
Lucht an Dreoilín i mbun ceoil, a là na rubberbandits, i dTír Fhiachrach Contae Shligigh.
Lá 'le Stiofán maith agaibh a chairde.
Ní mór dúinn a bheith i dtiúin le hiontais na beatha. Tá siad sin ionainn agus timpeall orainn, gach aon áit, gach aon uair.... An gá dúinn an-iarracht a dhéanamh chun taitneamh a bhaint as áilleacht na spéire goirme? An gcaithfear dian-chleachtadh a dhéanamh chun taitneamh a bhaint as an áilleacht sin? Ní hea, bainimid taitneamh aisti agus sin sin. D'fhéadfadh gach soicind, gach nóiméad sa saoil seo a bheith mar sin. Pé áit ina mbeifeá, uair ar bith, tig leat taitneamh a bhaint as an ngrian, as comhluadar a chéile, fiú amháin as a bheith ag análú.Is dóigh liom gur minic na laethanta seo go ndéanann muid dearmad taitneamh a bhaint as an áilleacht atá ionainn agus timpeall orainn. Tá muid ró-chleachta leis an áilleacht sa chaoi nach bhfeictear a thuilleadh é. Mar a deireann an Róisinstocach faoi fhealsúnacht Thich Nhat Hanh: "soiscéal simplí suairc é seo ach tá na milliúin á shéanadh mar shoiscéal agus an domhan ar fad thíos leis ó lá go lá"
Naomi Klein coined the phrase “disaster capitalism” to describe the practice – long ago perfected by the IMF, the World Bank, and the United States Treasury – of taking advantage of the political turmoil induced by a financial crisis to push through otherwise unpopular or undesirable economic ‘reforms.’ The IMF/EU bankers and bureaucrats have clearly perceived an exceptional opportunity in the Irish crisis.Coinnigh súil amach do chomhlachtaí amhail Bechtel Corporation agus a leithéidí sna blianta amach romhainn. Beidh tú ag íoc a lán airgid dóibh as ucht an uisce a ólann tú agus na seirbhísí a úsáideann tú.
"Ba cheart dúinn a bheith soiléir cén feabhas eacnamaíochta atá ag teastáil. Ní gar a bheith ag súil le saol an bhrabaigh a thabhairt ar ais. Ní dhéanann an saol sin ach an tine a fhadú aríst agus ábhar an chéad ghéarchéim eile a bhailiú. Seachas a bheith ag iarraidh an scannán a chasadh siar go blianta an Tíogair, agus an chríoch thragóideach chéanna ar an scéal, tá sé in am script eile a scríobh.N'fheadar mé cad a bhí Ó Móráin ag rámhaille faoi:
Éilíonn doimhne ár gcruacháis geilleagar nua, bunaithe ar leas na ndaoine agus faoina smacht daonlathach. B’fhearr dúinn bogadh sa treo sin ná cosa circe a chur faoin eacNAMAíocht."
"Cé gur chuir Einstein an-spéis i gcúrsaí polaitíochta ní dúirt aon duine go raibh a chuid tuairimí polaitíochta nó eacnamaíochta le feiceáil sa chothromóid chlúiteach a chuir an domhan núicléach ar fáil dúinn"D'fhág sé polaitíocht agus a dhearcadh polaitíochta as an gcothromóid cinnte! (Fillfidh mé chun príomhthrusta a ailt níos déanaí. Agus cá bhfuil a ardmholadh do NAMA anois?)
"The profit motive, in conjunction with competition among capitalists, is responsible for an instability in the accumulation and utilization of capital which leads to increasingly severe depressions...I am convinced there is only one way to eliminate these grave evils, namely through the establishment of a socialist economy... In such an economy, the means of production are owned by society itself"
As ordinary people start to realise that this thing is not only happening, it is happening to them, we can see anxiety giving way to the first upwellings of an inchoate rage and despair that will transform Irish politics along the lines of the Tea Party in America.D'fhéadfaí, gan mórán dua na samhlaíochta, an tÉireannach a shamhlú ina bhall de ghluaiseacht den eite dheis, ag cur lochta a ainnise ar eachtrannaigh, an rialtas, ar an earnáil phoiblí agus an cháin a íocann sé srl. Seachas ar an gcóras eacnamaíochta, idé-eolaíochta agus coimhlint aicme ina maireann sé.
"Tá infheisteoirí bannaí ag cailliúint misnigh i bplean Ireland Inc a easnamh a ísliú toisc go mbagraíonn ciorruithe ar fhás eacnamaíochta, ag laghdú ioncam an rialtais."Sin agat é, i ndubh agus bán, ó bhéal an chapaill ghránna fhéin.
"Tá muid bancbhriste, tá muid bancbhriste…”Tá an ceart aige nach bhfuil an t-airgead ag an rialtas, ach má thuigtear é sin ní foláir an cheist a chur; cén fáth san?
Is oth liom a rá go bhfuil an scéal chomh lom leis sin. Níl aon airgead sa tír, níl aon airgead ag an rialtas agus mura nglacann muid le pé rud a chuireann Brian Lenihan os ár gcomhair..."