Dé Céadaoin, Eanáir 05, 2011

M2011.01.02

N'fheadar mé cad atá an comhlacht Meteor atá iarraidh a rá le pobal na hÉireann ina fhógraí teilifíse nua.
Go drogallach cuirim suas anseo iad, ionas go bhféadfá féin do thuairim a dhéanamh fúthu:





De réir mar a fheicimse é, is iad na hÉireannaigh as Baile Átha Cliath, lena mblas D4 buirgéiseach, atá imithe ar imirce go Londain agus Nua Eabhrac, is iad na daoine is galánta.
Agus is iad na hÉireannaigh lena mblas Éireannach, atá ina gcónaí ina mbailte dúchais fós, is iad na daoine is leadránaí agus is amaidí iad. Is ceap magaidh iad atá cúl-aigeanta, leadránach etc etc.

Ón chéad lá a thosaigh an comhlacht seo ag cruthú fógraí don teilifís bhí an ghné aicmeach sin ar fáil iontu.
Bhí rud éigin fúthu a bhí déistineach dar liomsa, ach ní rabhas riamh in ann mear a leagadh air mar bíonn sé i bhfolach faoin "ghreann".

Déarfadh duine amhail Zizek, dá bhfeicfeadh sé a leithéid d'fhógra, déarfadh sé go raibh sé lán d'idé-eolaíocht, chultúrtha agus pholaitíochta.

4 comments:

Mise Áine said...

An greann nochtaithe agat féin anois, a Dhubhaltaigh...

Néidí said...

Ceapaim go bhfuil an bheirt sa chéad fógra in ainm is a bheith deirfiúracha

Dubhaltach said...

An gceapann tú!?

Cairde atá ann déarfainn, tá blas éagsúil acu beirt. An duine ar imirce i Nua Eabhrac, ag obair san oifig galánta, is duine as BÁC a 4 í.

Néidí said...

D'fhreastail deirfiúr amháin an ollscoil agus mar sin d'athraigh a canúint de réir. Níor fhreastail an dheirfiúr eile agus tá a chanúint ó dhúchais aici.
Ní thuigim an nós seo, ach tá sé ann. Ní thagann gach duine ó RTÉ, an státsheirbhís ó Droichead na Dothra. Ba mhaith leo teacht ón áit seo agus mar sin déanann siad iarracht an canúint a athrís,
Ní thuigim mé féin é ach déanann cuid is mó de na dhaoine ón tuaithe a oibríonn i mB.Á.C an cur i gcéill seo agus tá an fógra dóibh siúd.