Déardaoin, Lúnasa 19, 2010

M2010.08.10



Chuir National Geographic an grianghraf iontach thuas -ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa- suas ar a shuíomh idirlín inné (tá íomhá ardtaifigh ar fáil ar nasc GSE).

Ar dtús cheap mé go raibh sé photoshopáilte nó Gimpáilte. Níl sé.

Planctón faoi bhlás amach ón chósta atá ann. Tógadh le linn Mí Bhealtaine i mbliana agus eisíodh é cúpla lá ó shin.
Nach maith le feiceáil go leor beathú ar fáil don liamhán gréine ar aon chaoi.

5 comments:

Dennis King said...

Iontach! GRMA as é seo a roinnt linn.

(dearmad cló: faoi bhláth)

Dubhaltach said...

An dearmad cló é? ;)

Dennis King said...

Mo dhearmad! Tar éis dom an nóta sin a scríobh, chuimhnigh mé go bhfuil blás (ó bhláthas?) ann freisin. Ach ní dóigh liom gur chuala "faoi bhlás" riamh.

Mise Áine said...

@ 'faoi bhlás'

Is maith liom é!

Tá na híomhánna sin iontach ar fad, a Dhubhaltaigh.

Fearn said...

GRMA as an ghrianghraf.

Sin mise, an darna duine ar chlé ag ithe uachtar reoite agus ag crothadh láimhe!!!