Déardaoin, Bealtaine 20, 2010

M2010.05.11

Cúis an-díomá dom deireadh le Nuacht24 clóite!
Céim siar eile atá ann do lucht na Gaeilge mar gurb é Nuacht24 an t-aon nuachtán fíor-neamhspleách ó chuing an mhaoinithe, agus as sin cuing an rialtais agus a ghéaga fada maorlathais.
Scríobh mé féin don nuachtán ó Mhárta 2009 go dtí tús na bliana seo. Bhí dua orm ailt a scríobh chuile sheachtain ach bhainis an-sult agus tairbhe as ag an am céanna.
Tá áthas orm go raibh páirt beag le himirt agam i saol na Gaeilge, go háirithe agus é in ísle brí de bharr bás sean-Foinse agus Lá Nua.
Gan amhras ar bith leanfaidh Eoghan agus an chuid eile den fhoireann ar aghaidh leis an ndíograis chéanna lena sár-shuíomh nuachta. Guím gach rath orthu.

Is minic a bhí ailt i Nuacht24 a thug dúshlán na Bunaíochta buíochas leis an neamhspleáchas seo a bhí acu. Dúshlán nach bhfeicim á thabhairt ag aon fhoilseachán Gaeilge eile sa tír faoi láthair, seachas Feasta b'fhéidir.
Thug Lá/Lá Nua dúshlán an rialtais ar go leor ceisteanna, agus bhí ailt mhaith rialta ann ó mhéara Chathal Mhic Coille i sean-Foinse.

Mar sin is le croí trom a osclaím Gaelscéal na laethanta seo. Níl an faobhar sin a bhí le fáil i Nuacht24/Foinse/Lá Nua le brath sa nuachtán nua.
Is rud aisteach é mar tá, nó bhíodh, ríomh-aithne agam ar an eagarthóir (Gael gan Náire) agus ba dhuine réabhlóideach é. Dalta díograiseach Mháirtín Uí Chadhain is an Phiarsaigh ab ea é.

Ach tá colúnaí amháin i nGaelscéal a bhaineann osna asam gach seachtain anois. Sin Conall Ó Móráin. Feictear domsa go mbíonn ar a laghad abairt amháin ina alt a bhaineann an osna sin asam. Osna diomúch, an cineál osna a ligtear nuair a bhraitear gur cuireadh airgead nó am amú!
Dhá shampla go tapaidh:

1) Ón eagrán ar an 14ú den mhí seo tá an abairt seo a leanas ann: "Lean Cooper lena argóint go raibh muid ag tabhairt airgead in aisce do na forbróirí (rud nach fíor)... Léirigh McCarthy nár tugadh airgead dos na forbróirí"

Gan a bheith ag tochailt suas argóint Cooper caithfidh mé a rá nach dúirt sé go raibh airgead á thabhairt do na forbróirí. Dúirt sé go raibh muid ag teacht i bhfóirithint orthu. Rud atá fíor. Níl aon ghá airgead a thabhairt dóibh go díreach chun é sin a chinntiú.
Míníonn plean gnó NAMA nach mbeidh an rialtas seo ag lorg pingin run ó aon fhorbróir go dtí 2013 ar a laghad (agus níos faide anonn mura dtagann an bhoilgeog thithíochta ar ais!).
Tá Fianna Fáil ag rá go bhfuil maoin na bhforbróirí móra slán chomh fada agus atáid i gcumhacht. Tá caillteanais na bhforbróirí orainne anois agus ar ár dteaghlaigh. Ní ar theaghlach an fhorbróra. Beidh an t-airgead a ghoidfear uainn i gcomhair NAMA á thabhairt do na forbróirí céanna chun críoch a chur ar a bhforbairtí .i. beidh na forbróirí ag fanacht in obair buíochas le hairgead an phobail go dtí an lá go mbeidh brabús saothraithe acu as pobal na hÉireann.
Agus ná creid focal ón Aire go mbeidh siad ag dul ar thóir airgid uathu!
(Fágfaidh mé sin do lá eile é.)

(Agus más buan mo chuimhne bhí Conall i measc lucht "Níl Aon Rogha Eile Againn" ó thaobh NAMA de!)

2) Ón eagrán ar an 7ú den mhí seo tá an abairt seo a leanas ann: "Ní maith leis na Gearmánaigh na Gréagaigh ach an oiread mar go bhfuil sé dlíthiúil sa Ghréig éirí as obair nuair a shroichtear 53 bliain d'aois"

Seo an sórt cacamais atá ag dul thart sna meáin agus ar an idirlíon, ach is bréag iomlán é. Is bréag é i gcomhthéacs ar bhain Ó Móráin úsáid as.
D'fhéadfadh duine atá ag obair i bpost stáit dainséarach éirí as ag 55, le céatadán beag dá phinsean. Ach ní dhéantar é go rialta mar ní féidir le héinne éirí as obair le céatadán dá phinsean.
Níl ann ach aimhrialtacht sa dlí nach mbaintear mórán úsáide as.
Féach ar staitisticí Eurostat féin faoin aois a éiríonn oibrithe na Gréige as obair. Timpeall 61.4 ar an meán.
Tá sé 62 sa Ríocht Aontaithe. 59 sa Fhrainc, agus 61.7 sa Ghearmáin (an tír sin ina maíonn mo dhuine go bhfuil gráin ag na hoibrithe do oibrithe na Gréige!)
A oibrithe na hEorpa ná cuirigí le chéile, luíonn locht na mbanc Gearmánacha is Francacha oraibh. Sin an teachtaireacht atá sé á scaipeadh.
Dá gcuirfí aois na ndaoine atá ag obair i gcomhlachtaí sa mhargadh dubh sa Ghréig san áireamh feictear go méadaíonn an aois pinsin go dtí 65 ar an meán! In Éireann téann daoine ar phinsean ag idir 62 agus 63 ar an meán!

Níos mó ón bhlagmhír seo thíos.

Níl ann ach dhá shampla de chaighdeán buirgéiseach leisciúil an Sunday Indo atá ar fáil anois i bpríomh-nuachtán na Gaeilge....*osna*

2 comments:

Néidí said...

Tá siúl agam nach bhfuil a alt an t-aon rud atá á chur as duit. Ach tuigim duit léigh mise alt dá chuid agus chuir sé déistin orm ach níl na leaganacha digiteacha ag obair anocht chun teacht air.

Ach tháinig mé ar rud eile agus is é seo an rud is mó a chuireann isteach orm. Tá blagmhír ó dhialann Scott mar ardán amárach. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé léite againn go léir ach thall ar bhlag Scott tá sé in easnamh!

Is trua dom eagarthóir nach féidir teacht ar nuacht is tuairimí nua dá nuachtán féin.

Dubhaltach said...

Bhuel is é an t-aon rud a ritheann liom. Níor mhaith liom a bheith ag caitheamh anuas ar an fhoireann atá ag cur nuachtán amach chuile sheachtain.

An raibh an bhlagmhír tagtha síos? Cén fáth sin? B'fhéidir go bhfuil airgead á fháil aige don alt agus ba mhaith leis an eagarthóir go mbeadh cead foilsitheoireachta acu air