraig Pharthaláin Uí Eachthairn. Taoiseach do Ghael is Gall is sean-Gall is sean-Gael is nua-Gael is nua Gall-Gael.
Ike mac Con Chonnacht, mhic Bhriain, mhic Pilip, mhic Thomáis Turner , iar-fhear chéile Tina Turner a d'éag. De bharr cócaon.
Taispeánadh Ike mar fhear aibhéiseach foréigneach sa scannán What's Love Got to Do with It, scannán bunaithe ar shaol Tina, a iar-bhean chéile. Sa scannán sin bhí an sár-aisteoir Laurence John Fishburne III ag déanamh páirt Ike, ach go brónach ní bhfuair Laurence oscar ariamh le haghaidh a thaispeántais ar an scáileán airgid, cosúil lena chomhoibrí ón scannán Five Fingers Colm mac Maghnais, mhic Aodha Óige, mhic Aodha Ruaidh, mhic Neill Ghairbh Uí Maonaigh agus a scannán nua Kings/Ríthe a chaill amach as aon ainmniúchán do na Oscars i mbliana seo na nGaimbíní.

Dé Máirt, Eanáir 15, 2008

Dé hAoine, Eanáir 11, 2008

M2008.01.6



D'fhreastail Michael Ring as Cúige Mhéabha, urlabhraí Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta d'Fhine Gael ar ranganna Gaeilge.

M2008.01.5

Suíomh nua Foinse a seoladh an mhí seo

Déardaoin, Eanáir 10, 2008

M2008.01.4




Tuar báis d'iris spreagúil bhríomhar faiseanta Comhar ag Caoilfhionn Níc Pháidín, ach bhí breall uirthi, tá an iris bhríomhar spreagúil faiseanta fós beo bríomhar agus beidh chuile Ghael ag baint suilt as an irisín ghaelach fíor-bhríomhar spreagúil faiseanta ag deireadh na míosa seo.

Dé Máirt, Eanáir 08, 2008

M2008.01.3

D'éag Cú Chonnacht mac Éamonn, mhic Éamoinn Mhór, mhic Mháirtín, mhic Sheáin, mhic Mháirtín Mhór a'tsléibhe, mhic Shéamais na Mara Uí Reachtair beagnach leis an méid oibre le déanamh aige an mhí seo.

Dé Luain, Eanáir 07, 2008

M2008.01.2

Caisleán Bhaile Átha Cliath d'ionsaí le focail an mhí seo.
D'ionsaí Taoiseach na hÉireann, Bertí na dTochailtí Amach Ó Eachthighearna, Caisleán Dhuibhlinne lena ionsaí fíochmhar ar bhinse Mahon.
Ní hamháin gurbh ionsaí ar an mbinse é ach b'ionsaí ar dhaonlathas na tíre é freisin.

Déardaoin, Eanáir 03, 2008

M2008.01.1

Seo a leanas cuid de na ceisteanna móra a bheas os comhair na nGael i mbliana seo na nGaimbín 2008:

1) Ollinimirce gan srian atá fós ag dhul ar aghaidh in Éirinn chun éileamh ó lucht an rachmais a shásamh, níl a leithéid d'athrú sóisialta feicthe in Éirinn ó haimsir na Normannach nó plandáil Cúige Uladh fiú amháin.

2) Beidh vótáil ag na hÉireannaigh ar bhunreacht an Aontais Eorpaigh (Conradh Liospóin) i mbliana, agus is sinne amháin san Eoraip go léir a bheas in ann vótáil air.

3) An tobthitim sa ngeilleagar, a thosaigh i 2006 ach a bheas ag dhul i dtreise i 2008.

4) An praghas ar chabáiste.

5) Méadú ar líon na dúnmharuithe, ionsaithe gnéis is básanna de bharr drugaí.

6) Briain Ó Comhain mar Thaoiseach!