Déardaoin, Iúil 31, 2008

M2008.07.10

Dán nua sa stíl fiannaíochta chun slán a fhágáil le hIúil fliuch agus fáilte a chur roimh Lúnasa fliuch:

Sa tír seo a rugadh Fionn
an sár-laoch is fearr linn,
deamhac Cumhaill mhic Treánmhóir
'thuig Pádraig mac Calprainn cóir.

Oisín an file, a mhac
Cnú Dearóil, a abhac,
bhí sé, an t-abhac, lán spraoi
agus b'in é mar a bhí.

Inniu níl aon chaint ar Fhionn
nó gníomh ar Mhá Éireann,
ní reictear ealaín Oisín
an fhiannaíocht bhreá lán grinn.

Scoth na bhFiann níl fágtha
ó charnadh na droch-sluaite,
ní mhaireann an cath ag Fionn
ó gcloistí an Dord Fiann.

Och fós tá fíorchath le troid
idir comhlachtaí lán bróid,
Gúgáil fíorGhaelach fíormhór
agus Cuil nua atá óg.

Tá an dá chon sa tseilg
(amhail a scríobh na cléirigh),
na hamais is mó a fháil
mór a bheas "Cuil" ag strácáil.

"Cumhall" fíorainm an tsuímh
an t-ainm is Gaelaí riamh,
Cumhall mac Treánmhóir chóir
athair Fhinn an bhéil bhinn mhóir.

Chuir cath ar Chonn Céadchathach
ag Cumhall mac Treánmhóir marfach,
amhail Cuil cóir sa lá inniu
an cath is nuaí is fiú.

Sa tír

Dé Céadaoin, Iúil 30, 2008

M2008.07.09

"Aon chraic a Mhac"

Bhreathnódh sé go galánta ar t-léine. Sílim? ....

....b'fhéidir nach mbreathnódh!

Dé Luain, Iúil 28, 2008

M2008.07.08

Amhail an t-éigneoir thíos lána dorcha, nó cosúil leis an meisceoir is an alcólach tar éis am dúnta, ní féidir leis an rialtas ár Níl ar an gconradh feidearálach lofa a ghlacadh.

Déardaoin, Iúil 17, 2008

M2008.07.07

Chonac corp inné. Corp nó creatlach duine ón mheánaois ab ea é.
Tá obair ag dul ar aghaidh ar theach cúirte Chill Cheannaigh faoi láthair, agus ar chúl an tí tá foirgneamh nua á thógáil, cúirteanna nua, oifigí agus príosún 7c.
Fuarthas uaigh mheánaoiseach agus seanbhóthar meánaoiseach agus iad ag tochailt na talún i gCathair an Mharmair.

Dé Máirt, Iúil 15, 2008

M2008.07.06

Le críochnú go fóill. Obair idir lámha is ea é mar a déarfá !

Bhíos ag iarraidh an caighdeán a chur ar an dán (dinnseanchas) mar a leanas:
ós rud é go bhfuil an ceantar stairiúil timpeall Teamhair á scriosadh le haghaidh mótarbhealach nua, mo sheacht náire go deo orthu siúd á dhéanamh.


Teamhair togha na tulach,
faoi Éire na bhforbacha,
ard-chaithir Cormaic mhic Airt,
mhic Choinn chéad-chathaigh chomhnirt.

Cormac, ba bhuan a mhaith;
ba shaoi, ba fhile, ba fhlaith;
ba fhear-bhreitheamh na Féinne,
ba chara, ba chomhchéile.

Cormac, den chaoga cath,
a scrios Saltair Teamhrach;
insa tSaltair sin atá
ár ndeich scoth seanchasa.

Is í sa tSaltair sin 'deireann
seacht n-aird-rí 'bhí in Éirinn,
cúig Rí na Cúige 'deirtí,
Rí na hÉireann is Airí.

Is inti atá do gach leath
ina ndlí gach rí cúige;
ina ndlí rí Teamhrach thoir
do rí gach Cúige cheolmhar.

Cóiméad comhghaolú cách,
gach rí le chéile dá ráth;
críocha gach chúige fé chruach
ó bhun go lán-thuaithe.

Tríocha tuaithe le faighte
i dtuaithe gach cúige;
i ngach chúige díobh atá
seacht príomh-fhiche príomh-daingne.

Bhí fhios ag Cormac, ba rí;
dhein lá cuairt hÉireann fé thrí;
thug giall gach mhúir amuigh,
go dtaispeánfaidh i Teamhraigh.

Duma na nGiall, glaine glac,
do na gialla thug Cormac;
do Chormac tugadh sa tigh
gach iontas atá i Teamhraig.

Thaispeáin d'Fhergus mar tá
áit a bhfuil Cros Feargusa;
Fán na Carbad coigríche
eatarthu is na Cluain Fearta.

Cluain Fearta ina maraítí ainnire,
Cluain Fearta na gcom-chaingne,
trí Ráth Grainde aniar aníos,
táid gan eachra an dís.

Ó Ráth Grainde siar sa ngleann
atá seascann Teamhrach teann;
atá trí seascann aniar
Ráth Nessa, Ráth Chonchobhair.

Córas Cinn Chonchulainn chruaidh
ó Ráth Chonchobhair siar ó thuaidh;
tomhas a sciath faoina chomhbhráid
is iontach agus iomadúil.

Uaigh Mail agus Midna
i dTeamhair fós óna mbás;
atá a n-uaigh is a leac,
dáigh an chinn sin atá breac.

Féach anois fós Long na Laoch
'tugadh pálás Barc Ban baoth;
Teach na bhFiann, níorbh long lag,
le ceithre dorais déag.

Droim na mBan tar éis a mbrath
foirgneamh crua uachtarach;
Dall is Dorcha ó dheas,
iad cromtha trí chomhdheas.

Dall theas-thiar Dorcha brónach;
ba díobh Duma Dall-Bodhra;
mharaigh cách díobh a chéile
as comhraic a n-almsan.

Tháinig an t-abhac, trua dó,
a tháinig sé eatarthu,
do mharaigh siad an t-abhac
faoi a gcosa crín-amharc.

Ó leac an abhaic sin siar
Mael, Bloc, Bluicne, borb a gciall,
orthu atá na trí clocha
do chaith Mál mór-Macha.

Múr cleithe na trí cogar
idir long an laoch-thobar;
Lia na bhFiann ón slí anoir
thall i gcoinne Ráth Sionaid.

Ráth an Sionaid, sona buadh,
trí Fál na Teamhrach aduaidh;
ón rath siar i dtaobh na leice
sa teach ó éalaigh Beníate.

Sionad Phádraic ar rath ráin,
sionad Brendan is Ruadháin,
sionad Adhamhnáin i ndiaidh,
ag eascaine Irgalaig.

Trí Rath Rí aníos, ní gó,
Leac Con, Leac Cethen, Cnoc Bó,
atá freisin rath anoir
Leac Maine mhic Munremair.

Maireann trí Rath Rí aneas
Ráth Loegairí na gcleas,
is a Leac faoi lár a lios,
fírén Fiadat do d forbris.

Féach Teach Mairise méin,
ar príomh áille 'hÉireann,
ard aniar is ard aduaidh,
íseal uaidh siar, ba shár-bhúaidh.

Is ann do shuí-se
sa teach ar bhrú Nemnaige;
an teach-sin thar Mí amach
a scaipthe tithe Teamhrach.

Ó Teamhair atá Teamhair Bréag,
Múr Tea mná mhic Míleadh,
Nemnach uaidh siar, sruth faoi ghleann,
fonn 'chuir Cormac cead-mhuileann.

Ciarnait cumhal Cormaic cóir
mór cét nobiathad a bróin;
deich mic lé gach lái do bleith,
nírb opair duine denmeich.

Do tharraing chuici an rí rán
ina a tig a haonarán;
gur stoirccestar faoi chleith;
iarsin forémid do bleith.

Iarsin do sairchis Ó Cuinn,
thug sár mhuilinn tar mór-thoinn;
cead-mhuileann Cormaic mhic Airt
ba chabhair é do Chiarnait.

Cabrach Cormaic i Rath Rí;
ó Ráth Rí siar, tá sé fhíor,
atá in tobar tuirme clann,
a thugtar na trí hainm.

Liaig Dáil Duibh Duirb, Tuath Linne,
agus Tipra Bó Finne,
trí hainm dia sloind amach,
do shílad tobar Teamhrach.

Tobar eile, adbal tres,
a Theamhraigh shiles siar ó dheas;
Lao a ainm, cé co dín bó;
Cistin Chormaic faoina bhrú.

Bruindid a Teamhraig aduaidh
Adlaic Diadlaic an tslúaigh,
dhá thobar fo dechair de
síos go Carn na Macraí.

Idir dá Charn na nGiollaí
Deisel Teamhrach ó dheas Crinnaí;
fót go rath ria ndul ar cel,
a sóitís dáine deiseal.

Aduaidh freisin tulaigh truimm
Ráth Cholmáin sa Dhomnain donn;
Leac Caelchon faoi charn cloch,
siar ó thuaidh ó Luing Ban Teamhrach.

Caelchú mac Loairn mhic Ruaidh
mhic Cormaic Cais, cara buaidh,
príomh-giall fir Mumhain amach,
uait a tháinig Ruis Teamhrach.

Teach Teamhrach imatá an raith,
asa tardad dliged cách,
maireann fós míad dia samlaib
ag ríon ag rí-domhain.

Rí agus ollamh filed,
súi, brugaid, bertís dliged,
lepta ná loiscet lochit,
láraig ocus lón-chrochit.

Liaig is dálem, goba gúr,
reachtaire, randaire rún,
máil na cethra dóib uile
i tig ind rí barr-buí.

Rindaide, ráthbuige réil,
scíathaire, is fianaide féig,
i tig ríg noibdís corn,
ba hé a ndliged díles dorn.

Drúth, fidchellach, fuirseóir fáen,
cuislendach, clesamnach cláen,
colpa a cuit feóla iar fír,
in tan tigdís i tech ríg.

Rigthech cuit senmaire sáir,
cuisleóir is cerd immaroen;
cornaire, bonnaire ar bríg,
déde domeiltis midmír.

Muiridin do Mál Midi,
cairemain is cirmairi,
dliged don droing threbair thréin,
íchtar remur in tshlinnéin.

Dromanna dronna in cech threib
do drúithib, do doirseóirib;
uruscla ingen cen ach
iar n-indrum tige Teamhrach.

Colum Cille, 'chreid brait,
do bhris an cath ar Dhiarmaid;
ag dul dó tar muir amach
do ghéilleadar túir Teamhrach.

Creideamh Críost, a chéas i gcroí,
do chuir gach neart ar neamhní;
ar bhrón na ndaoine Dé ina thigh
níor thug tearmann do Theamhraigh.

Déardaoin, Iúil 10, 2008

M2008.07.05

An deichiú lá de mhí Iúil, tá an tír ar uathphíolóta go ceann 11 seachtain, agus seo in ainneoin na ndeacrachtaí eacnamaíochta.

Dé Céadaoin, Iúil 09, 2008

M2008.07.04

Mairg an nuacht ar maidin
ar bhás ceannaire i Laighin;
Connachtach de Shíol mBraonáin
fear ionraic i bhFianna Fáil.

Dé Máirt, Iúil 08, 2008

M2008.07.03

Aois Chríost dhá mhíle is a hocht, an ochtú lá de Mhí Iúil.
Thosaigh sé ag éirí ciúin an mhí seo san oifig (Oifig innealtóireachta i seirbhísí foirgníochta), ó thaobh obair de.
Níl an méid tionscadail nua ag teacht isteach agus a bhíodh.
Faoi láthair táim ag obair ar sean-tionscadail atá ar siúl .i. sean-tionscadail atá ar shuíomh cheana féin.
Beidh daoine á mbriseadh as a bpost san athbhliain mura n-athríonn cúrsaí.

An bád bán?

M2008.07.02

Tá na mílte méadar uisce á suiteáil timpeall Bleá Cliath/Duibhlinne an mhí seo, agus ní shílim go bhfuil a fhios ag daoine cad go baileach atá i ndán dóibh maidir leis seo. Má bhí a fhios níl aon amhras ach go mbeadh gearáin faoi.
Beidh sé orainn fanacht go dtí go bhfuil na billí ag teacht isteach sul a mbeidh gearáin fúthu, agus ansin beidh sé ródhéanach agus déarfaidh an rialtas - mar a dúirt siad leis na billí uisce sna scoileanna- go raibh iallach curtha orthu ón Eoraip é seo a chuir i bhfeidhm.

Dé Máirt, Iúil 01, 2008

M2008.07.01

Seo a leanas dán ó Laoiseach Mac an Bhaird. Bard ab ea Mac an Bhaird sa 16ú haois. Sa dán seo tá Laoiseach ag caitheamh tarcaisne ar na Gaeil a dhéanann aithris ar nósanna Gallda .i. ag bearradh a chuid gruaige, ag caitheamh spóir ar bhuataisí, ag caitheamh stocaí ar stíl na nGall agus an scarfá sróil síos go dtí a shála!

Rinne mé iarracht nua-Ghaeilge a chur ar an Shean-Ghaeilge (leagan bunaidh anseo), óir, feictear domsa nach bhfuil fonn ar lucht acadúil na hÉireann a leithéid a dhéanamh.
Tá na céadta bhliain d'fhilíocht léannta againn ach ní bhíonn an fhilíocht seo aistrithe go Nua-Ghaeilge ariamh. SeanGhaeilge díreach go Sacs-Bhéarla i gcónaí is ea an nós leo.
B'fhéidir toisc go dtuigeann siad an seanGhaeilge sa gcaoi chéanna is a thuigeann muide Nua-Ghaeilge nó an Caighdeán Oifigiúil.
I mo thuairim féin is locht mór é seo a chruthaíonn deighilt aisteach idir lucht na Gaeilge anallód, ár sinsir uasal, agus lucht na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Rud atá go hiomlán do-ghlactha.

Laoiseach Mac a'Bhaird cct.

A fhir 'ghlacann a ghalldacht,
'bhearrann an barr bachallacht,
seang-ghlac atá mé a rá
ní tú dea-mhac Donnchadha.

Ní thréigfeá, dá mba tú sin,
do ghruaig ar ghalldacht thacair
maisí is fearr faoi bhfí bhFódla
ní bhíodh do cheann corónta.

Ní modh leatsa an barr buí;
fuath leisean na locaí-
is bheith maol ar ghnás na nGall-
bhur mbéas araon ní hionann.

Fear nár ghrá an ghalldacht
Eoghan Bán, searc saor-bhantracht,
don ghalldacht ní thug a thoil,
an alltacht is ea a rogha.

Níl faic d'aigne d'Eoghan Bhán,
'bhéarfadh brístí ar bheagán,
fear nár iarr do chlóca ach ceirt,
léis nár mhian cóta is coisbhirt.

'Fuath leis ar chaol a cosaí
'mbíonn spor ar bhróig bhuataisí,
nó stocaí ar stíl na nGall;
locaí air ní bhfaighinn.

Ráipéar maol nach maródh cuil,
ní maisí le mac Donnchaidh
meáchan magúil thiar ar a thóin,
ag triall go tulaigh thionóil.

Beag a bhrí a mbrat órdhath,
ná a mbanna ard shollúnta
nó a bhfail óir fá ghafa ghoimh,
nó a scarfá sróil go sálaí.

Dúil i leaba chlúimh ní chuir,
annsa leis luí ar luachair;
teach garbh-shlat ná táille túir,
sáimhe le dea-mhac Dhonnchaidh.

Buíon mharcshlua ar bhruach bhearna,
troid gharbh, comhlann ceithirne,
cuid de mhianta mhic Donnchaidh,
‘s cath a chur ar eachtrannaigh.

Ní hionann is Eoghan Bán
gáire faoi chois ar chlochán
trua nach bhfeiceann bhur locht,
a fhir 'ghlacann an ghalldacht.


.............................


Tá an rann sa ndán mar a leanas:

v v v v v v á
v v v v v v á
v v v v eas v cht
v v v cas v v cht