Déardaoin, Eanáir 20, 2011

M2011.01.12

Thóg cara liom an grianghraf seo aréir.
Tá solas na gréine ag trasnú go díreach tríd an atmaisféar tanaí leochaileach sin, a choinníonn an t-anam ionann go léir, agus ag cruthú an dathú buí ar an ghealach agus é ag éirí i ndiaidh luí na gréine céanna. Is iad dearg, buí agus oráiste na dathanna leis na tonnfhaid is faide, mar sin is iad na dathanna amháin is féidir a fheiceáil i ndiaidh dóibh teacht tríd an atmaisféar.

8 comments:

Fearn said...

Gleoite.

Ní raibh an ghealach a bhfaca mé aréir amhlaidh ach geal mílítheach mar is cuimhin liom í

aonghus said...

Ana dheas

Cár glacadh é?

Dubhaltach said...

"Ní raibh an ghealach a bhfaca mé aréir amhlaidh ach geal mílítheach mar is cuimhin liom í"

Bhí sé éirithe faoin am sin, mar sin, agus ní raibh solas na gréine á bhualadh trí chlaonadh géar agus ní raibh tionchar rómhór ag an atmaisféar ar an dath dá bharr.

@ Aonghus

Tír Fhiachrach ;)

aonghus said...

Maith dom m'aineolas, ach cá'l sin?

É seo, ab ea? http://www.logainm.ie/169.aspx

aonghus said...

Sligeach is dócha, ní fhaca go raibh an dá cheann ann

http://www.logainm.ie/230.aspx

Fearn said...

"Bhí sé éirithe faoin am sin, mar sin, agus ní raibh solas na gréine á bhualadh trí chlaonadh géar agus ní raibh tionchar rómhór ag an atmaisféar ar an dath dá bharr."

Á! Tuigim anois. Tá an ceart agat. Bhí an ghealach ina suí le cúpla uair a chloig, i bhfad thuas ó íor an spéire sula ndeachaidh mé amach aréir

Dubhaltach said...

@ Aonghus:
Sin é é.

"gealach [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh]"
Maith dom m'aineolas!

Mise Áine said...

Grianghraf deas, gan dabht...:-)