Dé Céadaoin, Samhain 17, 2010

M2010.11.11

3 comments:

Dennis King said...

In “alt an lae” ar an ngéarchéim gheilleagrach ar an New York Times (16 Samhain), feicim go ndúirt Daniel Gros nach bhfuil slí as an bpraiseach seo ach ligean do na bancanna “go under”.

aonghus said...

Ar a laghad tá ma polaiteoirí abhus ag cur cos i dtaca beagán faoi seo.

Dubhaltach said...

Is fíor sin, ní féidir a bheith ag teacht i bhfóirithint ar shealbhóirí bannaí. Is é sin le rá, ní féidir le muintir na hÉireann a bheith ag tabhairt airgid do na bainc Éireannacha chun na bainc Ghearmánacha is Fhrancacha a íoc.

Má bhreithnítear síos an líne feicfear nach bhfuil ach réiteach amháin ann, is é sin le rá bheadh gá le maithiúnas féich nó "athstruchtúrú féich".

Ní féidir le pobail na Gréige, na hÉireann, na Portaingéile agus na Spáinne íoc as fiacha na mbanc ó mhórthíortha na hEorpa.

Ar ndóigh tá an cheist seo níos casta ná le rá gur chóir ligean do na bhainc dul faoi. Ceisteanna polaitiúla, caimiléireachta, agus an chórais eacnamaíochta.