Dé hAoine, Bealtaine 30, 2008

M2008.05.13



Grianghraf glactha díreach sular bhain Briain Ó Comhain an biorán as an ghránáid agus é ag baint sult as cupán tae le ceannaire an LO Éamonn Mac Giolla Mhuire agus Olivia Mitchell ó Fhine gan Gaeilge.

Dúirt an Taoiseach ina dhiaidh an sléachta nach raibh aon aiféala air seachas nach raibh Inda Ceannaí in ann a bheith i láthair toisc go raibh sé i gCorcaigh ag fáil bearradh gruaige nua le haghaidh an fheachtais ar son Conradh Liospóin.

Dé Máirt, Bealtaine 27, 2008

M2008.05.12

Mairg nach fuil 'na dhubhthuata,
cé holc duine 'na thuata,
is dóigh go mbeinn mágcuarda
idir na daoine duairce.

Mairg nach fuil 'na thrudaire
eadraibhse, a dhaoine maithe,
ós iad is fearr chugaibhse,
a dhream gan iúl gan aithne.

Dá bhfaighinn fear mo mhalairte
leis do reicfinn an suairceas;
do-bhéarfainn luach fallainge
idir é 'gus an duairceas

Ós mó cion fear deargchulaith
ná a chion de chionn bheith tréitheach;
trua an chaitheas le healaíon
gan é agam ina éadach

Ós suairc labhartha is bearta gach buairghiúiste
gan uain gan aiste 'na theangan ná suanúchas
mo thrua ar chreanas le ceannaraic cruaphrionta
ó bhuaic mo bheatha nár chaitheas le tuatúlacht

Dáibhí Ó Bruadair

Dé Céadaoin, Bealtaine 21, 2008

M2008.05.11



Ar nós zombaí ag tíocht as an talamh ina dhiaidh dhó dáileog radaíochta a fháil ó satailít eicínt a thit go tobann go talamh de bharr turgnaimh aisteach ag NASA, tá Comhar, nó beidh Comhar ar na seilfeannaí aríst i mbliana le cúnamh Dé............agus airgid.

Dé hAoine, Bealtaine 16, 2008

M2008.05.10

Is fiú go mór éisteacht leis an bpodchraoladh seo ó Adhmhaidin ar maidin.
Agallamh le Liam Cahill, Comhairleoir Caidrimh Poiblí agus Iar-Oibrí leis an bhFóram Náisiúnta ar an Eoraip.

Dé réir Cahill beidh daoine ag leanúint a bpolaiteoirí ina bhfuil an trust acu orthu ar an gceist seo faoin Aontas agus níl aon ghá leis an eolas go léir á scaipeadh fé láthair, óir, níl aon mhaitheas ann ach go gcuireann sé daoine amú.
Ba chóir go mbeadh an díospóireacht agus an chaint faoin gconradh go léir fágtha ag na polaiteoirí is páirtithe polaitiúla amháin dar leis, tá an iomarca eolais i leith an chonartha ann ina thuairim!

Fágann muintir na tíre seo ceist na hEorpa agus saincheisteanna na hEorpa don "eilte" bheag san atá i ngach tír .i. státseirbhísigh, polaiteoirí agus iriseoirí.
Mar sin, dar leis aríst, go mb'fhearr leis an gcuid is mó den phobal mura gcuireann ceist ar chor ar bith orthu agus go bhfuil "saineolaithe dlí" ag rá nach bhfuil gá le reifreann ar an gceist seo ó thaobh an bunreachta de fiú amháin toisc nach bhfuil na hathruithe sa gconradh seo chomh mór sin go mbeadh gá leis!
Freisin má tá polaiteoirí is maorlathaigh san Eoraip ag breathnú orainn agus má fheiceann siad nach bhfuil mórán suime á taispeáint ag na hÉireannaigh ar cheist na hEorpa agus ag rá leo fhéin ,de bhrí sin, cén fáth go bhfuil muid ag tabhairt airgid dhóibh!?

Tá súil le Dia agam nach bhfuil an ceart go léir aigesean ó thaobh muintir na tíre seo ag leanúint, go dall aineolach, seasamh na bpolaiteoirí ar cheisteannaí móra polaitiúla.

Déardaoin, Bealtaine 15, 2008

M2008.05.09

Cluiche peile amuigh san aer úr faoi theas na gréine álainn....... nó......... seimineár leadránach ar Bhóthar Chluaidh le Engineers Ireland faoi mhéadrú cliste ón BSL?

Sin í an cheist atá os mo chomhair anois.

M2008.05.08

D’fhógair an tAire um Chumarsáid Éamonn na nGlasach mac Murchadh mhic Cathail mhic Bhriain Uí Riain inné foilsiú an Bhille Craolacháin nua, aois domhain 2008, bille is ea é a chlúdaíonns cúrsaí teilifíse agus cumarsáide.
Cuirfear an bille nua cosc ar mhallachtaí ar na haerthonnta agus ar an teilifíseán araon, i measc rudaí eile.
Cuirfear fíneáil ar aon stáisiún/bealach a bhriseanns na rialacha nua seo.

Ar an toirt is féidir liom smaoineamh ar fhógra teilifíse ar TG4 le haghaidh an Western:

"é a ghringo, níl aoinne anseo tá siad ag breathnú ar an Western ar TG4"
"Buinneach".

Wámó, fíneáil throm, marc dubh, trioblóid.

Agus céard faoi South Park, tá sé críochnaithe anois a mhac lena "Buinneach lofa dearg" "Dúidlín lofa" "Bastairdín lofa". Agus ceard faoin gcarachtar Séamas Ó Catháin ar Ros na Rún?.. is eisean ag baint úsáide as an bhfocal "Friggin" go tric. Bíonn se ag friggáil seo 'gus ag friggáil sin i gcónaí.
Ba chóir go mbeadh deireadh leis sin anois faoin mbille nua is dóigh.
Striapacha, The Running Mate, Seacht srl cláracha ata lán le mallachtaí lofa:
"An bhfuil tú á fhocáil", mar shampla!

Táim go hiomlán cinnte go bhfuil Des Bishop s'againn focáilte i gceart anois ar aon chaoi.
Ní bhfeadfaidh laoch na Gaeilge is nuaí teacht idir 2 mhíle de na stáisiúin/bealaí teilifíse i nDomhnach Broc nó i mBaile na hAbhann go deo aríst ar eagla na heagla!

Dé Máirt, Bealtaine 13, 2008

M2008.05.07

"Vótáil ar son postannaí, vótáil ar son Éirinn, vótáil ar son do thodhchaí"

'Sé sin (a bheag nó a mhór más buan mo dhrochchuimhne) atá scríofa ar an bpóstaer thaobh amuigh de m'árasán le haghaidh an reifrinn seo romhainn.
Agus ní féidir liomsa argóint ina aghaidh, óir, is breá liom an fhíric go bhfuil post buan deas le pá maith agam, is breá liom mo thír freisin, agus ba mhaith liom vóta a chaitheamh ar son mo thodhchaí/airgid is todhchaí mo chlann!

Ach i ndáiríre níor mhaith liom vóta a chaitheamh ar son conartha a laghdaíonn cumhacht mo thíre-se de bharr VTC - Vótáil Tromlaigh Cháilithe.
Nó ar son conartha ina gcailleann muide 50-60 cumhacht crosta.
Nó ar son conartha ina méadaíonn sé míleatú na hEorpa ach an oiread.
Nó ar son conartha ina bhfuil sé beartaithe go mbeadh an AE ag cruthú dlíthe ar chúrsaí tábhachta a bhaineanns le turasóireacht, cultúr, inimirce, seirbhísí poiblí is maoin, i measc a lán lán rudaí eile nach iad.

Má tá an rialtas agus an freasúra ag iarraidh mo vótasa, is ár vótaí, a mhealladh sa reifreann seo ní foláir dóibh fíricí is pointí a úsáid ag taispeáint dúinn go mbeadh muid níos fearr as dá bharr

Dé Luain, Bealtaine 12, 2008

M2008.05.06

Go raibh maith agat as siopadóireacht ith Debenhams

atá scríofa thar an dorais san ionad siopadóireachta Debenhams i mBleá Cliath.
Bhíodar beagnach cruinn, ar a laghad!

Dé hAoine, Bealtaine 09, 2008

M2008.05.05

Blaisín beag Gaeilge ón Tánaiste nua Máire iníon Chathal Sheáin Uí Chochláinn sa Dáil inné, bheinn fhéin ag súil le níos mó amach anseo:

TD Dinny McGinley: Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le mo chomhghleacaí ón dáilcheantar, an Tánaiste, ar a ceapachán. Is onóir mhór di agus do Dhún na nGall go bhfuil post chomh sinsearach sin insan contae againn. Guím gach rath uirthi. Anois, an féidir leí insint dúinn cén uair a bheidh Bille Údarás na Gaeltachta á phlé sa Dáil?

An Tánaiste: An féidir libh fanacht ar feadh bomaite?

TD Michael D. Higgins: Beidh sí ann le píosa fada.

An Tánaiste: Gabhaim buíochas le mo chomhghleacaithe as ucht an méid a bhí le rá acu agus as chomh cairdiúil agus atá siad. Is pribhléid mór dom í go bhfuil mé ag obair le comhghleacaithe mar an Teachta McGinley agus an Teachta McHugh. Bhí an Teachta McHugh ag iarraidh rud éigin uaim ach níl a fhios agam faoi sin ach bhí an Teachta McGinley lán dáiríre. Níl a fhios againn ag an am seo cén uair a bheidh an Bille sin réidh, ach beidh mé ag caint leis an fhoras fá dtaobh de.


Faraor, chonac an seafóid seo freisin roimh na ráitis Gaeilge faoin Champions League agus an spochadh amaideach is seoiníneachas ina dhiaidh

An Tánaiste
: As a Liverpool supporter, I will not be in attendance

TD Joe McHugh: I am a Liverpool supporter speaking on behalf of Manchester United supporters.

TD Charles Flanagan
: If the former Taoiseach was still in charge, he would be in attendance.


Buíochas le Dia tá an t-amadán sin imithe!

Dé Céadaoin, Bealtaine 07, 2008

M2008.05.04




Iomaíocht nua do nós*

M2008.05.03

Trí thimpiste, nach beag, sílim go bhfuil saoire curtha in áirithe agam atá lonnaithe in aice le, nó ar thrá ina dtéann daoine ann chun a bheith nocht amuigh faoin aer... Trá nádúraithe...trá nocht!
Mhac go deo!

M2008.05.02

Craoladh an montáis deireanach (buíochas le Dia) de Pharthalán mac Con mhic Ghiolla Dhuibh Uí Eachthairn ar an nuacht an mhí seo, d'éirigh Parthalán as a phost mar Thaoiseach go hoifigiúil inné- an séú lá den cúigiú mhí (6 + 5 = 11)- tar éis aon mhí dhéag den Dáil nua.

M2008.05.02-> (8 + 5) - 2 = 11!

Bertie Ahern = 11 litir!!

Déardaoin, Bealtaine 01, 2008

M2008.05.01

"Excellency" os comhair na dála,
'gus é ag labhairt,
bualadh bos na bPoncána,
suíochán á thagairt.

Oíche roimhe os comhair béir,
'gus é ar meisce,
aláram dóiteáin go moch aréir,
'gus é traochta.

"Gura míle maith agaí",
'gus é ag críochnú,
ar thóir na Sceiche ina dhia',
'gus iad ag cruinniú.

Na gealltaí a thuganns sé,
dá chairde dílse,
an iarmhairt a chonaic mé,
Daingel Í Chúise.