tag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post3826080454738127089..comments2023-12-22T08:47:27.033+00:00Comments on Cín Lae Sclábhaí Pá: M2010.08.06Dubhaltachhttp://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comBlogger5125tag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-33881976586332834152010-08-12T20:28:07.371+01:002010-08-12T20:28:07.371+01:00Tuigim. Maidir liomsa féin, tagann díomá orm ar m...Tuigim. Maidir liomsa féin, tagann díomá orm ar m’fheiceáil domh cé chomh millteanach deacair is atá sé chun daoine a chur ar an tuigse cheart anseo i Meiriceá.

Níl súil ar bith againn le tríú pairtí. Chonaic muidne an cac a bhí déanta nuair a scoilteadh vóta na heite clé sa toghchán 2000. Pionós géar a daoradh orainn.

Maidir le hObama, bhuel, cinnte nach bhfuil sé chomh daingean i dtaca na heite clé agus ba mhaith liom go mbeadh. Ach tuigim cé chomh dian atá na coimeádaigh ag brú air, agus ní bheadh sé ábalta i bhfad níos mó a dhéanamh dá bharr sin. An eol duit go bhfuiltear ann fós nach gcreideann gur saoránach Mheiriceá é ar chor ar bith? Fiú i ndiaidh dó a theastas beireatais a fhoilsiú ar an ghréasán! Tá súil agam nach bhfuil a macashamail de liúdramáin agaibhse in Éirinn!

Agus b’fhéidir go bhfuil cúis dóchais ann fosta: “Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin”. Chuir tusa féin tús maith leis ar na hanailísí breátha seo.

Aríst, go dtreise Dia do lámha!Unknownhttps://www.blogger.com/profile/02904204478464456573noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-51219569503272867082010-08-12T19:44:38.088+01:002010-08-12T19:44:38.088+01:00Níl míthuiscint agat ar chor ar bith, tuigim anois...Níl míthuiscint agat ar chor ar bith, tuigim anois cad atá i gceist agat agus déarfainn go bhfuil roinnt mhaith den fhírinne i d'anailís.
Sin ráite n'fheadar an ndéanfadh sé difríocht dá mbeadh Fianna Gael nó Fianna Fáil níos Gaelaí ná a chéile. Tá an dá pháirtí go láidir ar an deis ó thaobh dearcadh eacnamaíochta de.

De ghnáth bíonn lucht na Gaeilge measartha sóisialach ina ndearcadh, feictear domh. Agus b'fhéidir go gceapann lucht Gaelscéal go bhfuil gá againn le dearcadh níos faide soir ar an speictream idé-eolaíochta! N'fheadar mé.
Ach tuigim nach bhfuil aon ghá den pholaitíocht chéanna thuirseach chaite agus tuairimíocht leisciúil. Tá ár sáith de anseo i nuachtáin an Bhéarla.Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-12641612645535492942010-08-12T18:46:27.118+01:002010-08-12T18:46:27.118+01:00Bhuel, ar dtús, caithfidh mé a chur le fios gur Me...Bhuel, ar dtús, caithfidh mé a chur le fios gur Meiriceánach mise. Caithfidh go bhfuil a lán míthuiscint agam ar chúrsaí Éireannacha.

Ach tá a lán cairde agam in Éirinn, neart acu de bhunadh na Gaeltachta. Agus cé go bhfuil an iliomad tuairimí acu ar achan ghné an tsaoil, rith dhá rud liom a fheiscint:

1. Gurb iad Fianna Fáil an phairtí is mó (i gcomórtas leis na pairithe eile) i dtaca leis na Gaeltachtai, go stairiúil

2. Gurb iad na Gaeltachtaí na dailcheantracha is daingne do Fhianna Fail go stairiúil.

Só, is é an bá sin is cúis go mbeadh claonadh nua-liobrálachais le feiscint sna mheáin Ghaeilge, sílim.

Nílim cinnte go bhfuil aon thábhacht in Fine Gael féin. Ach, mura gceapann muintir na Gaeltachta go bhfaighfidís cothrom na Féinne astu, cad chuige nach rachaidís le Fianna Fáil? Leis an olcas is lú, mar a tchítear dóibh. Ni hiomaí duine a thuigeas an baol a bhaineas leis an nua-liobrálchas i gceart. Anseo i Meiriceá, ar a laghad.

Agus ar aon nós, níl sé soiléir domh go bhfuil difear mór ann idir Fhine Gael agus Fhianna Fáil ó thaobh an gheilleagair de.

Táthar ann a déarfadh nach bhfuil na Gaeltachaí chomh tábhachtach is a shílim. Agus b’fhéidir gur fíor dóibh. Cinnte go bhfuil ó thaobh a dtionchair sa Dáil. Ach, mar sin féin, in alt le Breandán Delap in Beo! Mhí Lunasa, léirítear do mo shásamh go bhfuil tionchar as cuimse ag na Gaeltachtaí do thodhcaí na Gaeilge féin.

Ba dheas an rud é má rachaidh triú pairtí i réim, pairtí a dtiocfadh leo freastal ceart a dhéanamh ar an Ghaeilge chomh maith leis an gheilleagar níos leithne. Ach is beag an baol go rachaidh, is doigh liom.

Maith domh an tsuim aisteach a bheith agam i gcúrsaí Eireannacha, ach is breá liom tuairimí éagsúla a fháil ar ábhair pholaitíochta agus gheilleagair. Tá flúirse difriochtaí ann idir Mheiriceá agus Éire, ach neart cósúlachtaí ann freisin. Bíonn muid uilig faoi ghlac an nua-liobrálachais.

Cuir mé ar chomhairle mo leasa. Glacaim gur duine lochtach atá ionam!Unknownhttps://www.blogger.com/profile/02904204478464456573noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-48053702820490237412010-08-12T16:31:24.130+01:002010-08-12T16:31:24.130+01:00Ní thuigim an ceangal idir ailt sa nuachtán Gaeilg...Ní thuigim an ceangal idir ailt sa nuachtán Gaeilge agus easpa tacaíochta Fhine Gael don Ghaeilge?Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-72932951802032049142010-08-11T22:06:46.016+01:002010-08-11T22:06:46.016+01:00Wow! Sár-obair agat aríst eile, a Dhubhaltaigh! ...Wow! Sár-obair agat aríst eile, a Dhubhaltaigh! Cúis mhór diomuá atá ann ar mo léamh domh cacamas nua-liobralchach sna meáin Ghaeilge.

Ritheann sé liom ó am go go ham go mb’fhéidir go dtig leo stuif mar sin a chur i gcló mar is eol do chách cé chomh lag is bhíodh tacaíocht Fhine Gael don Ghaeilge féin, go stairiúil. Don ghnáth-vótalaí is baolach go sílfeadh sé/sí gur caitheamh adhmaid gan ghoradh a bheadh ann dá gcaithfeadh sé a vóta le mionpháirtí.Unknownhttps://www.blogger.com/profile/02904204478464456573noreply@blogger.com