Dé hAoine, Lúnasa 06, 2010

M2010.08.04

Global Warming - the debate

Agus dóibh siúd nach bhfuil na freagraí acu, a bhfuil mearbhall orthu fós agus a bhfuil a lán ceisteanna acu -buíochas leis na meáin- tá "app" ar fáil ar do iPhone, agus anois ar an Android, leis.
Tá android agamsa, d'íoslódáil mé an feidhmchlár uair ó shin ó Skeptical Science agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé ar fheabhas.
Má tá guthán cliste agat seo feidhmchlár gur chóir go mbeadh air.

4 comments:

Fearn said...

Diospóireacht nó fógairt na gclaontaí?

Dubhaltach said...

Leis an fhírinne a rá tá an díospóireacht thart i measc na saineolaithe, fiú i measc na saineolaithe a bhí amhrasach táid ag aontú anois. Tá iontas orm go bhfuil 3% ag maíomh nach bhfuil sé ag tarlú agus nach bhfuil an cine daonna cionsiocair leis! Seans go bhfuil breall ar an Sasanach a chur an íomhá thuas le chéile faoin ghné sin de.
Pé scéal é, tá an díospóireacht thart, aontaítear go bhfuil sé ag tarlú agus go bhfuil C02 á chur isteach san atmaisféar ag ár ngníomhaíochtaí lasmuigh den ardú teochta.
Tá "an díospóireacht" ann fós de bharr, mar a mhaíonn tú, claonta dhaoine sna meáin agus a n-aineolas leis déarfainn.

Tá tionchar na dtionscal ola is guail le feiceáil ar na claonta seo.

Dubhaltach said...

Tionchar na dtionscal ola is guail trí thuairisciú cothrom atá i gceist agam ansin. Ní na hiriseoirí go díreach, chomh fada agus is eol dom!

Fearn said...

Tagaim leat, a Dhubhaltach.

Sa lá atá inniu ann, is beag duine atá "neamhspléach" ó thaobh tuairimí. Faigheann daoine tuarastal, nó maoiniú, nó urraíocht, nó fostaíocht, nó preoicisí, nó "breabanna" eile le teann a chur le taobh agus beag is fiú a dhéanamh den taobh eile.

Is dual gach scéal a mheá!


Níl easpa airgid ag an tionscal ola is guail!