Déardaoin, Lúnasa 12, 2010

M2010.08.08

(íomhá le céad ó Floating Sheep.org)
Tá na daoine uasal thall ar Chaoirigh ar Foluain buartha faoinár nósanna nua ólacháin!
Ní bhíonn aon trácht againn ar bheoir, nó ar Guinness nó fuisce.
Fíon agus fíon amháin atá ar intinn againn na laethanta seo dar leosan.

Is connoisseurí fíona muid go léir anois!
Níl an baol céanna sin ann dos na Gaeil ó Albain, is maith leo an uisce beatha fós.

5 comments:

Dennis King said...

De réir staraithe na Róimhe bhí an-dúil ag na Gallaigh i bhfíon. Ní raibh siad ina bhFrancaigh fós, tá's agat, mar sin ní raibh fíonghoirt agus fíonlanna acu fós. Fuair siad a gcuid fíona ó thrádálaithe Rómhánacha agus bhí siad sásta a lán lán airgid a chaitheamh air. Plus ça change, plus c'est la même chose?

Dubhaltach said...

Bheadh sé spéisúil le fáil amach dá ndéanfaí an cuardach leis na focail pórtar agus leann dubh, leann agus pionta (as Béarla) an mbeadh torthaí difriúla acu. Déarfainn go mbeadh.

Dubhaltach said...

Lasmuigh de na hAlbanaigh agus na Breatnaigh feictear dom gurb iad na daoine ó thír na nGallach atá ag ól fuisce thar aon dhream eile san Eoraip.

Unknown said...

Bhain na figiúirí sin geit asam. Luígh mise leis an lágar riamh. Ach, mar a durthas:

Beadaí beoir
Beadaí beoir
Nach ndeachaigh sé
Thar fóir?
Ar maos sa deoch
A bhí ár mboc
‘S chuir sé troid
Ar Dhónall Mór!

Beadaí fíon’
Beadaí fíon’
Niorbh luaite leis
Riamh bruíon
Ar chéad tuar dó
Ar racht nó (a)gó
Amach go réidh
Leis Nuala Mhín!

‘S é mo scéal
‘S é mo scéal
A thabharfas duit
Do leas
Má’s mian leat saol
Ar dóigh gan baol
Luígh tú coíche
Leis an fhíon!

Unknown said...

Thíos atá an iarracht dheireidh leis an dhiabhal sin a chur i gceart. Is soiléir go ndearna mé praiseach fhuilteach den amhrán sin ar an chéad dul síos. Rinne mé dearmad ar chúpla focal tábhachtach, agus bhí an ‘scansion’ ina chíor tuathail ar fad.

Luíonn an bhéim ar an fhocal deireidh chuile líne, seachas mar atá curtha in iúl le ceannlitreacha.

4 Beadaí le beoir
4 Beadaí le beoir
6 Nach ndeachaigh sé thar fóir?
4 Ar maos sa deoch
4 A bhí ár mboc
4 ‘S chuir sé TROID ar
4 Dhónal Ó Mórdh’!

4 Beadaí le fíon
4 Beadaí le fíon
6 Níorbh luaite leis riamh bruíon
4 Ar chéad tuar dó
4 Ar racht nó (a)gó
4‘Mach* go RÉIDH leis
4 Nuala Ní Bhraoin

4 ‘S é mo scial**
4 ‘S é mo scial**
6 A thabharfas duit do leas
4 Má’s mian leat saol
4 Ar dóigh gan bhaol
4 Luígh tú COÍche
4 Le lucht an fhíon’!

*”Amach”, ach cluintear domh mar ‘Mach
**”Scéal”, ach cluintear domh mar “Scial”