Dé hAoine, Deireadh Fómhair 30, 2009

M2009.10.20


Sílim má tá fonn ar éinne eagla, agus buairt a chur ar dhaoine éigin le linn an deiridh seachtaine scanrúil seo ba chóir dóibh scéal NAMA a aithris.
Bhainfeadh sé geit as an té is cróga atá ann. Gan aon agó.

Uaireanta sílim go bhfuil formhór mhuintir na hÉireann níos fearr as nach bhfuil eolas acu ar cad atá á bheartú ag an rialtas lena gcuid airgid.
Ná bacaigí leis, breathnaígí ar Jordan ar Tubridy anocht, agus John agus Edward ag damhsa an lá ina dhiaidh sin. Coinneáil an cloigeann sáinnithe go domhain sa ghaineamh. Tá tú níos fearr as.

D'fhonn an geall €54,000,000,000 sa chasino réadmhaoine is mó ar domhain a choinneáil ó leabhair chuntais an rialtais táthar anois ag beartú SPV .i. Special purpose vehicle .i. Feithicil SainChuspóireach (FSC). A bhainfidh Ireland Inc úsáid as ionas nach bhfeicfí ár bhfadhb chearrbhachais ar na leabhair chun muid a shábháil ó fhiach trom agus costas iasachta níos troime amach anseo.
Ní raibh trácht nó plé faoi aon feithicil roimhe seo. Ní raibh aon ní sa "phlean gnó" faoin SPV seo!
D'fhéadfá a mhaíomh go bhfuil an Roinn Airgeadais ag teacht suas le smaointe ar an láthair.

Beidh cumhacht ag an FSC seo ar an mbeart ina iomláine (in ainneoin a ndeireann Francaí na dTithe ), sé sin, beidh smacht 51% ag infheisteoirí príobháideacha, orainne!
Agus d'fhéadfadh AIB nó BOI a bheith ina n-infheisteoirí príobháideacha, leis. Fiú agus muid ag tabhairt an t-airgead leis an rud go léir a chruthú, chun iad agus a scairshealbhóirí a shábháil óna bhfadhbanna cearrbhachais féin.

Tá ordú gobánach ann anois ionas nach bhféadfadh éinne labhairt amach in aghaidh an Aire Airgeadais amach anseo.
Ciallaíonn an FSC .i. SPV .i. Spive seo go mbeidh praghsanna agus eolas faoina bhfuil á n-íoc againne ar réadmhaoine na bhforbróirí "íogair go tráchtála" agus "ní mór dóibh a bheith ina rún"
Ní beidh an t-eolas seo ar fáil ach do na hinfheisteoirí príobháideacha a mbeidh smacht iomlán ar an dtogra acu.

Ní bheidh an tobhach ar na bainc a thuilleadh má chailleann an geall craiceáilte airgead. Tobhach a d'aontaigh na Glasaigh ba chóir a bheith ann agus iad ag vótáil ar a shon cúpla seachtain ó shin! Na focain amadáin.
Ina áit beidh cáin nua ar na bainc go léir. Plean a dhéanann cinnte go mbeidh sé i bhfad Éireann níos éasca an costas seo a chur orainne.
Is iad custaiméirí na mbanc a bheas ag íoc as tríd gcostais bhreise amach anseo. Buailte faoi dhó d'fhéadfá a mhaíomh.

Níl éinne ag súil go dtosóidh na bainc briste ag iasachtú chuig SME's i ndiaidh NAMA, mar sin, tá "treoirlínte" (in ainm Dé) leagtha síos ag an Roinn Airgeadais ina leith. Deireann an tAire gur féidir leis iallach a chur ar na bainc iasachtú a dhéanamh!
N'fheadar an féidir mura bhfuil na bainc i seilbh mhuintir na tíre, agus tá an rialtas seo go hiomlán in aghaidh náisiúnú na mbanc ar bhonn idé-eolaíochta.
Níl aon ráthaíocht go bhfeabhsóidh an geall craiceáilte seo aon ní seachas luach na scaireanna agus caighdeán maireachtála na scairshealbhóirí.

Beidh timpeall €10,000,000,000 sa bhreis ag teastáil ag na bainc i ndiaidh NAMA ar aon chaoi!

Déardaoin, Deireadh Fómhair 29, 2009

M2009.10.19

Seo thíos sampla den cheist nua a bheas ar an teist Ghaeilge don Teastas Sóisearach i mbliana.
Ábhar achrannach atá ag cruthú míshuaimhneas agus fearg i measc múinteoirí Gaeilge gan Ghaeilge .i. Cumann Múinteoirí Gaeilge gan Ghaeilge nó an CMGG, nó ITWI (Irish Teachers Without Irish) mar is fearr aithne orthu i measc a bhaill féin agus lucht an Bhéarla in Éirinn.

Ceist a haon:
Míniú i stíl comhrá idirlín cad é an meon coilínithe aineolach dobhogtha agus taispeáin an aigne coilíneach tríd an gcomhrá.

Freagra:


Cornelius Ó Leathcheann: Tá sé tugtha chun solais san Irish Independent gur caitheadh €1.8m ar cáipéisí Gaeilge, cáipéisí nach léifear go deo, dar leis an iriseoir san iriseoireacht iniúchach is fearr ó caitheadh anuas ar lonnú Cinedheighiltscoil (ainm nua-aoiseach do Ghaelscoileanna) i bpáirc i gcathair cois Laoi.
Seo scannal nár chóir dúinn cur suas leis toisc go bhféadfadh an t-airgead céanna a chaitheamh ar leabhair do pháistí, irisí ildáite lán grianghraf do dhéagóirí, nuachtáin lán alt fada dúshlánacha do sheanalads etc.
Ní amháin sin ach tá míchlú agus íde béil á dtarraingt go tiubh ar an nGaeilge ag lucht an Independant News & Meida, Glasaigh, Lucht Fhianna Gael, agus an clabaire gan chiall sin Ó Shéaghdha ó Pháirtí na Meánaicmeach, agus daoine aineolacha eile na hÉireann. Rud nach bhfuil ceart nó chóir.
Ní mór fáil réidh le hAcht na "Teanga Oifigiúil" láithreach bonn chun an Ghaeilge a shábháil ón ionsaí nua seo!

Feargus Ó h-Anluain: a Chorn, nach dtuigeann tú go bhfuil i bhfad Éireann níos mó i gceist leis an Acht um theanga sin ná aistriúchán? Agus nach airgead ón Roinn Gaeltacht agus Portaigh, ná aon airgead eile atá tiomnaithe don Ghaeilge (leabhair,irisí,nuachtáin etc nach léifear) atá i gceist anseo, ach cuid de bhuiséid riaracháin na gcomhlachtaí pobail is gcomhairlí contae?
Níl san ionsaí is nuaí seo ón Indo ach ionsaí eile san fheachtas leanúnach ag an nuachtán in aghaidh na Gaeilge.
Má bhuann siad an cath seo bogfaidh siad ar aghaidh go dtí cíbe cath eile atá ann in aghaidh na teanga.

Cornelius Ó Leathcheann: Seafóid, buinneach, tá tú mícheart ar fad. Tá seasamh frith-Ghaelach ag an Indo go cinnte ach ag an am céanna ní féidir linn a shéanadh an fhíric sa tuairisc luaite. Caitheadh €1.8m ar aistriúchán. Aistriúcháin nach bhfuil á léamh againn, amhail nuachtáin nach bhfuil ann.

Feargus Ó h-Anluain: Táid á léamh, bíodh nach bhfeicfear ar na leabhair is mó díol iad. Ach, caithfidh mé an pointe a dhéanamh arís; tá i bhfad níos mó i gceist leis an Acht ná aistriúcháin. Agus níl aon airgead atá tiomnaithe don Ghaeilge á chaitheamh ar na haistriúcháin céanna. Dá bhfaighfí réidh leis an chuid sin den Acht bheadh an t-airgead sin ann fós, ach seans go gcaithfí ar cháipéisí Béarla é, cáipéisí nach léitear ag mórán ach an oiread.

Cornelius Ó Leathcheann: Seafóid, buinneach, tá tú mícheart ar fad. Is féidir an t-airgead seo á úsáid níos éifeachtaí ná ar cháipéisí nach bhfuil á léamh ach ag anaoraks is lucht dlí.

Feargus Ó h-Anluain: Mar a dhúirt mé cheana a Chorn, ní bhaineann an t-airgead sin le hairgead an Fhorais nó na Roinne Gaeltachta!
Ní amháin sin ach tá na cáipéisí ar fáil saor in aisce ar líne, níl sna hailt le déanaí faoi cháipéisí "nach léitear" ach bréag lom.
Táid á léamh, ach níl fonn ar éinne le ciall dá laghad aige nó aici airgead a chaitheamh ar cháipéis atá ar fáil saor in aisce ar líne.

Cornelius Ó Leathcheann: Níl bréag sa scéal seo. Sin é an trua. Tá €1.8m á chaitheamh ar cháipéisí nach bhfuil á léamh. Agus dá mbeadh siad á léamh nach mbeadh níos mó cainte orthu, agus léirmheasanna, agus b'fhéidir drámaí bunaithe orthu.

Déardaoin, Deireadh Fómhair 22, 2009

M2009.10.18

fyi mar a déarfá, tuairisceán daonáirimh Edward Edgeworth Lysaght!
Chuaigh mé ar a thóir toisc go bhfuilim ag léamh a bheathaisnéis .

De réir Éadbhard óg rugadh i gCorcaigh é!

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 21, 2009

M2009.10.17



Beidh dreigechith Oirínide le feiceáil anocht sa spéir oirthearach ó mheán oíche.
Má tá an t-ádh leat d'fhéadfá bóilíd a fheiceáil le linn na dreigecheatha.

Chonac ceann amháin i mo shaol agus bhí sé cosúil le radharc as scannán Choill an Chuilinn sa chaoi ar tháinig sé trasna na spéire chomh gheal agus airgead gur cheap mé, ar feadh soicind, gur UFO a bhí ann.
Chonaic mo dheartháir ceann acu lá amháin eile agus muid ar bharr sléibhte, ní raibh a fhios againn cad a bhí cearr leis óir bhí sé ag breathnú thar ár gcinn sa spéir lena bhéal ar oscailt in iontas.
Faraor bhí sé imithe nuair a chas muid thart agus eisean ag béicíl "an bhfaca sibh é an bhfaca sibh é"

Faraor eile, mar is gnáth, tá sé ag stealladh baistí inniu agus seans réasúnta mar sin nach mbeadh léargas rómhaith againn anocht.

íomhá thuas ó Réalteolaíocht Éireann.

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 20, 2009

M2009.10.16

Is cuimhin liom nuair a cuireadh an cheist orm tráth -ag duine éigin nach raibh eolach ar chúrsaí CLG- "An bhfuil laoch spóirt atá aerach ag imirt peil nó iomáint?"
"An bhfuil a fhios agat. Níl a fhios agamsa. Ach, déarfainn go bhfuil!" a bhí mo fhreagra, nó rud éigin dá leithéid.
Bhí sórt náire aisteach orm, leis.
Cad atá cearr leis an gCLG, nó linne ba chóir a rá, mura bhfuil daoine toilteanach rud éigin mar sin a admháil, a cheap mé domh fhéin.
Sílim, gur bhraith an duine a chuir an cheist go raibh an CLG seanfhaiseanta ina dhearcadh fós.

Is dóigh go raibh dhá chúis nach raibh a fhios agam, nó againne .i. lucht CLG.

1. Ní bhaineann sé le hábhar. Cad chuige a mbeadh duine ag rá cén claonadh gnéasach a bhí aige. Do chuid is mó den tír, agus le cumhacht na heaglaise ag meath, is cuma linne bíodh tú díreach, aerach, déghnéasach, tríghnéasach. Ba chuma. Ní "peaca marfach" é a thuilleadh i súile an phobail.
2. Is peaca marfach é i measc sciar beag den phobal fós. Ní dhéanfaidh mé iarracht a meon a thuiscint nó a mhíniú anseo, ach tuigim go bhfuil an meon sin acu agus go bhfuilid ann. Mar sin, is dóigh nár mhaith le héinne mór le rá i saol an CLG labhairt amach agus a rá gur dhuine aerach é. De bharr eagla roimh an mionlach seo.
(Roinnt acu le feiceáil anseo)

Ach is dóigh go raibh an cheist seo ag dó na geirbe ag Donall Óg Cíosóg, agus bhí sé spreagtha teacht amach is a rá go poiblí ina leabhar gur fear aerach é. B'fhéidir gur bhraith sé go raibh sé ag caitheamh saol bréagach os comhair shúile mhuintir na hÉireann.
Bhí a fhios ag a mhuintir, a chairde agus foireann Chorcaí cheana.
Agus más fíor na ráflaí, bhí ráflaí ag rith go tiubh cois Laoi go raibh rún sa chófra aige, chiallaigh sé sin go gcaithfeadh an mionlach siúd eascainí chuige agus é ar an bpáirc.
Anois d'fhéadfadh sé aghaidh a thabhairt orthu anois. Cailleann an mionlach siúd a gcumhacht nuair nach bhfuil sé ina rún níos mó.

Táim ag súil le ceisteanna ó dhuine nach bhfuil eolach ar chúrsaí CLG anois.
Ach, ní athraíonn a chlaonadh gnéasach an fhíric go gcuireann sé, foireann Chorcaí agus an GPA isteach orm.

Dé Domhnaigh, Deireadh Fómhair 18, 2009

M2009.10.15

Faigheann sé aitheantas ó Mhac Giolla Iasachta agus Seán de Bhulbh araon ina leabhair sloinnte, déantar tagairt dá leabhar i gcónaí nuair atáthar ag míniú Gaelachas sloinnte, ach, uaireanta ní shílim go bhfuair an sagart cúnta an t-aitheantas poiblí ceart dá shaothar fíor-thábhachtach ariamh.
An tUrramach Patrick Woulfe (nó Pádraig de Bhulbh, n'fheadar mé ar bhain sé úsáid as a shloinne seanGhall-Gaelach) atá i gceist agam ar ndóigh.
Seo a iontráil i ndaonáireamh 1911 nuair a bhí sé ag obair mar shagart cúnta i gCill Mocheallóg, agus é ag fanacht le hathair O'Shea.

Nach fíor le rá nach mbeadh tuiscint cheart ar bith againn i ndáiríre ar leaganacha dúchasacha ár sloinnte gan obair iontach an fhir seo?
Obair a rinne sé ina am saor .i. a laethanta saoire thar tréimhse fhada (25 mbliana) ag taistil timpeall na tíre (nó thall i Sasana) ag bailiú sloinnte .i. ag cur ceisteanna ar na Gaeil a bhí fós fágtha (in Éirinn agus i Sasana) le tuiscint dúchasach acu ar cé hiad féin agus cén leagan dúchasach a bhí ar a sloinnte "Béarlaithe".

Chuir sé a shaothar le chéile sa leabhar cáiliúil Sloinnte Gaedheal is Gall (1923)

Murach an obair seo ní bheadh Mac Giolla Iasachta in ann a leabhar a chur le chéile, nó, bheadh sé in ann é a chur le chéile ach ní bheadh gach sloinne clúdaithe, go háirithe na muintireacha agus clainne beaga nach bhfuair aon aitheantas ceart ó na hannálaithe, filí nó ollaimh ginealais ariamh.
Go bhfios domh níl aon leabhar beathaisnéise déanta ar an bhfear nó ar a eachtraí timpeall na tíre ag sábháil anam briste an náisiúin Ghaelaigh.

N'fheadar ach an oiread an bhfuil nótaí a shaothar fágtha aige ina dhiaidh, nó cín lae faoi na daoine ar chas sé leo agus na sonraí faoina nGaelachas a thug siad go fial dó?
Ba lámhscríbhinní chomh tábhachtach iad agus saothair na mbráithre .i. Tadhg an tsléibhe agus Cú Choigríche srl, nó clann Mhic Fhir Bhisigh fiú.

Cad a spreag sé chun dul i mbun na hoibre seo gan mholadh gan pháidh?

Dé hAoine, Deireadh Fómhair 16, 2009

M2009.10.14



Radharc a haon
Briain agus státseirbhíseach sinsearach ag caitheamh cúpla joint i seomra leapa an Aire. Smoke on the Water le Deep Purpule le cloisteáil sa chúlra.


Státseirbhíseach ón NTMA: Aire éist liom. Éist, Dude, éist!
Brian L: Cad é? Agus ná cuir "dude" orm
S: Dude, droch-vibes! Seo an plean gnó mar a déarfá!
BL *ina sheasamh ag seinm a aergiotár*: Fan soicind is breá liom an chuid seo de; "Smoooooke on the Waaaater".. "bom bom bom,...bom boim boim boim,...bom bom bom boboim 'seeeea"
ócé, lean ort.
S: Tá plean gnó NAMA críochnaithe againn.
BL: Thar barr. Táim tinn tuirseach den tseafóid seo NAMA.
Coinneáil ort mar sin, abair amach é.
S: Tá a fhios agat an chaoi ar thóg muid Anglo Irish ar lámh, á náisiúnú, agus chur muid €7bn isteach sa dhá bhanc mhóra, agus thug muid ráthaíochtaí do gach uile cent rua sna bainc chéanna.
BL: Tá, an bailout is saoire ar domhan a bhaist mise air!
S: Bhuel, tá fadhb ann. Níl leabhar iasachtaí na mbanc feicthe againn go fóill....!
BL: So?
S: Sa plean gnó bhí sé orainn tomhas a dhéanamh cén luach atá ar na sócmhainní seo.
BL: Ócé? Is féidir linn é sin a chasadh.
Déarfaidh mé go bhfuil an t-eolas sin ina cheist íogair do na margaí agus cuirfidh muid séanadh isteach ag tús an phlean s'agatsa.
S: Is féidir linn liosta de rioscaí a chur leis freisin. Ionas go bhféadfaimis a rá "bhuel, dúirt muid libh go raibh rioscaí ann", má theipeann ar an mbeart.
BL: Iontach, céard faoi Beidh teip iomlán ar NAMA; 1. má tá difríocht mhór idir ár dtomhas ar na sócmhainní agus a bhfíor-luach. 2. Mura bhfuil muid ollamh a dhóthain, a chuireann moill sa phróiseas. 3. Dá mbeadh an feabhsú i ngeilleagar na hÉireann lag, óir, gan fás láidir ollmhór in athuair i bpraghsanna tithíochta ní bheidh NAMA in ann don aisíoc mar atá beartaithe. 4. Má fhanann an margadh tithíochta marbh gan fás (féach 3). 5. Dá mbeadh an iomarca maorlathais ag baint leis an áisíneacht. 6. Mura bhfuil na daoine is oilte agus is fearr ar fhoireann NAMA.
S: Mo cheol go deo thú a Aire. Clúdaíonn sin gach uile ní shílim.
Ní bheidh éinne in ann a rá anois nach raibh rabhadh faighte acu.
BL: Plámás a mhic, is breá liom é.
Fan soicind. Éist!
*Glór feargach plúchta mná ó thíos an staighre ag impí orthu an ceol a chasadh síos*
BL: 'Sea, sea. WHATEVER.
S: Agus ár gcairde san earnáil tógála a Aire, ní mór cúnamh agus seans a thabhairt dóibh siúd atá chomh fial do do pháirtí thar na blianta.
BL: Ó, gan amhras.
S: Mar sin, bhíos ag ceapadh faoi síneadh ama a thabhairt dóibh, ar an ndóchas go dtiocfaidh feabhsú agus fás in athuair i bpraghsanna réadmhaoine.
BL: Buillí fir, cad atá i gceist agat go díreach?
S: Déarfaidh muid sa bplean gnó nach mbeidh aisíoc substaintiúil ó fhorbróirí ag teastáil uainn go dtí 2013. I ndiaidh an olltoghcháin, an dtuigeann tú leat mé?
BL: *ag caitheamh, agus miongháire mór ar a cheannaghaidh*
Is cairde mór na bhforbróirí muid gan aon agó, agus tá cairde acu in high places go deimhin.
Ach fan nóiméad, dúirt mé leis na meáin go rachadh NAMA sa tóir go fíochmhar ar "all monies owed"
S: Is féidir é a chasadh is a rá "go mbeidh" NAMA ag dul sa tóir orthu.
Nuair a oireann sé dúinn ar ndóigh.
Chomh maith leis sin déarfaidh muid go bhfuil bun an mhargaidh thithíochta bainte amach againn fiú mura bhfuil sé, agus go bhfuil muid ag súil le haisíoc iomlán ó 80% de na hiasachtaí.
BL: *i racht casachtaí* Ach...*casacht* níl ach 40% de na hiasachtaí siúd ag feidhmiú mar ba chóir faoi láthair. Agus dá mbeadh 80% de na hiasachtaí siúd cinnte a bheith aisíoctha ní bheadh ghá le háisíneacht amhail NAMA!
S: *ag déanamh neamhairde*
BL: Ó sea, rinne mé dearmad. Coinneáil ort
S: Ar aon nós, chun an pobal a bheas ag déanamh an cearrbhachais €54 billiún seo a cheansú déarfaidh muid leo go mbeidh aisíoc €4.8 billiún glan óna ngeall.
BL: An mbeidh?
S: Ní bheidh. Ar chor ar bith.
Ach déarfaidh muid é ar aon nós. Fanfaidh sé sa chuimhne an dtuigeann tú.
Ag an áireamh is fearr beidh caillteanas €10 mbilliún ann don cháiníocóir. Ar an áireamh is measa, €19 billiún.
BL: Is cuma.
Tar éis an olltoghcháin is fadhb duine eile í.

Cuireann an tAire a chloigeann siar ar an mhála suí mór sa chúinne.
Tosaíonn sé ag brionglóid. Aisling sícideileach atá ann.
Íslíonn na soilse. Athraíonn an amhrán ar an seinnteoir CD



Déardaoin, Deireadh Fómhair 15, 2009

M2009.10.13

Chonaic mé an t-alt seo san Irish Times ar maidin;

"Cúis áthas domsa agus don Ghaeilge" a d'fhógair Tiarna Chorr na Móna go mórtasach sa Dáil inné ar an nuacht go raibh 20,000 iarratas faighte ag Foras na Gaeilge i gcomhair ciste billiún euro. Duais a cuireadh ar fáil -go drogallach- do nuachtán seachtainiúil i ndara-phríomh teanga Ireland Inc.
Cad is fiú 20,000 iarratas gan plean 20,000 bliain a d'fhreagair Michael "My 2cents" Rinn, i ndíospóireacht an-teasaí, an-sexaí, i stíl agallaimh beirte nach raibh feicthe sa Dáil ó scannal Fhóirdheontais na mBó Beannaithe.

Creidtear anois nach bhfuil ach seisear san iomaíocht le seans measartha fágtha acu. Is iad a leanas; Nuacht9go5, Funkynuacht3000, Nuacht24/365, NuachtNuachtNua, Insideoirishnews5, agus NuachtChonnachtaigh.
In agallamh leis an Irish Times (an t-aon fhoilseachán Gaeilge in Éirinn i láthair na huaire) mhínigh Eoin Teige Ó Dairbhí ó Funkynuacht3000 an fáth a bhfuil spéis aigesean agus leath Carrowroe sa gcomórtas. "Leis an recession faoi lánseol, agus bills agus morgages ag ardú chuile lá bhí sé orainn rud éicínt a dhéanamh agus dhéanfadh billiún euro d'infheistíocht ionamsa agus i muintir an Cheathrúin Ruaidh an-difríocht inár saol. Ó, agus níor mhaith linn aon airgead Gaeilge a fheiceáil ag dul ó dheas do na focair siúd i Múisc Chiarraí"

Mhínigh Marty Joe Brown, ó NuachtChonnachtaigh, a sheasamh sa chomórtas; "'tis very little of the Irish I do undershtand, but, I know the colour of money, and by Jesus we'd love a lickeen a' that shtamp"

Bhí tuairim difriúil ar fad ag "iriseoir" ó Nuacht24/365 Éamon "Ar son na Lost-Cúise" Ó Reachtairí; "Ní thuigeann na lads eile seo cad is fíor-obair dheonach ann ar chor ar bith. Cá raibh siad nuair a bhí muid ag tógáil feamnach ón gcladach le cur ar an ngort lom agus ag scríobh ailt eacnamaíochta is polaitíochta agus filíochta ag an am chéanna? Ní scríobhfaidh mise aon focain ní má tá airgead i gceist! Sin saorálaíochas, is focain laochra muid i Nuacht24/365! "

M2009.10.12

Táim go hiomlán faoi dhraíocht, agus ní féidir liomsa é a mhíniú.
Amhrán do nerds le spéis sa chruinne atá ann sílim, agus os rud é gur nerd mé níl aon neart agam air ach éisteacht leis an amhrán seo thíos arís, agus arís agus arís eile.
Tá sé chomh iontach sin.
Spéisiúil, ómósach, greannmhar, aisteach, sícideileach.
Moladh go deo don cruthaitheoir a chur le chéile é.



Fuaireas é ar an mblag Breatnaise sin a chur Cailliomachas suas ar a bhlag.
Níl an fhís thuas ar You Tube ach ar feadh mí amháin agus tá beagnach milliún amharc air cheana!

Ach mura dtaitníonn sin leat beidh grá agatsa don cheann seo thíos;



Sílim go mbeadh sé go maith mar ghlao clog aláraim, feicfidh mé cad a deir an cailín.

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 14, 2009

M2009.10.11


Tá an graf seo agus cinn eile dá leithéid ag dul thart faoi láthair i ríomhphoist. Cheapas go gcuirfinn an Ghaeilge air toisc go bhfuil sé fíor, agus tá sé greannmhar toisc go bhfuil sé fíor.

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 13, 2009

M2009.10.10


Na Glasaigh - ar bualadh bob orthu? Sin í an cheist ar an nDruma Mór an tseachtain seo.
Na Glasaigh - ar bualadh bob orthu? Faoi láthair tá an phobalbhreith ag rá go gcreideann cúigear nár bhualadh bob orthu, a chréatúir.
Na Glasaigh - bualadh bob orthu. Má chreideann éinne faoin am seo nach bhfuil dara rogha ag an rialtas ach NAMA (mar atá sé) a chur i bhfeidhm tá bob buailte orthu.

An Pobal - ar bualadh bob orthu? Tá daoine chomh scanraithe roimh an gcúlú seo go bhfuil siad toilteanach aon ní a chuirtear faoina mbráid a slogadh siar. Táthar sa rialtas ag rá; níl dara rogha againn! Seo an t-aon chluiche ar an mbaile! Ní mór dúinn gníomh a dhéanamh a chinnteoidh go mbeadh creidmheas ar fáil sa chóras arís go luath.
An Pobal - bualadh bob orthu. Sílim go bhfaigheann an Pobal a n-eolas faoi cad is ceart is cóir agus ar a leas ó na nuachtáin a léann siad nó na cláracha reatha teilifíse is raidió a bhreathnaíonn siad. Agus mar gheall ar aineolas iriseoirí is tráchtairí sna meáin seo tá an pobal ag smaoineamh mar a smaoiníonn siadsan ar an raidió nó ar an teilifís .i, ní thuigim é seo, níor mhaith liom é a thuiscint, ach tuigim go bhfuil géarghá rud éigin a dhéanamh. Ergo glacfaidh mé le NAMA.

N'fheadar ar labhair Morgan Ó Ceallaigh ar an ábhar seo roimhe, ach seo an chéad uair a chonaic mé alt uaibh maidir le NAMA.
Faraor ní scríobhann Ó Ceallaigh agus a leithéidí do nuachtáin amhail an Sun, Sunday World, News of the World, The Star, Oirish Mail srl srl.

Dé Luain, Deireadh Fómhair 12, 2009

M2009.10.09

"...Is ciorcal gan tosach gan foirceann é an Tiarna a bhí ann i gcónaí agus a bheas ann i gcónaí agus a rinne na nithe sin go léir"

Beidh gá againn go léir an méid sin thuas a athcheapadh, óir níor chruthaigh Dia an domhan féin! Dar le léamh nua ar an seanthéacs Genesis, a rinne Ollamh Ellen van Wold.

Mar sin is dóigh gur tháinig Dia, chonaic Sé/Sí/Siad domhan le féidearthachtaí! "Is féidir linn rud a dhéanamh leis an áit seo"
Chruthaigh Sé/Sí/Siad sinne, sé sin le rá, ápaí le tuiscint agus cumas intinne níos fearr ná na hápaí eile dár leithéidí ar an domhan a fuair sé. Thug an cumas intinne seo buntáiste thar a bheith áisiúil dúinn agus cabhraigh sé lenár n-éabhlóid go dtí an pointe seo ina bhfuil an domhan á scriosadh againn go leanúnach.

Mar sin ón lá a chruthaigh Dia sinn ba mhic Dé sinn. Bímis inár n-ápaí ag siúl thar mhánna fairsinge na hAfraice ag lorg beatha nó ag feirmeoireacht ar chósta Mhaigh Eo Thuaidh, nó ag tógáil na bPirimidí, nó ag cur cogaidh, nó ag adhradh na gréine srl srl. mic Dé gach mac máthar againn.
Ón lá a chruthaíodh muid ba le Dia sinn. Deirtear linn go bhfuil grá aige dúinn, thar aon ní eile san Uile, agus tá spás sna flaithis romhainn i gcónaí.
Creideann muid go bhfuil ár seacht sinsear siar ann ag fanacht linn.
Ach má tá neamh ann an bhfuil gach "dhuine" ann ó chruthaigh Dia sinn?
Ón duine luath go dtí anois.

An bhfuil Ardi agus a muintir ann? Tá a fuil ionam, tá a fuil ionainn go léir, táim ag smaoineamh faoi na ceisteanna seo anois toisc gur mhair cúpla duine luath mar Ardi agus a clann.
Cruthaigh Dia Ardi, ina (n)(h)íomhá féin, más fíor an chéad líne ó Genesis. Mar sin ba chóir go mbeadh spás ann sna flaithis di agus a sinsir, leis.
Nó an ea mar a mhínigh mac Calprainn do mhac Fhinn nuair a tháinig sé ar ais i ndiaidh na Féinne .i. táid go léir, a shíolraigh roimh is i ndiaidh Chríost, á ndó in ifreann toisc nár Chríostaithe iad?

Beag an baol má tá aon choinsias ar bith ag Dia.
Ní leosan locht áit, cultúr nó bliain a mbreithe.

Ar chruthaigh Dia an Néandartálach, duine nár duine é, ach a shíolraigh ó ápaí le tuiscint agus cumas intinne maith .i. teanga, cultúr, ealaíon srl.? An bhfuil siad sna Flaithis leis?
An ea gur cruthaigh Dia eile an Néandartálach (nó a sinsear), agus tá neamh eile ann dóibh?
Más club eisceachtúil neamh s'againne tá seans ann go bhfuil clubanna eile ar fáil nach bhfuil chomh deacair cead isteach a fháil iontu!

Murar gcruthaigh Dia an Uile, mar a mhíníonn an leabhar maith, cé a chruthaigh Dia s'againne?
Cé sórt Dé atá ag Dia!

Dé hAoine, Deireadh Fómhair 09, 2009

M2009.10.08

Deirtear go ndeachaigh roinnt smaointeoirí as a meabhair ag iarraidh ciall a dhéanamh den Chruinne, nó an Uile. Cá dtosaíonn sí agus cá gcríochnaíonn sí? Agus fiú má thosaíonn agus chríochnaíonn sí cad atá taobh amuigh den chríoch sin agus cén cruth atá air? Cá gcríochnaíonn an spás taobh amuigh den Uile s'againne? Má tá críoch lei.

Éigríoch.
An bhfuil aon ní san Uile níos deacra a thuiscint ná éigríoch?


Bhí an t-ábhar seo ag dó na geirbe agam le cúpla lá anuas, i ngeall ar bhrionglóid. Ní mhíneoidh mé an bhrionglóid seachas le rá gur spreag sé mé an cheist a chíoradh.

Tá a fhios againn anois go bhfuil an chruinne ag méadú, i gcónaí, amhail boilgeog le haer á chur inti tá sí ag éirí níos mó ón lá a chruthaíodh í. Sa deireadh méadóidh sí chomh mór sin go bhfaighidh sí bás .i. beidh grianta scartha óna pláinéid srl. Nó méadóidh sí chomh mór sin go gcrapfaidh an Uile go tobann, ag scriosadh chuile ní atá inti agus ag cruthú dúpholl ollmhór.
Pléasc Mhór eile a bheas ann, ach an pléasc deiridh sa gcás seo.

An rud is suntasaí faoin méadú seo ná taispeánann sé -ba chóir a rá go gcreideann eolaithe go dtaispeánann sé, agus tá an mhatamaitic ag aontú leo- go bhfuil an Uile measartha cruinn ina cruth, amhail boilgeog. Agus creidtear go bhfuil boilgeoga eile taobh amuigh den bhoilgeog s'againne, sé sin le rá cruinní nó uilephobail eile i dteagmháil le cruinne cruinn s'againne.
Iad go léir go dlúth le chéile.
Ach gach ceann acu finideach, bíodh is go bhfuil siad ollmhór as cuimse, ónár radharc de, ach finideach mar sin féin .i. d'fhéadfaí taistil ó taobh amháin de chun taobh eile, dá mbeadh sár-long spástaistil agat ar ndóigh!

Ach, fiú má mhíníonn teoiric na mboilgeog cad atá go díreach timpeall ár nUile, ní mhíníonn sé cá gcríochnaíonn na boilgeoga céanna má tá tús agus críoch leo. Éigríoch arís?

Nó gob naofa Dé? nó seile chosanta an mhíl sheile chuaiche?

Déardaoin, Deireadh Fómhair 08, 2009

M2009.10.07

B'fhéidir go bhfuil mo chuid Gaeilge ag éirí níos laige is níos measa nó b'féidir gur thosaigh mé ag léamh leabhar atá ró-deacair do mo chaighdeán Gaeilge, cíbe acu atá fíor bhí saothar mór ormsa na trí leabhar is déanaí a léigh mé a chríochnú: 1 Mise agus Platero le Juan Ramón (Aistriúchán le Aodh Ó Canainn, 2. Ag Altóir an Diabhail le Tomás Mac Síomóin agus 3. An Fear Dána le Alan Titley.

Fiú má bhí saothar orm iad a chríochnú ní shin le maíomh nár bhain mé sult astu. A mhalairt atá fíor. Maidir le scéal Mhic Shíomóin de agus an carachtar Beartla B tá greann dubh ann, mar a thugtar air, agus aoir shearbh in áiteanna. Dhá rud a thaitníonn go mór liom, faraor ní raibh a ndóthain acu ann agus d'airigh mé go raibh iniúchadh meoin craiceáilte Bheartla B ró-chasta agus go dtarraingíonn sé na gcos go ró-mhinic. Bheadh sé níos fearr dá dtógfadh scian do roinnt de, i mo thuairim.
Tá roinnt de smaointeoireacht Bheartla B deacair a leanúint agus tá iarracht shoiléir tríd an leabhar a thugann le fios go bhfuil an t-údar ag iarraidh a bheith an-dúshlánach .i. ró-dhúshlánach, ina chaint. Sílim go bhfágann sin an gnáthléitheoir -beagnach chuile dhuine- gan spéis sa scéal nó san aoir.

Dán fada atá i scéal Mise agus Platero de réir dealraimh. Scéal breá fealsúnachta faoi shaol an údair, ina bhaile dúchas. Sórt dírbheathaisnéis fileata. Bhí an cur síos ildaite de na heachraí srl. deas agus taitneamhach, go dtí pointe. Ach, i ndáiríre, níor bhaineas féin mórán tairbhe astu. Seans maith go luíonn an locht sin ormsa agus mo stór focal lag.

Ba chóir go mbeadh a fhios agam roimh ré cad a bheas romham dá gcuirfinn leabhar de chuid an Tithlaigh os mo chomhair le léamh. Ach rinne mé neamhaird den dúshlán sin mar bhí mo spéis i scéal fear taghdach mo chontae féin .i. file an dáin dhírigh Dhroim Chliabh .i. Muiríoch Albanach Ó Dálaigh.
Scéal ar leith go deimhin, ach, díreach mar a bhíonn ailt an údair chéanna bhí sé deacair domsa chuile ní a thuiscint, ní fíor sin, in áiteanna ní raibh tuairim dá laghad agam cad a bhí a rá. Nathanna cainte aisteacha, focail nach raibh mé in ann teacht orthu san Fhoclóir go fiú's. Chuir seo frustrachas orm go deimhin, ach arís is dóigh go luíonn an locht sin ormsa.
Ar a laghad is feasach dom anois cad é an caighdeán ba chóir dom a bhaint amach.

Fuaireas an leabhar ó Leabharlann an Phiarsaigh, agus is mise an t-aon duine a thóg amach é ó 2006! Seans go raibh tóir air i 2003, ach níl spéis a thuileadh ag pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa scéal inniu.
Ó thaobh scéalta bunaithe ar stair de, scéalta atá dúshlánach taitneamhach agus spéisiúil, sílim go bhfuil an caighdeán agus an chothromaíocht faighte agus leagtha síos ag lucht an Leabhair Bhric.

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 07, 2009

M2009.10.06

Rudaí ón Dáil inné.

Is mór an trua nach bhfuil a fhios ag Teachtaí Dála na Gaeilge sa Dáil go bhfuil nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar fáil, agus nach bhfaigheann an nuachtán céanna, nó a fhoireann, pingin rua ón bhForas dá saothar.
Dúirt Dinny McGinley:
"Nach n-aontaíonn an tAire liom nach bhfuil sé inghlactha ar chor ar bith nach bhfuil páipéar nó foilsiú an Ghaeilge seachtainiúil nó laethúil ins an tír i láthair na huaire?"
Oscail do shúile a Dinny, maith an fear.
Feictear domsa nach bhfuil mórán measa á thaispeáint ag pobal na Gaeilge i gcoitinne do shaothar deonach Eoghain Uí Néill leis an Druma Mór agus Nuacht24.
Ní fheadar an bhfuil a leithéid d'fhiontar tuillte acu, sa chaoi céanna nach raibh Lá Nua tuillte acu.

Is fiú go mór breathnú ar óráid Mhichíl D. Uí Uiginn maidir le NAMA de ar an lá céanna:
I believe that the Bill before us regarding the National Asset Management Agency is the most important legalisation that will probably come before the Dáil in the next decade or decades, raising, as it does, issues not only for this generation of taxpayers but also issues for future generations. It touches on an issue of inter-generational justice. Surrounding this Bill there has been a neglect of its implications are. Any detailed analysis of the Bill has been replace by a kind of myth-making in which many have participated, which suggests that the NAMA legislation, as proposed by the Government, is, as has been put in some of the media, “the only game in town”.

M2009.10.05

7ú lá den mhí seo, cíos ard le híoc amárach don thiarna talún seo agamsa!
Lá breá úr atá ann. Neart gréine. Gaoth lag ag séideadh ó dheas.
Bhí ceapaire bagún .i. BLT, agam mar phroinn. €4 a bhí air.
Seán Ó Donnchú le héirí as mar Cheann Comhairle de bharr a chaimiléireachta agus a mhí-ionracais.


Ó Donnchú mar iarrthóir Uachtaránachta, a d'éiligh Cathaoir Mhicilín.
Dealbh Uí Dhonnchú chóir, le tógáil ar chac-sráid Chathair Saidhbhín.
an Donnchú d'Fhianna Fáil dúir, a chur cás Chiarraí Thiar chun cinn.
ar Dhonnchú a bhí an tóir, ag lucht nuachtán na Páile is an Sheoinín.

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 06, 2009

M2009.10.04

Is breá liom mallghluaiseacht.

Dé Luain, Deireadh Fómhair 05, 2009

M2009.10.03

Is í an aimsir roimh agus i ndiaidh na stoirme an aimsir is fearr le haghaidh tonnmharcaíochta.
Nuair a bhogann an réimse lagbhrú ó thuaidh nó soir le cur isteach ar mhuintir na hAlban nó na hÍoslainne seachas mhuintir Leath Chuinn.

Seo grianghraif den aimsir agus an stoirm ag tosnú de bharr lagbhrú teann ollmhór amuigh san Atlantach thuaidh. Tá sé níos fearr fós má fhanann sé amuigh ar fad.

Bhí sé deas socair an mhaidin dar gcionn le tonnta glé gloiní glan 5 troigh le fáil ar an rinn.



M2009.10.02


Vótáil an tromlach i bhfách, beidh a nglór cloiste, agus meas taispeánta dá gcríonnacht.
Rinneadh neamhiontas de na mionsonraí suaracha sa téacs, díríodh ar an "Mhór-phictiúr", vótáladh ar son postanna, postanna a ghealladh.

Bhí mír spéisiúil ar an Nuacht a rinneadh achomair de mheon na ndaoine i leith an Chonartha seo.
Bhí an fhoireann Nuachta ag cur agallamh ar dhaoine ag teacht amach as an ionad vótála i ndiaidh dóibh a vótaí a chaitheamh;
"Cén chaoi ar vótáil tú don gConradh?"
"Vótáil mise Tá, agus tá súil agam anois go mbeidh roinnt postanna le fáil as seo"
an anailís is fearr ag Mac Liam, mar is dual dó.

Déardaoin, Deireadh Fómhair 01, 2009

M2009.10.01

Maidin inné bhíos mo mhachnamh ag bogadh i dtreo Tá don Chonradh mallaithe amárach.
Léigh mé an Irish Times agus alt Uinsionn de Bhrún i ndiaidh sin, tagaim leis, bhí a leithéid a scríobh sé ag dó na geirbe agam an chéad uair thart. Beidh mé ag vótáil Níl anois go deimhin. Tá prionsabail agam agus ní mór fanacht dílis do do phrionsabail.
Smaoiním faoi na ciorruithe páidh a bhí curtha orm, an cúlú, ligim bolscaireacht Fhianna Gael dul i bhfeidhm orm .i. beidh chuile rud togha má vótálann muid ar a shon. Vótálfaidh mé Tá, gan aon agó. Nach mbíonn billí le híoc agus saol le caitheamh agam.
Buaileann ciall éigin mé, timpeall uair a chloig ina dhiaidh sin.
Níl baint dá focain laghad ag an gConradh leis an eacnamaíocht. Vótálfaidh mé Níl, na bithiúnaigh, ag iarraidh an dallamullóg a chur ormsa.
Téim abhaile. Feicim An Taoiseach ar Nuacht 6.1 ag argóint ar son an Chonartha.
In ainm Chroim ach tá sé lag go deo.
Seachnaíonn sé na ceisteanna crua maidir leis an gConradh. Insíonn sé bréag lom amháin ar a laghad. Athchasaim an mhír sin. Ceistím cén fáth go bhfuil an fear seo ina Thaoiseach. Táim go hiomlán cinnte go mbeidh mé ag vótáil Níl. Níl mo vóta tuillte ag lucht Fhine Fáil.
Breathnaím ar taifeadadh 7Lá atá ar an mbosca digiteach. Labhraíonn Mícheál D. Ó hUiginn go soiléir agus go paiseanta faoin gConradh, faoin Eoraip. Tá meas mór agam air, is maith liom é, tá sé le thrust. Smaoiním ar na dreamanna atá ina aghaidh agus atá ar a shon. Smaoiním faoi Eoraip, agus an Ghaeilge.
Táim ag bogadh go láidir i dtreo Tá arís.
Ach tá ról lárnach a bheas ag an EDA agus tionscadal airm ag cúl mo chinn fós.
Uinsionn de Brún arís níos déanaí, ar a chlár tá Mícheál Ó Máirtín v Déaglán Mag Sheanlaoich. Labhraíonn an Máirtíneach go maith agus tagann sé trasna go hionraic, an rud is annamh is iontach i bhFianna Fáil!
Tuige nach bhfuil an fear seo ina Thaoiseach? a cheistím.
Ní thagann Mag Sheanlaoich trasna chomh hionraic. Tá amhras ann. Tá a fhios agam nach bhfuil Fianna Fáil le thrust, ach, ar a laghad tá a fhios agam nach bhfuil siad le thrust. Cé hé an fear seo? Agus cén fáth go bhfuil sé chomh tiománaithe ina aghaidh?
Beidh mé ag vótáil Tá ar an gConradh tráthnóna De hAoine.

Léigh mé Titley ar maidin! Á 'Dheabhail. An bhfuil an bastaird Corcaíoch sin ag léamh mo fho-smaointí? Na cinn a chuir mé faoi chois le theacht ar an gcinnteacht go mbeidh mé ag vótáil Tá.
Níl arís uaimse buíochas don Irish Times!.
Sílim.