Déardaoin, Samhain 27, 2008

M2008.11.01

Ábhair acadúil agus fíor-lón intinne don intinn Ghaelach a chuir mé os mo chomhair an mhí seo caite, trí leabhar fíor spéisiúil ina ndóigh féin.

An chéad cheann ná:
"Léachtaí Cholm Cille - Éire agus an Eoraip sa 17ú haois".


Bhí drogall orm roimh an gceann seo de bharr na cuma a bhí ar an gclúdach, ach, má bhí an ceart ag an té a mhaígh ná tabhair breithiúnas ar leabhar bunaithe ar a chlúdach, is cinnte go raibh an ceart aige sa gcás seo gan aon amhras ar bith.
Cnuasach léachtaí atá sa leabhar seo, léachtaí a bhaineann le tréimhse dhúshlánach i stair na tíre, timpeall imeacht na nIarlaí agus Cogadh na Naoi mBliana. Sna léachtaí fíor-spéisiúil seo rinneadh iarracht pictiúr a chur le chéile de shaol na nGael in Éirinn agus san Eoraip roimh, agus i ndiaidh, imeacht na dTaoiseach Ghaelaigh as Cúige Uladh i 1607.

Tá léacht Liam Mhic Cóil, Stíl na nIarlaí, thar a bheith suimiúil sa gcaoi go ndéanann sé iniúchadh agus taighde ar an sórt éadaí a chaith na Gaeil, éadaí cogaidh den chuid is mó .i. éadaí na gceithearnach.
Tá an taighde seo déanta ag Mac Cóil le haghaidh leabhair nua atá á scríobh aige. Táim ag súil go mór leis an gceann sin go deimhin!

Is fiú an leabhar a cheannach le haghaidh na haiste seo amháin.


Pictiúr thuas: An captaen Sasanach Thomas Lee gléasta suas mar Cheithearnach Gaelach le linn aimsir Uí Néill. Chaith na ceithearnaigh beart éadrom beag ionas go mbeadh buntáiste acu i gcath.

Tá léacht ag Breandán Ó Buachalla dar teideal "Ó Néill agus an tAos Léinn" ina bhfaigheann muid amach nach raibh mórán dúil sa dán díreach ag Ó Néill féin .i. níl mórán de dhánta againn a chumadh dó, agus leis an bhfírinne a rá, feictear domsa go bhfuil níos mó scríofa faoi Ó Néil ag na Sasanaigh ná ag a mhuintir féinig.

Tá ceann iontach maith ann le Mícheál Mac Craith faoi na Proinsiasaigh eisceachtúla a d'obair go han-dian ar son a gcreidimh agus teanga/cultúr na hÉireann thar sáile "AN ONÓIR DO DHIA, A CCLÚ DÁR NÁSION AGUS D'ÓRD SAN FROINSIAS".
Is léir ón léacht seo nach raibh na hÍosánaigh ró-thógtha leis an nGaeilge; d'impigh Flaithrí Ó Maol Chonaire orthu ligin dó teagasc Críostaí a chuir ar fáil do na cléirigh Éireannacha (Sean-Ghall) as Gaeilge, toisc go raibh an teanga sin ag chuile dhuine in Éirinn (thaobh amuigh de na cathracha móra). Níor aontaigh na hÍosánaigh leis an dearcadh seo óir breathnaíodh ar Bhéarla in Éirinn mar theanga na cumhachta (Féach na litreacha thíos), dúradh le Flaithrí ,leis, go raibh teanga na nGael ró-dheacair le foghlaim "ceann de na teangacha ba dheacra ar domhan"!
Spreag an chaint mhaslach seo -ó na hÍosánaigh- Ó Maol Chonaire a choláiste féin a bhunú, in Lobháin, in 1616.

Litir (as Laidin) ó Ó Maoil Chonaire chuig Francisco se Valdivieso, Prócadóir Ginearálta na nÍosánach sa bhliain 1604 i leith cúrsaí teanga in Éirinn:
"Cé gur féidir Castaílis a chloisint i nGalicia ní chloistear Gailísis i gCastille. Mar an gcéanna in Éirinn. Fiú má chloiseann tú Éireannach ón tuath ag labhairt Gaeilge sna bailte móra, ar éigin a chloisfidh tú lucht na gcathracha ar fud na ríochta ag labhairt (Gaeilge), toisc nach féidir leo teanga an phobail a labhairt... Beidh a gcuid seanmóireachta (cléirigh de chuid na Sean-Ghall) lasmuigh de na cathracha chomh doiléir le tairngreacht."
an fhreagra:
"De bhrí, mar is léir do chách, gurb é an Béarla agus nach í an Ghaeilge, an teanga a labhraíonn siad i gcúirt na ríochta; is é an Béarla amháin teanga na gcúirteanna dlí agus na gcruinnithe poiblí sa ríocht; i mBéarla amháin a scríobhtar cáipéisí poiblí; i mBéarla amháin a phléideálann dlíodóirí cásanna, i mBéarla amháin a thugann na breithimh breitheanna; i mBéarla amháin a eisítear forógraí sna cearnóga poiblí; ar éigin a dhéantar nó a dhíscaoiltear rud ar bith i bpáirt a bhfuil tábhacht ag baint leis mura ndéantar i mBéarla é."
Nílim claonta in aghaidh léachtaí Béarla nuair a deirim é seo, ach cheap mé go raibh an aiste le Michael Dunne faoi Aodha Mhic Aingil beagáinín leadránach, i mo thuairim ar aon nós.

Tá léacht iontach ó Éamon Ó Ciosáin Imeacht na nIarlaí agus Imirce na nGael don Fhrainc a bhaineann leis an imirce ollmhór as Éireann go dtí an Fhrainc agus an Eoraip i gcoitinne.
"An méid de na Gaeil nach bhfuil i ngéibheann, tá siad díbeartha go dtí na tíortha i gcéin, agus an fuílleach sa bhaile faoi smacht chóras dlí Shasana":
Court of Wards is cách dá léirscrios
meirse is cíos is fís Exchequer
ciorrú stóir san tSeomra Réaltach
san King's Bench a bhfuil dá séide,
is Cúirt na nEasbog dá n-argain d'aonghuth.
Assizes acu 'na gceannaibh contaetha
ag cur talaimh is fearainn fá chéile.

I ndeireadh na dála, tá gach cheann acu spéisiúil go deo, agus mholfainn an leabhar seo d'aon dhuine a bhfuil spéis acu ina leithéid de stair.
Tá i bhfad níos mó ann ná an méidín ráite agam thuas ach tá mearbhall orm ag iarraidh iad go léir a chuimhniú faoi láthair.
Smaoineamh maith is ea an cnuasach léachtaí seo sa gcaoi nach dtuigim conas is féidir le duine an t-eolas go léir a thabhairt isteach agus iad ag éisteacht leis i halla léachtaí i Má Nuad.