Dé hAoine, Eanáir 28, 2011

M2011.01.23


Beochan spéisúil ar chaint a thug Zizek i 2009.
Is spéisiúil an chaoi ar bhain sé úsáid as scríbhneoireacht shóisialach Wilde, óna leabhar The Soul of Man under Socialsim, chun a argóint a chur trasna faoin easpa maitheas atá i gcarthanacht nach ndéanann a dhícheall córas an bhrabaigh a chur ar ceal.

Thug mé faoi deara an "altrúchas maith gan mhaitheas" seo don chéad uair thart ar 2008 sílim. Sraith chláir dea-mhéine ar BBC a bhí ann, inar sheoladh Sasanach mór le rá éigin thar lear le haird a tharraingt ar chás na bpáistí bochta a bhí ag saothrú i siopaí allais san Ind, agus in áiteanna eile san Áis, chun earraí a dhéanamh do pháistí agus lucht ionnúis an Iarthair.
Bhreathnaigh mé ar an gclár le béal oscailte, ní de bharr uafás na bpáistí amháin -bhí a gcruachás ar eolas agam roimhe- ach i ngeall ar an chaoi ar dhein léiritheoirí an chláir neamhaird iomlán den chóras a chruthaigh an fhadhb seo. Agus an fhíric nár thug siad ainm na gcomhlachtaí móra éadaí a bhí ag ceannach na hearraí ó na siopaí allais fiú!
Leanfadh na páistí ag saothrú sna siopaí allais i ndiaidh cúnamh lucht féachana an Bhíp, ach beidh seans acu roinnt oideachais a fháil!

I bhfocail Wilde, nuair a fheiceann daoine maithe altrúíoch bochtaineacht agus bás agus anró ar domhan;
"with admirable, though misdirected intentions, they very seriously and very sentimentally set themselves to the task of remedying the evils that they see. But their remedies do not cure the disease: they merely prolong it. Indeed, their remedies are part of the disease.

They try to solve the problem of poverty, for instance, by keeping the poor alive; or, in the case of a very advanced school, by amusing the poor.

But this is not a solution: it is an aggravation of the difficulty. The proper aim is to try and reconstruct society on such a basis that poverty will be impossible"

11 comments:

Fearn said...

Caint mhaith a thug mo dhuine cinnte. ACH, tá sé diabhalta deacair aghaidh a thabhairt ar an tsaol mar ba liom liom é a bheith.

Níl an dara suí sa bhuaile agam ach caitheamh leis mar a tá sé agus mo shaorthoil a úsáid rogha "níos fearr" a dhéanamh i dtaobh na rudaí a bhaineann liom.

Dhiabhal, is breá liom caife Starbúcs, is ansa liom úlla orgánacha agus is dual dom "fhios" a bheith agam cad a "chiallíonn" a leithéid.

Dar ndóigh, bhí an ceart ag Oscar, ach níl bac ar éinne "slí níos fearr" a lorg nó a fhéachaint.
Maith thú as an chaint seo a chur suas. Is maith liom a stíl agus a chuid smaointeoireachta

Dubhaltach said...

"tá sé diabhalta deacair aghaidh a thabhairt ar an tsaol mar ba liom liom é a bheith.
Níl an dara suí sa bhuaile agam ach caitheamh leis mar a tá sé agus mo shaorthoil a úsáid rogha "níos fearr" a dhéanamh i dtaobh na rudaí a bhaineann liom."

Smaoiníonn mo dhuine ar shlite réabhlóideacha i gcónaí, bunaithe ar an phrionsabal gur féidir cúrsaí a athrú trí chur le chéile. Tá tú ag caint faoin phraiticiúlacht an tsaoil mar dhuine aonar ag ól caife i Stárbucs.
"Ar bhealach teibí tá sé níos fearr ná faic, gan amhras, ach is fiú go mbeadh eolas againn go bhfuil gné d'fhimíneacht ann" in iarrachtaí carthanachta nach gcáineann nó nach ndéanann gníomh in aghaidh foinse na faidhbe.

Chonaic scannán, nó dráma b'fhéidir, faoi LiveAid le déanaí. "Nuair a chas Bob le duine éigin" an t-ainm a bhí air. Domsa, bhí LiveAid ina eiseamláir iontach ar fhimíneacht seo na carthanachta agus an altrúchais.
Níl ann ach greimlín ar chneá oscailte.
Ach ní shin le rá nach raibh fiúntas ann. Bhí. Ach le rá go bhfuil blúirín fimíneachta ann leis.

Fearn said...

Aidhe!
Tá tú tar éis cneá eile a oscailt anois. An Cúnamh Idirnáisiúnta agus mar a chuireann sé leis na fadhbanna.
Cinnte, is ceist chigilteach domhsa i dtólamh caidé mar a chuirim mo ghreimlín beag fhéin le ollchneá an tsaoil mhóir

aonghus said...

Ní mór cuimhneamh go dtagann an cóir roimh an charthanacht. Ní carthanacht atá ann, má tá muid ag tabhairt féiríní do dhaoine a bhfuil muid ag imirt cos ar bolg orthu.

Ana chaint.

Fearn said...

A aonghuis, cuireann sé foal Dom Camera na Braisíle in iúl dom.

Dúirt sé, easpag a bhí ann: Má dhéanaim ar son na mbocht, deir daoine gur naomh a tá ionnam; má fhiafraím cén fáth a bhfuil na boicht bocht, deir daoine gur an diabhal atá ionam

aonghus said...

Féach an méid a dúirt an Pápa in Caritas in veritate, Uimhir 6

Fearn said...

Sea!
Is cuí go labhfadh gúrú spioradálta amhlaidh.


Fearn

aonghus said...

Agus ba mhaith an rud é dá dtabharfaí aird air!

Fearn said...

Aidhe! sin an buille!


Lucht an Iarthair is den saoltacht iad, agus tá muintir an treas domhain ag sodar inár ndiaidh.

An pápa bocht, tá eisean agus an eaglais aige faoi chrann smóla anois agus beidh go ceann tamaill. Ní ró-ghéar a bhéarfar éisteacht dó.

aonghus said...

Bhuel, leanann sé Comhairle Phól, pé scéal é


..achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth.
(2Ti 4:1-2)

Beidh toradh éigin air; is cinnte go bhfuil an chóir le saothrú thall agus abhus.

Fearn said...

Ní dheirim a mhalairt ach nach nglacann an saol mór cleachtaí polaitíochta nó eacnamaíochta uaidh, nó ó Pól.
Bheadh sé spéisiúil, áfach, d'fháil amach caidé mar a roghnódh A Naofacht a chaife nó a úlla.