Dé Sathairn, Lúnasa 21, 2010

M2010.08.11

In aiste dá chuid san eagrán is déanaí den Bhratach Dhearg cáineann Aindrias Ó Cathasaigh an eite chlé in Éirinn toisc nach bhfuil mórán plé nó cainte uathu ag comóradh céad bliain leabhar Uí Chonghaile Labour in Irish History.
Ní shílim féin go bhfuil locht le cur ar an eite chlé in Éirinn gan níos mó airde á chur ar an leabhar, óir is minic a bhíonn sé pléite agus léite cheana, is cuma faoina chomóradh céad bliain.
Luíonn locht na heaspa plé le staraithe Éireannacha agus an pobal Éireannach go ginearálta.

Tháinig an leabhar amach i mí na Samhna 1910, agus mar a mhaíonn sé san aiste is éard atá ann ná an acmhainn liteartha is fearr do shóisialachas Éireannach go dtí seo.

Sa leabhar rinne an Conghaileach iarracht bunús stairiúla a thaispeáint chun a fhís pholaitíochta de Phoblacht na nOibrithe a chur chun cinn.
Bhí sé ag baint úsáide as teoiric Marx a deir gur chóir cúinsí staire a mheas de réir an chóras eacnamaíochta inar thit siad amach. Go bhfios dom seo an t-aon leabhar scríofa faoi stair na tíre a amharcann uirthi trí dhearcadh Marxach.
Mar shampla simplí; míníonn an Conghaileach an Gorta Mór mar iarmhairt dosheachanta de chaipitleachas féin:
England made the famine by a rigid application of the economic principles that lie at the base of capitalist society. No man who accepts capitalist society and the laws thereof can logically find fault with the statesmen of England for their acts in that awful period.
..all except a few men had elevated landlord property and capitalist political economy to a fetish to be worshipped, and upon the altar of that fetish Ireland perished. At the lowest computation 1,225,000 persons died of absolute hunger; all of these were sacrificed upon the altar of capitalist thought.
Toisc go n-amharcann an Conghaileach ar na cúinsí seo trí chur chuige Marxach is féidir leis an Chathasach (lena thuiscint ar Marxachas) a léirmheas agus chritic a dhéanamh ar an saothar.
Agus ní foláir dom a rá, is critic thábhachtach spéisiúil é.
Ceartaíonn sé go minic úsáid amscaí Uí Chonghaile d'anailís Marx ar ghnéithe áirithe sa leabhar. Agus cuireann sé ar ár súile dúinn, mar shampla, an maíomh stairiúil mícheart go raibh úinéireacht phobail de thailte na hÉireann againn go dtí an 1640daí.

Lasmuigh de bhotúin nó dhó ar nós an shampla luaite thuas maíonn sé gurb é an ghné is tábhachtaí faoin leabhar ná an chaoi a míníonn sé seasamh na n-aicmí sa tír i stair na hÉireann. Bhí níos mó eagla ar chaipitlithe Éireannacha roimh na daoine agus cad a d'fhéadfaidís a bhaint amach dóibh féin ná mar a bhí eagla orthu roimh impireacht na Breataine a thug cosaint éigin chaipitlíoch dóibh.

Mar a dúirt mé tá an aiste le léamh san eagrán is nuaí den Bhratach Dhearg. Níl ach €2 air agus tá níos mó ná an aiste sin amháin ann.
Agus toisc go gcuireann sé a thuilleadh lenár dtuiscint déarfainn gur fiú an chritic sin a léamh sula, nó i ndiaidh, a léitear leabhar Uí Chonghaile.

6 comments:

Fearn said...

Maith thú, a reachtair, tá lucht an tsóisialtachais gann na laetha seo.

Dubhaltach said...

Táid, ach cén fáth sin dar leat?

Fearn said...

Tóir an rachmais seachas tóir na córa

Dubhaltach said...

Más fíor sin, agus déarfainn go bhfuil an ceart agat, cén fáth nach bhfuil tóir na córa le feiceáil againn?
Anois go bhfuil sé soiléir nach bhfuil rachmas i ndán don gháthÉireannach!

Fearn said...

Creidenn daoine san "aisling" .i. aisling an rachmais .i. mair a chapaill agus gheobhaidh tú féar (airgad). Bí foighdeach . Ná ceistigh na toicí agus beidh tú orthu sar i bhfad.

Sin an saol, nó a saolsan

Data Cabling Lansing said...

Interesting post I enjoyed read this