Dé hAoine, Samhain 30, 2007

M2007.11.14



Comhairle mhaith.

Déardaoin, Samhain 29, 2007

M2007.11.13


Drochmhí ab ea é do Taoiseach na hÉireann, idir an phobalbhreith mhífhabhrach go dtí an phraiseach sa HSE, agus an vóta mímhuiníne sa Dáil in aghaidh Iníon Uí Athairne, agus Ned Ó Caoimh ag éirí as an bpáirtí agus na bréaga seo aigesean ag tíocht chun tosaigh sa mBinse Uí Mhócháin. Ná bac leis na fadhbannaí móra atá againn i leith an gheilleagair chomh maith.
Ní bheidh sé i bhfad sul má bhreathnaíonn muid Tánaiste na hÉireann, comharba Phádraig Pharthalán Uí Eachthairn, Tiarna Uíbh Fhailí, Brian mac Bernaird, mhic Christopher Uí Chomhain ina Thaoiseach.
Faire, faire ó a Thaoisigh mallaithe

M2007.11.12

Craoladh clár, i mbliana seo, ar stair na hÉireann ach níor luadh teanga na nGael nó fiú stair na nGael sa gclár.
Is léir fós go bhfuil "An Ghaeilge" ina drochfhocal dearg i measc lucht scríobh na staire in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Creidtear gur thosaigh stair na hÉireann sa naoú haois déag agus an fichiú haois, óir ní raibh trácht dá laghad ar Micheál nó Fear Feasa agus na fir eile a scríobh na hannála stairiúla. Ní raibh trácht ar Seathrún mac Shéamuis mhic Thómais Céitinn agus a leabhar mór Foras Feasa ar Éirinn fiú amháin, ná bac le muintir Mac Fhirbhisigh as contae Shligigh. Giolla Íosa Mór mac Donnchadh Mac FhirbhisighDubhaltach Óg mac Giolla Íosa Mór mhic Dhubhaltach Mhór Mac Fhirbhisigh agus na leabhair s'acusan: Leabhar Mór Leacain agus Leabhar na ginealach faoi seach.

Dé hAoine, Samhain 23, 2007

M2007.11.11

D'fhág rialtas na hÉireann a muintir as Leath Chuinn gan seirbhísí ailse i Sligeach i mbliana, táthar ag súil go rachadh daoine as Leath Chuinn go cathair na Gaillimhe chun na seirbhísí ailse a fháil. Ionad Barr Feabhais a thugtar ar na hionaid siúd.
Mhúscail muintir an iarthuaisceart slua mór chun máirseáil a dhéanamh ar Dáil Éireann in Áth Cliath Duibhlinne, ní raibh mórán slad déanta ina dtimpeall, mar a bhíodh an nós le muintir Leath Chuinn fadó, ach chuir siad a seasamh in iúl do na gaimbíní i gcumhacht ar a laghad.

Déardaoin, Samhain 22, 2007

M2007.11.10



Bhain Parthalán Bertí mac Tomás, mhic An Ghiolla Dhuibh Uí hEachthairn , Taoiseach na hÉireann úsáid as Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge mar pháipéar leithris i mbliana. Scríobh Tiarna Corr na Móna, Éamon mac Briain, mhic Sháin Uí Chuív an Ráiteas thiar i gcúige Mhéabha.

Dé Máirt, Samhain 20, 2007

M2007.11.9




B'é an tAire Ghnóthaí Tuaithe, Pobail, Gaeltachta is Tiarna Corr na Móna, Éamon mac Briain, mhic Sháin Uí Chuív , a las soilse na Nollag ar Shráid Grafton, i mbliana seo na nGaimbín, aois Chríost 2007.

M2007.11.8

Aois domhain 2007AD, an t-aon mhí déag, tá fadhb mhór fós ag muintir na hÉireann leis an uimhir 11.
'Sé sin, níl siad in ann don aon abairt dhéag atá san amhrán náisiúnta, Amhrán na bhFiann. Tá daoine áirid fós ag glaoch chun deireadh a chuir leis an amhrán agus ceann nua-aimseartha a chuir ina háit.
Tá fadhb fós ag na hÉireannaigh leis na briathra neamhrialta atá sa nGaeilge freisin, a bhfuil aon déag acub ann.
Creidtear go raibh mallacht curtha ar na Gaeil fadó maidir leis an uimhir olc seo agus gurb shin an fáth go mbeidh Parthalán mac Con, mhic An Ghiolla Dhuibh Uí Eachthairn ina Thaoiseach go ceann aon bhliain déag!

M2007.11.7

Is fearr an croitheadh láimhe fuar i ndiaidh an leithris ná an croitheadh láimhe te

Dé hAoine, Samhain 16, 2007

M2007.11.6

Tháinig Tómaí mac Siúrdáin, mhic Thómais, mhic Bhrian, mhic Óig Mhig Uidhir mar chomharba ar Tómaí Mac an Bhreitheamhan, mhic Mhathghamhna, mhic Ghiolla Íosa Ruaidh, mhic Cathaoir Uí Diomasaigh le haghaidh foireann Shligigh i mbliana.
Bhain Tómaí Mac an Bhreitheamhan bua iontach maith i gcath mór sa gCúige Mhéabha in aghaidh laochra na Gaillimhe sular fhág sé a phost. Rinne sé slad iontach fuilteach ar laochra na Gaillimhe ar mhachaire an áir sa gcondae Ros Comáin.

M2007.11.5

Creidtear go forleathan in Éirinn, an bhliain seo, go bhfuil uisce faoi talamh maidir le cinneadh an Aire Ní Ainiféin, Cú na hEaglaise, in aghaidh tumoideachais i ngaelscoileanna.
Creidtear go bhfuil an tAire ag damhsa do phort na státseirbhísí frith-Ghaelacha sa Roinn Oideachais is Eolaíochta, nó níos measa fós, tá ladar na cléire fhéin á chur ann.

Dé Máirt, Samhain 13, 2007

M2007.11.4

Mortlaíocht mhór ar dhaoine faoi gcúram an HSE an bhliain seo.

Dé Luain, Samhain 12, 2007

M2007.11.3

Aois domhain 2007AD, an bhliain dheireanach den Tíogar Ceilteach, An deichiú bliain de bParthalán Ó hEachthairn mar Taoiseach na hÉireann, An deichiú bliain de na Gaimbíní i gcumhacht in Éirinn.
Tá an cath uafásach masmasach i nGaeltacht Mhaigh Eo fós ag dhul ar aghaidh i gcoinne an chomhlachta Shell, in ainneoin mianta muintir na hÉireann taispeánta i chuile phobalbhreith ar an ábhar chun deireadh a chur leis an bhfulaingt á fulaingt ag Gaeil Iorras. Gaeil Iorras ag iarraidh a muintir is a dteaghlaigh a chosaint ó bhfíor-ghás ag tíocht i dtír le hais a dtithe sa bhfíor-Ghaeltacht deireanach i Maigh Eo sa gcúige Mhéabha.
Tá an comhlacht Shell, Lochlannaigh, ag baint úsáide as Gardaí na hÉireann le cead ó bhFianna Fáil, lucht Mhic Mhurchadha i 2007, chun obair Shell a chur i gcrích, in ainneoin na fírice nach bhfuil cead pleanála acub chun amhlaidh a dhéanamh fós.

M2007.11.2

Aois Chríost dhá mhíle is a seacht. Tháinig bean as Béal Átha na Slua i gcúige Mhéabha, Máire Ní Áirne ab ainm di. Tháinig sí trasna na habhann mhór in Éirinn, An tSionainn, fadó. I mbliana seo aois Chríost 2007, thug sí níos mó eolais dúinn ar an gcumhacht atá ag an rialtas ar na meáin in Éirinn.
Shéan Taoiseach na hÉireann chuile ní mar is gnách leis

M2007.11.1

Réimeas Pervez Musharraf sa bPacastáin, aois domhain 2007 agus níl na stáit aontaithe ag cur a dhóthain brú ar a chara Pervez Musharraf agus a dheachtóireacht sa bPacastáin