Dé Domhnaigh, Eanáir 16, 2011

M2011.01.09


Bíonn cuairteoirí glóracha ag muintir na hÉireann le linn an fhómhair agus gheimhridh chuile bhliain. Géanna Ghiúrainn atá ann, le feiceáil ó mo sheomra leapa ar maidin.

Tagann siad an bealach ar fad ón Artach, sa chás seo ó oirthear na Graonlainne ar thuras thar 2,000km. Cosúil leis an bhradán filleann siad ar na háiteanna céanna gach bliain chun iníor a dhéanamh ar na páirceanna céanna.
Is ait an t-éan an ghé ghiúrainn seo óir tá sé chomh humhal agus neamheaglach roimh dhaoine!
D'fhéadfainn teacht an-chóngarach dóibh gan seans ar bith go n-eitleoidís romham.

6 comments:

Néidí said...

deas an radharc a bheith agat ó do sheomra leaba

Dennis King said...

An bhfuil an ghé Cheanadach (Branta canadensis) le feiceáil in Éirinn freisin? Tá siad ar fud na háite anseo. Éan imirceach a bhíodh iontu, ach d'éirigh a lán lán acu as an imirce le fiche bliain anuas agus fanann siad san aon áit amháin an bhliain ar fad. Is breá leo na cúrsaí gailf, na páirceanna imeartha, agus mar sin de i gcathracha agus i mbruachbhailte Mheiriceá, agus anois tá orainn “breithrialú” a imirt orthu, rud a dhéantar le hola mhianrach ar na huibheacha.

Dubhaltach said...

@ Néidí:
Is é, agus leis an ghrian ag taitneamh ar maidin amhail lá samhraidh bhí sé níos deise fós.

@Dennis
Leis an fhírinne a rá níor chuala mé trácht ar an ghé áirithe sin, ach ag breathnú ar an idirlíon deirtear go mbíonn líon beag acu le feiceáil cinnte.
Cuireadh isteach sa Bhreatain iad d'aon ghnó, leis.

"breithrialú"
Arís, an cine daonna ag cur a ladar isteach sa scéal nuair nach bhfuil gá leis.

Dennis King said...

an cine daonna ag cur a ladar isteach sa scéal nuair nach bhfuil gá leis

Tá gá leis anseo. Chruthaigh muid na páirceanna agus na cúrsaí gailf mar a bhfuil an féar blasta ag fás ó cheann ceann na bliana. (Féar is mó a itheann na héin seo.) Ní itheann muid na géanna seo, agus níl aon chreachadóir nádúrtha eile acu sna bólaí seo, ach amháin cúpla coyotes. An bhfaca tú foireann rugbaí clúdaithe le cac gé riamh??

Dubhaltach said...

"An bhfaca tú foireann rugbaí clúdaithe le cac gé riamh?"

N'fheadar, bíonn siad clúdaithe i bpuiteach go minic. Ach tá súil agam nach leithscéal é sin breithrialú a dhéanamh ar na géanna!
Is iomaí bealach atá ann le ruaig a chur orthu gan ola mhianrach a chur ar na huibheacha.

Níl eolas agam ar na páirceanna agus na cúrsaí gailf s'agaibhse thall, ach abhus, de ghnáth, tógann lucht gailf a gcúrsaí ar cheantar ina raibh na géanna ag déanamh iníor ar an bhféar gearr ariamh anall.

Dennis King said...

An rud is tábhachtaí faoi staid na ngéanna Ceanadach anseo ná gur rud nua ar fad iad a bheith ina gcónaí anseo an bhliain ar fad. Tháinig borradh mór - ollmhór - faoina líon go luath ina dhiaidh sin. Ní ag cur isteach ar chóras sean-bhunaithe atá muid ar chor ar bith. Tá a lán acu ann fós, agus beidh go ceann i bhfad. Ní baol dóibh an breithrialú seo.