Dé Luain, Nollaig 28, 2009

M2009.12.12

Bíonn coimhlint dhian idir na cainéil teilifíse Éireannacha ag Nollaig, chuile bhliain, faoi cé acu a mheallfaidh an lucht féachana is mó le linn na laethanta saoire.
Buann RTÉ an duais sin de ghnáth le seafóid éigin ar nós Killinaskully agus Eastenders, meallann TV3 cách le cac éigin eile óna mháthairchainéal thall sa mháthairthír. Na rudaí is maith leis an ghnáthÉireannach leadránach an dtuigeann tú.
Ar a laghad déanann TG4 iarracht mhór mhaith saothair dhúchasacha atá déanta in Éirinn a sholáthair dúinn i gcónaí. Ní raibh aon difríocht i mbliana buíochas le Dia.

Bhí cúpla buaicphointe ann, i mo thuairim.
Cur i gcás, bhí Diabhal ag an Damhsa ar siúl oíche Nollag. Clár faisnéise spéisiúil a bhí ann faoi eachtra nuair a mhaítear go raibh an Diabhal féin ag damhsa i Halla an Tuairín i Maigh Eo, i 1958. Chuala mé féin nuair a bhíos níos óige go raibh sé feicthe i halla an Phontúin, agus áiteanna eile. Is dóigh go raibh an fear dubh gnóthach le linn na 50daí agus 60daí mar uirlis chun rabhadh a thabhairt do ghirseacha óga maidir leis na contúirtí a bhaineann le caidreamh collaí!

Bhí clár iontach eile ar siúl aréir darbh ainm "Tachrán gan Todhchaí" nó "Children of the Deadend" mar a bhí air i dtreoirleabhar teilifíse RTÉ. Clár, nó sórt scannáin faisnéise is dóigh, atá ann a thugann léargas ar shaol agus saothair Patrick Magill as na Gleanntaí i dTír Chonaill.
Ba bheag eolais a bhí agamsa ar an bhfear roimhe caithfidh mé a rá, seachas go raibh a fhios agam go bhfuil scoil samhraidh ainmnithe ina dhiaidh.
Chaith sé saol spéisiúil go deimhin, agus scríobh sé rudaí spéisúla chomh maith. Déanann Stephen Rea páirt Mhic Ghiolla, agus déanann go paiteanta é mar is dual dó, agus i nGaeilg bhlasta freisin.
Níl aisteoireacht an McGill óig thar mholadh beirte leis an bhfírinne a rá, agus is léir nach bhfuil mórán Gaeilge aige ach an oiread, agus, ní shílim go raibh blas Thír Chonaill ó dhúchas aige. Níl ann ach rudaí suaracha ar ndóigh mar ní bhreathnaítear ar chlár mar seo le haghaidh na haisteoireachta amháin.
Molaim go mór breathnú air i gcartlann TG4.

Agus mura bhfuil fonn ort breathnú air sin, déarfainn go mbeadh fonn ort breathnú ar an gclár eile a chraolfar anocht darbh ainm Redlegs: Sclábhaithe Siúcra na hÉireann. Clár faisnéise, eile!, faoi na Gaeil a dhíbir Cromail chun Barbadós sa Mhuir Chairb chun obair mar sclábhaithe sna plandálacha siúcra thall.

Dé Domhnaigh, Nollaig 27, 2009

M2009.12.11

N'fheadar cén fáth sa Diabhal go mbeadh éinne ag súil le "Nollaig bhán". Níl ach crá croí ag baint le sioc agus sneachta in Éirinn. Cinnte bíonn cuma bhreá ar an dtírdhreach. Tá cuma ar na sléibhte is na páirceanna go bhfuilid in high defination.
Ach, leis an méid síor-reo agus síor-choscairt le déanaí phléasc na píopaí uisce, caithfidh muid dul go dtí an tobar reoite síos sna goirt anois le huisce a fháil chun cac na hoíche aréir a ghlanadh ón leithreas nó aon ní eile a dhéanamh.
Ag dul síos go dtí an tobar dom thosaigh spideog do mo leanúint an bealach ar fad, ní raibh faic agam le tabhairt dó, an créatúirín ocrach. Nuair a tháinig mé ar ais le bia dó ní raibh mé in ann é a aimsiú. Tá súil agam gur aimsigh sé an bruscar aráin a d'fhág mé i mo dhiaidh.
(síor-reo agus síor-choscairt le feiceáil go dtí an tobar)

Ghlan mé agus mo dheartháir muide féin sa bhfarraige inné nuair a bhí muid ag surfáil! Thóg strainséirí grianghraif dínn agus dúirt siad go raibh muid as ár meabhair. Ní mór aontú leo.
Tá na bóithríní timpeall na háite ina n-oighear-rinc ceart chomh maith. Contúirt nach beag atá ann don té le fonn cuartaíochta air.
Tá mo chailín agus a muintir sáinnithe ina dteach ó dheas i ngeall ar chontúirt na bóithre ina dtimpeall. Tá siúlóid fhada ar shioc agus oighear i ndán dóibh más mian leo bainne don tae a fháil. An t-ádh leo gur Nollaig atá ann agus an teach lán le bia.
Tá bainis mo sheanchara ar siúl Dé Céadaoin agus le níos mó sneachta agus seaca geallta dúinn le linn na seachtaine, idir -5 agus -7 céimC anocht! Beidh le feiceáil cad a tharlóidh.

"I'm dreaming of a white Christmas". Dheabhail!

Dé Máirt, Nollaig 22, 2009

M2009.12.10

(brú ar an íomhá)

Alt tráthúil ó Seán Ó Riain san IT ar maidin.
"Agus seo á scríobh tá suas le 30,000 duine i dtrioblóid lena gcuid morgáistí agus iad i mbaol a ndíshealbhaithe. Is ar na bancanna éadrócaireacha a thóg áit na dtiarnaí talún an locht. Soláthraíonn na cúirteanna na reithí batair. Tá eitleáin na n-eisimirceach éifeachtach is tapa.
Tá stair ghránna s'againn á hathdhéanamh.

Mura bhfuil na bainc féin agus na hiasachtóirí morgáistí ag feidhmiú mar thiarnaí talún sa lá atá inniu ann tá an gnáthÉireannach féin toilteanach amhlaidh a dhéanamh agus an ról sin a líonadh.
Má bhí fadhb ag an Éireannach le córas na dtiarnaí talún tráth, ní fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil fadhb dá laghad aige leis an gcóras sin anois.
Nach raibh brabús maith le saothrú as daoine óga le cíos ró-ard agus praghsanna níos airde ar tithe le linn Ré na Sainte, ar baisteadh "An Tíogar Ceilteach" air!
Cosúil le seadáin lofa ag fás i gcorp folláin rinneadh chuile iarracht an méid is mó a bhaint as teaghlaigh óga sa tír seo. Bhí níos mó ná 52% de chuile infheistíocht in Éirinn déanta ar réadmhaoine le cúpla bhliain anuas. Bhí timpeall is 30% de dhaoine ag ceannach tithe in Éirinn le cúpla bhliain anuas ina n-"infheisteoirí" .i. daoine (a bhíonn níos sine agus sábháilteacht a mbaile féin acu) ag infheistiú i réadmhaoine bunaithe ar an bprionsabal go mbeadh praghsanna ag ardú toisc go mbeadh baile ag teastáil ag teaghlaigh óga amach anseo.
Cosúil leis an dtiarna talún ón am atá caite táid ag feidhmiú mar seadán, ag sú fuinnimh as an gcorp.

Beidh fadhb mhór seo na ndíshealbhaithe ag éirí i bhfad Éireann níos measa i 2010.
Níl an fhadhb ach ina tús.
Tá cásanna ag teacht chun na hArd-Cúirte chuile lá anois maidir le daoine á ndíshealbhú as a dtithe, in ainneoin gealltanas bréagach gan onóir na mbanc go dtabharfaidís cosaint do dhaoine agus a mbailte. Feidhmeoidh na cúirteanna ar son na gcaipitlithe i gcónaí, fiú i mbéal na Nollag agus leanaí faoi mhíchumas i gceist.

Mar sin, cad é an difríocht idir na híomhánna thuas sa bhlagmhír ó "Dún Uí Allmhúráin" i Lios Bairrinn le linn díshealbhuithe Lúbán Díge i gContae an Chláir agus díshealbhuithe sa lá atá inniu ann?
Níl aon difríocht go sóisialta, ar chor ar bith.
Luíonn an difríocht le freagairt na ndaoine don bhagairt, agus freagairt an phobail leis.
Tá géarghá againn anois cíbe fearg atá ann (agus deirtear go bhfuil á lán ann!) a úsáid i gcosaint fhoréigneach amhail mar a ndearna na Gaeil sna pictiúir thuas le linn díshealbhuithe Lúbán Díge 1887, mar shampla.

Tá an ceart ag Ó Riain, bail ó Dhia air;
"Dá dtiocfadh na daoine atá i mbaol ó bhagairtí na mbancanna le chéile agus dá ndéarfaidís “má tá mo theach-sa ag teastáil uaibh, caithfidh sibh teacht agus mé a chaitheamh amach as”. Ansin ní bheadh dul as ag na bancanna ach fios a chur ar an sirriam agus ar na báillí. Thiocfaidís san ag an gnátham, go luath ar maidin. Tacaíocht acu ón Gharda Síochána, ar ndóigh. Bheadh pictiúir ghránna le feiscint ar an teilifís ar fud an domhain. Náireofaí na polaiteoirí, thuigfeadh siad cuid den bhfearg atá ar dhaoine. Bheadh orthu a gcéad dualgas a chomhlíonadh, sé sin, cúram ceart a dhéanamh de ghnáthmhuintir na tíre."
Lig do na bainc fios a chur ar na sirriamaí, lig dóibh teacht, lig dóibh fios a chur ar na "Gardaí Síochána" .i. Gardaí Shell.

Má tá baile teaghlaigh uathu ba chóir dóibh íoc as go daor lena bhfuil féin.

Ba chóir don phobal tacú leis na teaghlaigh atá i dtrioblóid, go díreach mar a tharla in Éirinn le linn chogadh na talún. Lig dúinn na híomhánna siúd a scaipeadh, timpeall an domhain, le taispeáint gurb é seo an rud a dhéanfaidh na bainc do na daoine céanna atá ag dul i mbannaí orthu.

Dé Luain, Nollaig 21, 2009

M2009.12.09

Bhí an t-ádh orm an sár-scannán "Dances with Wolves" a fheiceáil arís ag an deireadh seachtaine sula bhfaca mé an scannán nua ó James Cameron, Avatar.
Chuala mé, nó léigh mé, léirmheastóirí anseo is ansiúd ag déanamh comparáid idir an dá shaothar, agus thuig mé cad a bhí i gceist acu nuair a chonaic mé aréir é.

Cosúil le Dances with Wolves (DwW) tá an scannán seo ar fheabhas ar fad.
Ní féidir liomsa locht mór a fháil air. Seachas lena rá nach sroicheann Avatar na mothúcháin céanna is a bhain DwW amach, agus lena rá go bhfuil sé beagán áiféiseach go gceapfadh duine daonna go bhfuil coimhthíoch gorm atá 10 dtroigh in airde, go gceapfadh an duine go bhfuil an coimhthíoch sin tarraingteach go gnéasach!
Ach is cuma faoi sin óir seo an scannán is galánta agus is fearr a raibh sé de phléisiúir agamsa breathnú air le fada.
Tá sé 2 uair 40 nóiméad ina iomláine, sách fada, ach bheinn féin toilteanach agus go hiomlán sásta 2 uair eile a chaitheamh ag breathnú air.
Oibríonn an 3D thar cionn ar fad agus cuireann sé go mór leis. Molaim go mór an ceann seo a fheiceáil sa phictiúrlann. Tá cuma an-réadúil ar an mbeochan, agus fiú ag rá an focal beochan ansin is deacair a chreidiúint go bhfuil beochan i gceist leis an gcuid is mó den scannán.

Ar ndóigh ní thaitneoidh an scannán le chuile dhuine. Go háirithe ní thaitneoidh sé leo siúd a chreideann go ndearna George Bush jab maith sa teach bán, nó go ndéanfadh Sarah Palin jab níos fearr. Nó éinne a chreideann nach bhfuil i gcaint maidir le téamh domhanda ach caint san aer le hairgead a bhaint as tíortha móra an Iarthair agus caighdeán maireachtála amhlóirí an Iarthair a laghdú, nó a chreideann go raibh an ceart ag Blair faoin ionradh ar an Iaráic srl.
A leithéid ar gach taobh den Atlantach.
Tá teachtaireachtaí le haimsiú anseo faoi chogaí le haghaidh acmhainní nádúrtha, agus teachtaireachtaí faoin timpeallacht go forleathan an dtuigeann tú.
Agus ní thaitníonn teachtaireachtaí láidir mar sin i scannáin le daoine áirithe. Ar leibhéal pearsanta sílim gur thaitin an scannán seo níos mó liom toisc go bhfuil teachtaireachtaí ann chomh maith le siamsaíocht den chéad scoth. Cad is scéal ann gan teachtaireacht?

Chuir na scannánóirí an-bhrú orthu féin leis an gceann seo leis. Ní hamháin ag forbairt teicníochtaí scannánaíochta nua ach ag forbairt teanga nua do na Na'vi (sin na dúchasaigh ar an bpláinéad). Bhí an ceart acu é sin a dhéanamh mar gan an teanga nua seo ní bheadh an sórt réalachais atá ag teastáil le fáil i scannán atá go hiomlán neamhréalaíoch.
Tá cleacht le foghlaim arís ag scannánóirí ar an ábhar sin. Ábhar na teangeolaíochta i scannáin. Bhain Mel Gibson caighdeán ard amach i scannáin cosúil le Apocalypto agus Passion of the Christ ag baint úsáide as teangacha a labhraíodh sna tréimhsí ina bhfuil na scannáin lonnaithe chun an réalachas tábhachtach sin a chruthú. Rinne Kevin Costner amhlaidh le DwW ar ndóigh ag baint úsáide as teanga na Sioux. Oibríonn sé anseo do Avatar freisin.
An bhfuil sé ró-dhéanach don scannán nua sin faoi Bhriain Bóirmhe atá ar na bacáin?
Ó na haisfhreagraí a fuair mé ó léiritheoirí "Freedom Within the Heart" ní bheidh an Ghaeilge á húsáid ina scannán. Béarla a bheadh i mbéil na nGael!

Avatar; 9 as 10 (i mo thuairim)

M2009.12.08

Tháinig cuimhní ar ais chugam ar maidin ar an nuacht go mbeadh "Killing in the Name" le Rage against the Machine (Sleep Now In The Fire le feiceáil sa nasc sin) sa chéad áit sna cairteacha Nollag thall sa Bhreatain Mhór.
Cuimhní de mo thréimhse mar mhac léinn, ag deireadh dara leibhéil agus ag tosnú tríú leibhéil nuair a bhíos i m'ainrialaí sóisialach lán idéalachais!

Tosaíodh feachtas Facebook thall chun cíbe amhrán X-Factor a shárú sna cairteacha ceoil ionas nach mbeadh an t-amhrán sin sa chéad áit ag Nollaig. Agus creid é nó ná creid, bhuaigh siad leis an bhfeachtas!
Dhíol Joe McElderry bocht timpeall 450,000 cóip dá amhrán "The Climb" i gcomparáid leis an 500,000 íoslódáil déanta d'amhrán feargach RATM.

Sílim anois go bhfuil roinnt de na liricí beagáinín ró-pháistiúil dom. An t-am deireanach a chuala mé an t-amhrán sin i gceart déarfainn, más buan mo chuimhne, go rabhas thuas staighre i Fred Zeppelin's, na blianta ó shin, i gcathair Chorcaí ag mosháil le mo chairde.
Ach, caithfidh mé a rá, go mbainim sult as an amhrán fós. Bíodh sé páistiúil nó ná bíodh!


Is cinnte go bhfuil cumhacht nach beag ag an idirlíon maidir le rudaí dá leithéid. Go háirithe má smaoinítear siar ar an phobalbhreith don amhrán is fearr ar domhain a reáchtáil an BBC i 2002.

Déardaoin, Nollaig 17, 2009

M2009.12.07

Tá éadóchas orm faoi Éireannaigh. Níl a fhios agam cén áit le tosnú agus dá dtosóinn níl a fhios agam an bhféadfainn stopadh leis an racht!

NAMA ar dtús is dóigh. Chreid na hÉireannaigh, bhuel, chreid siad na bréaga á n-insint dóibh ó Airí lofa amhail Martin Mansearagh, Briain Lenihan, Briain Cowen, Willie O'Dea agus a leithéidí.
Mhothaigh Karl Whelan go raibh gá cúpla fíric a chur os comhair lucht léitheoireachta an IT. Ach ní chloisfidh nó ní léifidh an gnáthÉireannach na focail siúd. Níor chuala nó níor éist siad roimhe, beag an baol go ndéanfaidh siad amhlaidh anois.

Níl aon airgead saor in aisce le baint as an mBanc Ceannais Eorpach le NAMA, agus ní chinnteoidh NAMA iasachtú arís ó na bainc dócmhainneacha sa tír seo. Cinnteoidh NAMA go mbeidh fiach ollmhór agus caillteanais airgid de €30 billiún orainne agus ar na glúinte le teacht.

Is dóigh go raibh na hÉireannaigh lán-toilteanach glacadh le NAMA toisc go gcreideann siad an méid a bhfuil á rá leo ag polaiteoirí truaillithe agus iriseoirí laga sna meáin.
Cosúil leis an chaoi ar chreid siad na bréaga faoi Chonradh Liospóin agus poist nua nó feabhsú geilleagrach.
Nó an chaoi chéanna ar chreid siad nach raibh aon rogha eile ar fáil sa gcáinaisnéis ach ciorruithe troma leasa sóisialaigh a chuir i bhfeidhm ar na daoine is boichte agus is leochailí in Éirinn .i. daoine faoi mhíchumas, na daill, daoine dífhostaithe srl

Tháinig an nuacht amach inniu (pdf) go raibh fás OTI 0.3% sa cheathrú a d'imigh tharainn, ach tá seo ann mar gheall ar bhrabús na gcomhlachtaí móra ilnáisiúnta atá anseo toisc nach bhfuilid ag íoc mórán cánach de bharr ár ráta cánach corparáide. Ní rachaidh ach céatadán beag bídeach den bhrabús sin ar leas Éireannach, agus ní rachaidh sé ar leas an phobail go coitianta ar chor ar bith.
Chomh maith leis sin bhí titim suntasach de 1.4% san olltáirgeacht náisiúnta OTN arís!
Ní réitítear aon ní má chuireann muid an dallamullóg orainn féin i gcónaí.

Cad é faoi na hÉireannaigh? Ag croitheadh láimhe agus ag déanamh comhbhróin le fear a ciontaíodh as ionsaí gnéasach a dhéanamh ar bhean!

Maidir le hionsaithe gnéis, sagairt agus a leithéidí. Murach náire an Phápa féin ní bheadh aon Easpaig a bhí ról acu ag ceilt gníomhachtaí péidifileach san Eaglais Chaitliceach ag éirí as. Donal Murray sa chás seo, Easpaig a raibh lán tacaíocht aige ó Éireannaigh thíos i Luimneach. Éireannaigh nár léigh tuairisc Murphy gan amhras!

Agus má chreideann na hÉireannaigh go raibh airgead saor le theacht as an Eoraip de bharr NAMA chun ár mbainc a shábháil sílim go bhfuil sé níos náirí fós go bhfuil dream Éireannach a chreideann go bhfuil cumhacht saor le fáil óna meaisín síor-ghluaisne, fós. Creideann an dream seo go bhfuil céad-dlí na teirmidinimice sáraithe acu!
Braithim brón do na hinnealtóirí Éireannacha atá ar an bhfís sin ag maíomh go bhfuil an dlí sin briste! Braithim brón do na daoine (Éireannaigh an chuid is mó gan amhras) a chuir €8 milliún isteach sa chamscéim seo! Braithim brón do na hinnealtóirí Éireannacha a chreideann go bhfuil rud éigin aimsithe acu seachas mótar leictreach éadrom, lag agus moill ach atá an-éifeachtach!
In ainm Dé más saor-chumhacht atá ann ní bheadh aon ghá leis an gcadhnra.

M2009.12.06

Seod beag a bhaistfinn ar leabhar gearrscéalta nua le Orna Ní Choileáin darbh ainm Canary Wharf. Fuair mé de thimpiste é le haghaidh €5 i siopa athláimhe i lár chathair Dhubhlinne. Caithfidh mé a admháil go raibh drogall orm an leabhar seo a cheannach ar dtús, fiú agus €5 air, síos ó €15 toisc go raibh sé léite cheana.

Is dóigh go raibh drogall orm roimhe toisc roinnt de na léirmheasanna a léigh mé ina leith.
Bhí an iomarca cainte faoi "nua-aimseartha", "cool", "focail nua", "fóin phóca" "daoine óga" srl. Agus bhíos ag ceapadh go raibh sórt Sex in the City lag, as Gaeilge, a bheadh ann. Tháinig smaointí chugam faoi chúrsaí mná, caife le cairde, siopadóireacht, buachaillí agus a leithéidí. Dia idir mé agus mo €5, na Hills ó MTV a bhí ann, a bhíos ag ceapadh.
Ní foláir a admháil go luíonn an locht sin liomsa, agus liomsa amháin.
Thug mé mo bhreithiúnas ar an leabhar de bharr a chlúdaigh. Is cinnte go mbaineann na scéalta faoi shaol na cathrach sa lá atá inniu ann, ach bhí an bhreall ar fad orm faoi mo réamhthuairimí.

Thaitin cuid mhór de na scéalta liom, roinnt acu go mór. Ní raibh mé ró-thógtha le ceann nó dhó, ach bheifí ag súil leis sin i gcnuasach.
Tá cumas nach beag ag Ní Choileáin carachtair a chruthú agus scéal a thógáil go slachtmhar ina dtimpeall laistigh de chúpla leathanach. Bua atá ag teastáil ón ghearrscéalaí is dóigh, chomh maith le clisteacht agus cumas smaointeoireachta ar leith freisin. Tréithe atá le fáil sna 10 ngearrscéal sa leabhar.
Ceapaim go dtaispeánann an t-údar tuiscint iontach ar na hábhair atá faoi chaibidil aici, leis, bíodh sin trí thaithí pearsanta nó taighde cuimsitheach. Chabhraigh an méid sin na scéalta is na carachtair fhicsin seo a chreidiúint.

Tá na scéalta scríofa go soiléir agus i nGaeilge shaibhir, ach ní Máirtín Ó Cadhain saibhir, mar sin sílim go dtaitheodh an leabhar seo lena lán daoine um Nollaig.

Costasach go leor ag an ngnáthphraghas €15, ach sílim gur fiú é.

Dé Céadaoin, Nollaig 16, 2009

M2009.12.05


(Teachín mo mhuintir le linn na 1830daí le feiceáil thuas)

Táim ag baint an-tairbhe go deo le cúpla seachtain anuas as na sean-léarscáileanna a chuir Suirbhéireacht Ordanáis Éireann ar a suíomh idirlín le déanaí.
Is féidir léarscáileanna a bhreathnú ó 1824 ann. D'fhéadfaí comparáid idir na sean-léarscáileanna sin agus na grianghraif nua a dhéanamh. Is uafásach na hathruithe atá le feiceáil ó Éire Ghaelach go dtí Éire Inc. an lae inniu.
Tá an tír lán le coilm ghránna ó ré an Tíogair Cheiltigh .i. ré an bhréag-rachmais, agus beidh siad ann go dtí an chéad oighearaois eile.

Chomh maith leis sin tá suíomh maith ag an Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta le haghaidh séadchomharthaí i do cheantar.

Dé Máirt, Nollaig 15, 2009

M2009.12.04

Dúshlán Uí Chionga. Cuid a haon.

Níl photoshop agam. Mar sin níl an clár saor in aisce atá agamsa cumhachtach a dhóthain an téacs céanna a aimsiú nó an téacs a athrú srl.


Seanfhocal a haon:

Tá sceach i mo scornach .i. tá tor ar lasadh i mo scornach.
Nuair a bhíonn an tor ar lasadh i do scornach caithfidh chuile dhuine .i. Iosraeilítigh .i. do chairde, caithfidh siad éisteacht leat agus na rialacha á leagtar síos. Ní mór duit iad á dtreorú as an bpub ina bhfuil sibh.


Seanfhocal a dó:

Tá sceach i mo scornach .i. Caint raiméise .i. Táthar ag caint seafóide i ndiaidh an iomarca dí .i. ar deargmheisce.
Ní luíonn aon ní a deirtear le ciall má tá an sceach seo sa scornach.
Cailltear cumas teanga.
(Féach: "Tá Palin i mo Scornach" leis)

Ceann níos dáiríre! Más féidir dáiríre a thabhairt air?

Dé hAoine, Nollaig 11, 2009

M2009.12.03


Cad é faoi cúpla deoch a spreagann smaointí iontacha?
Ach. Nuair a thagaim abhaile tá na smaointí céanna imithe uaim.

N'fheadar an raibh sé déanta roimhe, ach déarfainn go mbeadh sé ina smaoineamh maith blagáil rialta a dhéanamh ón teach tábhairne, le linn na Nollag b'fhéidir?
Déarfainn go bhfoghlaimeoinn rud éigin nua fúm féin, nó bheadh ábhar dráma ann, nó úrscéil, nó dán díreach den chéad scoth fiú. Ós rud é gurb iad daoine na tuaithe, agus a scéalta greannmhar, an t-ábhar inspioráide is fearr ar domhan.

Ba bhreá liom 1% de na smaointí a bhíonn agam a chuimhneamh, nuair atá an deoch istigh. Dar fia, b'shin dialannaíocht réalaíoch.

Sílim go raibh Paul Glasach Gogarty ar m'intinn ar feadh píosa.


Is ea, vótáil muid isteach iad, tá siad tuillte againn.
"Unparliamentary" go deimhin. Ach pé rud a deireann an t-amadán tá an ceart aige faoi rud éigin, tá muide "screwed" mar tír.

Dé Luain, Nollaig 07, 2009

M2009.12.02

Tá sraith cláracha fíor-spéisiúil á chraoladh ar Discovery faoi láthair.
"Cérbh É Íosa?" an t-ainm atá air. Déanann sé iniúchadh ar chúinsí sa Tír Bheannaithe le linn ré Mhac Dé.
Cúinsí polaitíochta agus eacnamaíochta atá i gceist sa tsraith seo agus ní teagasc an Fear féin go díreach, fiú má tá A teagasc le fáil iontu.

Ba réabhlóidí sóisialach É a rugadh beo bocht taobh amuigh de phósadh (peaca mór do-ghlactha i súile na nGiúdach ag an am). Duine a mhaígh go raibh saol eile i ndán dúinn sna flaithis, go háirithe dóibh siúd a bhí thíos sa saol seo.
Teachtaireacht a thaitin go mór leis na bochtáin a lean É agus a choinnigh an teachtaireacht sin beo ina dhiaidh.
Bhí Sé, i measc daoine eile ag an am, ag seasamh suas in aghaidh na héagóra geilleagrach agus sóisialta a bhfaca siad.
Lean Íosa teachtaireacht Eoin Baiste a mhaígh nach raibh gá le teampaill chun Dia a adhradh.
Bhí gluaisteacht láidir ag an am ar siúl ón eaglais a bhí ag éirí níos saibhre, níos cumhachtaí agus níos scoite amach ón chos mhuintir.
Chaill Eoin Baiste a chloigeann mar gheall ar a sheanmóireacht taobh amuigh den eaglais bunaithe. Seanmóireacht a chleacht Íosa agus a chur Sé leis i ndiaidh d'Eoin Íosa a aithint mar Mhac Dé.

Feictear domsa go bhfuil an eagraíocht atá ann inniu a éilíonn gurbh eaglais Íosa atá ann, feictear dom nach mbeadh spéis, nó meas, dá laghad ag Íosa mac Dé inti ach an oiread.

Cumhacht agus maoin agus conas iad a chosaint is ea an chloch is mó ar phaidrín na heaglaise sin.
Dá mbeadh Íosa Féin ann inniu déarfainn go mbunódh sé eaglais nua ós rud é nach bhfuil mórán difríochta idir an Eaglais Chaitliceach sa lá atá inniu ann agus eaglais na nGiúdach mar a bhí le linn A ré.

Who was Jesus? ar Oíche Domhnaigh, ar Discovery.

Déardaoin, Nollaig 03, 2009

M2009.12.01

Bhí sé i gceist agam go mbeadh an t-alt thíos, a scríobh mé beagnach coicís ó shin, le léamh an tseachtain seo caite i Nuacht24. Ach! Ós rud é go bhfuil seachtain eile caillte againn cuirfidh mé suas anseo é.

"Divide et impera", a théann an sean-straitéis más mian le duine atá i gcumhacht an chumhacht sin a neartú agus a dhaingniú. Déanann sé cinnte nach bhfuil dreamanna éagsúla ar aon intinn le chéile faoi cad atá ar a leas, agus troidfidh na dreamanna siúd in aghaidh a chéile, rud a bheas ar leas an té atá i gcumhacht.
Ní raibh an cur chuige seo níos feiceálaí i measc mhuintir na hÉireann go dtí cúpla seachtain anuas. Tá oibrithe san earnáil phoiblí agus oibrithe san earnáil phríobháideach in adharc a chéile, sna meáin ach go háirithe, faoin cheist ar chóir d'oibrithe san earnáil phoiblí dul ar an stailc ar an Máirt seo caite, nó ar chóir dóibh ciorruithe páidh a ghlacadh díreach mar atá ag tarlú i réimsí áirithe na hearnála príobháidí.
Déarfainn go bhfuil an rialtas sna trithí gáire ag breathnú ar aighneas na gcarad seo, déanann sé cinnte go bhfuil ceap milleáin de shórt acu siúd san earnáil phríobháideach faoi cad atá ag titim amach dóibh, agus tugann sé an spreagadh don rialtas an easpa ceannaireachta is fearr leo a leanúint chun an fhadhb eacnamaíochta s'againne a réiteach.

Is é atá i gceist leis an easpa ceannaireachta ná an drogall atá ar an rialtas ceannaireacht a thaispeáint ón tosach, agus an t-athbhreithniú a rinneadh ar thuarastail ag na leibhéil is airde sa stát seirbhíseach a chur i bhfeidhm láithreach bonn. Bhí níos mó ná go leor ama ag an rialtas an cur chuige cothrom seo a ghlacadh agus iarracht a dhéanamh oibrithe na hearnála poiblí a mhealladh, go béasach, lena bplean tarrthála an gheilleagair a leanúint.
D'fhoilsigh an Gasra Athbhreithnithe ar Luach Saothair Níos Airde san Earnáil Phoiblí a tuarascáil go poiblí ag tús na míosa seo caite, agus bhí sé ar bhord an Aire Airgeadais ar feadh mí, ar a laghad, roimhe sin. Molann an tuarascáil sin ciorruithe de 15% ar phá Airí rialtais, breithiúna, comhairleoirí, comhairligh sláinte agus feidhmeannaigh san earnáil phoiblí le cinntiú go bhfuil na tuarastail is airde ag teacht i líne lena macasamhail san Eoraip.
Ní amháin nach bhfuil an 15% sin atá molta ard a dhóthain i ndáiríre do dhaoine atá ar thuarastail idir €150,000 agus €250,000 in aghaidh na bliana, ach tá sé ráite ag an Aire Airgeadais nach mbeadh sé toilteanach ciorruithe ard dian a chur i bhfeidhm ag na leibhéil is airde ar eagla nach bhféadfaí teacht ar na daoine is fearr agus is oilte na poist siúd a líonadh!
Leis sin deirtear dóibh siúd atá ar na tuarastail is ísle san earnáil phoiblí go gcaithfidh siad ciorruithe pá a ghlacadh sa gcáinaisnéis atá romhainn, níl aon iontas go raibh stailc náisiúnta ann mar sin.

Faraor is léir anois ón stailc Dé Máirt, agus an bagairt go mbeadh stailc náisiúnta eile ann, ar a laghad, roimh dheireadh na bliana, nach mbeadh an rialtas in ann oibrithe na hearnála poiblí a mhealladh leo faoi cad atá leagtha amach rompu a dhéanamh. Tá agus bhí ciorruithe pá san earnáil phoiblí dosheachanta i gcónaí, bíodh is go mbraitear go bhfuil cothrom na féinne á fháil nó ná bíodh. Mhaígh an tAire Airgeadais in Aibreán i mbliana go raibh sé ag beartú ceartuithe de chaiteachas caipitiúil na tíre de €1.5b do 2010 mar chuid den €4b atá sé i gceist acu a shábháil. Gan ghearradh siar ar líon na ndaoine fostaithe san earnáil phoiblí ní mór timpeall is €550 milliún, nó níos mó, de chiorruithe pá a chur i bhfeidhm.
Más rud é go bhfuil an gearradh siar dosheachanta caithfidh an rialtas agus na ceardchumainn cothromaíocht a aimsiú.

Gné eile den easpa ceannaireachta á thaispeáint ag an rialtas ná an drogall, arís, atá orthu moltaí ón gCoimisiún um Chánachas a chur i bhfeidhm. Baineann an chuid is faide den tuarascáil sin le níos mó ná 110 faoiseamh cánach atá ar fáil do lucht an rachmais in Éirinn. Dá gcuirfeadh an rialtas na moltaí ó chuid a 8 den tuarascáil i bhfeidhm agus fáil réidh leis na 110 faoiseamh cánach bheadh €800 milliún ar fáil go díreach don státchiste ón mbeart sin amháin. Agus tiocfaidh an méid seo go díreach ó na daoine is saibhre sa tír, ós iad an dream amháin a fhaigheann aon leas as aon fhaoiseamh cánach dá leithéidí.
Tá an grúpa Social Justice Ireland (SJI) ag moladh na bearta seo i mBuiséad 2010 mar an chéad chéim le teach isteach cánach na hÉireann a ardú, toisc go bhfuil ár dteacht isteach cánach ar cheann de na leibhéil is ísle ar domhan.
San Aontas Eorpach -maidir le teacht isteach don státchiste ó cháin mar chéatadán den OTI- tá an tír seo ar an leibhéal céanna is atá An Rómáin, An tSlóvaic, Laitvia, An Eastóin. Ar an iomlán thit ár dteacht isteach cánach ó 31.41% de OTI i 2007 go 27.41% de OTI i 2009, agus mínítear tír chánach íseal mar tír a bhfuil teach isteach ó cháin ag 34.9% de OTI.
Mar sin, níor chóir go mbeadh aon iontas orainn arís nach bhfuil sé d'acmhainn ag an státchiste seirbhísí poiblí a mhaoiniú gan iasachtú ollmhór.

Anois, faoi dheireadh thiar thall, tá an pobal ar aon intinn faoin mbealach chun tosaigh lenár bhfadhbanna maoinithe a réiteach, go háirithe nuair a thagann sin go dtí rogha idir chiorruithe ar leas sóisialach agus seirbhísí poiblí tábhachtacha. Bhí an méid seo go han-soiléir ón bpobalbhreith Red C is nuaí a foilsíodh sa Sunday Business Post ag an deireadh seachtaine seo caite inar mhaígh 76% díbh siúd a ceistíodh gur mhaith leo ardú i gcánacha a fheiceáil in áit ciorruithe i leas sóisialach, seirbhísí poiblí agus pá íosta sa gcáinaisnéis ag Nollaig.
Mhínigh an tAire Airgeadais in Aibreán go raibh sé i gceist ag an rialtas ceartuithe a dhéanamh de cháin a chinnteodh €1.7b do 2010, arís mar chuid den €4b atá sé i gceist acu a shábháil.

Go dtí seo dhiúltaigh an tAire Airgeadais go mbeadh aon ardú cánach ar shaibhreas, seachas ardú cánach dóibh siúd atá ar an bpá is ísle, ionas go mbeadh leathnú orthu siúd ag íoc cánach in Éirinn.
Mar a mhíníonn SJI: "Tá 16% de dhaonra na hÉireann ag maireachtáil i mbochtaineacht. Ciallaíonn sé sin go bhfuilid ag maireachtáil ar níos lú ná €12,000 d'aonarán nó níos lú ná €28,000 do theaghlach de cheathrar".
Is olc an mhaise d'aon rialtas a bheith ag moladh cáin sa bhreis ar a leithéid de streachailt, go háirithe nuair nach bhfuil gá leis chun an t-easnamh a shásamh.