Dé hAoine, Lúnasa 06, 2010

M2010.08.05


Bogadh an roth mór ó Bhéal Feirste chun Baile Átha Cliath ar na mallaibh. In iarracht aithris a dhéanamh ar an London Eye is dócha, nó an "Wheel of Fortune" mar a bhaist muintir Londain uirthi!
Is cuimhin liom ag labhairt le duine áitiúil thall tráth agus é ag caint faoin roth mór. Bhí sé oibrithe amach aige cé mhéad airgead a bhí ag saothrú ag an roth le gach rothlú de; £30 an duine, 25 duine in aghaidh an chábáin, an méid ama a thógann sé le dul thart "ní stopann sé ariamh" etc etc.
Ní cuimhin liom an uimhir ar tháinig sé air ach bhain sé geit asam. Is dóigh gur chuala gaimbín éigin ó Éirinn an scéal céanna agus bhí an cinneadh déanta ar an toirt. "Tá meaisín airgid mar sin ag teastáil uainn láithreach"

Bhí muintir Bhéal Feirste ag fáil réidh lena roth mór agus fuair sé áit dheas cois Life/Dothra ar an Rinn (Roth Rathúnais na Rinne?).

Ag siúl thart inniu rith smaoineamh eile liom faoin roth mór sean-nua, nach bhfuil chomh mór sin. An fhadhb mhór a bhíonn acu thall le lánúineacha ag bualadh craicinn ar a roth rathúnais!
Bhí an méid sin bualadh craicinn ag dul ar aghaidh ar na turais phríobháideacha go mbíonn sé orthu chaperone a chur ar bhord leis na lánúineacha ar eagla go dtosóidís ag déanamh an bheithígh le dhá dhroim.
Tá na cábáin ar Roth Bhaile Átha Cliath róbheag le chaperone!
Fuair tú an rabhadh.

7 comments:

Mise Áine said...

Táthar ann, a Dhubhaltaigh, agus ní 'rabhadh' a fheicfidh siad sna focail sin uait ach, ahem,mealladh...

aonghus said...

Nó dúshlán!

ormondo said...

Cá bhfuil an áit ar an ngrianghraf arís?!...

Dubhaltach said...

@ Mise Áine agus Aonghus:
Mealladh agus dúshlán a bheas ann gan amhras, Roth Bhualadh Craicinn Tapaidh

@ Ormondo
Ag an Point, nó an O2 mar atá aithne air inniu, i mBaile Átha Cliath.

Unknown said...

Alt ar fheabhas ar fad. Ach b'fhéidir gur chóir comh sibh a chur ar chomhairle bhur leasa: Tá bóman a dhul thart ag cur amach bolscaireachta seafóidí amhail an ceann thíos, a bhfuair mé mar ríomhpost. Cad é an focal ar ‘astroturfing’ as Gaeilge? Ar aon nós, molaim go gcuirfidh sibh an caiteagóir ‘spam’ ar a chuidsean amaidí.

Dáta: 9 Lúnasa 2010
Chuig: Eoin Mac an t-saoir
As: Jon Swifte

Teachtaireacht:

‘S é do bheatha, a chara dílis. Tá súil againn go bhfuil tú go maith. Ach mura bhfuil, tuigtear dúinn. Leis an mhéid dífhostaíochta, an laghdú ar dhíolachán, ardú ar rataí cánach, agus mionrialacha maorlathasta sin uilig ag brú orainn go trom, is tearc an duine a bhfuil suaimhneas ar soip aige ar na saolta seo. Cá huair a ligfidh Deartháir Mór dúinn?!

Cé go holc is atá rudaí faoi láthair, áfach, tá faoiseamh ar fáil. Má chuirimid le chéile chun ruaig a chur orthu. Tuige, tá an freagra chomh soiléir gurb é Fear an Rialais an t-aon bhoc amháin atá dall air! CUIR CUMHACHT NA SAORMHARGADH AR NA FADHBANNA ÚD!

Tá na fadhbanna is deacra fíte fuaite le chéile sa dóigh is go gcuirfí dochar ar an cheann seo dá gcuifi biseach ar an cheann siúd—mar is gnách leis na huascáin gan mhaith atá sa rialtas . Caithfear dul i ngleic leo ar bunús comhordaithe, agus níl institúid níos fearr ann don ghnó sin ná lucht an ghnó.

Dá mbeadh sé de chead ag mórghnólachtaí árachais a chur polasaithe ar fáil do dhaoine dífhostaithe, polasaithe a n-íoctar lena dteaghlaigh mura bhfaighfidh siad jab i gceann achair áirithe, bheadh go maith agus ní bheadh go holc—ag hachan duine.

“Ach,” dearfadh amadán inteacht, “tá a mhacasamhail ar fáil cheana féin ón rialtas. Baintear cáin dó dár dtuarastail.” Ó, a mhaicín ó, nil ach leath an scéil inste duit! Mar ní hamháin gur réiteach don fhadhb dífhostaíochta atá againn, ach leigheas ar an ardchostas leighis féin! Ceartúchán ar choiriúlacht agus imréiteach ar an inimirce sa bhreis!

Má mhaireann, de thaisme, ár mbochtán atá clúdaithe faoin pholasaí i ndiaidh téarma áirithe tar éis go bhfuil sé íoctha amach, cuirfear gangstaer inimircigh sa tóir air! Sa t-slí sin, ní chaithfear níos mó airgid amú air, ní mhairfidh an bochtán go haois le costais leighis a charnú ar a chéile, agus beidh inimirce agus coiriúlacht faoi smacht d’aon turas! Má ríomhtar na táillí go cruinn (agus cén uair ar theip lucht an staidrimh orainn riamh?) beidh an easnamh poiblí curtha ar cheal faoi chean cúpla bliain!

Cúis mhór suaimhnis atá ann, nach bhfuil? Lig do lucht an ghnó fadhbanna sochaí a réiteach. Beidh achan rud i gceart. Ní gá duitse tada a dhéanamh ach do vóta a chaitheamh sa t-slí cheart. Nó, níos fearr fós, gan vóta a chaitheamh ar chor ar bith.

J.Swifte
Executive Vicepresident,
Public Relations
JSwifte@Swifteideas.com

Unknown said...

OOPTH! Maith domh an fhluirse botún! (e.g., Cé hé Eoin Mac an t-saoir? Postáil faoi dhó. Gramadach freisin).

Shíl mé go raibh mé ag bheith cliste, ach is soiléir nach raibh. Bhain mé sult chomh mór as an stuif ar an bhlag seo go ndeachaigh mé thar fóir. Cuir mo chuid seafóide ar cheal, má's é do thoil é.

Ach stuif ar fheabhas ar fad duitse, ar aon nós. Go dtreise Dia do lámha.

Dubhaltach said...

N'fheadar cad is "astroturfing" ann, ach tá fáilte romhat a BhillX agus do ríomhphoist :)