Dé Domhnaigh, Lúnasa 22, 2010

M2010.08.12

Mura bhfuil tú ag cur ama amú ag breathnú ar an mbosca amadáin anocht mholfainn an leacht thíos ó Noam Chomsky sa Collège de France le déanaí.

Tugtar míniúchán ar an leacht mar chíoradh ar bhoilgeog 2008, daonlathas agus nua-liobrálachas/corparáideachas .i. an córas eacnamaíochta/airgeadais ó dhearcadh Meiriceánach.
Blasta!



Agus mura bhfuil do sháith agat i ndiaidh sin a léitheoir ocrach is féidir do chuid ama a mheilt ag foghlaim faoin naimhdeas bunúsach a mhaireann idir tusa féin agus an caipitlí a dhúshaothraíonn tú chun brabús a bhaint amach as do chuid oibre.



Gan amhras beidh roinnt saothar ort iad go léir a thuiscint go beacht go háirithe má tá focail nua á gcloisteáil agat don chéad uair. I ndáiríre le leachtanna mar seo bíonn gá a dhul ar ais agus iad a bhreathnú níos mó ná uair amháin, sa chaoi chéanna a théitear siar ar do chuid nótaí i gcoláiste chun rud éigin a fhoghlaim i gceart agus go cruinn.
Ach ar nós aon rud arbh fhiú a fhoghlaim bíonn saothar áirithe ag baint leis.

2 comments:

Unknown said...

An-suimiúil ar fad, an t-sraith míreanna a chur tú ar fáil le déanaí. Is dócha go bhfuilimid sa chac araon, idir Mheiriceá agus An Eoraip. Cultúr nach bhfuil srianta de dhílseacht ar bith air is é “Cultúr an Ghaimbíneachais”. Agus ós rud é go dtiocfadh leo bailiú leo go tír ar bith is mian leo chun a gcuid chánach cheart a sheachaint, tchítear nach mbeadh aon neart ann go cur le chéile, ar bunús idirnáisiúnta.

Ach, i mo thuairim fein, níl muintir Mheiriceá múscailte on tseachrán den “Laffer Curve” fós. Tuige, i 1965 d’íoc daoine nádúrtha i Meiriceá faoi dhá oiread níos mó cánach agus a d’íoc na corpráidí, mar chéadatán den olltairgeacht bhaile (“GDP?”), agus bhí ráta dífhostaíochta de 4.5% ann ansin. Ach inniu, tá daoine anseo ag íoc beagnach SÉ oiread níos mó cánach agus atá na corpráidi, nuair atá an ráta dífhostaíochta thar a bheith dúbailte. Bíonn bómáin na heite deise anseo ag iarraidh cáin ar chorpráidí a ísliú aríst eile.

Nuair atá leigheas ar bhaothantas aimsithe agaibh san Eoraip, cuirigí fios againne abhus i Meiriceá. Beidh sé de dhíth go géar.

Dubhaltach said...

N'fheadar an bhfuil sé feicthe agat cheana a Bhill X. Ach bhí alt iontach ar Bloomberg le déanaí faoi sheachaint cánach idirnáisiúnta a bhuíochas le hIreland Inc.

Tugtar an "Double Irish" ar an chleas áirithe seo go hidirnáisiúnta.

Is fiú é a léamh.