Déardaoin, Meán Fómhair 18, 2008

M2008.09.03

Boladh ag baint le fómhar
cumha á chur os mo chomhair,
talamh fliuch fuar agus geal
is fada drúcht ina seal.

Níl tada fós ina bhláth
tinn is lag atá ár ngrá,
'Mhuire, a Íosa, a Rí
tabhair cúnamh dár ngrá gnaoi.

Níl cúnamh agamsa di
ach paidir, gol is crá croí,
i lámha Dé a hanam séimh
ná beir Leatsa ár stór caomh.

Déanfad síor-aithris ar sailm naofa is dánta chóir
dá bhfaighinn Uait suaimhneas beag dár ndea-stór
a Rí gan locht gan smál gan crá lán cumhachta mór
tá Do Lámh ag teastáil go géar anois sa bhfómhar.

Dé hAoine, Meán Fómhair 05, 2008

M2008.09.02

Tá mo rún amuigh, i measc mo chomhghleacaithe san oifig, tá a fhios acu anois go bhfuil an Ghaeilge agam.
Scríobh mé "go maire sibh bhur saol nua" ar chárta mór pósta dár gcomhghleacaí atá ag dul go Spáinn le haghaidh a phósadh an tseachtain seo chugainn.
Níl ach beirt eile san oifig ag dul thall. Chuaigh mé go dtí a stag, agus ba sin a dhóthain domsa.
Chuaigh muid go dtí an teach tábhairne áitiúil le haghaidh cúpla deoch agus chun an cárta a thabhairt dó inné.
D'fhág muid tar éis trí chinn déag acu.
Tacsaí abhaile.
Chaill mé €50 áit éigin.
Ar meisce.
Tuirseach.
Agus táim ag fulaingt anois, paranóideach.
Níor bhraith mé paranóideach ariamh tar éis ól go dtí le déanaí nuair a dúirt mo dheartháir liom go bhfulaingíonn sé uaibh.
Anois braithim paranóideach i gcónaí tar éis ól.
Bhí sé orm siúl go dtí an Luas ar maidin óir d'fhág mé mo charr san oifig.
Baisteach trom a bhí ann, agus bhris mo scáth fearthainne leis an ngaoth.
Bhíos báite.
Anois tá boladh aisteach orm, ar nós madra fliuch.

Dé Céadaoin, Meán Fómhair 03, 2008

M2008.09.01

Seanchas na Féinne le Niall Ó Domhnaill.

Níl a fhios agam an bhfuilid ag múineadh na scéalta faoi Fhionn mac Cumhaill agus na Fianna i mbunscoileanna na tíre fós, ach is cuimhin liom iad amhail is go raibh sé inné a d'fhoghlaim mé faoi Fhionn, an Bradán Feasa, Diarmuid agus Gráinne srl as leabhar staire dathannach agus mé i mo ghasúr.
Is cuimhin liom go cruinn an pictiúr d'Fhionn ag dó a ordóg ar an mbradán feasa agus an file bocht ina dhiaidh ar buile gur fuair sé an fios.
Agus d'fhan na scéalta siúd beo i m'aigne i gcónaí, ach i ndáiríre seachas an leabhairín sin is cúpla scéal faoi Fhionn i mo cheantar dúchais -faoi chloch áitiúil agus carn áitiúil- ní raibh scéalaíocht chruinn faoi na Fianna agus an Fhiannaíocht agamsa go dtí gur léigh mé Seanchas na Féinne, agus tá i bhfad níos mó do na scéalta siúd ná mar a cheap mé ar dtús.

Sa scéal, mar atá a fhios ag gach éinne, tá na scéalta faoi na Fianna á n-aithris ag Oisín mac Fhinn agus Caoilte mac Rónáin -a mhair i ndiaidh na Féinne- le Pádraig mac Calprainn .i. naomh Phádraig.
Agus dá mbeadh na scéalta iontacha seo fós i mbéal na nÉireannach sa lá atá inniu ann níl seans dá laghad ar domhan go ligfeadh éinne an scrios atá ag tarlú fé láthair i nGleann Gabhra i aice le Teamhair a dhul ar aghaidh.
Ní ligfeadh éinne an scrios atá ag tarlú do Chnoc Alúine (an áit inar chónaigh na Fianna fadó)- a dhul ar aghaidh ach an oiread.
Tá an stair agus an oidhreacht shaibhir seo a bhaineann leis na háiteanna seo ró-thábhachtach dúinn mar náisiún.

Seans nach dtaitneodh an leabhar seo le chuile dhuine sa lá atá inniu ann i ndáiríre, ach domhsa féin níl a shárú le fáil le haghaidh píosa léitheoireachta breátha seanchasa a thugann léargas spéisiúil dúinn ar Éirinn roimh gCríostaíocht.