Dé Sathairn, Lúnasa 28, 2010

M2010.08.13

Ar an lá seo in 1963 thug Máirtín Liútair Óg Ó Cionga a óráid mhór chlúiteach "Tá brionglóid agam" le linn mórshiúil ar son cearta sibhialta agus an ceart le hobair.
Is iomaí uair ó shin a bhaintear úsáid as roinnt des na focail chun spiorad agus fuinneamh éigin na gluaiseachta sin a athghabháil ar ais arís.
Mar atá a fhios againn go maith bhí sé mar sprioc aige cothromaíocht pholaitíochta a bhaint amach don fhear gorm sna stáit. Agus is chuige sin a bhí sé nuair a thug sé an óráid mór le rá.

Ach sna blianta i ndiaidh sin, agus de réir a chéile mar is dual do mhachnamh, rith sé leis nach mbeadh sé maith a dhóthain cothromaíocht pholaitíochta amháin a bhaint amach dá mhuintir!
Cad is fiú an chothromaíocht sin ar a aonar nuair atá neamhionannas eacnamaíochta is sóisialta lonnaithe go daingean dobhogtha dochloíte i gcroílár an chórais eacnamaíochta?

D'fhorbair sé smaointí ar an ábhar de choimhlint aicme sna blianta beaga roimh a dhúnmharú i '68.
I 1966, in óráid a thug sé i dtacaíocht do bhailitheoirí bruscar a bhí ar stailc mhaígh sé "nach féidir réiteach a fháil ar fhadhbanna eacnamaíochta an fhir ghoirm gan plé a dhéanamh faoi na billiúin dollar". Bhí saghas áirithe drogall air é a admháil ach lean sé leis: "tá muid ag snámh in uisce contúirteach, óir is éard atá á rá agam ná tá rud éigin cearr....le caipitleachas."

Is annamh a chloistear daoine ag caint faoina óráid chlúiteach "Tá rud éigin cearr, le caipitleachas"! Cén fáth sin?

Nílim ag maíomh gur sóisialach amach is amach a bhí ann ag an am ach an oiread.
8 mbliana roimhe bhí sé go láidir in aghaidh cumannachais de bharr a easpa measa ar chreideamh, agus b'fhéidir de bharr a aicme bhuirgéiseach féin.
Ach spreag cumannachas saolta é an córas agus an idé-eolaíocht ina mhair sé a cheistiú agus smaointí a fhorbairt ina leith.
Mar shampla san óráid chéanna luaite thuas, in '66, dúirt sé: "Caithfear dáileadh saibhris níos fearr a bheith ann, agus ba chóir do Mheiriceá bogadh i dtreo daonlathas sóisialach".

Dhá bhliain níos déanaí ina dhiaidh sin 1968, i mbliain a bháis, dúirt sé in óráid eile gur chóir go mbeadh "athdháileadh radacach de chumhacht eacnamaíochta" ann.
Ní bheadh an Conghaileach nó an Lorcánach in ann é a rá níos fearr, agus is léir cén treo a raibh sé ag dul ina chuid smaointeoireachta ar an cheist!

Cén brionglóid a bheadh aige inniu?

2 comments:

Mise Áine said...

@ 'an idé-eolaíocht ina mhair sé a cheistiú agus smaointí a fhorbairt ina leith.'

Is dóigh liom gur mar sin thuas a bheadh an scéal leis, dá mbeadh sé fós beo, a Dhubhaltaigh.

Blogger+ said...

Tá mo chuid geasa deartha chun cabhrú leat do chás a athrú le do pháirtí. Stop Colscaradh, Deisigh Pósadh, Beir Ar ais Caillte Grá Caillte, geasa Ceangailteacha, Ráta ratha 100%. eolas teagmhála: templeofanswer@hotmail.co.uk / +2348155 425481