Dé Máirt, Lúnasa 03, 2010

M2010.08.02


Deireadh seachtaine eile caite agus níos mó beathaí caillte ar na bóithre leis. Cailleadh triúr go bhfios dom. Duine amháin ó dheas de bharr buaileadh agus teitheadh agus an bheirt eile gar do mo bhaile dúchais de bharr luais.
Tá aithne súl agam ar an bhuachaill a bhí ag tiomáint an chairr (féach thuas) a tháinig ón mbóthar ar Bhóthar na Cé lasmuigh de Bhéal an Átha.
Polannach óg a bhí sa tiománaí, a oibríonn i dtigh óil áitiúil. Níor cailleadh eisean ar ndóigh, feictear domsa gur annamh a chailltear an tiománaí a thiomáineann faoi luas! Caitheadh a aintín agus a chol ceathar amach as an charr nuair a tháinig sé ón bhóthar isteach i bpáirc.
Bóthar an-chontúirteach cnocach casta cúng atá i gceist, Bóthar Cois Fharraige atá air. Bóthar sciamhach idir Bhéal an Átha agus Inis Crabhann atá ann.
Bhí sé ag tiomáint chomh tapaidh sin nuair a bhuail sé cnocán chuaigh an carr isteach san aer, tríd an chlaí ar an taobh eile, agus glan isteach sa pháirc, ag casadh thart ar an imbhualadh.

Ag caint le daoine faoin timpiste is léir gur gealt de thiománaí a bhí faoi stiúir an chairr, dá mbeadh níos mó faisnéise ag teastáil uainn!
Bhíos ag labhairt le fear amháin a bhfuil "cáil" air mar dhuine a thiomáineann faoi luas -maíonn sé go dtaitníonn taisteal faoi luas leis- ach dúirt sé liom go bhfuair sé síob uaibh lá amháin ó Bhéal an Átha agus go raibh sé airsean impí air an carr a mhoilliú!

N'fheadar cad a bheas le rá ag na sochraidí sa Pholainn ach tá súil le Dia agam nach n-iarrtar ar dhaoine maithiúnas a thabhairt don tiománaí amhail mar a tharla in Inis Eoghain agus an ghealt eile sin Sean Kelly.
Níl maithiúnas nó comhbhrón tuillte aige.
Agus is ábhar díomá dom nach bhfuil cúis curtha ina leith ag na Gardaí. Mar sin is léir nach bhfuil an cladhaire, an mhaistín seo, nó na paisinéirí eile toilteanach a luas a admháil leis na Gardaí.

Ní chreidim ach an oiread go bhfuil aon leigheas ann ar fhadhb na leaideanna luais.

7 comments:

Néidí said...

Sean Kelly an rothaí cáiliúil??

Dubhaltach said...

Ní hea. An tiománaí a bhí ag tiomáint an carr a mharaigh ochtar ar Inis Eoghain le déanaí.

Mise Áine said...

@ 'fear amháin a bhfuil "cáil" air mar dhuine a thiomáineann faoi luas'

Sin an fhadhb, ar ndóigh, a Dhubhaltaigh. Tá a fhios ag chuile mac máthar cé hiad na tiománaithe gaga, agus tá a fhios ag na gardaí, freisin, ach tá an fhianaise do-aimsithe ó tharla nach bhfuil sí 'nithiúil' go leor le hiad a thabhairt chun cúirte agus stop a chur lena scrios, shílfeá.

Ach, an mbeadh daoine sásta glacadh le fianaise súl an gharda, abair, a fheiceann carr á thiomáint faoi luas, dá mbeadh dlí ann a cheadódh a leithéid mar 'fhianaise nithiúil' sna cúirteanna, ó tharla nach bhfuill an pobal sásta fianaise a thabhairt?

Dubhaltach said...

Is léir nach bhfuil oideachas ag oibriú sa chás seo. Idir fheachtais sábháilteachta le cúpla bliain anuas agus chláir scoile a mhúineann do dhaltaí conas carr a thiomáint go sábháilte.

Cheap mé go raibh fianaise shúl an gharda glactha mar fhianaise i gcúirt!?
Má fheiceann Gardaí bóithre duine ag taisteal faoi luas téann sé ar a thóir agus glaoitear isteach chun an stáisiúin. Úsáidfear an fhianaise seo in aghaidh an té a bhí ag tiomáint faoi luas sa chúirt.

Mise Áine said...

'Cheap mé go raibh fianaise shúl an gharda glactha mar fhianaise i gcúirt!?'

Níl a fhios agam, ach má tá, cén fáth nach bhfuil sé ag dul i ngleic leis an bhfadhb, meas tú? Chaithfeadh sé go bhfeiceann na gardaí na leaids sin, chomh minic agus a fheiceann an pobal iad, cheapfá.

Nó an é nach bhfuil na cúirteanna sách dian ar na leaideanna luais a thagann os a gcomhair?

Dubhaltach said...

"cén fáth nach bhfuil sé ag dul i ngleic leis an bhfadhb, meas tú?"

Táid, ach ní féidir leo a bheith ag breathnú ar gach cúinne den bhóthar ag gach nóiméad den lá, ergo bíonn maistíní luais i mbun maistíneachta.

D'fhéadfaí a mhaíomh nach bhfuil a dhóthain acmhainní ag na Gardaí a bheith ag leanúint na leaideanna seo chun iad a ghabháil i mbun gnímh. Fiú nuair atá aithne acu orthu mar thiománaithe contúirteacha.

Néidí said...

Ní fiú an dlí a chur ar an Seán Kelly sin. Beidh a shaol bunoscionn anois feasta.
Ach maidir leis na maistíní luais eile bíonn siad go hiondúil gaolta le duine mór le rá sa phobal nó tá tuistí saibhir acu(an fáth go bhfuil an carr gasta acu) agus fágann na gardaí iad mar atá