Dé Céadaoin, Lúnasa 11, 2010

M2010.08.06

Níl aon éalú ó lucht Thatcherachais sna meáin in Éirinn na laethanta seo, an íde-eolaíocht seanchaite sin. Gaelscéal san áireamh!
Nó ní Gaelscéal le bheith beacht atá i gceist ach Conall Ó Móráin. Tá caighdeán agus meon an Sunday Indo fréamhaithe go láidir anois ar leathanaigh an nuachtáin nua buíochas leis.
Leis an fhírinne a rá cuireann a chuid tuairimíochta leadrán orm agus gach uair a léim an nuachtán le déanaí táim ag smaoineamh sa chaoi chéanna a raibh mé nuair a tháinig Foinse Nua amach (Níl an nuachtán sin léite agam le fada), is é sin, mothaíonn Foinse uaim, agus a cholúnaithe.
Sílim gur thug mise, ar bun pearsanta, deis mhaith do Gaelscéal é féin a chruthú ach bheinn den tuairim anois gur theip air, monuar.
Níl an cumas scríbhneoireachta ann mar a bhí i Foinse, ní spreagtar machnamh, ní chruthaítear tuiscint níos fearr. Ní shin le rá nach raibh locht le haimsiú i seanFoinse. Bhí.
Faraor, ag an bpointe seo bheadh an t-ádh le Gaelscéal lochtanna seanFhoinse a bheith aige!

Ar aon nós, ar ais go tapaidh chuig idé-eolaíocht, Thatcherachas/nua-liobrálachas, Uí Mhóráin. Níor theip ar an fhear seo cacamas leadránach éigin a fhoilsiú go seachtainiúil ó thosaigh an nuachtán.
Is dóigh go ndéanfar liom go bhfuilim beagáinín dian ar an fhear, ach ceapaim go bhfuil cúis mhaith thuillte leis an gcáineadh.
Is dócha gur fearr tosnú ar a alt na seachtaine seo le míniú amháin a thabhairt.

Bun agus barr a argóinte san alt is déanaí uaibh is ea tá tuarastal na n-oibrithe sa BSL ró-ard mar sin tá ár gcostas leictreachais ard. (sean-argóint na bPDanna atá ann!)
Tá réiteach ann dar leis, príobháidiú. Lig don mhargadh smacht a chur ar na hoibrithe agus is dóigh go bhfeicfear leictreachas níos ísle.

Faraor don léitheoir Gaelach a chaith a c(h)uid airgid diansaothraithe ar an tseafóid seo beidh tuiscint níos measa aige/aici ar cad atá ag dul ar aghaidh le costas leictreachas na tíre, agus bheidh a (h)aineolas ar an cheist méadaithe as cuimse chomh maith.
Timpeall 2000 bhí an costas leictreachais sa tír seo an-íseal ar fad i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip. Tuairim is 20% níos ísle ná an meán, a chuir sa tríú háit muid do leictreachas saor.
Ó shin i leith bhí méadú as cuimse ar an phraghas le haghaidh leictreachais!
Cén fáth? Conas?
Bhuel, ní mar gheall ar an BSL agus tuarastail a oibrithe a tharla sé, d'ísligh costais párolla BSL ó 22% chun 16% idir 2000 agus 2005, agus ní leagann BSL síos an praghas atá ar leictreachas ach an oiread.
Déanann an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh(CRF) é sin, níl sé de chumas ag an BSL an praghas seo a ísliú nó a ardú.

Mhéadaigh, agus méadaíonn, an CRF an praghas ar leictreachas chun comhlachtaí príobháideacha a mhealladh isteach sa mhargadh .i. má tá praghas ard ar leictreachas creideann lucht gaimbín go mbeidh brabús níos airde le saothrú acu as agus bheadh aisíoc níos tapúla ar an infheistíocht.
Mar sin is sórt fóirdheontais do chomhlachtaí an difríocht idir chostas giniúint an leictreachais agus an praghas a dhíoltar don chustaiméir.
I bhfocail eile níos soiléire, trína ghéag an CRF, tá an rialtas ag iarraidh go mbeidh "comórtas" ann, comórtas an tsaormhargaidh cruthaithe trí phraghas níos airde ar leictreachas chun spreagadh níos tarraingtí a thairiscint do chomhlachtaí nua.
Bun agus barr an scéil tá praghas níos airde againn le haghaidh leictreachais de bharr polasaithe Fhianna Fáil le 10 mbliain anuas!

Seans nach bhfuil an cumas ag Conall an méid seo a thuiscint, nó b'fhéidir nár mhaith leis, nó b'fhéidir go bhfuil sé dall buíochas lena idé-eolaíocht?
Cibé, is náireach an t-aineolas a thaispeánann sé an tseachtain seo arís, agus is lag an tuairimíocht a thugtar dúinn lucht léitheoireachta Gaelscéil.
Is fiú a chuimhneamh nuair a léitear seafóid mar sin nach bhfuil praghas ard againn ar leictreachas de bharr tuarastail na n-oibrithe a oibríonn go brabúsach díograiseach don BSL, ach de bharr polasaithe an rialtais ar mhian leo le fada droim na gceardchumann a bhriseadh.

Sin a dhóthain uaimse do bhlagmhír amháin, agus ní raibh seans agam rud éigin a rá faoina thuairimí gur rud maith eisimirce! (Cén dochar a déarfadh an gaimbín).....agus a thuairim go bhfuil an stát chun leas brabúsach a bhaint as NAMA!!!
IAC.

5 comments:

Unknown said...

Wow! Sár-obair agat aríst eile, a Dhubhaltaigh! Cúis mhór diomuá atá ann ar mo léamh domh cacamas nua-liobralchach sna meáin Ghaeilge.

Ritheann sé liom ó am go go ham go mb’fhéidir go dtig leo stuif mar sin a chur i gcló mar is eol do chách cé chomh lag is bhíodh tacaíocht Fhine Gael don Ghaeilge féin, go stairiúil. Don ghnáth-vótalaí is baolach go sílfeadh sé/sí gur caitheamh adhmaid gan ghoradh a bheadh ann dá gcaithfeadh sé a vóta le mionpháirtí.

Dubhaltach said...

Ní thuigim an ceangal idir ailt sa nuachtán Gaeilge agus easpa tacaíochta Fhine Gael don Ghaeilge?

Unknown said...

Bhuel, ar dtús, caithfidh mé a chur le fios gur Meiriceánach mise. Caithfidh go bhfuil a lán míthuiscint agam ar chúrsaí Éireannacha.

Ach tá a lán cairde agam in Éirinn, neart acu de bhunadh na Gaeltachta. Agus cé go bhfuil an iliomad tuairimí acu ar achan ghné an tsaoil, rith dhá rud liom a fheiscint:

1. Gurb iad Fianna Fáil an phairtí is mó (i gcomórtas leis na pairithe eile) i dtaca leis na Gaeltachtai, go stairiúil

2. Gurb iad na Gaeltachtaí na dailcheantracha is daingne do Fhianna Fail go stairiúil.

Só, is é an bá sin is cúis go mbeadh claonadh nua-liobrálachais le feiscint sna mheáin Ghaeilge, sílim.

Nílim cinnte go bhfuil aon thábhacht in Fine Gael féin. Ach, mura gceapann muintir na Gaeltachta go bhfaighfidís cothrom na Féinne astu, cad chuige nach rachaidís le Fianna Fáil? Leis an olcas is lú, mar a tchítear dóibh. Ni hiomaí duine a thuigeas an baol a bhaineas leis an nua-liobrálchas i gceart. Anseo i Meiriceá, ar a laghad.

Agus ar aon nós, níl sé soiléir domh go bhfuil difear mór ann idir Fhine Gael agus Fhianna Fáil ó thaobh an gheilleagair de.

Táthar ann a déarfadh nach bhfuil na Gaeltachaí chomh tábhachtach is a shílim. Agus b’fhéidir gur fíor dóibh. Cinnte go bhfuil ó thaobh a dtionchair sa Dáil. Ach, mar sin féin, in alt le Breandán Delap in Beo! Mhí Lunasa, léirítear do mo shásamh go bhfuil tionchar as cuimse ag na Gaeltachtaí do thodhcaí na Gaeilge féin.

Ba dheas an rud é má rachaidh triú pairtí i réim, pairtí a dtiocfadh leo freastal ceart a dhéanamh ar an Ghaeilge chomh maith leis an gheilleagar níos leithne. Ach is beag an baol go rachaidh, is doigh liom.

Maith domh an tsuim aisteach a bheith agam i gcúrsaí Eireannacha, ach is breá liom tuairimí éagsúla a fháil ar ábhair pholaitíochta agus gheilleagair. Tá flúirse difriochtaí ann idir Mheiriceá agus Éire, ach neart cósúlachtaí ann freisin. Bíonn muid uilig faoi ghlac an nua-liobrálachais.

Cuir mé ar chomhairle mo leasa. Glacaim gur duine lochtach atá ionam!

Dubhaltach said...

Níl míthuiscint agat ar chor ar bith, tuigim anois cad atá i gceist agat agus déarfainn go bhfuil roinnt mhaith den fhírinne i d'anailís.
Sin ráite n'fheadar an ndéanfadh sé difríocht dá mbeadh Fianna Gael nó Fianna Fáil níos Gaelaí ná a chéile. Tá an dá pháirtí go láidir ar an deis ó thaobh dearcadh eacnamaíochta de.

De ghnáth bíonn lucht na Gaeilge measartha sóisialach ina ndearcadh, feictear domh. Agus b'fhéidir go gceapann lucht Gaelscéal go bhfuil gá againn le dearcadh níos faide soir ar an speictream idé-eolaíochta! N'fheadar mé.
Ach tuigim nach bhfuil aon ghá den pholaitíocht chéanna thuirseach chaite agus tuairimíocht leisciúil. Tá ár sáith de anseo i nuachtáin an Bhéarla.

Unknown said...

Tuigim. Maidir liomsa féin, tagann díomá orm ar m’fheiceáil domh cé chomh millteanach deacair is atá sé chun daoine a chur ar an tuigse cheart anseo i Meiriceá.

Níl súil ar bith againn le tríú pairtí. Chonaic muidne an cac a bhí déanta nuair a scoilteadh vóta na heite clé sa toghchán 2000. Pionós géar a daoradh orainn.

Maidir le hObama, bhuel, cinnte nach bhfuil sé chomh daingean i dtaca na heite clé agus ba mhaith liom go mbeadh. Ach tuigim cé chomh dian atá na coimeádaigh ag brú air, agus ní bheadh sé ábalta i bhfad níos mó a dhéanamh dá bharr sin. An eol duit go bhfuiltear ann fós nach gcreideann gur saoránach Mheiriceá é ar chor ar bith? Fiú i ndiaidh dó a theastas beireatais a fhoilsiú ar an ghréasán! Tá súil agam nach bhfuil a macashamail de liúdramáin agaibhse in Éirinn!

Agus b’fhéidir go bhfuil cúis dóchais ann fosta: “Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin”. Chuir tusa féin tús maith leis ar na hanailísí breátha seo.

Aríst, go dtreise Dia do lámha!