Dé Luain, Meán Fómhair 13, 2010

M2010.09.01

Tá an méid sin rudaí ann ar mhaith liom scríobh fúthu toisc nár scríobh mé faic le tréimhse sách fhada, sílim go bhfuil mo chloigeann ar tí pléascadh dá bharr!

Táim róghnóthach faoi láthair na smaointí a bhreacadh síos ach le cúnamh Croim beidh seans agam go luath.
Idir an dá linn cheap mé gurbh fhiú an t-alt thar a bheith iontach seo ón Guardian a léamh maidir le Veiniséala agus na tuairiscí eacnamaíochta a bhí cloiste agat go dtí seo.
Ní bolscaireacht agus aineolas go dtí na meáin iartharach!
Agus mar a mhaíonn an t-údar más mian leat nuacht chothrom fhírinneach a fháil, bíodh sin faoi Veiniséala nó níos cóngaraí don bhaile, ní mór duit feidhm a bhaint as an idirlíon.

6 comments:

aonghus said...

Ach scagaire mhaith a bheith agat.

Dennis King said...

B'fhéidir é. Chuala mé scéalta ó fhear óg (20-éigin) a bhí ag teagasc Béarla ansin ar feadh dhá bhliain i gceartlár na tréimhse atá i gceist. Níor thaitin an smachtúlacht pholaitíochta a chonaic sé leis ar chor ar bith agus ní raibh fonn dá laghad air fanacht i Venezuela.

NB: ní raibh sé ann mar mhisinéir ná aon rud eile mar sin. Fear liobrálach leathanaigeanta atá ann.

Ba mhaith liomsa níos mó a chloisteáil ó dhaoine “a bhí ann agus a chonaic” - daoine nach ndeachaigh ann le réamhthuairimí ó thaobh amháin nó ó thaobh eile.

Dála an scéil, fáilte ar ais!

Mise Áine said...

Cuirfidh mé mo chlogad cosanta orm le hucht an phléasctha...:-)

Dubhaltach said...

@ Dennis:

Cén smachtúlacht pholaitíochta atá i gceist aige?

Cá raibh sé ag múineadh?

An bhfuil sé eolasach ar stair na tíre?

Mholfainn go mór mhór an scannán iontach seo le John Pilger más mian leat bheith ag caint faoi smachtúlacht pholaitíochta i Venezuela, agus i dtíortha eile.

Tá cara liom thall faoi láthair ag foghlaim faoina gcóras daonlathais, a láidreachtaí agus laigí, an gá le feabhsúchán srl.
Ní smachtúlacht pholaitíochta atá ann dar leis! Ar chor ar bith! Ach tuiscint agus rannpháirtíocht láidir i ndaonlathas.

Ar ndóigh nílimid beirt ach ag caint faoi scéal scéil. Caithfear a bheith ag brath ar bhreith dhaoine eile i dtaobh cúrsaí polaitíochta thall. Ní rabhas ann riamh. Sin ráite agus ag deireadh na dála is cuma faoi sin.

Is éard atá san alt sa bhlagmhír thuas ná léiriú ar an bholscaireacht dhiúltach a chuala muid go léir ó thaobh geilleagar Veiniséala.
Sa chás sin labhraíonn an fhírinne di féin mar a déarfá. Agus níl aon ghá a bheith ar an talamh thall chun iad a chíoradh.

Dennis King said...

Chaith mé tamall ar an idirlíon tráthnóna inniu, ag cuardach foinsí eile, .i. tuairimí nach bhfuil le fáil sa New York Times, etc. Is dócha go mbeidh suim agat sa tuarascáil seo a d'fhoilsigh an Socialist International in Eanáir 2010. Bhí suim ar leith agam sa méid a léigh mé ar leathanach a ceathair.

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat as sin a Dennis.
Ar dtús ní foláir breathnú ar an tuarascáil féin; 5 leathanach!, turas 3 lá, agus an fhíric gur "daonlathaithe sóisialacha" an dream a chur le chéile é. Is é sin le rá, nílid ag iarraidh an córas caipitlíoch a chur de dhroim an tsaoil ar fad ach é a leigheas, beagáinín, b'fhéidir. Ag fágáil na neamhionannais shollúnta i bhfeidhm agus an seilbh phríobháideach ar na meáin táirgeachta mar atá!
Tá páirtithe amhail an British Labour Party ina mball sa dream seo a chuir le chéile é mar shampla! Agus ní féidir páirtí níos caipitlí a aimsiú ná iad.
Níor cuireadh ceist ar an phríomhpháirtí i gcumhacht ach an oiread (toisc, is dócha, nár mhaith leis an bpáirtí sin a bheith ag plé le dream buirgéiseach a mholann daonlathas buirgéiseach dóibh le linn réabhlóid sóisialach), nó ar na pobail siúd go léir a rialaíonn trí dhaonlathas díreach ina gceantar féin.
Ní dhéantar aon trácht go bhfuil neamhionannas ag ísliú go tréan, agus seirbhísí leighis/oideachais/dlí/bia etc ar fáil go flúirseach anois de bharr polasaithe an phríomhpháirtí.
Déanta neamhaird iomlán ar aon ní dearfach, cén fáth más tuarascáil cothrom neamhchlaonta é?
Féach UN Commission on Latin America (ECLAC) i leith chomhionannas mhuintir na tíre sin inniu. Féach mar a bhí.
Agus iontas na n-iontas, leanann sé ar aghaidh ag maíomh go bhfuil an geilleagar thall ag titim as a chéile, in ainneoin na bhfíricí, agus go díreach mar atá mínithe san alt ar an bhlagmhír thuas...
.i. Féach an caint faoi díluacháil agus an fhíric gur tháinig siad amach as cúlú cheana.
Seans go bhfaigheann IS a n-eolas faoi chúrsaí airgeadais idirnáisiúnta ón IMF. IAC...
Sa "tuarascáil", mar dhea, mínítear bunchloch sóisialachas an IS mar "pholaitíocht ionadaíoch"!
Sin sóisialachas fíor-lag i gcomparáid leis an ndaonlathas díreach a chleachtar ann.
Mar sin, theip ar rialtas Veiniséala ar an bpointe boise toisc go bhfuil daonlathas díreach i bhfeidhm.
Chomh maith leis sin ní bhreathnaítear ar an tír sin agus na cúrsaí polaitíochta tríd an chomhthéacs réabhlóideach achrannach ina maireann sé.
Tá frithréabhlóid chaipitlíoch á bhrú chun cinn ag na Stáit Aontaithe mar shampla. Níor stop siad i ndiaidh 2002 má thuigeann tú leat mé.
Sin go léir ráite ní shílim nach bhfuil cáineadh láidir tuillte ag an rialtas thall agus déanaim go minic le sóisialaithe a bhfuil aithne agam orthu. Creidim, leis, go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh má tá an geilleagar sin le bheith i seilbh iomlán na n-oibrithe seachas áit aduain idir sin agus an daonlathas lag s'againne.
Ar an ábhar sin tá ról fíorthábhachtach le himirt ag an bpobal sóisialach timpeall an domhain ag ceistiú an rialtais thall agus á cháineadh más gá le cinntiú nach mbeadh na botúin chéanna déanta.
Is dóigh gur féidir breathnú ar an réabhlóid thall mar obair idir láimhe. Agus beidh níos mó le cloisteáil againn ag deireadh na míosa seo ina leith.